2. Beartais shuntasacha chuntasaíochta

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

2.1 Bonn na cuntasaíochta

Baineann ráitis airgeadais GÉS le bainistiú a dhéanamh ar éilimh thar ceann Údaráis Stáit Tharmligthe a bhíonn faoi dhliteanas i leith éileamh agus óna bhfaigheann GÉS suimeanna aon dámhachtainí agus aon chostas gaolmhar. Tuairiscítear sna ráitis airgeadais na gníomhaíochtaí éileamh agus na hidirbhearta a phróiseáiltear tríd an GÉS sa bhliain agus, dá bhrí sin, ní thugtar aon suim i gcomhair luach na n-éileamh gan íoc.

Úsáidtear bonn airgid na cuntasaíochta lena aithint go bhfuiltear tar éis idirbhearta a choigeartú le haghaidh fabhruithe maidir le costais soláthraithe seirbhíse conraithe tríú páirtí agus an gnóthú costas bainteach ón Údarás Stáit Tarmligthe.

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

2.2 Caiteachas

Aithnítear caiteachas ar dhámhachtainí, ar shocraíochtaí éileamh agus ar chostais ghaolmhara nuair a fhaightear ceadú bailíochtaithe nó socraíocht bhailíochtaithe an chaiteachais sin.

2.3 Ioncam Infhaighte

Déanann GÉS suimeanna aon dámhachtainí, aon socraíochtaí éileamh agus aon chostas gaolmhar a ghnóthú ó Údaráis Stáit Tharmligthe a bhíonn faoi dhliteanas i leith éileamh. Déantar suimeanna a áireamh ar bhonn fabhruithe. Caitear le suimeanna mar shuimeanna faighte agus infhaighte ó Údaráis Stáit Tharmligthe i ndáil le haitheantas an chaiteachais bhaintigh.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >