Expand All

Collapse All

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

For the year ended 31 December 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát (an Ghníomhaireacht) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Cuimsítear sna ráitis airgeadais, arna n-ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an cuntas ráiteas éileamh, an clár comhardaithe agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 den Acht, agus de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn.

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go dtugann siad léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta agus maidir lena n-ioncam agus lena gcaiteachas, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar

  • cibé acu an cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí na Gníomhaireachta de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léim an fhaisnéis faoin nGníomhaireacht i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta chun neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh mar ba cheart de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn, maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2013 agus maidir lena hioncam agus lena caiteachas don bhliain 2013.

I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás

  • nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
  • gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas faoin nGníomhaireacht a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais, nó
  • go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

27 Meitheamh 2014

Beartais Chuntasaíochta

(a) Cúlra

Faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000 (an “tAcht”), rinneadh an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh dhíobhála pearsanta agus dhamáiste réadmhaoine in aghaidh an Stáit agus ar na bunrioscaí leo a tharmligean chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“GBCN”). Agus na feidhmeanna sin á gcomhlíonadh aici, tugtar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) ar GBCN.

Leagtar amach san Acht dhá chuspóir atá ag GÉS:

  • Bainistíocht a dhéanamh ar éilimh d’fhonn a chinntiú go gcoinnítear dliteanas an Stáit agus speansais dlí agus speansais ghaolmhara eile ag an leibhéal is ísle is féidir; agus,
  • Seirbhísí comhairleoireachta riosca a chur ar fáil d’Údaráis Stáit agus é d’aidhm acu minicíocht agus déine na n-éileamh a laghdú thar thréimhse ama.

I mí Feabhra 2003, rinneadh bainistíocht éileamh faillí cliniciúla agus rioscaí lena mbaineann faoin Scéim Slánaíochta Cliniciúla (an “Scéim”) a tharmligean chuig GÉS. Bunaíodh an Scéim chun socruithe slánaíochta leighis a réasúnú don tseirbhís sláinte. Faoin Scéim sin, glacann an Stát le freagracht iomlán as éilimh faillí cliniciúla a shlánú agus a bhainistiú.

Rinneadh sainchúram GÉS a leathnú arís eile i mí Feabhra 2011 nuair a tugadh freagracht di as bainistiú a dhéanamh ar éilimh dhíobhála pearsanta agus dhamáiste réadmhaoine in aghaidh 13 údarás nua (lena n-áirítear an tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais) agus ar roinnt aicmí breise éileamh (lena n-áirítear éilimh i dtaca le díobháil phearsanta a bhaineann le bulaíocht/ciapadh, baill d’Óglaigh na hÉireann agus den Gharda Síochána agus iad ar sheirbhís thar lear agus éilimh príosúnach i dtaca le sláintíocht in-chillín).

Tarmligeadh éilimh a mhaígh díobháil phearsanta a bhaineann leis na táirgí míochaine Tailídimíd agus Niméasuilíd chuig GÉS i mí Aibreáin 2012. Ina theannta sin, i rith 2012 d’fhógair an Rialtas a chinneadh maidir le hAonad Stáit um Chostais Dlí a bhunú laistigh de GÉS chun déileáil le costais tríú páirtí a eascróidh as Binsí Fiosrúcháin áirithe. Bunaíodh an t-aonad i mí Feabhra 2013. I mí Dheireadh Fómhair 2013, chuir an Rialtas freagracht ar GÉS as bainistiú a dhéanamh ar éilimh dhíobhála pearsanta a bhaineann le dhá tháirge íocshláinte, Celvepan agus Pandemrix, a ionghabháil.

Glacadh leis na beartais shuntasacha cuntasaíochta seo a leanas:

(b) Airgeadra Tuairiscithe

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

(c) Bonn na Cuntasaíochta

Réitítear na ráitis airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil. Baineann feidhmeanna GÉS le bainistíocht éileamh thar ceann údaráis an Stáit atá faoi dhliteanas ag éilimh agus a bhfaigheann GÉS aon suim a bhaineann le dámhachtainí agus costais lena mbaineann uathu. Ní thuairiscítear sna ráitis airgeadais ach idirbhearta de chuid GÉS. Dá bhrí sin, ní thugtar aon suim i gcomhair luach na n-éileamh gan íoc.

(d) Caiteachas

Aithnítear caiteachas ar dhámhachtainí agus ar speansais socraíochta éileamh nuair a fhaightear ceadú bailíochtaithe nó socraíocht bhailíochtaithe na n-éileamh. Aithnítear lóisteálacha leis an gcúirt mar chaiteachas thar ceann údaráis Stáit ar dháta na lóisteála.

(e) Suimeanna Infhaighte ó Údaráis Stáit

Caitear le suimeanna mar shuimeanna infhaighte ó údaráis Stáit i ndáil le haitheantas an chaiteachais lena mbaineann.

