Réimsí Gnó

Bainistíonn GBCN réimse sócmhainní agus dliteanas poiblí. Áirítear orthu sin:

Maoiniú agus Bainistiú Fiachais

Tá GBCN freagrach as iasachtaí a fháil thar ceann an Rialtais agus as an bhFiachas Náisiúnta a bhainistiú d’fhonn leachtacht a chinntiú don Státchiste agus d’fhonn an t-ualach úis a íoslaghdú sa mheántéarma.

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Agus é ag feidhmiú mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, bainistíonn GBCN éilimh maidir le díobháil phearsanta, damáiste do mhaoin agus faillí chliniciúil a dhéantar i gcoinne údaráis Stáit áirithe, airí Rialtais agus fiontair shláinte san áireamh. Chomh maith leis sin, tá cúram bainistíochta riosca air, agus tugann sé comhairle agus cuidiú d’údaráis Stáit lena neamhchosaint ar éilimh a laghdú a mhéid is féidir.

RÉnua

Is é cuspóir RÉnua ná ionad tiomnaithe um shaineolas airgeadais chorparáidigh a chur ar fáil don Rialtas agus cur chuige tráchtála a ghlacadh i leith maoirseacht cuideachtaí Stáit áirithe. Áirítear air sin comhairle a chur ar fáil maidir le rialachas na gcuideachtaí Stáit agus an chaoi a n-oibríonn siad ó thaobh airgeadais agus tráchtála faoi seach, lena n-áirítear an ráta ionchais toraidh ar chaipiteal agus beartas um dhíbhinn chuí. Ina theannta sin, féadfaidh RÉnua, i gcomhairle leis an Aire ábhartha, tograí a fhorbairt le haghaidh infheistíocht in earnálacha an fhuinnimh, an uisce, na teileachumarsáide agus na foraoiseachta chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht.

An Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn

Rialaíonn agus bainistíonn GBCN an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn (CISÉ) a bunaíodh ar an 22 Nollaig 2014 agus sainordú reachtúil aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht sa Stát. Is é an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean réamhtheachtaí an CISÉ. €8.0 billiún an luach a bhí ar “Phunann Lánroghnach” an CISÉ, a infheistíonn ar aon dul leis an sainordú atá leagtha amach thuas, amhail an 30 Meitheamh 2016. €13.3 billiún an luach a bhí ar “Phunann Threoraithe” an CISÉ (infheistíochtaí beartais phoiblí arna ndéanamh faoi threoir an Aire Airgeadais).

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Ag gníomhú dó mar an Ghníomhaireacht Airgeadais Forbartha Náisiúnta, soláthraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta comhairle airgeadais d’údaráis Stáit maidir leis na tionscadail infheistíochta poiblí sin a gcuirtear ar ais chuige, a bhfuil luach caipitil os cionn €75m acu. Féadfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais comhairle airgeadais a sholáthar d’Údaráis Stáit maidir le tionscadail áirithe atá faoi bhun na tairsí seo. Déanann sé tionscadail Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí a sholáthar agus a chur i bhfeidhm de réir mar a iarrann údaráis Stáit (seachas eisceachtaí áirithe mar Bonneagar Iompair Éireann) iad agus soláthraíonn sé tionscadail áirithe arna maoiniú ag an Státchiste go díreach thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Chomh maith leis sin, cuireann GBCN baill foirne agus seirbhísí tacaíochta gnó ar fáil do:

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) go foirmiúil i mí na Nollag 2009 mar cheann de roinnt tionscnamh a ghlac an Rialtas chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim thromchúiseach i mbaincéireacht na hÉireann a d’eascair mar thoradh ar iasachtaí iomarcacha a tugadh don earnáil réadmhaoine, go háirithe le linn na blianta ó 2003 go 2007.

Corparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann

Bunaíodh Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (SBCI) i Meán Fómhair 2014 chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag fiontair bheaga agus mheánmhéide in Éirinn ar roghanna maoinithe fadtéarmacha, cobhsaí, ar chostas níos ísle. Mar institiúid phromóisin faoi úinéireacht an stáit, agus faoi mar atá i gcás a gcomhghleacaithe níos seanbhunaithe Eorpacha, tá an SBCI ina chuid dhílis den chreat gnó airgeadais anois.

Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann

Is cuideachta phríobháideach é Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann a bunaíodh faoi Acht na gCuideachtaí 2014 agus faoin Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann, 2018. Bunaíodh Maoiniú Tógála Tithíochta Éireann chun maoiniú a sholáthar do thógáil tithe nua in Éirinn agus is leis an Aire Airgeadais é go hiomlán. Is eintiteas tráchtála é, a sholáthraíonn airgeadas at rátaí margaidh d’fhorbairtí cónaithe atá inmharthana ó thaobh tráchtála de.