Eolas faoi GBCN

Is comhlacht Stáit í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) a fheidhmíonn le sainchúram tráchtála chun seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil don Rialtas. I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag GBCN, tá iasachtaíocht i gcomhair an Státchiste agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ), na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GNFA), RÉnua (an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh), agus na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát (GÉS).

Maoiniú agus Bainistiú Fiach

Tá GBCN freagrach as iasachtaíocht thar ceann an Rialtais agus as bainistiú an Fhiachais Náisiúnta d’fhonn leachtacht don Státchiste a chinntiú agus d’fhonn an t-ualach úis a íoslaghdú sa mheántéarma.

Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Rialaíonn agus bainistíonn GBCN Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ), a bunaíodh i Nollaig 2014 agus sainordú reachtúil aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát. Tháinig CISÉ i gcomharbacht ar an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean.

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Agus í ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, is í GBCN an comhairleoir reachtúil airgeadais d’údaráis Stáit maidir le tionscadail infheistíochta poiblí lena mbaineann luach caipitiúil níos mó ná €20 milliún. Tá lánfhreagracht uirthi as tionscadail Chomhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) a sholáthar agus a chur i gcrích in earnálacha seachas iad siúd a bhaineann le hiompar agus le húdaráis áitiúla. Chomh maith leis sin tá sí freagrach as soláthar traidisiúnta agus tógáil scoileanna faoi mar a ordaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna.

RÉnua

Ag feidhmiú mar RÉnua, cuireann GBCN ionad tiomanta um shaineolas airgeadais chorparáidigh ar fáil don Rialtas, goháirithe i ndáil le forbhreathnú tráchtála comhlachtaí Stáit áirithe. Tugann siad seirbhísí comhairleacha airgeadais agus tráchtála ar fáil d’Airí Rialtais lena n-áirítear i ndáil le feidhmíocht airgeadais, straitéis chorparáideach, pleananna caipitil agus infheistíochta, fáltais nó diúscairtí beartaithe, athstruchtúrú agus ceapacháin bhoird. Ina theannta sin, d’fhéadfadh RÉnua, i gcomhairle leis an Aire ábhartha, tograí a fhorbairt le haghaidh infheistíochta in earnálacha an fhuinnimh, an uisce, na teileachumarsáide agus na foraoiseachta chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht.

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, déanann GBCN bainistíocht ar éilimh maidir le díobháil phearsanta, dochar do réadmhaoin agus éilimh maidir le faillí cliniciúla a thógtar i gcoinne 129 n-údarás Stáit, lena n-áirítear an Stát féin, Airí Rialtais, an tArd-Aighne, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an earnáil chúram sláinte deonach, an Garda Síochána, Seirbhís Príosún na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus scoileanna pobail agus cuimsitheacha. Chomh maith leis sin, tá cúram bainistíochta riosca uirthi, a thugann comhairle agus cuidiú d’údaráis Stáit lena gcuid neamhchosaintí éilimh a laghdú a mhéid is féidir. Ina theannta sin, bainistíonn sí costais tríú páirtí a thagann chun cinn de bharr Binsí Fiosrúcháin agus éilimh ar chostais dhlíthiúla ó ghrúpaí ar éirigh leo cás a thabhairt in éadan an Stáit maidir le díobháil phearsanta agus cásanna eile nach mbaineann le díobháil phearsanta.

Anuas ar na feidhmeanna thuas, sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus don Chorparáid Bhaincéireachta Straitéiseach Na hÉireann CBSÉ agus soláthraíonn sí seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta di. Tá a mbord ar leith ag GNBS agus SBCI.