Cuntas Ráiteas Éileamh

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

 

Nóta

€000

€000

Suimeanna faighte agus infhaighte ó údaráis Stáit i leith

Éileamh agus speansas

1

139,592

100,224

Costais a gnóthaíodh thar ceann Údaráis Stáit

1,738

3,818

141,330

 104,042

 

Íoctha agus iníoctha i leith dámhachtainí        

92,521

56,847

Speansais eile

2

47,071

43,377

Aisíocaíocht ar chostais a ghnóthaigh Údaráis Stáit

1,738

3,818

141,330

104,042

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 8.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

25 Meitheamh 2014

Clár Comhardaithe

31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Sócmhainní

 

 

Infheistíochtaí

3

5,623

5,327

Féichiúnaithe

4

15,096

13,831

Airgead

2,126

2,048

22,845

21,206

 

 

Dliteanais

 

 

Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais

3

5,623

5,327

Iasachtaí ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist

5

14,300

13,800

Creidiúnaithe

6

2,922

2,079

22,845

21,206

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 8.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

25 Meitheamh 2014

Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

1. Ioncam

2013

2012

Nóta

€000

€000

Iarmhéid Tosaigh

4

(13,827)

(3,807)

Suim a fuarthas ó Údaráis Stáit

138,272

89,559

Suim a fuarthas ón Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais

65

645

Iarmhéid Deiridh

4

15,082

13,827

139,592

100,224

 

2. Speansais Eile

 

2013

€000

2012

€000

Speansais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát

Táillí dlí

18,759

16,497

Táillí Leighis

2,674

3,317

Táillí Innealtóirí

265

278

Táillí Eile (lena n-áirítear táillí iniúchta agus achtúirí)

   1,107

992

22,805

21,084

Speansais ghearánaithe

Táillí dlí

24,233

22,271

Táillí Saineolaithe Eile

2

Costais Taistil

12

13

24,247

22,284

Speansais finnéithe

19

9

47,071

43,377

 

I dteannta na speansas thuas, b’ionann na costais riaracháin a thabhaigh GBCN agus feidhmeanna GÉS á gcomhlíonadh aici agus €11,466,570 (2012: €10,308,315). Tá na costais sin san áireamh i speansais riaracháin GBCN agus gearrtar ar an bPríomh-Chiste iad. Ní lorgaíonn GBCN aisíocaíocht ar na costais seo ó na hÚdaráis Stáit.

Luach Saothair agus Speansais (san áireamh i speansais riaracháin GBCN)
Is í GBCN a leagann síos luach saothair do chomhaltaí Choiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát le cead ón Aire Airgeadais. Tá an luach saothair i ndáil le 2012 agus le 2013 leagtha amach thíos:

2013

2012

Noel Whelan

(Cathaoirleach – athcheaptha an 1 Iúil 2012)

13,713

10,918

Anthony Delaney

9,142

9,142

Christopher Moore

9,142

9,142

Niamh Moran

9,142

9,142

Fachtna Murphy

(ceaptha an 1 Iúil 2012)

9,142

4,571

Wendy Thompson

(ceaptha an 1 Iúil 2012)

Charlie Hardy

(ceaptha an 1 Iúil 2012)

Táillí an Bhoird

 

50,281

42,915

 

Ní bhfuair Charlie Hardy, a ceapadh ina ról mar státseirbhíseach, aon luach saothair i dtaca lena chomhaltas den Choiste. Tharscaoil Wendy Thompson a cuid táillí i dtaca lena comhaltas den Choiste do 2012 agus do 2013.

Níor íocadh speansais ar bith a bhaineann le comhaltaí Coiste do 2013.

3. Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais/Infheistíochtaí

Bhunaigh an tAire Sláinte an Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais (an “Scéim”) in 2008. Faoin Scéim, d’aontaigh an tAire ospidéil Bon Secours agus Shliabh Chairméal a shlánú i leith éilimh shonracha chnáimhseachais. Ba faoi (I.R. Uimh.) 628/2007, an tOrdú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Feidhmeanna a Tharmligean) (Leasú) 2007 (“an tOrdú”), a rinne an Rialtas an fhreagracht as éilimh faoin Scéim a bhainistiú a tharmligean chuig GBCN . Rinne na hospidéil ainmnithe rannpháirteacha ranníocaíochtaí le ciste atá faoi bhainistíocht GBCN thar ceann an Aire Sláinte faoi alt 29(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000. Ina theannta sin, tharmlig an tOrdú ar an SCA éilimh a bhí ann roimhe sin in aghaidh cnáimhseoirí comhairleacha a láimhseáil, éilimh a bhí á mbainistiú ag an gCumann Cosanta Leighis (“MPS”) roimhe sin.

Thug an tAire Sláinte údarás do GÉS suimeanna a tharraingt anuas ó am go ham ón gCiste chun aon suimeanna atá íoctha ag GÉS thar ceann na n-ospidéal rannpháirteach nó thar ceann aon duine atá clúdaithe ag MPS a aisíoc léi faoi alt 16(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.

