Beartas Príobháideachta agus Fianán

Tá meas ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) ar do cheart príobháideachta agus comhlíonann sé na hoibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Cosaint Sonraí agus Príobháideacht) 2003. Sa ráiteas príobháideachta seo cuirtear eolas ar fáil faoin bhfaisnéis phearsanta a bhailíonn GBCN agus faoi na slite ina n-úsáideann agus ina gcosnaíonn GBCN an fhaisnéis phearsanta sin.

Tá naisc le suíomhanna gréasáin seachtracha curtha ar fáil ar mhaithe le héascaíocht. Níl GBCN freagrach as ábhar ná beartais phríobháideachta suíomhanna gréasáin seachtracha.

Saghsanna faisnéise a bhailítear agus a gcuspóir:

“Sonraí Teicniúla”

Amhail an chuid is mó de shuíomhanna gréasáin, bailímid faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile ar bhonn comhiomlán faoi gach duine a thugann cuairt ar ár suíomh gréasáin. Cuimsíonn na Sonraí Teicniúla sin faisnéis nach féidir a úsáid chun tú a shainaithint ná chun dul i dteagmháil leat, cuir i gcás faisnéis dhéimeagrafach maidir le seoltaí IP úsáideoirí, saghsanna brabhsálaí, téarmaí cuardaigh gréasáin, agus sonraí staitistiúla anaithnide eile a bhaineann le húsáid ár suímh gréasáin. Is éard is seoladh IP ann ná na sonraí a shainaithníonn do ríomhaire ar an idirlíon arna thabhairt i gcód “Prótacal Idirlín” (mar shampla 192.168.75.46). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an idirlíon, cé gur féidir nach ionann an seoladh gach uair a dhéantar ceangal.

“Ríomhphost”

Tá seoltaí ríomhphoist liostaithe ar an suíomh gréasáin chun críocha teagmhála agus faisnéise. Má théann tú i dteagmháil le GBCN tríd an ríomhphost, ní úsáidfear do chuid sonraí ach amháin chun na gcríoch atá luaite i d’iarraidh ríomhphoist. Is féidir le GBCN an bunríomhphost a choinneáil faoi réir bheartas GBCN um ríomhphost a choinneáil.

“Pearsanta”

Chun iarratas ar phost ar thairseach earcaíochta GBCN a phróiseáil, beidh ar an iarratasóir faisnéis phearsanta a sholáthar. Coinneofar faoi rún an fhaisnéis go léir a sholáthrófar, de réir ár n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Líonraí agus Seirbhísí Cumarsáide Leictreonaí) (Cosaint Sonraí agus Príobháideacht) 2003.

Nochtadh

Féadfaidh GBCN soláthraithe seirbhíse eile a úsáid chun cabhair a thabhairt sa phróiseas earcaíochta, e.g. tástáil shíciméadrach a dhéanamh ar iarratasóirí. Is féidir dá bhrí sin faisnéis a sholáthraítear dúinn a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse tríú páirtí, faoi rún, mar chuid den phróiseas earcaíochta. Cé is moite de seo, ní chuirfear faisnéis a sholáthróidh tú ar fáil do thríú páirtithe ach amháin de réir dlíthe agus rialachán is infheidhme.

Ní nochtfaidh GBCN faisnéis theicniúil i leith cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin go brách d’aon tríú páirtí (ach amháin ár soláthraí seirbhíse idirlín, a thaifeadann sonraí den sórt sin thar ár gceann agus atá faoi cheangal ag forálacha rúndachta ina leith seo), ach amháin má cheanglaítear orainn faisnéis den sórt sin a nochtadh de réir dlí. GBCN amháin a úsáidfidh faisnéis theicniúil, agus ní úsáidfimid í ach chun staitisticí a bhailiú a chabhróidh linn ár suíomh gréasáin a fheabhsú sa chaoi is go mbeidh sé níos éasca é a úsáid agus rochtain a fháil air. Ba chóir duit a thabhairt do d’aire, maidir le sonraí teicniúla nach féidir linn a cheangal le haon duine aonair is féidir a shainaithint, nach “sonraí pearsanta” iad sin chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Ceart rochtana agus ceart chun ceartú nó scriosadh a dhéanamh

