Cosaint Sonraí

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

Pléann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (“na hAchtanna um Chosaint Sonraí”) le saincheisteanna príobháideachta a éiríonn as bailiú agus coimeád sonraí pearsanta, i.e. faisnéis ar ríomhairí agus i bhformáidí leictreonacha eile agus sonraí pearsanta i dtaifid láimhe.

Is é is cuspóir do na hAchtanna um Chosaint Sonraí ná faisnéis phearsanta faoi dhaoine aonair a chosaint agus caighdeáin a chur i bhfeidhm i dtaca le sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil. Ciallaíonn sonraí pearsanta “sonraí a bhaineann le duine aonair beo is féidir a aithint ó na sonraí nó ó na sonraí i dteannta faisnéise eile”. Níl faisnéis a choinnítear i ndáil le daoine atá marbh nó le haonáin chorparáideacha san áireamh.

Is Rialaitheoir Sonraí é GBCN chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí agus ní mór dó cloí leis na hocht bprionsabal um chosaint sonraí a leagtar amach thíos:

  1. Faigh agus próiseáil an fhaisnéis go cóir cothrom
  2. Ná coimeád na sonraí ach amháin le haghaidh críoch shonraithe agus dhleathach amháin nó níos mó
  3. Ná próiseáil na sonraí ach amháin ar bhealaí atá ag teacht leis an gcríoch ar tugadh duit iad i dtosach lena haghaidh
  4. Coimeád na sonraí go slán sábháilte
  5. Cinntigh go mbeidh na sonraí leordhóthanach agus ábhartha agus nach mbeidh siad iomarcach
  6. Coimeád na sonraí beacht agus cothrom le dáta
  7. Ná coinnigh na sonraí níos faide ná mar is gá le haghaidh na críche nó na gcríoch sonraithe
  8. Tabhair cóip dá s(h)onraí pearsanta d’aon duine aonair a iarrann a leithéid
Iarrataí ar Rochtain ó Dhaoine Aonair

Ceanglaítear orainn le Prionsabal Uimh. 8 cóip de shonraí pearsanta duine aonair a chur ar fáil dó/di má iarrann sé/sí a leithéid. Go bunúsach, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh GBCN cóip de na sonraí pearsanta atá againn i ndáil leis an duine aonair a sholáthar má dhéantar iarraidh bhailí faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí.

Is é an teorainn ama chun iarraidh bhailí ar rochtain ó ábhar sonraí a chomhlíonadh ná 40 lá féilire.

Chun iarraidh ar rochtain ó ábhar sonraí a dhéanamh faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, cuir d’iarraidh i scríbhinn chuig:

An tOifigeach um Chosaint Sonraí,

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta,

Duga an Státchiste,

Cé an Phoirt Thuaidh,

Baile Átha Cliath 1,

D01 A9T8.


Déan cinnte de, le do thoil, go mbeidh d’iarraidh chomh sonrach agus is féidir le go mbeimid in ann na sonraí a shainaithint agus an iarraidh a bhrostú. Cuir isteach an táille riachtanach de €6.35 le do thoil. Éascaíonn GBCN íocaíochtaí leictreonacha. Is féidir sonraí a fháil faoin gcaoi le híocaíocht leictreonach a dhéanamh ach glaoch ar 01 2385050.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil díolúintí áirithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí a chuireann srian leis an gceart rochtana agus a fhágann gur féidir diúltú d’iarraidh. Má dhiúltaítear do d’iarraidh, aisíocfar an táille.

Más mian leat filleadh ar an bpríomhshuíomh gréasáin i mBéarla, cliceáil anseo le do thoil.