10. Iasachtaí ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

2015
€'000
2014
€'000
Iasachtaí ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist 2,800 3,800

Faoi alt 16 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000, féadfaidh an tAire Airgeadais airgead ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist (“Ciste BTP”) a thabhairt ar airleacan do GÉS chun íoc as suim aon chostas, aon mhuirear agus aon speansas a bhaineann le seirbhísí comhairleoirí gairmiúla agus le seirbhísí saineolaithe eile, chun íoc as suim aon dámhachtana nó aon socraíochta atá le híoc le héilitheoir i leith éileamh tarmligthe, agus chun íoc as aon suim úis, más ann di, atá iníoctha air. Tarraingítear airgead ó Chiste BTP de réir mar is gá le linn na bliana chun freastal ar na costais thuasluaite a thabhaíonn GÉS thar ceann na nÚdarás Stáit Tarmligthe. Faigheann GÉS aisíocaíochtaí ó na hÚdaráis Stáit Tharmligthe ina dhiaidh sin agus aisíocann sí suimeanna le Ciste BTP ar bhonn rialta le linn na bliana. Ní ghearrann BTP aon chostais mhaoinithe ar GÉS i leith na socruithe seo.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >