Is comhlacht Stáit í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) a fheidhmíonn le sainchúram tráchtála chun seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil don Rialtas.  D’fhás sí ó bheith ina gníomhaireacht aon fheidhme a bhainistíonn an Fiachas Náisiúnta le bheith ina bainisteoir ar phunann chasta sócmhainní agus dliteanas poiblí.  I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag GBCN, tá iasachtaíocht i gcomhair an Státchiste agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS), NewERA (an tÚdarás um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh), an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP) agus an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN).  Sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) agus soláthraíonn sí seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta di.

Maoiniú agus Bainistiú Fiach
Tá GBCN freagrach as iasachtaíocht thar ceann an Rialtais agus as bainistiú an Fhiachais Náisiúnta d’fhonn leachtacht don Státchiste a chinntiú agus d’fhonn an t-ualach úis a íoslaghdú sa mheántéarma. Ina theannta sin, tá roinnt feidhmeanna eile ag an Lucht Stiúrthóireachta um Maoiniú agus Bainistiú Fiach, lena n-áirítear oibríochtaí cistíochta do GNBS agus do CNP, Seirbhís Lárnach Cisteáin a sholáthar do chomhlachtaí Stáit agus d’údaráis áitiúla agus bainistiú a dhéanamh ar shócmhainní Chiste na gCuntas Díomhaoin.

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
Ag gníomhú di mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, déanann GBCN bainistíocht ar éilimh maidir le díobháil phearsanta, dochar do réadmhaoin agus éilimh faillí cliniciúla a thógtar i gcoinne údaráis áirithe an Stáit, lena n-áirítear airí Rialtais, an tArd-Aighne agus fiontair sláinte. Chomh maith leis sin, tá cúram bainistíochta riosca uirthi, a thugann comhairle agus cuidiú d’údaráis Stáit lena gcuid neamhchosaintí éilimh a laghdú a mhéid is féidir. Ina theannta sin, déileálann sí le costais tríú páirtí a eascraíonn as Binsí Fiosrúcháin áirithe.

NewERA
Baineann ról lárnach NewERA le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais, ar straitéis chorparáideach agus ar phleananna caipitil agus infheistíochta de chuid na n-aonán tráchtála Stáit seo a leanas – BSL, Ervia (Bord Gáis Éireann roimhe seo), EirGrid, Bord na Móna agus Coillte. Baineann ról NewERA freisin, nuair a iarrtar air, le comhairle a chur ar fáil maidir le sócmhainní Stáit a dhiúscairt nó a athstruchtúrú. Ina theannta sin, oibríonn NewERA le páirtithe leasmhara ábhartha chun tograí a fhorbairt le haghaidh infheistíochta san fhuinneamh, sa teileachumarsáid, in uisce agus san fhoraoiseacht chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht.

An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean
Bainisteoir an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean is ea GBCN, rud a bunaíodh le freastal an oiread agus is féidir ar na costais a bhainfidh le leas sóisialach agus le pinsin seirbhíse poiblí ó 2025 ar aghaidh. D’fhoilsigh an Rialtas reachtaíocht lena mbunófaí Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, a chomhghabhfaidh CNP ina iomláine agus a mbeidh sainordú reachtúil aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn.

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta
Is í an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta an comhairleoir reachtúil airgeadais d’údaráis Stáit maidir le tionscadail infheistíochta poiblí lena mbaineann luach caipitiúil níos mó ná €20 milliún. Tá lánfhreagracht uirthi as tionscadail Chomhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) a sholáthar agus a chur i gcrích in earnálacha seachas iad siúd a bhaineann le hiompar agus le húdaráis áitiúla.

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní sa bhliain 2009 mar cheann de roinnt tionscnamh ar ghlac an Rialtas leo chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thromchúiseach i mbaincéireacht na hÉireann, a tháinig chun cinn mar thoradh ar iasachtaíocht iomarcach leis an earnáil réadmhaoine. Ghnóthaigh sí sócmhainní áirithe iasachta (talamh agus forbairt agus iasachtaí lena mbaineann) a bhfuil luach ainmniúil €74.2 billiún orthu ar chomaoin €31.8 billiún a íocadh i bhfoirm urrús faoi ráthaíocht an Rialtais a eisíodh go díreach chuig na forais. Is é an sainordú atá ag GNBS sócmhainní atá gnóthaithe a bhainistiú chun an toradh airgeadais is fearr agus is féidir a bhaint amach don Stát.

Tá tuilleadh faisnéise faoi GBCN ar fáil ar líne ag www.ntma.ie.