Skip to content

Díolann Éire luach €1250 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht ar 2028 agus 2045 ag ceant

12 Iúil 2018 – Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar cheant €1250 milliún de bhannaí thagarmharc Rialtas na hÉireann, 0.9% Banna Státchiste 2028 agus 2% Banna Státchiste 2045.

Is iad seo a leanas na sonraí:

Banna Aibíocht Méid Toradh Tairiscintí a fuarthas Clúdach
0.9% Banna Státchiste 2028 15 Bealtaine 2028 950 milliún 0.818% 1,660 milliún 1.75
2.0% Banna Státchiste 2045 18 Feabhra 2045 300 milliún 1.638% 520 milliún 1.73

I ndiaidh cheant an lae inniu, tá €12.5 billiún de bhannaí tagarmhairc eisithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in 2018.