7. Luach Saothair agus Speansais (san áireamh i speansais riaracháin GBCN)

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

B’ionann na costais riaracháin a thabhaigh GBCN agus feidhmeanna GÉS á gcomhlíonadh aici agus €15.7m (2014: €13.5m). Tá na costais sin san áireamh i speansais riaracháin GBCN agus gearrtar ar an bPríomh-Chiste iad. Ní lorgaíonn GBCN aisíocaíocht na gcostas sin ó Údaráis Stáit Tharmligthe.

An Coiste Beartais um Éilimh ar an Stát

Faoin alt 53 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, arna thionscnamh le I.R. Uimh. 586 de 2014, rinneadh an Coiste Beartais um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh an 22 Nollaig 2014. Ar an dáta sin, athbhunaíodh GBCN mar chomhlacht le Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile a thugann tuairisc don Aire Airgeadais agus a bhfuil freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (lena n-áirítear na feidhmeanna atá ag GÉS).

Sular díscaoileadh é, ba í GBCN a leag síos luach saothair do chomhaltaí Choiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát le cead ón Aire Airgeadais.

Tá an luach saothair a fuair iarchomhaltaí de chuid an Choiste Beartais um Éilimh ar an Stát i ndáil le 2014 leagtha amach thíos:

2014
€'000
Noel Whelan (Cathaoirleach an Choiste) 13,317
Anthony Delaney 8,877
Christopher Moore 8,877
Niamh Moran 8,877
Fachtna Murphy 8,877
Wendy Thompson -
Mary Jackson -
48,825

Tharscaoil Wendy Thompson a cuid táillí i dtaca lena ballraíocht ar an gCoiste do 2014. Ní bhfuair Mary Jackson, a ceapadh ina ról mar státseirbhíseach, aon luach saothair i dtaca lena comhaltas den Choiste.

Níor íocadh speansais ar bith a bhain le comhaltaí Coiste in 2014.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >