1. Cúlra

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000, ba chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“GBCN”) a tarmligeadh an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh maidir le díobháil phearsanta agus le damáiste réadmhaoine in aghaidh Údaráis Stáit áirithe (“Údaráis Stáit Tharmligthe”) agus as bainistiú a dhéanamh ar na bunrioscaí a ghabhann leo. Ina theannta sin, bhí foráil san Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2014, le haghaidh tarmligean bhainistíocht na n-éileamh ar chostais chuig GBCN. Nuair a bhíonn an Ghníomhaireacht i mbun na bhfeidhmeanna sin, glaoitear an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (“GÉS”) uirthi. Tabhaíonn GÉS caiteachas ar dhámhachtainí, ar shocraíochtaí éileamh agus ar chostais ghaolmhara. Gnóthaíonn GÉS an caiteachas sin ó na hÚdaráis Stáit Tharmligthe a bhíonn faoi dhliteanas i leith éileamh.

Tá trí chuspóir ag GÉS, is iad sin:

  • dualgas feidhmiú ar son leas is fearr na gcáiníocóirí i nithe a bhaineann le dlíthíocht díobhála pearsanta agus damáiste réadmhaoine, le feidhmiú go cothrom agus go heiticiúil ina ngnóthaí le daoine a d’fhulaing gortuithe agus/nó dochar agus a ghlacann caingean dlí in aghaidh an Stáit nó comhlachtaí Stáit, agus teaghlaigh na ndaoine seo;
  • seirbhísí comhairleoireachta riosca a chur ar fáil d’Údaráis Stáit Tharmligthe agus é d’aidhm acu minicíocht agus déine na n-éileamh a laghdú thar thréimhse ama;
  • bheith ag plé le héilimh áirithe ar chostais dlí.

I mí Feabhra 2003, rinneadh an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh maidir le faillí chliniciúil agus rioscaí lena ngabhann faoin Scéim Slánaíochta Cliniciúla (“SSC”) a tharmligean chuig GÉS. Bunaíodh SSC chun socruithe slánaíochta leighis a chuíchóiriú don tseirbhís sláinte. Faoi SSC, glacann an Stát le freagracht iomlán as slánú agus as bainistiú a dhéanamh ar éilimh maidir le faillí chliniciúil.

Sa bhliain 2008, ba faoi I.R. Uimh. 628/2007, an tOrdú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Feidhmeanna a Tharmligean) (Leasú) 2007, a tharmlig an Rialtas chuig GBCN an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh stairiúla in aghaidh cnáimhseoirí comhairleacha. Ba é an Cumann Cosanta Leighis (“CCL”) a bhainistíodh éilimh den sórt sin roimhe sin. Aistríodh ciste reatha chuig GÉS agus bainistiú na n-éileamh á tharmligean. Tar éis iarmhéid an chiste a tharraingt anuas sa bhliain 2013, is faoin Scéim Slánaíochta Cliniciúla a bhíonn GÉS ag freastal ar aon socraíochtaí éileamh agus ar aon speansais atá fágtha. Aisíocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (“FSS”) na costais sin le GÉS.

Rinneadh sainchúram GÉS a leathnú arís eile i mí Feabhra 2011 nuair a tarmligeadh freagracht chuici as bainistiú a dhéanamh ar éilimh maidir le díobháil phearsanta agus maidir le damáiste réadmhaoine in aghaidh 13 údarás nua agus ar roinnt aicmí breise éileamh (lena n-áirítear éilimh maidir le díobháil phearsanta a bhaineann le bulaíocht / ciapadh, baill d’Óglaigh na hÉireann agus den Gharda Síochána agus iad ar seirbhís thar lear agus éilimh i dtaca le sláintíocht in-chillín ó phríosúnaigh).

Rinneadh éilimh ina maítear díobháil phearsanta a bhaineann leis na táirgí míochaine Tailídimíd agus Niméasuilíd a tharmligean chuig GÉS i mí Aibreáin 2012. I mí Dheireadh Fómhair 2013, chuir an Rialtas freagracht ar GÉS as bainistiú a dhéanamh ar éilimh dhíobhála pearsanta a bhaineann le dhá tháirge íocshláinte, Celvepan agus Pandemrix, a ionghabháil.

Tar éis cinnidh ón Rialtas in 2012, cuireadh Aonad um Chostais Dlí an Stáit ar bun laistigh de GÉS i mí Feabhra 2013, agus é de dhualgas air déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn as Binsí Fiosrúcháin áirithe. Cuireadh síneadh suntasach le feidhmeanna Aonad na gCostas Dlí faoi Chuid 5 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014 agus leis an tarmligean a cuireadh i bhfeidhm faoin Ordú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Tarmligean na nÉileamh le haghaidh Feidhmeanna Bainistithe Costas) 2015.

I mí Aibreáin 2014, ba chuig GÉS a tarmligeadh an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh de chuid 61 comhlacht poiblí eile (lena n-áirítear Toscairí Ghrúpa na nOspidéal Deonach), rud a mhéadaigh líon iomlán na gcomhlachtaí poiblí atá faoi shainchúram GÉS ó 56 comhlacht go 117 comhlacht. Mhéadaigh tarmligean eile ón Rialtas i Meitheamh 2015 an líon comhlachtaí poiblí go dtí 129.

Faoi alt 53 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, arna thionscnamh le hIonstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 586 de 2014, rinneadh an Coiste Beartais um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh an 22 Nollaig 2014.

< GACH NÓTAI

NÓTAÍ EILE >