Expand All

Collapse All

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla

Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Tá iniúchadh déanta agam ar an gCuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoi Alt 22 den Acht Airgeadais 1950.  Tá an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad a theastaigh uaim faighte agam.

Is é mo thuairim go dtugtar léargas cruinn sa chuntas, atá i gcomhréir leis na taifid chuntasaíochta atá á gcoimeád ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta i leith na gníomhaíochta sin, ar na hidirbhearta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 agus ar an iarmhéid um an dáta sin.

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

28 Meitheamh 2014

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2013

Nóta

 

€000

 

€000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

360

405

Fáltais

Blianacht Úis

1,959,426

 

2,011,484

 

Blianacht Ciste Fiachmhúchta

624,552

 

645,681

 

2

2,583,978

 

2,657,165

 

Idirbhearta Díorthacha

3

76,014,770

17,020,772

Ús ar Airgead agus ar Shócmhainní Airgeadais Eile

114,162

130,108

Ús Eile

1

26

Ceangaltas agus Táillí Eile

4

12,089

 

15,460

 

76,141,022

 

17,166,366

78,725,360

19,823,936

 

 

Íocaíochtaí

Fuascailt:

Bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann      

619,489

645,555

Ionstraimí Fiachais Eile   

5,063

126

624,552

 

645,681

 

Idirbhearta Díorthacha

3

76,139,480

17,152,053

 

Ús ar an bhFiachas Náisiúnta   

5

1,960,440

2,025,842

 

Speansais ar an bhFiachas Náisiúnta

5

389

 

78,100,309

 

19,177,895

 

 

 

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

499

 

360

78,725,360

 

19,823,936

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 5.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

26 Meitheamh 2014

Nótaí leis an gCuntas

1. Cúlra

Cuireadh an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla (“CFSC”) ar bun faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1950, arna leasú. Coimeádann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) an t-iarmhéid sa chuntas ag leibhéal atá faoi réir treoirlínte arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais faoi alt 4(4) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Faoi threoir an aire, bhí an t-iarmhéid i CFSC ag deireadh na bliana 2013 le bheith níos lú ná €1 milliún.

2. Blianachtaí

Faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1950, arna leasú, foráiltear do bhlianachtaí san Acht Airgeadais gach bliain agus íoctar iad isteach i CFSC ó ioncam reatha a ghearrtar ar an bPríomh-Chiste. Féadfar suim sheasta a úsáid d’fhónamh (íocaíochtaí úis) ar an bhfiachas náisiúnta. Caithfear an t-iarmhéid a úsáid d’íocaíochtaí príomhshuimeanna (“Ciste Fiachmhúchta”).

3. Idirbhearta Díorthacha

Féadfaidh an tAire Airgeadais idirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad a dhéanamh de réir alt 54(7) den Acht Airgeadais, 1970 arna leasú agus de réir alt 67(8) den Acht Airgeadais, 1988.

I measc gnáthbhearta baincéireachta, tá gníomhaíochtaí bainistithe punainne amhail idirbhearta réamh-mhalairte, babhtálacha agus ús ar thaiscí a bhaineann le costais fónaimh d’fhiachas. Caithfear fáltais ó idirbhearta den chineál sin, seachas iad siúd atá in airgeadra dá bhfuil cuntas imréitigh airgeadra eachtraigh bunaithe faoi alt 139 den Acht Airgeadais, 1993, a ghlacadh i CFSC. Féadfar suimeanna dá leithéid a úsáid chun íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a dhéanamh i leith gnáthbhearta baincéireachta nó i dtreo ús agus speansais an fhiachais phoiblí a ghlanadh.

