An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

PUNANN ÉILEAMH CHASTA AGUS ILGHNÉITHEACH A BHAINISTIÚ

  • Bhí GÉS ag bainistiú 8,275 éileamh ghníomhacha le €1.79bn de dhliteanas measta amuigh sa 129 n-údarás Stáit ag deireadh 2015.
  • Ba é an glanchostas ar éilimh ghníomhacha a réiteach agus a bhainistiú in 2015 €221.7m – 18% de choigilteas i gcomparáid leis an measúnú achtúireach neamhspleách, €271.7m.
  • Réitíonn GÉS formhór na n-éileamh trí shocraíocht a idirbheartú, go díreach le foireann dlí an ghearánaí nó trí phróiseas eadrána. Socraítear 97% de chásanna faillí cliniciúla a láimhseálann GÉS gan éisteacht sa chúirt a bheith ag teastáil.

IS TOSAÍOCHT BAINISTÍOCHTA RIOSCA IAD SEIRBHÍSÍ MÁITHREACHAIS

  • €0.9bn den dliteanas measta amuigh a bhí in éilimh maidir le seirbhísí máithreachais. I nDeireadh Fómhair 2015 d’fhoilsigh an GÉS athbhreithniú cúig bliana ar theagmhais chliniciúla agus éilimh i seirbhísí máithreachais agus gínéiceolaíochta.

COSTAIS DLÍ A LAGHDÚ

  • In 2015 shocraigh an GÉS 112 bhille costais a fuarthas ó thríú páirtithe le haghaidh €18.1m – 42% de choigilteas ar an €31.3m a éilíodh.

CÓRAS NUA TFC LE BAINISTÍOCHT RIOSCA A FHEABHSÚ AGUS ÉILIMH A BHAINISTIÚ

  • In 2015 thosaigh GÉS rolladh amach an Chórais Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (CNBT) ar fud na hearnála cúraim sláinte poiblí agus údaráis Stáit níos mó eile.
  • Is í Éire an chéad tír ar fud an domhain a chuir córas aonair TFC i bhfeidhm le tacú le bainistiú riosca ar fud na seirbhíse poiblí, lena n-áirítear earnáil an chúraim sláinte.

Tá GBCN sainithe mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) nuair atá siad ag bainistiú éilimh in éadan an Stáit agus údaráis Stáit agus ag déanamh feidhmeanna gaolmhara bainistithe riosca le costais dlíthíochta in éadan an Stáit amach anseo a laghdú.

Clúdaíonn sainchúram GÉS rioscaí um dhíobháil phearsanta agus dochar do réadmhaoin tríú páirtí agus éilimh a bhaineann le 129 n-údarás Stáit lena n-áirítear an Stát féin, Airí Rialtais, an tArd-Aighne, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an earnáil chúraim sláinte dheonaigh, an Garda Síochána, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Bainistíonn sí costais tríú páirtí a eascraíonn ó Bhinsí Fiosrúcháin áirithe agus éilimh le haghaidh costais dhlíthiúla ag páirtithe a bhfuil agra déanta go rathúil acu ar an Stát maidir le díobháil phearsanta agus caingne eile a bhaineann le díobháil neamhphearsanta.

Bainistíocht Éileamh agus Dlíthíochta

Is é cuspóir bainistíochta éileamh GÉS, agus í ag feidhmiú ar son leas is fearr na gcáiníocóirí i nithe a bhaineann le dlíthíocht díobhála pearsanta agus damáiste réadmhaoine, le feidhmiú go cothrom agus go heiticiúil ina gnóthaí le daoine a d’fhulaing gortuithe agus/nó dochar agus a ghlacann caingean dlí in aghaidh an Stáit nó comhlachtaí Stáit, agus teaghlaigh na ndaoine seo. I gcásanna ina dtagann imscrúdú GÉS ar an gconclúid go dtiteann cuid den dliteanas nó an dliteanas ar fad ar an údarás ábhartha Stáit, féachann sí le héilimh a réiteach go gasta agus ar théarmaí córa réasúnacha. Má mheasann sí nach dtiteann aon dliteanas ar an Stát, is é beartas GÉS leas a bhaint as gach acmhainn is gá chun cosaint ar na héilimh sin.

Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2015

Bhainistigh GÉS 8,275 éileamh ghníomhacha le €1.79bn de dhliteanas measta amuigh ag deireadh 2015.

Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2015
Éilimh Dliteanas Measta Amuigh €m
Cliniciúil 3,000 1,353
Ginearálta 5,275 436
Iomlán 8,275 1,789

€0.9bn den dliteanas measta amuigh a bhí in éilimh maidir le seirbhísí máithreachais ag deireadh 2015. Baineann an dliteanas measta ard a bhaineann le héilimh maidir le seirbhísí máithreachas leis an gcostas ard ar chásanna naíonán le gortú inchinne tubaisteach.

Ní chuireann an €1.79bn de dhliteanas measta amuigh Cinneadh na Cúirte Achomhairc in Gill Russell v HSE, atá ar achomharc faoi láthair chuig an gCúirt Uachtarach san áireamh. Dheimhnigh an Chúirt Achomhairc gur chóir 1% a bheith mar Fhíor-Ráta Toraidh (FRT) maidir le ríomh damáistí cúraim speisialta. Dheimhnigh sí chomh maith gur chóir 1.5% a bheith mar FRT maidir le gach caillteanas tairbhiúil. Is é an tionchar a bheadh ag an gcinneadh, dá gcuirfí i bhfeidhm é ar an dliteanas measta amuigh, é a mhéadú faoi timpeall €300m.

Fuair an GÉS 2,943 éileamh nua agus réitigh siad 1,863 éileamh in 2015. Tá an méid éileamh nua a fuarthas tiomanta ag éilimh chaingne mhóra agus, go príomha, an líon éileamh a bhaineann le sláintíocht de chuid príosúnach i gcillíní atá á ndéanamh ag príosúnaigh reatha agus ag iarphríosúnaigh in éadan Sheirbhís Phríosúin na hÉireann.

Measadh i measúnú achtúireach neamhspleách go mbeadh €271.7m ag teastáil in 2015 chun freastal ar an gcostas a bhainfeadh le héilimh a réiteach agus ar an gcostas a bhainfeadh le héilimh bheo leanúnacha a bhainistiú. Ba é an glanchostas €221.7m – €50m de choigilteas nó 18%.

Éilimh Chliniciúla a réiteach

Réitíonn GÉS formhór na n-éileamh trí shocraíocht a idirbheartú, go díreach le foireann dlí an ghearánaí nó trí phróiseas eadrána: Socraítear 97% de chásanna faillí cliniciúla a láimhseálann GÉS gan éisteacht sa chúirt a bheith ag teastáil

Conas a Réitítear Éilimh Chliniciúla

San Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí 2015 tá trí fhoráil shuntasacha ann ba chóir a chuideodh a thuilleadh i mbainistiú cásanna faillí chliniciúil agus líon na gcásanna a théann chun trialach. Seo a leanas iad:

  • Foráil le haghaidh cumhacht Aireachta le rialacháin a dhéanamh le haghaidh Prótacal Réamhchaingean le cumarsáid thráthúil a éascú idir an gearánaí agus an cosantóir agus na saincheisteanna atá san aighneas a shainaithint go luath le socraíocht luath a spreagadh.
  • Ní bheidh gabháil leithscéil ag cleachtóir leighis ina admháil dliteanais.
  • Méadaítear tréimhse Reacht na dTréimhsí le héileamh cliniciúil a dhéanamh ó dhá bhliain go trí bliana ó dháta an teagmhais ab údar leis an éileamh nó ó dháta an eolais (más moille)

Costas na nÉileamh a Réitíodh

Tá roinnt beart déanta ag GÉS le costais dlí a bhaineann le héilimh a laghdú. Áirítear leo:

  • Abhcóide agus dlíodóir GÉS a cheapadh le soláthar a dhéanamh le haghaidh tairiscintí iomaíocha seirbhísí dlí don GÉS.
  • Scrúdú géar ar chostais ionadaithe dlí gearánaithe agus an laghdú is mó agus is féidir a lorg trí idirbheartaíocht nó, más gá, trí chinneadh Máistir Fómhais.
  • Ranníocaíochtaí tríú páirtithe/comhchosantóra a lorg.

Bhí de thoradh ar na bearta seo laghdú suntasach i meánchostais a bhaineann le héilimh chliniciúla in 2014 agus 2015 i gcomparáid leis na trí bliana roimhe. Bhí socrú líon áirithe cásanna gortuithe tubaisteacha naíonán trí Orduithe Íocaíochta Tréimhsiúla ina ghné shuntasach freisin i dtitim costas éileamh cliniciúil i dtéarmaí airgead tirim thar an tréimhse seo – ar ndóigh, sna cásanna seo, beidh íocaíochtaí leanúnacha do na gearánaithe i mblianta amach anseo.

Tá meánchostas éileamh ginearálta méadaithe sna cúig bliana ó 2011, beag beann ar na bearta a rinne GÉS chun costais dlí a laghdú. Tá seo mar gheall ar an méadú sa líon níos mó éileamh dáiríre atá á socrú, le haird ar thionchar aosaithe na punainne, go háirithe éilimh a bhaineann le FSS.

Costas na nÉileamh a Réitíodh 2011 go 2015
Éilimh Chliniciúla
2011
€000
2012
€000
2013
€000
2014
€000
2015
€000
Costas na n-éileamh uile a réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 33,512 35,357 36,104 45,033 44,578
Táillí Dlí - GÉS 7,086 8,607 9,571 8,989 8,438
Táillí dlí – Gearánaí 12,527 12,964 15,551 14,126 14,718
Eile 849 959 1,251 1,244 1,445
Iomlán 53,974 57,887 62,477 69,392 69,178
Meánchostas in aghaidh an éilimh a réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 103 100 102 92 91
Táillí Dlí - GÉS 22 24 27 18 17
Táillí dlí – Gearánaí 39 37 44 29 30
Eile 3 3 4 3 3
Meán Foriomlán 166 164 176 142 141
Éilimh Ghinearálta
2011
€000
2012
€000
2013
€000
2014
€000
2015
€000
Costas na n-éileamh uile a réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 8,045 8,262 11,197 16,247 16,904
Táillí Dlí - GÉS 2,825 2,505 2,893 3,165 3,618
Táillí dlí – Gearánaí 3,919 3,468 4,245 5,721 6,293
Eile 643 563 831 874 1,013
Iomlán 15,433 14,797 19,165 26,007 27,827
Meánchostas in aghaidh an éilimh a réitíodh
Íocaíochtaí/Socraíochtaí 6 5 8 11 12
Táillí Dlí - GÉS 2 2 2 2 3
Táillí dlí – Gearánaí 3 2 3 4 5
Eile 1 0 1 1 1
Meán Foriomlán 12 9 13 18 20

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha.

Caingne Móra

Tá GÉS ag bainistiú roinnt mórchaingne éagsúla in éadan an Stáit. Bainistítear gach caingean mhór trí thagairt do shainstraitéis dhlíthiúil lena chinntiú go gcoinnítear dliteanas an Stáit ag an leibhéal is ísle is féidir.

