Skip to content

Cuireann GBCN€500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2049

24 Deireadh Fómhair – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) cealú €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach a bhí le teacht in aibíocht ar an 18 Meitheamh 2049.

Ceannaíodh na bannaí, a eisíodh i ndáil leis an Acht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, inniu ó Bhanc Ceannais na hÉireann.

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Ar an 8 Feabhra 2013 d’eisigh GBCN luach ainmniúil €25.034 billiún de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh a raibh tréimhse aibíochta bunaidh idir 25 agus 40 bliain acu. Malartaíodh iad sin ar Nótaí Gealltanais i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann, nuair a leachtaíodh an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc.
  • I ndiaidh idirbheart an lae inniu, cheannaigh GBCN luach ainmniúil €13 billiún de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus cuireadh ar ceal iad ina dhiaidh sin

Tábla 1 – Bannaí Ráta Chomhlúthaigh a cuireadh ar ceal

Bliain Méid
€ billiún
2014 0.5
2015 2.0
2016 3.0
2017 4.0
2018 3.5
Iomlán  13.0

Tábla 2 – Bannaí Ráta Chomhlúthaigh atá fós gan íoc

Banna Eisithe  Feabhra 2013 Gan Íoc Deireadh Fómhair 2018
€ billion € billion
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2038 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2041 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2043 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2045 3.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2047 3.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2049 3.000 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2051 5.000 5.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2053 5.034 5.034
Iomlán 25.034 12.034