Ráiteas an Chathaoirligh

Ba bhliain í 2015 inar tharla mórathruithe do GBCN de réir mar a neadaíodh ár struchtúr nua rialachas comhtháite agus a cuireadh tús le hoibríochtaí Chiste Infheistíochta Straitéisí Éireann. Lena chois sin, ba bhliain í ina raibh gnóthachtáil thréan ar fud ár n-údarás gnó. D’eisíomar €13bn de bhannaí ag torthaí ísle agus meánaibíocht fhada, rud a d’fhág ár n-ualach fiachais níos inbhuanaithe. Sa chéad bhliain aige, thug CISÉ gealltanais dar suim €759m d’infheistíochta Éireannacha agus tá sraith deiseanna infheistíocht tráchtála forbartha aige a thacóidh le gníomhaíocht eacnamaíochta agus le cúrsaí fostaíochta. Go luath in 2016, d’oibríomar ar forbairt straitéis chorparáideach chun a chinntiú go leanfaidh GBCN de luach fadtéarmach a sholáthar don Stát.

Willie Walsh | Cathaoirleach

I mí na Nollag 2014 rinneadh mórathruithe ar struchtúr rialachais GBCN. Bunaíodh struchtúr nua foriomlán boird ar a raibh freagracht as maoiniú, infheistíocht, airgeadas agus seachadadh tionscadail, airgeadas corparáideach agus feidhmeanna bainistíocht éileamh agus riosca GBCN. Ceann de chuspóirí an struchtúir nua rialachais shimplithe in GBCN cur chuige níos comhtháite a éascú i leith chur i gcrích shainorduithe gnó GBCN. D’oibrigh mé féin agus mo chomhghleacaithe ar an mbord i ndlúthpháirt leis an bPríomhfheidhmeannach agus leis an bhfoireann bhainistíochta sa chéad bhliain againn chun é seo a ghnóthú. Léiríodh na buntáistí, ní hé amháin inár n-údaráis ghnó ach inár bhfeidhmeanna corparáideacha fosta, atá mar inneall oibríochta GBCN agus a bhfuil ríthábhacht leo má tá an rath i ndán dár n-údaráis.

Ar na chéad tascanna a bhí ag an mBord nua bhí bailchríoch a chur ar Straitéis Infheistíochta CISÉ, tar éis comhairliúcháin leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, lena údarás bonnlíne dúbailte a fheidhmiú chun toradh tráchtála a chruthú agus tacú le gníomhaíocht eacnamaíochta agus cúrsaí fostaíochta. Cuirtear san áireamh sa straitéis peirspictíocht, solúbthacht agus cumas fadtéarmach CISÉ infheistíocht bhreise a mhealladh ó chomhpháirtithe domhanda agus Éireannacha d’fhonn díriú ar infheistíochtaí trína ngnóthaítear tionchar eacnamaíoch. Tá critéir stóinsithe bunaithe againn fosta i gcomhair infheistíochtaí CISÉ chun a chinntiú gur léir go bhfuil tionchar eacnamaíoch acu agus nach ndéanann siad ach díreach teacht in ionad infheistíochtaí eile a tharlódh cibé ar bith.

Sna chead mhíonna de 2016 dhíríomar ar fhorbairt straitéis chorparáideach GBCN le cur agus tacú lenár n-údaráis ghnó agus lena gcuspóirí straitéiseacha gnó. Is é an cuspóir aontaithe atá ag ár n-údaráis éagsúla uile, sócmhainní poiblí agus dliteanais phoiblí a bhainistiú go stuama ar bhonn tráchtála. Tá ár gcuid oibre ar an straitéis chorparáideach bunaithe ar na comhspriocanna a shainaithint atá ríthábhachtach leis an gcuspóir seo a bhaint amach agus is iad na comhspriocanna seo a chuireann bonn eolais faoi gach rud a dhéanaimid. Tá bailchríoch ar an straitéis anois agus, ar aon dul le struchtúr nua rialachais GBCN, cinnteofar go dtabharfar treoir shoiléir straitéiseach i ngach cuid den eagras.

Tiomnaíonn sé an t-eagras do cheithre sprioc straitéiseacha chun tacú lena sainorduithe gnó. Is é sprioc fhadtéarmach GBCN luach fadtéarmach a chur ar fáil don Stát. Mar gheall ar na trí sprioc thacaíochta – ár gclú a choinneáil agus a fheabhsú, ár gcumais a fhorbairt mar eagras oiriúnaitheach, agus ár ndaoine a chumasú lena n-acmhainn a bhaint amach – beimid in ann luach fadtéarmach a chur ar fáil agus feidhmíocht ghnó inbhuanaithe a thógáil ag an am céanna. Is iad na spriocanna seo a chuirfidh bonn eolais faoinár socrú cuspóirí mar chuid dár bpróiseas pleanála bliantúil agus cuirfear fócas agus fuinneamh ar fáil fosta le GBCN a thabhairt chun cinn feasta.

Ba é 2015 comóradh 25 bliain bhunú GBCN. Bunaíodh GBCN in 1990 mar ghníomhaireacht bheag shainiúil chun an Fiachas Náisiúnta a bhainistiú. Tá fás suntasach tagtha air le cúig bliana fichead anuas ó d’iarr an Rialtas air réimse d’fheidhmeanna breise margadh tráchtála a dhéanamh ar son an Stáit. D’éirigh le GBCN a sainorduithe a sholáthar san am atá caite mar gheall ar a lárnaí atá a chur chuige atá bunaithe ar thorthaí, so-athraithe agus solúbtha. Tá an cur chuige seo i measc na gcroíbhuanna s’againn agus muid ag forbairt na heagraíochta le tabhairt faoi na dúshláin éagsúla a bheidh roimhe sna blianta atá le teacht.

Tá tiomantas mór ama de dhíth chun struchtúr nua rialachais a bhunú in eagras atá ag feidhmiú leis agus ba mhaith liom buíochas a ghabhail le mo chomhghleacaithe Boird agus coiste as a gcuid oibre le linn 2015. Ba mhaith liom buíochas a ghabhail leis an lucht bainistíochta agus lena bhfoireann fosta as an ionchur a bhí acu sa bhliain an-rathúil a bhí againn. Tá mé ag tnúth in 2016 le tógáil ar an dul chun cinn tréan atá déanta againn le 12 mhí anuas agus leanúint de sholáthar ár sainorduithe gnó chun luach fadtéarmach a ghnóthú don Stát.

Willie Walsh

Cathaoirleach