Skip to content

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 9 Samhain 2017

6 Samhain 2017 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 9 Samhain 2017.

Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant. Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

  • Bannaí a bheidh á gceantáil: 1% Banna Státchiste 2026 agus 2% Banna Státchiste 2045
  • Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,250 milliún
  • Osclófar an ceant: 8 a.m.
  • Dúnfar an ceant: 10 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 13 Samhain 2017

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10:00a.m. Dé hAoine, 10 Samhain 2017.