Expand All

Collapse All

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chiste Bhanc Taisce an Phoist (an Ciste) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Cuimsítear sna ráitis airgeadais, arna n-ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an cuntas ioncaim agus caiteachais, an clár comhardaithe agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 den Acht, agus de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn.

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go dtugann siad léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí an Chiste agus maidir lena n-ioncam agus lena gcaiteachas, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir dlí is infheidhme. Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú. Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar

  • cibé acu an cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí an Chiste de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léim an fhaisnéis faoin gCiste i dtuarascáil bhliantúil na Gníomhaireachta chun neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis airgeadais iniúchta a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sa chuntas riaracháin, a ullmhaíodh mar ba cheart de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn, maidir le staid chúrsaí an Chiste amhail an 31 Nollaig 2013 agus maidir lena ioncam agus lena chaiteachas don bhliain 2013.

I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás

  • nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
  • gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas faoin gCiste a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais, nó
  • go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

 

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

30 Meitheamh 2014

Beartais Chuntasaíochta

(a) Cúlra

Ráthaíonn an tAire Airgeadais aisíocaíocht agus seirbhísiú airgead a infheistíonn taisceoirí i mBanc Taisce an Phoist. Tarchuireann an Post glanfháltais na hinfheistíochta sin chuig Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”). Ní cuid den Státchiste é Ciste Bhanc Taisce an Phoist (“Ciste”).

Tá na príomhchuspóirí a leanas ag an gciste:

  • airgead a chuireann taisceoirí ar fáil a infheistiú, agus
  • gníomhú mar idirghabhálaí trínar féidir leis an nGníomhaireacht idirbhearta tráinse, cealaithe, díolacháin agus aischeannaigh (comhaontú athcheannaigh) agus trádáil margaidh thánaistigh a idirbheartú, agus
  • airgead a sholáthar faoi Sheirbhísí Lárnacha Cisteáin do chomhlachtaí ainmnithe stáit.

(b) Airgeadra Tuairiscithe

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

(c) Bonn na Cuntasaíochta

Réitítear na ráitis airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil.

(d) Infheistíochtaí

Cuirtear na hinfheistíochtaí in iúl de réir costais.

Cuntas Ioncaim agus Caiteachais

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Ioncam Infheistíochta

1

65,905

122,087

Ús Íoctha agus Iníoctha

2

9,988

39,416

Speansais Eile

3

26,303

29,362

36,291

68,778

Barrachas don Bhliain

29,614

53,309

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

66,604

13,295

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

96,218

66,604

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 8.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Clár Comhardaithe

31 Nollaig

2013

2012

 

Nóta

€000

€000

Sócmhainní

 

 

Airleacain

4

484,932

637,434

Infheistíochtaí

5

1,319,896

1,359,760

Féichiúnaithe

6

44,902

54,460

Iasachtaí Lárnacha Cisteáin

37,384

41,117

Airgead le Banc Ceannais na hÉireann

864,379

751,599

2,751,493

2,844,370

Dliteanais

 

 

Taiscí Bhanc Taisce an Phoist

7

2,650,450

2,773,689

Creidiúnaithe

8

4,825

4,077

Cúlchistí Carnacha

96,218

66,604

2,751,493

2,844,370

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 8.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

1. Ioncam Infheistíochta

2013

2012

€000

€000

Ús Glan a Fuarthas agus is Infhaighte

64,017

48,570

Brabús ar Dhíolachán Infheistíochtaí

1,888

73,517

65,905

122,087

Idirbheartaítear comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh idir an Ciste agus príomhdhéileálaithe sa mhargadh bannaí. Is in Ioncam Infheistíochta a léirítear an t-ioncam nó an costas úis a eascraíonn ó na hidirbhearta sin.

2. Ús Íoctha agus Iníoctha

2013

2012

€000

€000

Ús a Íocadh le Taisceoirí Bhanc Taisce an Phoist agus a Cuireadh Chun Sochair Dóibh

9,988

39,416

3. Speansais Eile

2013

2012

€000

€000

Speansais Bhainistíochta

26,303

29,362

4. Airleacain

2013

2012

€000

€000

Airleacain don Státchiste

470,632

623,634

Airleacain don Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

14,300

13,800

484,932

637,434

 

Léiríonn airleacain chuig an Státchiste cistí Bealaí agus Modhanna, a tugadh ar iasacht don Státchiste.
Níor ghearr an Ciste aon chostais mhaoinithe ar an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.

5. Infheistíochtaí

2013

2012

€000

€000

Bannaí

Ag costas

1,319,896

1,359,760

Luacháil amhail an 31 Nollaig

1,366,997

1,412,212

 

Sceideal Sealúchas Infheistíochta:

Ainmniúil

Stoc

Costas 2013

€000

€000

305,988

Banna Státchiste 4.0% 2014

313,611

83

Banna Státchiste 8.25% 2015

101

429,900

Banna Státchiste 4.5% 2015

453,485

818

Banna Státchiste 4.6% 2016

876

109,221

Banna Státchiste 5.5% 2017

123,083

59,369

Banna Státchiste 4.5% 2018

65,295

1,932

Banna Státchiste 5.9% 2019

2,214

43,103

Banna Státchiste 4.4% 2019

46,400

41,932

Banna Státchiste 5.0% 2020

46,117

43,117

Banna Státchiste 4.5% 2020

46,335

7,779

Banna Státchiste 3.9% 2023

7,908

43,921

Banna Státchiste 5.4% 2025

49,392

11,617

Banna Státchiste 5.72% 2027

11,620

21,408

Banna Amúchta 5.82% 2032

21,416

28,126

Banna Amúchta 5.92% 2037

29,778

29,734

Banna Amúchta 5.92% 2042

31,686

61,265

Banna Amúchta 5.92% 2047

70,579

1,239,313

1,319,896

 

6. Féichiúnaithe

2013

2012

€000

€000

Díbhinní agus Ús Infhaighte

40,549

44,490

Iarmhéideanna Airgid atá ag an bPost

4,353

9,862

Iarmhéid dlite ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

108

44,902

54,460

 

7. Taiscí Bhanc Taisce an Phoist

2013

2012

€000

€000

Taiscí ó Bhanc Taisce an Phoist

2,650,450

2,773,689

 

I mí Aibreáin 2013, aistríodh €2,282,998 (2012: €1,826,048) ón gCiste chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001. Amhail an 31 Nollaig 2013, bhí dliteanas €37,378,265 (2012: €36,220,683) ann go fóill de bhun athmhúscailtí cuntais €1,190,604 (2012: €1,416,277) agus de bhun caipitliú úis €65,188 (2012: €250,258) (glan ar cháin choinneála ar ús taisce [DIRT]). Má athéilíonn taisceoirí BTP í, beidh an tsuim sin iníoctha ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. Ní áirítear an dliteanas sin i dtaiscí €2,650,449,890 (2012: €2,773,688,432) in BTP.

 

8. Creidiúnaithe

2013

2012

€000

€000

Glanchistí dlite faoi Chomhaontuithe Díolacháin agus Athcheannaigh

4,164

1,337

DIRT dlite leis an bPost

661

2,740

4,825

4,077