RÉnua

Le RÉnua cuirtear lárionad tiomnaithe saintaithí san airgeadas corparáideach ar fáil don Rialtas, lena gcuirtear comhairle airgeadais ar Airí maidir lena scairshealbha i gcomhlachtaí móra tráchtála Stáit.

Comhairle Tráchtála agus Airgeadais

I rith 2017, thug RÉnua comhairle airgeadais agus tráchtála don Rialtas ar raon míreanna a bhaineann leis na comhlachtaí Stáit ar a ndéanann sé maoirsiú:

Maoiniú Fiach €1.9bn
Buiséid agus Tiomantais Chaipitil €1.3bn
Tionscadail Chaipitil Shonracha €800m

Lean ról RÉnua ag leathnú i rith 2017 agus tugadh faoi shannacháin shuntasacha ar iarratas ó Airí Rialtais i dtaca le cuideachtaí eile Stáit lena n-áirítear:

An Post
CIE
Vhi

Athbhreithniú Bliantúil Punainne

D’fhoilsigh RÉnua a hathbhreithniú bliantúil ar na comhlachtaí tráchtála Stáit laistigh dá Punann, ag leagan síos na bpríomhdhúshlán agus na ndeiseanna a bhaineann le gach comhlacht i mí na Nollag 2017.

Athbhreithniú Bliantúil Punainne - Brabús Oibriúcháin
Athbhreithniú Bliantúil Punainne - Caipiteal Infheistithe
Athbhreithniú Bliantúil Punainne - Luacháil
Athbhreithniú Bliantúil Punainne - Díbhinní

Is é an croí-ról atá ag RÉnua comhairle airgeadais agus tráchtála a chur ar fáil d’Airí Rialtais i ndáil le roinnt mórchomhlachtaí tráchtála Stáit: Bord na Móna, Coillte, EirGrid, Ervia (lena n-áirítear Líonraí Gáis Éireann), BSL agus Uisce Éireann (an Phunann).

Tá ról criticiúil ag na cuideachtaí sin i ngeilleagar na hÉireann, lena n-áirítear trí infheistíocht i mbonneagar cumasúcháin i líonraí uisce agus fuinnimh. Ba ionann agus €1.5bn an ollinfheistíocht i bhfoirm chaiteachais chaipitiúil in 2016/2017, agus 60% de sin ar shócmhainní líonra rialaithe (uisce agus fuinneamh) laistigh den Stát. Táthar ag súil go leanfar d’infheistíocht shuntasach le suas le €4bn réamh-mheasta le hinfheistiú i mbonneagar líonra fuinnimh rialáilte sa Stát thar an tréimhse 2017-2021 agus measann Uisce Éireann go dteastaíonn thart ar €13bn chun dul i ngleic le gach easnamh atá ar eolas i mbonneagar uisce. Déantar tagairt in bPlean Forbartha Náisiúnta Éire 2040 – An Tionscadal 2018-2027 don tábhacht atá leis an infheistíocht a mheasann na comhlachtaí seo a dhéanfaidh siad as seo go ceann deich mbliana.

Nuair a iarrann na hAirí Rialtais ábhartha é, síneann ról RÉnua chuig comhlachtaí nó sócmhainní eile Stáit. Mar ionad tiomanta de shaineolas airgeadais, tugann RÉnua fócas tráchtála breise le forbhreathnú fiontair faoi úinéireacht Stáit.

Feidhmeanna Comhairleacha RÉnua

ÚINÉIREACHT GHNÍOMHACH

Príomhaidhm de RÉnua, ag obair le Ranna Rialtais, is ea ról an Stáit a fheabhsú mar scairshealbhóir gníomhach sna cuideachtaí atá faoina úinéireachta, ag soláthar creata le haghaidh tuiscint níos soiléire ar chuspóirí an Stáit agus ar ionchais airgeadais do na cuideachtaí.

Chun cuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach, d’fhorbair RÉnua Creat d’Ionchais Scairshealbhóirí (an Creat) chun úinéireacht ghníomhach níos mó an Stáit mar scairshealbhóir a éascú. Is é cuspóir an chreata soiléire foirmiúil agus treoir a thabhairt do bhoird na gcomhlachtaí seo maidir le tosaíochtaí straitéiseacha an Rialtais, cuspóirí beartais, feidhmíocht airgeadais agus ceanglais tuairiscithe.

Cuirtear iad sin in iúl do na comhlachtaí trí “Litir Ionchais do Scairshealbhóirí” arna heisiúint ag an Aire Rialtais iomchuí. Is iad seo na réimsí i Litir Ionchais an Scairshealbhóra a ndíreoidh RÉnua go príomha orthu ó pheirspictíocht airgeadais agus tráchtála amhail deireadh 2017:

  • Bearta leanúnacha de fheidhmíocht airgeadais, saincheaptha le haghaidh gach comhlachta;
  • Riachtanas do na comhlachtaí ábhartha luachálacha cothromais thráchtála a ullmhú chun an tomhas a dhéantar ar thoradh iomlán an scairshealbhóra a éascú; agus
  • Spriocanna foirmiúla airgeadais a fhorbairt ina n-áirítear de ghnáth sprioc struchtúir chaipitil, sprioc brabúsachta agus sprioc díbhinne.

SEIRBHÍSÍ COMHAIRLEACHA FAOI AIRGEADAS CORPARÁIDEACH

Punann RÉnua

Le linn na bliana 2017, thug RÉnua anailís mhionsonraithe airgeadais agus moltaí (nuair ba chuí) d’Airí maidir le 70 aighneacht san iomlán le haghaidh bhreith agus thoiliú an Aire, arna ndéanamh ag na comhlachtaí Stáit tráchtála faoina shainchúram. Áiríodh leis sin €1.9bn in iarratais a bhaineann le maoiniú fiachas (lena n-áirítear eisiúint bannaí agus saoráidí fiachais tráchtála), €1.3bn maidir le hiarrataí ar bhuiséid caiteachais chaipitiúil agus €0.8bn in iarrataí sonracha ar thionscadail caiteachais chaipitiúil. D’oibrigh RÉnua go dlúth leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus a ról comhairleach á dhéanamh maidir le ceapacháin bhoird.

Punann RÉnua - Iasachtaí
Punann RÉnua - Buiséid agus Tiomantais Chaipitil
Punann RÉnua - Tionscadail Chaipitil Shonracha
Punann RÉnua - Ceapacháin ar an mBord
Punann RÉnua - Tuarascálacha Airgeadais agus Pleananna Corparáideacha
Punann RÉnua - Maoiniú Uisce Éireann

Cuideachtaí Stáit Breise

Leanadh den fhás ar RÉnua i rith 2017 ó thaobh líon na sannachán a d’iarr Airí Rialtais air a chur i gcrích maidir le raon leathan cuideachtaí Stáit eile. Tugadh comhairle airgeadais agus tráchtála leanúnach maidir leis na príomhchuideachtaí Stáit tráchtála in earnáil an iompair tar éis comhaontú a chur i bhfeidhm i rith 2017 leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.

Sannacháin roghnaithe RÉnua 2017: Cuideachtaí Stáit Breise
Tionscadal Cur Síos
An Post logo Athbhreithniú airgeadais agus anailís ar phlean straitéiseach agus maoinithe agus cúnamh/comhairle d’Airí ábhartha i dtaca le hiasacht Stáit do An Post.
CIE logo Athbhreithniú agus anailís airgeadais ar phleananna gnó CIÉ, Bus Éireann agus Iarnród Éireann. Athbhreithniú airgeadais ar shaoráidí maoinithe CIÉ.
Dublin Port logo Athbhreithniú airgeadais thar ceann DTTAS agus DPER i gcomhthéacs beartais díbhinne athbhreithnithe ag cur mórphleananna infheistíochta caipitil Chalafort Bhaile Átha Cliath.
daa logo Comhairle do DTTAS agus DPER maidir le beartas díbhinne athbhreithnithe.
Vhi logo Anailís airgeadais agus comhairle don Aire Sláinte i dtaca le hathbhreithniú ar phlean straitéiseach agus airgeadais Vhi.
Port of Cork logo Athbhreithniú airgeadais agus anailís ar struchtúr maoinithe thionscadal athfhorbartha Rinn an Scidígh.
Tabhair faoi deara: DTTAS: An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, DPER: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Stiúrthóir, Airgeadas Corparáideach

Bhí fás leanúnach i rith 2017 ar líon na sannachán comhairleach maidir le maoiniú corparáideach a rinne RÉnua thar ceann Airí Rialtais thar raon leathan earnálacha.

Sannacháin roghnaithe RÉnua 2017: Tionscadail Bhreise
Tionscadal Ról RÉnua
Spriocanna Icon
SPRIOCANNA

Thug athbhreithnithe ó pheirspictíocht airgeadais ar an tsamhail mhaoinithe a d’fhorbair Ranna Rialtais ábhartha agus gníomhaireachtaí le haghaidh beart athrú aeráide le haghaidh an Phlean Maolaithe Náisiúnta a foilsíodh i mí Iúil 2017. Bhí sé rannpháirteach freisin i dtionscadail lena n-áirítear scéim tacaíochta i gcomhair teas in-athnuaite, scéim tacaíochta do leictreachas in-athnuaite agus measúnú ar chostais agus buntáistí an bhithgháis agus an bhithmheatáin.

Éifeachtacht Fuinnimh Icon
ÉIFEACHTACHT FUINNIMH

Chuir cúnamh airgeadais agus comhairle ar fáil maidir le hanailís costas is tairbhe agus struchtúrú airgeadais i dtaca le tionscadal soilsiú poiblí. Má éiríonn leis, d’fhéadfadh an tionscadal sin na costais fuinnimh agus chothabhála a bhaineann leis an líonra soilsiú poiblí a laghdú de bhreis is 50% agus cur ar chumas údaráis áitiúla a spriocanna éifeachtachta fuinnimh 2020 a chomhlíonadh in iomlán.

Foraoiseacht Icon
FORAOISEACHT

Bhí RÉnua páirteach i dtionscnaimh freisin faoi Chlár Foraoiseachta an Rialtais a bhí dírithe ar infheistíocht a mhéadú san earnáil lena n-áirítear foraoisiú tailte portaigh.

Tairiscint ar an Gcorn Domhanda sa Rugbaí 2023 Icon
TAIRISCINT AR AN GCORN DOMHANDA SA RUGBAÍ 2023

Thug sí cúnamh airgeadais agus tráchtála speisialta do Ranna Rialtais maidir le gnéithe áirithe de thacaíocht an Stáit den tairiscint chun Corn an Domhain sa Rugbaí 2023 a óstáil.

Lár Athbhreithniú ar Phlean Caipitil/an Plean Forbartha Náisiúnta Icon
LÁR ATHBHREITHNIÚ AR PHLEAN CAIPITIL/AN PLEAN FORBARTHA NÁISIÚNTA

Thug sí cúnamh agus ionchur maidir le rannchuidiú earnáil tráchtála an Stáit d’infheistíocht faoi na pleananna sin.

ATHBHREITHNIÚ BLIANTÚIL AIRGEADAIS RÉNUA 2016/2017

D’fhoilsigh RÉnua a Athbhreithniú Airgeadais Bhliantúil de na comhlachtaí tráchtála Stáit faoin shainchúram i mí na Nollag 2017. Tá sé sin ar fáil ar ntma.ie/publications. Leagtar síos san Athbhreithniú príomhfhaisnéis airgeadais agus méadrachtaí don Phunann trí chéile agus le haghaidh gach comhlacht aonair.

I gcomhthéacs phleananna straitéiseacha, gnó agus airgeadais gach ceann de na comhlachtaí, tá trácht san athbhreithniú freisin ar roinnt téamaí atá ábhartha ó pheirspictíocht scairshealbhóra lena n-áirítear:

  • Brexit agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an earnáil fuinnimh, ag glacadh leis an líon comhlachtaí sa Phunann atá ag feidhmiú in earnáil an fhuinnimh, raon infheistíochtaí na Punainne sa RA, agus an méid trádála déthaobhaí atá ar siúl ag an bPunann leis an RA;
  • Seachadadh pleananna infheistíochta agus bunathraithe do Uisce Éireann;
  • An t-aistriú atá Éire ag dul a dhéanamh chuig córas fuinnimh ísealcharbóin agus ról na gcomhlachtaí tráchtála Stáit (d’fhoilsigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an chéad Phlean Maolaithe Náisiúnta i mí Iúil 2017 agus tá ról lárnach ag an earnáil tráchtála Stáit i dtaca le cuid mhaith de na bearta atá leagtha amach sa phlean seo a bhfuil gné trasearnála agus fadtéarmach ag baint leo); agus
  • Tugtar faoi deara san Athbhreithniú go bhféadfadh sé a bheith áisiúil don Stát creat prionsabal uileghabhálach a fhorbairt i dtaca le húinéireacht agus infheistíocht comhlachtaí Stáit.

Leagtar síos san Athbhreithniú freisin príomhdhúshláin agus deiseanna a bhaineann le gach comhlacht a thugann tuairim faoi na timpeallachtaí casta ina bhfeidhmíonn na comhlachtaí.

Cuideachtaí Phunann RÉnua: Forbhreathnú ar Phríomhdhúshláin agus Deiseanna
Bord na Mona

Bord na Móna

  • Príomhdhúshlán is ea deiseanna inbhuanaithe a shainaithint chun gnó a fhás agus roinnt deiseanna féideartha ag baint le fuinneamh in-athnuaite.
  • Beidh tionchar ag an timpeallacht rialála atá ag athrú ar fheidhmíocht sa todhchaí.
Coillte

Coillte

  • Tá deis ann na torthaí ar a phríomhghnó foraoiseachta a uasmhéadú i ndiaidh tionscnaimh athmhaoinithe agus athstruchtúraithe.
  • Cuirean a punann sócmhainní deiseanna i láthair chun luach a réadú d’fhonn torthaí airgeadais, sóisialta agus comhshaoil a éascú don Stát.
Eirgrid Group

Eirgrid Group

  • Príomhthionscadal is ea córais nua mhargaidh a dhearadh agus a fhorbairt agus socruithe nua trádála leictreachais a theastaíonn don Mhargadh Leictreachais Aonair Comhtháite nua.
  • Idirnascaire Ceilteach a fhorbairt leis an bhFrainc, ar tionscadal fíor-chasta é ar scála suntasach.
ervia - Gas Network Ireland

ervia - Gas Networks Ireland

  • Is dúshlán a bheidh ann a straitéis a sheachadadh laistigh de lamháltas airgid athbhreithnithe agus na spriocanna éifeachtúlachta atá leagtha síos sa phróiseas rialaithe praghsanna rialála cúig bliana (2017-2022).
  • Féachaint go gníomhach ar roinnt deiseanna fáis (e.g. imscrúdú ar an úsáid a bhainfear as gás comhdhlúite d’fheithiclí móra). Is dúshlán fadtéarmach ach tábhachtach a bheidh ann chomh maith na deiseanna sin a bhainistiú ach a bheith ar an eolas ag an am céanna faoin mbaol a bhaineann le bheith ag infheistiú i gcomhthéacs a bheith ag bogadh chuig córas fuinnimh ísealcharbóin.
ervia - uisce water

ervia - Uisce Éireann

  • Tá leibhéal suntasach infheistíochta caipitil ag teastáil i mbonneagar uisce na hÉireann agus roinnt dúshlán ann do Uisce Éireann a spriocanna ina phlean gnó a chur i gcrích de réir mar a bhíonn sé in iomaíocht le tosaíochtaí maoinithe Stáit eile.
  • Mar chuid de mhaoiniú an Stáit ar Uisce Éireann sa todhchaí, beidh sé tábhachtach go gcoinníonn Uisce Éireann leibhéal cinnteachta agus solúbthachta iomchuí maidir lena shocruithe maoinithe ionas go mbeidh sé níos éasca a spriocanna ina phlean gnó a chomhlíonadh le haghaidh infheistíocht agus éifeachtúlacht mhéadaithe tríd an tsamhail fóntais rialáilte.
ESB

ESB - Energy for generations

  • Mar gheall ar chomh héiginnte leis an margadh fuinnimh agus mar gheall ar na hathruithe atá ag tarlú ann beidh éifeachtúlacht costas de dhíth i gcónaí a chuirfidh ar a chumas luach airgid a thabhairt dá chustaiméirí agus scairshealbhóirí agus a rátáil chreidmheasa airgeadais a choimeád.
  • Táthar ag súil go mbeidh méadú suntasach sa leibhéal infheistíochta i mbonneagar giniúna agus líonraí ar fud thionscal leictreachais na hEorpa trí chéile ag teastáil i gcomhair dícharbónú, rud a chruthóidh dúshláin agus deiseanna do BSL.

Faisnéis Airgeadais

In 2016/17, tháinig laghdú de bheagán ó €1,044m go dtí €994m ar bhrabúsacht oibriúcháin coigeartaithe iomlán na Punainne in 2015/16, ag léiriú meath bunúsach i láimhdeachas le muirir dímheasa méadaithe. Leantar ag baint cion shuntasach de bhrabús oibriúcháin ó líonraí leictreachais agus gáis rialáilte na Punainne (2016/17: 64%, 2015/16: 58%) agus sócmhainní giniúna cumhachta (2016/17: 25%, 2015/16: 24%).

Laghdaigh an toradh ar Chaipiteal Infheistithe (ROIC) ó 6.1% in 2015/2016 go dtí 5.6% in 2016/17, rud a léirigh an laghdú bunúsach ar bhrabúsacht na Punainne. Mar sin féin, tá an toradh sin réasúnta ar leibhéal na Punainne toisc na ndúshlán i roinnt de na bun-ghnóthaí. Laghdaigh glanghiaráil na Punainne ó 53% in 2015/16 go dtí 50% in 2016/17. Íocadh díbhinní iomlána de €236m, agus íocadh €232m díobh sin leis an Státchiste, i gcomparáid le €441m a íocadh in 2015/16. Tharla sé sin mar gheall ar laghdú sna díbhinní speisialta a íocadh, agus gnáth-dhíbhinní de €136m a íocadh in 2016/17 (méadú €9m ar 2015/16).

An Phunann – Buaicphointí Airgeadais
2016/17 2015/16 yoy Δ Meán 5bl.
PRÍOMHFHAISNÉIS AIRGEADAIS €m €m €m €m
Láimhdeachas 5,982 6,100 (117) 5,885
Brabús Oibriúcháin 994 1,044 (50) 951
PAT (coigeartaithe) 615 625 (10) 547
Dliteanais Phinsin 1,029 1,009 21 1,123
Glanfhiachas 6,989 7,421 (432) 6,864
Glansócmhainní 6,905 6,631 274 6,731
Caipiteal Infheistithe 16,032 15,535 497 15,505
Ollchaiteachas Caipitiúil 1,498 1,572 (73) 1,448
Díbhinní a Íocadh (iomlán) 236 441 (205) 292
Luacháil Cothromais Tráchtála 10,126 10,169 (43) n/a
PRÍOMH-MHÉADRACHTAÍ % % % %
Corrlach Brabúis Oibriúcháin 16.6 17.1 (0.5) 16.2
Corrlach PAT 10.3 10.2 0.0 9.3
ROIC 5.6 6.1 (0.5) 5.4
Glan-ghiaráil 50.3 52.8 (2.5) 50.5
Foinse: Tuarascálacha Bliantúla, Anailís RÉnua
Airgeadas de réir Gníomhaíochta
Airgeadas de réir Gníomhaíochta Cairt
  1.   Foinse: Anailís RÉnua