Éilimh Ghníomhacha ar Chaingne Móra
Caingean Mhór
Líon
Éileamh
Deireadh
2015
Sláintíocht Príosúnach i gCillíní
Cásanna is ea iad seo a chuireann príosúnaigh (príosúnaigh reatha nó iarphríosúnaigh) in éadan Sheirbhís Phríosún na hÉireann ag líomhain, idir eile, sárú ar a gcearta bunreachtúla mar gheall ar ghanntanas sláintíochta i gcillíní.
1,011
Mí-Úsáid i Scoileanna Lae
Is cásanna iad seo a ghlac daoine ag líomhain gur mhí-úsáid daoine iad go fisiciúil agus/nó gnéasach nuair a bhí siad ar scoil. Cuireadh tús leis an gcuid is mó cásanna tar éis bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí um Chearta an Duine in Louise O’Keeffe v Ireland.
233
Ionchlannáin Ortaipéideacha Miotal ar Mhiotal
Is cásanna iad seo a ghlacann daoine ag líomhain díobháil phearsanta tar éis ionchlannáin ortaipéideacha a bheith churtha iontu ag máinlia.
226
Simfiseatóime
Is cásanna iad seo a ghlacann mná áirithe a raibh gnáthamh cnáimhseach máinliach acu lena bpeilbheas a leathnú.
130
Eitinn Phríosúnbhunaithe
Tá cásanna glactha ag príosúnaigh reatha agus ag iarphríosúnaigh agus ag oifigigh phríosúin ag líomhain gur thástáil siad dearfach le haghaidh eitinne agus/nó ag tolg eitinne.
77
Pandemrix/Narcaléipse
Is cásanna iad seo atá glactha ag gearánaithe ar naíonáin a mbunús ag líomhain gur fhorbair siad narcaléipse agus cataipléis tar éis vacsaíniú in éadan an víris fliú H1N1.
40
Lariam
Is cásanna iad seo atá glactha ag baill reatha agus ag iarbhaill de Óglaigh na hÉireann, ag líomhain comharthaí de chineál síocóis ghéar, tar éis dóibh Lariam a ionghabháil, druga próifiolacsach frithmhaláireach a ordaíodh dóibh a úsáid agus iad ar dualgas san Afraic fho-Shahárach.
40
Tailídimíd
Is cásanna iad seo atá glactha ag daoine a rugadh le míchumais fhisiciúla ar ionghabháil a máithreacha an ullmhóid Tailídimíd le linn a dtoirchis.
25

An tAonad um Chostais Dlí

In 2012 chinn an Rialtas Aonad um Chostais Dlí (ACD) a bhunú laistigh den GÉS chun déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn ó Bhinsí Fiosrúcháin áirithe (Binsí Fiosrúcháin Mahon, Moriarty, Morris agus Smithwick). In 2015 leathnaigh an Rialtas freagrachtaí ACD go bainistíocht gach costas dlíthiúil maidir le héilimh in éadan an Stáit.

Déantar scrúdú cúramach ar leibhéal na gcostas dlí a íoctar le hionadaithe dlí na ngearánaithe agus, nuair is féidir é, déanann GÉS iarracht an laghdú is mó agus is féidir a bhaint amach ar chostais dlí trí idirbheartaíocht. Mura n-éiríonn le GÉS leibhéal na gcostas dlí a íocfar le hionadaithe dlí na ngearánaithe a aontú, is é an Máistir Fómhais a dhéanfaidh an cinneadh sin.

In 2015 shocraigh an GÉS 112 bhille costais a fuarthas ó thríú páirtithe le haghaidh €18.1m – 42% de choigilteas ar an €31.3m a éilíodh. Comhaontaíodh na héilimh seo go léir gan an gá le cáin, ag seachaint mar sin moill i socrúcháin agus muirir dhleachta stampála ag 8% den dámhachtain faoi cháin.

Bainistíocht Riosca

Is é cuspóir bainistíochta riosca GÉS cláir oibre riosca dírithe ar dhíobháil phearsanta agus ar dhamáiste réadmhaoine a chur i bhfeidhm chun riosca dlíthíochta a mhaolú, in údaráis Stáit agus fiontair chúraim sláinte, d’fhonn costais dlíthíochta in aghaidh an Stáit amach anseo a laghdú. Is mór an “chruinne riosca” a dhéanann an Stát a shlánú agus a ndéanann GÉS bainistiú uirthi. Mar shampla, cuimsíonn sé breis agus 200,000 fostaí de chuid an Stáit agus úsáideoirí uile na seirbhísí cúram sláinte poiblí (déanann cúram sláinte poiblí teagmháil leis an bpobal thart ar 7 milliún uair in aghaidh na bliana). Cuimsíonn sé freisin seirbhísí poiblí lena ngabhann gníomhaíochtaí riosca níos airde de bharr a gcineáil, amhail cúram cliniciúil a sholáthar in ospidéil, pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ar oibríochtaí thar lear, baill den Gharda Síochána atá ar dhualgas oibríochtúil, cigireachtaí custaim, seirbhísí práinnfhreagartha agus coimeád príosúnach.

Díríonn clár GÉS um bainistíocht riosca chliniciúil ar chomhoibriú le bainisteoirí riosca agus le pearsanra eile i bhfiontair chúram sláinte chun tacú le sábháilteacht othar. Díríonn an clár um bainistíocht riosca ar chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis de chuid an Stáit agus fiontair chúraim sláinte taobh istigh dá shainchúram maidir le struchtúir bainistíochta riosca, cothabháil foirgneamh, sábháilteacht dóiteáin, bainistíocht sláinte agus sábháilteachta agus comhshaoil.

Éilimh ar Chostais Dlí a Socraíodh in 2015
Líon na nÉileamh ar
Chostais a
Idirbheartaíodh
Luach
€m

Éilimh ar Chostais a
Comhaontaíodh
€m
Coigilteas Costais Dlí
%

Binse Fiosrúcháin Mahon 32 7.3 4.0 45
Binse Fiosrúcháin Moriarty 8 2.8 1.6 43
Binse Fiosrúcháin Morris 3 0.8 0.4 53
Binse Fiosrúcháin Smithwick 6 9.0 5.0 45
Éilimh Eile 63 11.5 7.2 37
Iomlán 112 31.3 18.1 42

D’fhéadfadh sé nach dtiocfadh na figiúirí leis an suimiú iomlán de bharr slánú uimhreacha

Riosca Cliniciúil

Is tosaíocht bhainistíochta riosca iad seirbhísí máithreachais laistigh den chlár um bainistiú riosca chliniciúil. Le linn 2015 d’fhoilsigh an GÉS athbhreithniú cúig bliana ar theagmhais chliniciúla agus éilimh i seirbhísí máithreachais agus gínéiceolaíochta. Rinne sé sraith cuairteanna mionsonraithe ar ospidéil chomh maith le rioscaí náisiúnta agus sonrach do shuíomh a shainaithint. Foilseoidh sé tuarascáil in 2016 ag sonrú a anailíse ar na cuairteanna suímh seo. Sa tuarascáil beidh moltaí leis an gcúram is fearr a chinntiú.

I measc gníomhaíochtaí sonracha i leith bainistiú riosca chliniciúil in 2015 bhí:

  • Bunú fóraim riosca chliniciúil le stiúrthóireacht náisiúnta de FSS, agus cruinnithe rialta le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, comhlachtaí oiliúna iarchéime, lucht na hardbhainistíochta feidhmeannaí agus foireann ospidéil ar an líne thosaigh.
  • Ceapadh agus soláthar cúrsaí riosca chliniciúil ag an leibhéal fochéime do Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann.
  • Rinneadh anailís ar éilimh dlí-liachta dhúnta i dtopaicí iolracha: Péidiatraic, Meabhairshláinte, Leigheas Éigeandála, Sleamhnú/Truisle/Titim, Máithreachas agus Gínéiceolaíocht. Cuireadh torthaí na hanailíse seo ar fáil, ar bhonn “ceachtanna foghlamtha”, do pháirtithe leasmhara ábhartha le gur féidir foghlaim chuí a chur i bhfeidhm le himeachtaí comhchosúla a bheadh ina gcúis le níos mó éileamh a chosc, chomh fada agus is féidir.

Riosca Fiontair

Gach bliain ceapann GÉS clár oibre bainistíochta riosca le cabhrú le húdaráis Stáit le forbairt agus cur i bhfeidhm beartais agus nósanna imeachta maidir le bainistíocht riosca. I measc gníomhaíochtaí sonracha i leith bainistiú riosca fiontair in 2015 bhí:

  • Dearadh cúrsa deimhnithe ocht lá do Sheirbhís Phríosúin na hÉireann leis na huirlisí is fearr cleachtais bainistíochta riosca a chur ar fáil do bhainisteoirí agus do phearsanra bainistíochta sláinte agus sábháilteachta lena gcumasú a ndualgais a chur de láimh ar an mbealach is fearr.
  • Athbhreithniú a dhéanamh thar ceann Oifig na nOibreacha Poiblí ar chur i gcrích moltaí a eascraíonn ó roinnt tuarascálacha maidir le sábháilteacht cuairteoirí ar Sceilig Mhichíl.
  • Foilsiú treoirlínte nua dar teideal Managing Visitor Safety in the Historic Built Environment – Principles & Practice, thar ceann an Ghrúpa um Shábháilteacht Cuairteoirí faoin Tuath (ina bhfuil GÉS ina bhall). Na treoirlínte leagtha amach sna prionsabail threoracha sláinte agus sábháilteachta do bhainisteoirí láithreacha stairiúla.
  • Bheith ag obair le hÓglaigh na hÉireann le nósanna imeachta agus próisis a nuashonrú lena chinntiú go ndéantar obair Óglaigh na hÉireann de réir an Achta um Shláinte, Sábháilteacht agus Leas ag an Obair 2005 agus rialacháin lena mbaineann.
  • Lainseáil roinnt doiciméad treorach d’údaráis Stáit maidir lena ngníomhaíochtaí déanta faoi shlánaíocht Stáit.

Tuairisc ar Theagmhais Chliniciúla agus Éilimh i Seirbhísí Máithreachais agus Cnáimhseachais: Athbhreithniú Cúig Bliana – 2010 go 2014.

I nDeireadh Fómhair 2015 d’fhoilsigh GÉS tuarascáil náisiúnta:Clinical Incidents and Claims Report in Maternity and Gynaecology Services: a Five Year Review - 2010 to 2014 (ar fáil ag stateclaims.ie).Mar gheall ar na sonraí a leagtar amach sa tuarascáil beidh seirbhísí in ann iad féin a thagarmharcáil de réir an airmheáin agus de réir seirbhísí eile i ngníomhaíocht chomhchosúil maidir le tuairisciú teagmhas agus éileamh. Is iad príomhthátail na tuarascála:

  • Níl na rátaí teagmhais i seirbhísí máithreachais na hÉireann éagosúil le figiúirí idirnáisiúnta sa chás go bhfuil comparáidí ar fáil.
  • Cé go rátálann 75 theagmhas chliniciúla (as 9,787 dteagmhas san iomlán) a thuairiscigh seirbhísí máithreachais do CNBT in 2014 foircneach ina ndéine, ní raibh gach ceann acu seo ina dteagmhais inseachanta ina n-údar dochair. Bhain cuid acu le himeachtaí nádúrtha dosheachanta, aimhrialtachtaí ó bhroinn nó míchatagóirithe maidir le fachtóir déine.
  • Rinneadh na cúig éileamh máithreachais ba choitianta a chatagóiriú mar: greannaitheacht ceirbreach/taomanna nuabheirthe; stróiceadh peirinéim; diostóis ghualainne; marbh-bhreith agus bás nua-naíonna. Tá an t-áireamh éileamh fanta ina stad nó tá sé laghdaithe ó 2012 i leith maidir leis na catagóirí seo.
  • Dearctar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar ráta ard tuairiscithe i seirbhís mar léiriú ar chultúr láidir sábháilteachta othar. Taispeánann comparáid idir an 19 seirbhís mháithreachais in Éirinn go bhfuil éagsúlacht ann go náisiúnta i seirbhísí máithreachais maidir le tuairisciú teagmhas cliniciúil.