De réir alt 4 agus alt 6 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, is féidir leat rochtain ar d’fhaisnéis phearsanta a iarraidh nó iarraidh a dhéanamh go ndéanfaí í a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh. Le fáil amach cé na sonraí pearsanta atá againn maidir leat nó le go ndéanfaí do shonraí pearsanta a thabhairt cothrom le dáta, a leasú nó a bhaint dár gcórais, déan iarratas i scríbhinn, le do thoil, chuig: An tOifigeach um Chosaint Sonraí, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2. Féadfaidh aon iarrataí ar rochtain den sórt sin a bheith faoi réir na táille forordaithe, €6.35.

Slándáil

Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil aon tarchur sonraí ar an idirlíon 100% slán. Mar gheall ar nádúr an Idirlín, ní féidir le GBCN slándáil aon fhaisnéise a tharchuireann tú chugainn ar an Idirlíon a chinntiú ná a bharántú agus is ar do phriacal féin a dhéanann tú é. Déanfaimid gach beart slándála réasúnta agus cuí, áfach, chun tarchur faisnéise pearsanta agus rochtain ar fhaisnéis phearsanta a chosaint.

Coinneáil

Is féidir sonraí pearsanta a chuirtear faoinár mbráid trí thairseach earcaíochta GBCN a choinneáil ar feadh suas le 365 lá.

Athruithe ar Bheartas Príobháideachta an tSuímh Gréasáin

Cuirfear aon athruithe ar an ráiteas príobháideachta seo suas ar an suíomh gréasáin seo ionas go mbeidh tú ar an eolas faoin bhfaisnéis a bhailímid, faoin gcaoi a mbainimid úsáid aisti agus faoi na dálaí ina nochtaimid í, má nochtaimid ar chor ar bith í. Má tá aon cheist nó tuairim agat faoin ráiteas príobháideachta seo nó má tá aon imní ort faoi, déan teagmháil, le do thoil, le: An tOifigeach um Chosaint Sonraí, Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2.

Fianáin

Úsáideann an suíomh gréasáin seo teicneolaíocht fianán. Is éard is fianáin ann ná píosaí beaga sonraí a stóráiltear i dtéacschomhaid shimplí a chuireann freastalaí ár suímh gréasáin ar thiomántán crua do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach agus a stórálann an brabhsálaí ar do ríomhaire. Ní bheidh ach ár bhfreastalaí in ann a bhfuil ar an bhfianán a aisghabháil nó a léamh. Is le do bhrabhsálaí gréasáin amháin a bhaineann gach fianán. Is féidir lenár suíomh gréasáin fianáin a léamh agus tú ar an suíomh arís ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh faisnéis faoi do chuid nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin a bheith stóráilte san fhianán agus bíonn roinnt faisnéis anaithnid ann de ghnáth, cuir i gcás uimhir aitheantais uathúil.

Féadfaimid fianáin a úsáid chun ábhar a bhaineann go sonrach le rudaí a bhfuil suim agat iontu a chur ar fáil duit agus chun do chuid roghanna pearsanta a shábháil ionas nach mbeidh ort iad a chur isteach arís gach uair a théann tú ar ár suíomh gréasáin.

Go háirithe, cuireann fianáin ar ár gcumas:

(i) cuairteanna ar ár suíomh gréasáin, na patrúin úsáide a bhaineann leo agus gníomhaíocht ghaolmhar a thomhas;

(ii) faisnéis faoi do chuid roghanna a stóráil agus, ar an gcaoi sin, ár suíomh gréasáin a chur in oiriúint do na rudaí a bhfuil suim agat féin iontu;

(iii) dlús a chur le do chuardaigh; agus

(iv) tú a aithint nuair a fhilleann tú ar ár suíomh gréasáin.

Google Analytics

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Baineann Google Analytics úsáid as fianáin chun seisiúin úsáideora a shainaithint agus chun staitisticí ar chodanna den suíomh gréasáin a bhailiú agus treochtaí ar an suíomh gréasáin a thuairisciú gan cuairteoirí aonair a shainaithint, chomh maith le roinnt príomhghnéithe a chur ar fáil i dtuairiscí Google Analytics. Ciallaíonn sé sin go mbíonn fianáin nasctha lenár bhfeara(i)nn suímh gréasáin, agus ní úsáidfimid na sonraí fianán sin ach amháin le haghaidh anailís staitistiúil ar d’iompar brabhsála ar ár suíomhanna gréasáin.

Chun níos mó eolais a fháil faoi Google Analytics, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Google le do thoil.

Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin seisiúin freisin. Stóráiltear na fianáin seisiúin go sealadach i gcaitheamh seisiún brabhsála agus scriostar iad ó ghléas an úsáideora nuair a dhúntar an brabhsálaí. Maireann an fianán seo ar feadh 14 lá.

CookieNamePurposeMore Information
Google Analytics_utma
_utmb
_utmc
_utmz
Úsáidtear na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Úsáidimid an fhaisnéis chun tuairiscí a chur i dtoll a chéile agus chun feabhas a chur ar an suíomh. Bailíonn na fianáin an fhaisnéis i bhfoirm anaithnid, lena n-áirítear líon na gcuairteoirí ar an suíomh, cé as ar tháinig na cuairteoirí agus na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu.Cliceáil anseo chun forléargas ar phríobháideacht ag Google a léamh
Session cookieuidÚsáidtear an fianán seo chun faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí an suíomh gréasáin.
wpfilebasewpfilebaseBaineann an breiseán WP-Filebase úsáid as an bhfianán seisiúin seo, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí an tsuímh gréasáin seo ábhar a íoslódáil.http://wordpress.org/plugins/wp-filebase/

Fianáin a Bhainistiú

Tugann formhór na mbrabhsálaithe gréasáin smacht áirithe duit ar fhianáin trí na socruithe brabhsálaí. Is féidir roinnt fianán nó gach fianán a bhlocáil, nó fiú amháin fianáin atá socraithe cheana féin a scriosadh. Má dhíchumasaíonn tú fianáin, áfach, tharlódh nach mbeadh rochtain agat ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin nó tharlódh nach mbeifeá in ann leas a bhaint as aon cheann dár seirbhísí. Murar athraigh tú socrú do bhrabhsálaí ionas go ndiúltóidh sé d’fhianáin, eiseofar fianáin nuair a logálfaidh tú isteach ar ár suíomh gréasáin.

Mura bhfuil tú ag iarraidh fianáin a fháil, is féidir leat do shocruithe brabhsálaí a athrú sa chaoi is go gcuirfear ar an eolas thú nuair a sheolfar fianáin chuig an mbrabhsálaí nó is féidir leat diúltú ar fad d’fhianáin. Chomh maith leis sin, is féidir leat fianáin a socraíodh cheana féin faoi do rogha a scriosadh. Mínítear san fheidhm ‘Cabhair’ taobh istigh de do bhrabhsálaí an chaoi leis na socruithe seo a athrú.

Chun rogha a dhéanamh nach leanfaidh Google Analytics do lorg ar shuíomh gréasáin ar bith, tabhair cuairt ar http://tools.google.com/dlpage/gaoptout.

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.aboutcookies.org chun níos mó a fháil amach faoi fhianáin, lena n-áirítear an chaoi le fáil amach cé na fianáin a socraíodh agus an chaoi lena mbainistiú agus lena scriosadh.