Sa bhliain 2013, áiríodh iad seo a leanas leis na hidirbhearta díorthacha a rinneadh:

€000

Fáltais

€000

Íocaíochtaí

€000

Glan

Díorthaigh a bhaineann le GNBS

23,261,699

(23,261,699)

Díorthaigh a bhaineann le IBRC

52,424,049

(52,424,049)

Díorthaigh a bhaineann leis an bhFiachas Náisiúnta

329,022

(453,732)

(124,710)

76,014,770

(76,139,480)  (124,710) 

 

Sa bhliain 2012, áiríodh iad seo a leanas leis na hidirbhearta díorthacha a rinneadh:

€000

Fáltais

€000

Íocaíochtaí

€000

Glan

Díorthaigh a bhaineann le GNBS

16,741,446

(16,741,446)

Díorthaigh a bhaineann le IBRC

Díorthaigh a bhaineann leis an bhFiachas Náisiúnta

279,326

(410,607)

(131,281)

17,020,772

(17,152,053)

(131,281)

 

I measc na bhfáltas agus na n-íocaíochtaí a d’eascair ó ghnáthbhearta baincéireachta, bhí fáltais agus íocaíochtaí arbh fhiú €23.3 billiún iad (2012: €16.7 billiún) a d’eascair ó dhíorthaigh a ndeachthas isteach iontu leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) de réir alt 52 agus alt 235 d’Acht na Gníomhaireachta Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009. Le Treoir Reachtúil Uimh. 203/2010, déantar idirbhearta GNBS ar gnáthbhearta baincéireachta iad a tharmligean chuig an nGníomhaireacht. Déantar a leithéid d’idirbhearta a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin, ní imrítear aon ghlantionchar ar an gcuntas.

Rinne GBCN dhá Chomhaontú Postála Comhthaobhachta le GNBS, faoina gceanglaítear ar GNBS comhthaobhacht a bhreacadh chuig an nGníomhaireacht nuair a éilíonn an Ghníomhaireacht a leithéid uirthi. Ag deireadh na bliana 2013, bhí comhthaobhacht €0.802 billiún (2012: €1.15 billiún) breactha ag GNBS mar chuid de na comhaontuithe sin.

Áirítear i bhfáltais agus in íocaíochtaí a d’eascair ó idirbhearta ar gnáthbhearta baincéireachta iad fáltais agus íocaíochtaí €52.4 billiún (2012: NIALAS) ó dhíorthaigh a ndeachthas isteach iontu leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc (faoi Leachtú Speisialta) (“IBRC”) de réir alt 17(4) den Acht um an gCorparáid Éireannach um Réiteach Bainc 2013. Le Treoir Reachtúil Uimh. 57/2013, déantar idirbhearta IBRC ar gnáthbhearta baincéireachta iad a tharmligean chuig an nGníomhaireacht. Déantar a leithéid d’idirbhearta a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin, ní imrítear aon ghlantionchar ar an gcuntas.

Rinne an Ghníomhaireachta Comhaontú Breactha Comhthaobhachta le IBRC, faoina gceanglaítear ar IBRC comhthaobhacht a bhreacadh chuig an nGníomhaireacht nuair a éilíonn an Ghníomhaireacht a leithéid uirthi. Ag deireadh na bliana 2013, bhí comhthaobhacht €0.102 billiún (2012: NIALAS) breactha ag IBRC mar chuid den Chomhaontú sin.

4. Ceangaltas agus Táillí Eile

2013

€000

2012

€000

Aisíoc Táillí Ceangaltais

11,858

15,460

Fáltais Táillí Eile

231

12,089

15,460

 

5. Suimeanna a Caitheadh ar Ús agus ar Speansais a Íoc ar an bhFiachas Náisiúnta

 

2013

€000

2012

€000

Ús

Bannaí Státchiste Ráta Sheasta (Aibíocht idir 2013 agus 2025)

1,647,361

1,890,602

Bannaí Amúchta (Aibíocht 2032)

1,011

Bannaí Státchiste Ráta Chomhlúthaigh (Aibíocht idir 2038 agus 2053)

304,188

Ús ar Iasachtaí ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais

115,330

Ús ar Choigilteas Stáit

6,895

5,551

Ús a Íocadh ar Chomhthaobhacht Airgid Iarscríbhinn Tacaíochta Creidmheasa (ITC)

985

1,290

Billí Státchiste na hÉireann

701

Páipéar Gearrthéarmach

12,368

1,960,440

2,025,842

Speansais

Táillí ar Iasachtaí ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais

389

1,960,829

2,025,842