8. Infheistíochtaí / dliteanais scéime

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Bhunaigh an tAire Sláinte an Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais (“SSSC”) in 2008. Faoin SSSC, d’aontaigh an tAire Ospidéal Bon Secours agus Ospidéal Shliabh Chairmeil1 a shlánú i leith éilimh chnáimhseachais shonracha. Ba faoi I.R. Uimh. 628/2007, an tOrdú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Feidhmeanna a Tharmligean) (Leasú) 2007, a tharmlig an Rialtas chuig GBCN an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh faoi SSSC. Rinne na hospidéil ainmnithe rannpháirteacha ranníocaíochtaí le ciste atá faoi bhainistíocht GBCN thar ceann an Aire Sláinte faoi alt 29(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.

Thug an tAire Sláinte údarás do GÉS suimeanna a tharraingt anuas ón gciste chun aon suimeanna atá íoctha ag GÉS thar ceann na n-ospidéal rannpháirteach a aisíoc le GÉS faoi alt 16(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.

Cistí SSSC

Déantar cistí Scéime a infheistiú i Nótaí Státchiste thar ceann na Roinne Sláinte. Íoctar ioncam a shaothraítear ar infheistíochtaí na Scéime leis an gciste, agus ní aithnítear é mar ioncam de chuid GÉS.

Tá an ghluaiseacht sna cistí Scéime leagtha amach thíos:

2015
€'000
2014
€'000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 5,522 5,623
Socraíochtaí agus speansais éileamh (53) (111)
Ioncam a saothraíodh - 10
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig a bhí ar fáil le haghaidh socrú éileamh 5,469 5,522

1 Chuaigh Ospidéal Shliabh Chairmeil faoi leachtú i mí Eanáir 2014. Cheannaigh FSS é ina dhiaidh sin i mí Mheán Fómhair 2014, agus é le húsáid mar shaoráid céim síos.

< NÓTA ROIMHE

NÓTAÍ EILE >