Le linn na bliana 2013, de bhun comhaontú idir Ospidéal Shliabh Chairméal agus an Roinn Sláinte, rinne Ospidéal Chnoc Chairméal ranníocaíocht €350,000 leis an gciste i leith costas éileamh ionchasach.

Amhail an 31 Nollaig 2013, tá cistí na Scéime infheistithe i Nótaí Státchiste. Íoctar ioncam a shaothraítear ar infheistíochtaí na Scéime leis an gciste, agus ní aithnítear é mar ioncam de chuid GÉS.

Ba é seo a leanas an ghluaiseacht ar an Scéim Slánaíochta Speisialta Cnáimhseachais le linn 2013:

2013

€000

2012

€000

Iarmhéid Tosaigh

5,327

5,936

Ranníocaíochtaí leis an gCiste

350

Socraíochtaí agus speansais éileamh

(65)

(645)

Ioncam a saothraíodh

11

36

Iarmhéid atá ar fáil le haghaidh socrú éileamh

5,623

5,327

Is ionann infheistíochtaí agus Nótaí Státchiste, a infheistítear ar son na Roinne Sláinte.

4. Féichiúnaithe

 

2013

€000

2012

€000

Suimeanna Infhaighte ó údaráis Stáit

15,082

13,827

Eile

14

4

15,096

13,831

 

5. Iasachtaí ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist

Faoi alt 16 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000, féadfaidh an tAire Airgeadais airgead ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist (“BTP”) a thabhairt ar airleacan do GÉS chun íoc as suim aon chostas, aon mhuirear agus aon speansas a bhaineann le seirbhísí comhairleoirí gairmiúla agus le seirbhísí saineolaithe eile, chun íoc as suim aon dámhachtana nó socraíochta atá le híoc le héilitheoir i leith éileamh tarmligthe, agus chun íoc as aon suime úis (más ann dó) atá iníoctha air. Tarraingítear airgead ó Chiste BTP le linn na bliana chun freastal ar na costais thuasluaite a thabhaíonn GÉS thar ceann na nÚdarás Stáit. Faigheann GÉS aisíocaíochtaí ó na hÚdaráis Stáit ina dhiaidh sin agus aisíocann sí suimeanna le BTP ar bhonn rialta le linn na bliana. Ní ghearrtar aon chostais mhaoinithe ar GÉS i dtaca le BTP.

6. Creidiúnaithe

 

2013

€000

2012

€000

Iníoctha i leith Speansas

1,423

874

Iníoctha i leith Dámhachtainí

521

785

Cáin Shiarchoinneálach Seirbhísí Gairmiúla dlite

405

335

Suimeanna dlite le hÚdaráis Stáit

573

85

2,922

2,079

 

7. Dliteanais Mheasta na nÚdarás Stáit

Le linn 2013, fuarthas 2,242 (2012: 2,276) éileamh nua agus réitíodh beagnach 1,861 (2012: 1,951) éileamh. Amhail an 31 Nollaig 2013, bhí GÉS ag láimhseáil 6,188 (2012: 5,755) éileamh.

Amhail an 31 Nollaig 2013, ba é €1.23bn (2012: €1.1bn) dliteanas measta na nÚdarás Stáit i leith éileamh a bhí á láimhseáil ag GÉS. Bhí €1.04bn (2012: €970m) de sin inchurtha i leith Éilimh Chliniciúla agus bhí €187m (2012: €157m) inchurtha i leith Éileamh a bhain le Dliteanas Fostóra, le Dliteanas Poiblí agus le Damáiste Maoine. Is meastachán é an dliteanas a ríomhtar trí thagairt don chostas iomlán le gach éilimh a réiteach, na costais intuartha ar fad san áireamh, amhail suimeanna socraíochta, costais dhlíthiúla gearánaí agus costais chosanta.

8. Imeachtaí ó dháta an chláir chomhardaithe

I mí Aibreáin 2014, ba chuig GÉS a tarmligeadh an fhreagracht éilimh de chuid 61 comhlacht poiblí eile a bhainistiú (lena n-áirítear toscairí Ghrúpa na nOspidéal Deonach), rud a mhéadaigh líon iomlán na gcomhlachtaí poiblí atá faoi shainchúram GÉS ó 56 comhlacht go 117 comhlacht.

I mí na Bealtaine 2014, d’eisigh an Rialtas an Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú). Nuair a achtófar é, déanfar leis an mBille struchtúir rialachais GBCN a chuíchóiriú agus a shimpliú ionas go mbeidh sí in ann glacadh le cur chuige níos comhtháite i leith chomhlíonadh a feidhmeanna. Athbhunófar GBCN mar chomhlacht a mbeidh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile aici, daoine a mbeidh freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (seachas GNBS a leanfaidh lena bord ar leith féin a bheith aici). Déanfar Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, Coiste Comhairleach Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh.