Bainistíocht Riosca

Maoirseacht agus Rialachas

Tá cur chuige GBCN maidir le rialachas riosca deartha le tacú le soláthar a sainorduithe trí na rioscaí a thagann chun cinn le linn do GBCN a bheith ag dul dá cuspóirí straitéiseacha a bhainistiú go réamhghníomhach. In 2015 chuir GBCN i gcrích rolladh amach iomlán an struchtúir nua um bainistíocht riosca a bunaíodh in 2014 agus atá bunaithe ar an múnla ‘trí líne cosanta’, agus cheap sé Príomh-Oifigeach Riosca (POR). Rinneadh measúnú ar rioscaí straitéiseacha na heagraíochta agus cuireadh i bhfeidhm roinnt príomhbheartas, lena n-áirítear an Beartas agus Creat athbhreithnithe um Bainistíocht Riosca agus an Creat maidir le Fonn Riosca.

Tá Coiste Riosca curtha ar bun ag an nGníomhaireacht le cuidiú léi maoirseacht a dhéanamh ar an gcreat um bainistíocht riosca. Leagann an Coiste Riosca síos caighdeán maidir le monatóireacht chruinn thráthúil ar rioscaí criticiúla agus déanann sé athbhreithniú ar thuairiscí ar aon sáruithe ábhartha ar theorainneacha riosca agus ar leorgacht aon bhearta a bheadh molta.

Déanann an Coiste Bainistíochta Riosca Fiontraíochta fada ochta (CBRF), ar a bhfuil baill de lucht ardbhainistíochta GBCN maoirseacht ar fheidhmiú fonn riosca iomlán GBCN agus ar bhunú córas cuí ag lucht na hardbhainistíochta lena chinntiú go ndéantar aon rioscaí fiontair a shainaithint, a thomhas, a fhaire, a rialú agus a thuairisciú go héifeachtach. Tá sé freagrach as a chinntiú go ndéantar rioscaí ábhartha ar fud GBCN a thuairisciú ar bhealach comhleanúnach agus comhtháite don Choiste Riosca.

Tuairiscíonn roinnt coistí sainriosca don CBRF, lena n-áirítear an Coiste um Riosca Oibríochtúil agus Rialachais, an Coiste Riosca Leachtachta agus Coiste Riosca Creidmheasa an Chontrapháirtí.

Beartas agus Creat

Sainmhíníonn Beartas agus Creat um Bainistíocht Riosca GBCN na caighdeáin le haghaidh bainistíocht riosca ar fud an fhiontair agus leagann sé amach na socruithe trína mbaintear seo amach. Áirítear leo seo cuspóir, beartas, creat, freagrachtaí agus próisis a thacaíonn le bainistíocht éifeachtach agus chomhtháite riosca, ag teacht le fonn riosca comhaontaithe na Gníomhaireachta. Tá a fhonn riosca sainithe ag GBCN maidir le gach ceann dá chatagóirí riosca agus tomhaiseann sé neamhchosaintí riosca trí phríomhtháscairí riosca a úsáid. Athbhreithnítear an Beartas agus Creat Bainistíochta Riosca ar bhonn bliantúil lena chinntiú go bhfanann sé ábhartha agus chun dáta.

Múnla na dTrí Líne Chosanta

An Chéad Líne

Gníomhaíochtaí Gnó

Rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí gnó a shealbhú

Breithiúnas gnó a fheidhmiú le riosca a mheas

A chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí gnó laistigh de bheartais foinn riosca na Gníomhaireachta

An Dara Líne

Bainistíocht Riosca agus Feidhmeanna Rialaithe eile

Athbhreithniú neamhspleách agus dúshlán don chéad líne chosanta

Feidhmiú cleachtas bainistíochta riosca éifeachtacha a éascú agus a fhaire

Freagracht as forbairt beartais riosca, tomhas agus tuairisciú, teorainneacha agus rialuithe, maoirseacht agus monatóireacht

Oiliúint, uirlisí agus comhairle a chur ar fáil le tacú le beartas riosca agus comhlíontacht

An Tríú Líne

Iniúchadh Inmheánach

Soláthraíonn sí deimhniú neamhspleách, réasúnach, deimhniú riosca-bhunaithe maidir le stóinseacht an chórais bainistíochta riosca, rialachas agus dearadh agus éifeachtacht oibríochtúil na timpeallachta rialaithe inmheánaigh

Measúnú Riosca

Tá na próisis measúnaithe riosca deartha lena chinntiú go mbainistíonn GBCN a rioscaí laistigh dá fhonn riosca comhaontaithe, go sainaithnítear rioscaí ábhartha agus go ndéantar monatóireacht ar bhainistíocht riosca laistigh de róil agus freagrachtaí atá sainmhínithe agus léirithe go soiléir.

Éilítear ar gach aonad gnó faoi leith a rioscaí a fhéinmheasúnú agus a athbhreithniú agus iad a thaifeadadh i gcláir riosca. Déanann an t-athbhreithniú na nithe seo a leanas:

  • Na rioscaí don ghnó a shainaithint nó a athdhearbhú.
  • Tionchar agus dóchúlacht riosca inghreamaithe a mheasúnú.
  • Cóirithe agus rialuithe molta a shainaithint; úinéirí a shannadh le haghaidh aon phleananna gníomhaíochta comhaontaithe.
  • Tuairisciú ar fheidhmiú beart agus rialuithe le tabhairt faoi na rioscaí iarmharacha

Cuireann gach aonad gnó a gcláir riosca i láthair CBRF agus an Choiste Riosca ar a laghad uair sa bhliain. Déanann CBRF measúnú riosca straitéisigh “ón mbarr anuas” faoi dhó sa bhliain, ag a bhfuil de chuspóir na príomhrioscaí ó thaobh an GBCN iomláin a shainaithint agus a chomhaontú.

Leanúnachas Gnó

Cuid lárnach den chreat bainistíochta riosca is ea leanúnachas gnó, ag tógáil teacht aniar eagraíochtúil agus ag ligean do GBCN leanúint ar aghaidh ag feidhmiú tar éis eachtra shuaiteach. I measc phríomhghnéithe an chláir um bainistíocht leanúnachais gnó tá pleananna leanúnachais gnó bunaithe ar anailís tionchair agus ar thástálacha leanúnacha socruithe leanúnachais.

Próifíl Riosca

Sainaithníodh na príomhrioscaí roimh GBCN sna measúnuithe riosca straitéisigh débhliantúla a rinneadh in 2015. Féadfaidh rioscaí agus neamhchinnteachtaí eile bheith ann nach meastar a bheith ábhartha fós nó nach eol do GBCN fós iad agus féadfaidh na príomhrioscaí athrú chun forbairtí mar seo a chur san áireamh.

Príomhrioscaí
Riosca Cur Síos ar Riosca
Riosca Geilleagrach agus Margaidh D’fhéadfadh dálaí foircneacha geilleagracha agus luaineacht margaidh drochthionchar a imirt ar GBCN. Mar shampla, d’fhéadfadh iarmhairtí foircneacha bheith ag neamhchinnteachtaí maidir le caidreamh na Ríochta Aontaithe le AE, nó rioscaí do chobhsaíocht AE féin, do gheilleagar na hÉireann. I measc iarmhairtí féideartha tá fadhbanna le rochtain ar mhaoiniú nó deiseanna infheistíochta, meath inbhuanaitheacht fiachais, costais ardaithe as fónamh d’fhiachas agus drochthorthaí.
Riosca Daoine Déanann GBCN réimse sainghníomhaíochtaí thar ceann an Stáit. Má tá teip ann lucht oibre sách oilte a bhfuil dóthain taithí acu a earcú agus a choinneáil féadfaidh seo drochthionchar a imirt ar a chumas a shainorduithe a chur i gcrích.
Oibríochtúil agus Riosca Leanúnachais Ghnó Tá riosca oibríochtúil inghreamaithe i ngníomhaíochtaí GBCN go léir. Feictear do GBCN go bhfuil próiseáil idirbheart, cibearriosca, riosca calaoise, riosca leanúnachais gnó agus riosca tionscnaimh aonaid gnó ar a príomhrioscaí oibriúcháin.
Riosca Páirtithe Leasmhara Tá cuspóirí gnó GBCN sainordaithe go príomha ag an reachtaíocht agus ag treoirlínte aireachta. Mar gheall ar athruithe beartais féadfaidh sainorduithe nua nó athbhreithnithe bheith ann, a fhéadfaidh tionchar a imirt ar chumas GBCN a chuspóirí a bhaint amach.
Riosca Infheistíochta Tá GBCN freagrach as infheistíochtaí seachtracha a dhéanamh mar chuid dá shainordú. Ina measc seo tá infheistíochtaí díreacha agus ceanglais do bhainisteoirí infheistíochta tríú páirtí. Mar gheall ar dhrochbhainistíocht infheistíochta d’fhéadfaí damáiste airgeadais a dhéanamh nó droch-chlú a tharraingt orthu.
Riosca Tríú Páirtí Braitheann GBCN ar roinnt soláthróirí tríú páirtí le bheith in ann a shainorduithe a chur i gcrích. Má theipeann ar GBCN maoirseacht agus bainistíocht a dhéanamh ar thríú páirtithe, nó má theipeann ar an tríú páirtí soláthar a dhéanamh nó gníomhú ar bhealach atá comhsheasmhach le riachtanais GBCN, féadfaidh dochar airgeadais agus/nó clú bheith ann.