I mí an Mheithimh 2014, lainseáil GÉS an leagan nua den Chórais Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (CNBT) go hoifigiúil. Tagann sé in ionad an chórais STARSWeb. Córas rúnda, an-slán agus gréasán-bhunaithe atá in CNBT. Uirlis uileghabhálach bainistíochta riosca atá ann a chuireann ar chumas fiontar teagmhais a bhainistiú thar an tsaolré ar fad. Áirítear leis sin:

  • Tuairisciú eachtraí (lena n-áirítear Teagmhais Intuairiscithe Tromchúiseacha).
  • Bainistíocht imscrúduithe.
  • Taifeadadh torthaí imscrúdaithe.
  • Taifeadadh moltaí.
  • Cuntas a choinneáil ar mholtaí go dtí an deireadh.
  • Anailís a dhéanamh ar shonraí maidir leis an teagmhas, leis an imscrúdú agus leis na moltaí, i dteannta feidhmeanna eile.

In 2015 thosaigh GÉS rolladh amach an Chórais Náisiúnta Bainistíochta Teagmhas (CNBT) ar fud na hearnála cúraim sláinte phoiblí agus údaráis Stáit níos mó eile. Cuireadh an rolladh amach céimithe i gcrích i Meitheamh 2015 le feidhmiú iomlán san FSS ar fad, 17 n-ospidéal dheonacha, Seirbhís Príosún na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus naoi Roinn Rialtais. Leanfar ar aghaidh ag rolladh amach an chórais go dtí an chuid eile de na húdaráis Stáit i rith 2016.

Tar éis rolladh amach an tionscadail CNBT is í Éire an chéad tír ar fud an domhain a mbeidh córas aonair TFC aici le tacú le bainistiú riosca ar fud a seirbhísí Rialtais agus poiblí, lena n-áirítear an earnáil cúram sláinte. Cuireann CNBT ar fáil do bhainisteoirí riosca na n-údarás Stáit agus do shaineolaithe an GÉS féin anailís chasta ar shonraí teagmhas díobhálach le treochtaí, baill the agus ceachtanna foghlamtha, ag éascú mar sin freagairtí bainistithe agus maolaithe a chinnteoidh sábháilteacht lucht úsáidte seirbhísí, othar, fostaithe Stáit agus, sa deireadh, a laghdóidh costas éileamh in éadan an Stáit amach anseo.

Roghnaigh Marsh ClearSight LLC CNBT. Tá Marsh ClearSight LLC, ó na Stáit Aontaithe, ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain sa teicneolaíocht, anailísíocht agus seirbhísí sonraí sa bhainistíocht riosca, sábháilteachta agus bainistíocht riosca, as measc a bhunachar cliant ina bhfuil 1,000 cliant idirnáisiúnta, mar bhuaiteoir a dhámhachtana in 2015 ar son Feabhas sa Nuálaíocht. Bhuaigh CNBT an dámhachtain mar aitheantas ar mhéid, solúbthacht agus leithne feidhmiúlachta an réitigh TF a cuireadh ar fáil do bhunachar cliant náisiúnta leathan agus ilghnéitheach, agus trí sholáthar uirlisí TF le dúshláin a bhaineann le bainistíocht riosca, sábháilteacht agus oibríochtaí éileamh a réiteach.