Skip to content

Ceantálfaidh GBCN dhá bhanna ar an 12 Iúil 2018

9 Iúil 2018 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant bannaí acu ar an Déardaoin, an 12 Iúil 2018. Beidh dhá bhanna á dtairiscint sa cheant.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

Bannaí a bheidh á gceantáil: 0.9% Banna Státchiste 2028 agus 2.0% Banna Státchiste 2045

Méid an cheant: €1,000 milliún go €1,250 milliún

Osclófar an ceant: 8:00 a.m.

Dúnfar an ceant: 10:00 a.m.

Dáta Íocaíochta: 16 Iúil 2018

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10:00 am.m, Dé Lúin, 16 Iúil 2018.