Soláthar Foirne agus Luach Saothair

Cuireann GBCN i gcrích a shainorduithe trí chúig aonad gnó: an t-aonad um Maoiniú agus Bainistiú Fiach, aonad Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, RÉnua agus an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Faigheann aonaid ghnó GBCN tacaíocht óna fheidhmeanna corparáideacha a thugann seirbhísí ar fud na réimsí seo a leanas: Airgeadas, Oibríochtaí, Teicneolaíocht Faisnéise, Riosca, AD, Gnóthaí Dlí, Comhlíontacht, Cumarsáid agus Iniúchadh Inmheánach.

Tá roinnt ball foirne de chuid GBCN ar iasacht leis an Roinn Airgeadais tar éis aisghairm tharmligean fheidhmeanna córais bhaincéireachta an Aire Airgeadais chuig GNBS ó mhí Lúnasa 2011.

Sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus do Chorparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSÉ) agus soláthraíonn sí seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta di. Déanann GNBS agus CBSÉ aisíocaíocht do GBCN as costas na seirbhísí sin (costais bhall foirne san áireamh). Is aonáin neamhspleácha iad GNBS agus CBSÉ agus tá a mboird féin acu.

Seachas baill foirne atá sannta do GNBS agus CBSÉ, bhí 431 fhostaí ag GBCN ag deireadh 2015. Bhí 341 fhostaí sannta do GNBS agus bhí 9 bhfostaí sannta go CBSÉ.

Tá múnla luach saothair GBCN bunaithe ar chonarthaí fostaíochta a idirbheartaítear ina n-aonair faoi rún, le luach saothair iomaíoch, ailínithe don mhargadh, faoi réir Achtanna BAÉMLP. Is é atá sa ghnáthphacáiste luach saothair buntuarastal seasta agus soláthar le haghaidh pá lánroghnach maidir le feidhmíocht. I líon teoranta cásanna íoctar liúntais nó sochair eile.

Is é cuspóir GBCN a chinntiú go n-éascaíonn a shocruithe luach saothair é ag mealladh, ag forbairt, agus ag coinneáil fostaithe ardfheidhmíochta agus spreagtha, le scileanna agus taithí cuí, lena chinntiú gur féidir le GBCN a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, ag comhlíonadh ag an am céanna an dlí infheidhmithe, lena n-áirítear go háirithe reachtaíocht BAÉMLP. Tá sé d’aidhm aige córas luach saothair a fheidhmiú:

  • a ligeann do GBCN a bheith iomaíoch go héifeachtach sa mhargadh oibre agus fostaithe ar ardchaighdeán a earcú agus a choinneáil.
  • a léiríonn cuspóirí GBCN le haghaidh dea-rialachas corparáideach.
  • a bhainistíonn luach saothair ar bhealach cuí agus a spreagann leibhéal ard feidhmíochta.
  • atá comhsheasmhach le bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach agus a chuireann sin chun cinn.

Tá íocaíochtaí maidir le feidhmíocht ceaptha le feidhmíoch eisceachtúil a chúiteamh, le haird ar fheidhmíocht an fhostaí féin, feidhmíocht réimse freagrachta an fhostaí, agus feidhmíocht fhoriomlán GBCN. Déantar íocaíocht maidir le feidhmíocht de réir paraiméadar atá faofa ag Coiste Luach Saothair neamhfheidhmiúcháin na Gníomhaireachta. Déantar an méid foriomlán íocaíochtaí maidir le feidhmíocht i leith aon bhliain faoi réir, chomh maith, fhaomhadh an Choiste Luach Saothair.

Rinne GBCN íocaíochtaí a bhain le feidhmíocht le 60 ball foirne in 2016 i leith 2015. B’ionann na híocaíochtaí agus €492,500 san iomlán. Ní dhearnadh aon íocaíochtaí maidir le feidhmíocht le haon bhall den ardbhainistíocht.

Úsáid Fuinnimh

Oibríonn GBCN i bhFoirgneamh an Státchiste ar Shráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, áit a léasaíonn sé spás ar cúig urlár. In 2015, d’úsáid GBCN 1,701,446 kWh de leictreachas, arb ionann é agus meánúsáid 2,173 kWh in aghaidh an fhostaí. Cuirtear é sin i gcomparáid le meánúsáid 2,581 kWh in aghaidh an fhostaí in 2014 – laghdú 15.8% in aghaidh an fhostaí.

Is é an tiarna talún a chuireann an t-aerchóiriú ar fáil san fhoirgneamh agus tá sé á thiomáint ag gás nádúrtha.

In 2015 rinne an tiarna talún staidéir indéanta maidir le haonaid láimhseála aeir do na hurláir go léir i bhFoirgneamh an Státchiste a uasghrádú d’fhonn feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú. I measc athruithe áirítear tras-seoltaí nua athraitheacha atá éifeachtúil ar fhuinneamh ar mhótair chuid de na haonaid láimhseála aeir.

In 2016 tá an tiarna talún ag feistiú tras-seoltaí athraitheacha ar an gcuid eile de na haonaid láimhseála aeir i bhFoirgneamh an Státchiste.

Le linn 2015 rinne GBCN íocaíochtaí maidir le feidhmíocht le 16 bhall foirne arbh ionann san iomlán iad agus €79,200 i leith 2014. Arís, ní dhearnadh aon íocaíochtaí maidir le feidhmíocht le haon bhall den ardbhainistíocht. Léirítear íocaíochtaí maidir le feidhmíocht a rinneadh le linn 2015 sa cholún Luach Saothair iomlán sa tábla thíos.

Luach Saothair GBCN ag Deireadh 2015
Buntuarastal

Luach Saothair
Iomlán
suas go €50,000 121 120
€50,001 go €75,000 137 127
€75,001 go €100,000 84 80
€100,001 go €125,000 31 39
€125,001 go €150,000 22 27
€150,001 go €175,000 12 13
€175,001 go €200,000 14 9
€200,001 go €225,000 1 3
€225,001 go €250,000 1 3
€250,001 go €275,000 3 1
€275,001 go €300,000 2 2
€300,001 go €325,000 1 5
€325,001 go €350,000 1 0
€350,001 go €375,000 0 1
€375,001 go €400,000 0 0
€400,001 go €425,000 0 0
€425,001 go €450,000 0 0
€450,001 go €475,000 0 0
€475,001 go €500,000 1 1
Iomlán 431 431

Tabhair faoi deara: Leagtar amach buntuarastal ar bhonn pro-rata. Mar chuid de luach saothair iomlán tá buntuarastal agus aon sochar incháinithe eile a íoctar le fostaithe (lena n-áirítear íocaíochtaí maidir le híocaíochtaí a íocadh in 2015 i leith 2014). Níl ranníocaíochta pinsin fostóra san áireamh. Cuirtear asbhaint phinsin na seirbhíse poiblí i bhfeidhm d’fhostaithe GBCN.

Leagtar amach luach saothair ball foirne atá sannta do GNBS sa tábla thíos.

Luach Saothair GNBS ag Deireadh 2015
Bonn
Tuarastal
Luach Saothair
Iomlán
suas go €50,000 42 42
€50,001 go €75,000 95 95
€75,001 go €100,000 97 96
€100,001 go €125,000 51 52
€125,001 go €150,000 35 33
€150,001 go €175,000 12 11
€175,001 go €200,000 4 5
€200,001 go €225,000 2 3
€225,001 go €250,000 1 1
€250,001 go €275,000 1 2
€275,001 go €300,000 0 0
€300,001 go €325,000 0 0
€325,001 go €350,000 0 0
€350,001 go €375,000 0 0
€375,001 go €400,000 1 0
€400,001 go €425,000 0 1
Iomlán 341 341

Tabhair faoi deara: Leagtar amach buntuarastal ar bhonn pro-rata. Mar chuid de luach saothair iomlán tá buntuarastal agus aon sochar incháinithe eile a íoctar le fostaithe. Níl ranníocaíochta pinsin fostóra san áireamh. Cuirtear asbhaint phinsin na seirbhíse poiblí i bhfeidhm d’fhostaithe GBCN.