12. Dliteanais Mheasta na nÚdarás Stáit Tarmligthe

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Le linn 2015, fuarthas 2,943 éileamh nua (2014: 3,003) agus réitíodh 1,863 ceann díobh (2014: 1,939). Amhail an 31 Nollaig 2015, bhí GÉS ag láimhseáil 8,275 éileamh san iomlán (2014: 7,221).

Amhail an 31 Nollaig 2015, ba é €1.79bn (2014: €1.47bn) dliteanas measta na nÚdarás Stáit Tarmligthe i leith éileamh a bhí á láimhseáil ag GÉS. Bhí €1.35bn (2014: €1.16bn) de sin inchurtha i leith Éilimh Chliniciúla agus bhí €436m (2014: €309m) de inchurtha i leith Éileamh maidir le Damáiste Ginearálta. Déantar an dliteanas measta a ríomh trí thagairt don chostas iomlán a bheadh le gach éileamh a réiteach, na costais intuartha ar fad san áireamh, amhail suimeanna socraíochta, costais dlí gearánaí agus costais chosanta.

Tá ríomh an dliteanais mheasta bunaithe ar thoimhdí achtúireacha, fíor-ráta toraidh 3% ina measc. Tugadh rialú san Ard-Chúirt an 18 Nollaig 2014 gur chóir fíor-ráta toraidh 1% a chur i bhfeidhm i leith Dámhachtainí Cúirte áirithe. Tá achomharc in aghaidh an chinnidh sin déanta ag GÉS chuig an gCúirt Achomhairc. Ar an 5 Samhain 2015, thuig an Chúirt Achomhairc breith a sheas, go bunúsach, le breith na hArdchúirte nó rialaigh siad gur cheart, i gcásanna ina bhfuil gortuithe tubaisteacha i gceist, éilimh ar chostas an chúraim sa todhchaí a ríomh de réir fíor-ráta toraidh de 1% agus éilimh ar chaillteanas airgid sa todhchaí a ríomh de réir fíor-ráta toraidh de 1.5%. Tá an GÉS i ndiaidh achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe seo leis an gCúirt Uachtarach agus, dá réir, níor choigeartaigh sí an modh a úsáideann sí chun an dliteanas measta a ríomh, ar feitheamh thoradh an achomhairc. Má sheasann an Chúirt Uachtarach le cinneadh na Cúirte Achomhairc, b’ionann an méadú ar dhliteanas measta na nÚdarás Stáit Tarmligthe i leith éileamh faoi bhainistíocht GÉS, an 31 Nollaig 2015, agus thart ar €300m.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >