Expand All

Collapse All

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013

Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Gníomhaireachta

Ceanglaítear leis an Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001 (arna leasú ag an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003, ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2005 agus ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2012) ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) ráitis airgeadais a ullmhú i leith oibríochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin i ngach bliain airgeadais.

Agus na ráitis sin á n-ullmhú, ní mór don Ghníomhaireacht:

  • beartais chuí chuntasaíochta a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna a dhéanamh;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé sin neamhchuí a dhéanamh;
  • aon imeacht ábhartha ó chaighdeáin bhainteacha chuntasaíochta a nochtadh agus a mhíniú.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as coimeád, maidir le Ciste na gCuntas Díomhaoin, i cibé foirm a cheadóidh an tAire Airgeadais, na gcuntas go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh siad, agus, as cothú taifid chuntasaíochta a nochtann, go réasúnta cruinn ag aon am, mar a sheasann cúrsaí airgeadais an Chiste.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as sócmhainní faoina rialúchán a choimeád agus, dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

26 Meitheamh 2014

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Ciste na gCuntas Díomhaoin

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Chiste na gCuntas Díomhaoin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001. Cuimsítear sna ráitis airgeadais, arna n-ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an cuntas infheistíochta agus eisíocaíochta, an cuntas cúlchiste, an clár comhardaithe agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 46 den Acht, agus de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn.

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go dtugann siad léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí an Chiste ag deireadh na bliana agus maidir lena n-idirbhearta don bhliain, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir dlí is infheidhme. Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú. Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon feidhme an iniúchta ar na ráitis airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar

  • cibé acu an cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí an Chiste de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léim an t-eolas faoin gCiste na gCuntas Díomhaoin i dTuarascáil Bhliantúil Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta chun neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis iniúchta airgeadais a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na ráitis airgeadais

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh mar ba cheart de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn, maidir le staid chúrsaí Chiste na gCuntas Díomhaoin amhail an 31 Nollaig 2013 agus maidir lena ioncam agus lena chaiteachas don bhliain 2013.

I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás

  • nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
  • gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas faoin gCiste a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais, nó
  • go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

28 Meitheamh 2014

Beartais Chuntasaíochta

(a) Cúlra

Foráiltear leis an Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001 (arna leasú ag an Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe, 2003, ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2005 agus ag an Acht um Chuntais Dhíomhaoine [Leasú] 2012), do scéim chun cistí díomhaoine i mbainc, i gcumainn tógála, sa Phost agus airgead iníoctha faoi pholasaithe árachais neamhéilithe a aistriú faoi chúram an Stáit, fad a ráthaítear ceart athéilimh na gcistí sin. Foráiltear leis freisin go dtabharfar isteach scéim, chun críocha carthanachta nó chun tairbhe don tsochaí nó don phobal, trína n-íocfar amach cistí nach dóigh go n-athéileofar iad.

Is éard atá i gCiste na gCuntas Díomhaoin Cuntas Cúlchiste óna n-íoctar athéilimh agus speansais éagsúla agus Cuntas Infheistíochta agus Eisíocaíochtaí óna ndéantar infheistíochtaí agus eisíocaíochtaí.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach, faoi alt 17 agus faoi alt 18 d’Acht 2001, as Ciste na gCuntas Díomhaoin a bhunú, a bhainistiú agus a rialú agus tá na cumhachtaí riachtanacha ar fad aici chun a cuid feidhmeanna a chur i gcrích (lena n-áirítear an chumhacht chun táillí a ghearradh, atá iníoctha ón gCiste, i ndáil leis an gCiste a bhainistiú agus a rialú). Áirítear leis na feidhmeanna sin:

  • déanamh eisíocaíochtaí de réir threoracha an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • cothabháil an Chuntais Cúlchiste
  • glanadh táillí, costas agus speansas sonraithe a thabhaítear
  • glanadh luach saothair, táillí agus speansais na gcigirí údaraithe
  • aisíocaíocht airgid a aistríodh chuig an gCiste
  • ullmhú plean bliantúil infheistíochta, agus aird ar an bplean eisíocaíochta agus ar aon treoir ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
  • infheistíocht aon airgid chun creidiúna don Chiste nach dteastaíonn, de thuras na huaire, chun dliteanais an Chiste a íoc
  • coinneáil cuntas ceart den airgead ar fad a fhaigheann agus a chaitheann an Ghníomhaireacht
  • cur cuntas bliantúil faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cur i láthair cóipe de na cuntais arna n-iniúchadh don Aire Airgeadais agus don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Mar a fhoráiltear dó san Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2005, bhunaigh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Bord na gCuntas Díomhaoin an 4 Eanáir 2006. Tháinig sé seo in ionad Bhord Eisíocaíochtaí Chiste na gCuntas Díomhaoin a díscaoileadh an lá céanna. Foráladh in Alt 5 den Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú), 2012 do dhíscaoileadh Bhord na gCuntas Díomhaoin ar an lá ceaptha. Faoi théarmaí an Ordaithe fán Acht um Chuntais Dhíomhaoine (Leasú) 2012 (An Lá Ceaptha) 2012, rinneadh díscaoileadh ar Bhord na gCuntas Díomhaoin amhail an 26 Meán Fómhair 2012 agus aistríodh a chuid feidhmeanna chuig an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Cé go raibh ról monatóireachta agus comhairleoireachta ag Bord na gCuntas Díomhaoin den chuid is mó, bhí sé de chumhacht acu an Ghníomhaireacht a threorú chun eisíocaíochtaí a dhéanamh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Glacadh leis na beartais shuntasacha chuntasaíochta seo a leanas:

(b) Airgeadra Tuairiscithe

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

(c) Tréimhse Tuairiscithe

Is í an bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 an tréimhse tuairiscithe.

(d) Bonn na Cuntasaíochta

Réitítear na ráitis airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil.

Cuntais Infheistíochta agus Eisíocaíochtaí

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Airgead a Aistríodh chuig an gCiste i leith Cuntais Dhíomhaoine agus Polasaithe Árachais nár Éilíodh

1

44,561

43,886

Suim a Aistríodh chuig an gCuntas Cúlchiste

2

(23,425)

(28,286)

Eisíocaíochtaí

3

(1,487)

(4,160)

Ús a Tuilleadh

10

1,509

1,881

Gluaiseacht don Bhliain

21,158

13,321

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

101,942

88,621

 

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

123,100

101,942

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 10.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

26 Meitheamh 2014

Cuntas Cúlchiste

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Aisíocaíocht airgid a aistríodh chuig an gCiste

1

(19,546)

(22,331)

Ús ar Aisíocaíocht Airgid a Aistríodh chuig an gCiste

1

(422)

(223)

Aistriú ón gCuntas Infheistíochta agus Eisíocaíochtaí

2

23,425

28,286

 

 

Speansais Eile

4

(647)

(803)

Ús a Tuilleadh

10

210

123

Gluaiseacht don Bhliain

3,020

5,052

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

59,388

54,336

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

 

62,408

59,388

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 10.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

26 Meitheamh 2014

Clár Comhardaithe

31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Sócmhainní

Sócmhainní Airgeadais

– Infheistíochtaí ar a gCostas

5

49,052

50,115

Sócmhainní Reatha

– Airgead agus Taiscí Bainc

6

134,378

109,556

– Féichiúnaithe

7

2,137

1,835

Dliteanais

– Suimeanna Fabhraithe a Athéilíodh

(59)

(176)

Glan-Sócmhainní

185,508

161,330

Ionadaithe ag:

Cuntais Infheistíochta agus Eisíocaíochtaí

123,100

101,942

Cuntas Cúlchiste

62,408

59,388

185,508

161,330

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 10.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

26 Meitheamh 2014

Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

1. Suimeanna carnacha a aistríodh agus a athéilíodh i leith cuntas díomhaoin agus beartas árachais nár éilíodh

Bainc – Cuntais Dhíomhaoine

 

Iarmhéid
Tosaigh
 1/1/13

Aistrithe

Athéilithe

Iarmhéid
Deiridh
31/12/13

Ús
Íoctha

Institiúid

ACC Bank plc

6,059,462

593,282

(398,928)

6,253,816

11,093

Bainc-Aontas Éireann cpt

62,203,544

7,299,548

(1,641,602)

67,861,490

5,352

Barclays Bank Ireland plc

344,025

344,025

BNP Paribas SA

83,575

83,575

Bank of America National Association

154,778

154,778

Banc na hÉireann (Gobharnóir agus Cuideachta)

65,668,500

6,264,130

(2,809,591)

69,123,039

34,313

Bank of Scotland plc

567,088

567,088

Citibank Europe plc

28,700

28,700

EBS Ltd

15,081,361

2,088,616

(1,221,934)

15,948,043

41,960

EAA Corporate Services plc (WestLB Ireland plc roimhe sin)

122,119

122,119

KBC Bank Ireland plc

785,993

785,993

An Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc Teo (faoi leachtú speisialta)

629,363

629,363

Investec Bank plc

1,557,617

52,787

(583)

1,609,821

27

JP Morgan Bank (Ireland) plc

48,897

48,897

Danske Bank (National Irish Bank Ltd roimhe sin)

5,300,968

445,692

(36,489)

5,710,171

295

Permanent TSB plc

35,049,448

4,454,271

(920,946)

38,582,773

5,162

Pfizer International Bank

33,617

(44)

33,573

An Post – Tráthchoigiltí

1,653,757

472,010

(211,142)

1,914,625

15,899

An Post – Tráthchoigiltí (Ús Caipitlithe)

4,167,099

660,532

(431,753)

4,395,878

An Post – Banc Taisce an Phoist (Ús Caipitlithe)

20,178

1,141

21,319

An Post – Banc Taisce an Phoist

34,983,041

2,281,857

(1,241,346)

36,023,552

54,869

An Post – Bannaí Coigiltis (Ús Caipitlithe)

2,906,682

885,897

(370,631)

3,421,948

An Post – Bannaí Coigiltis

2,179,150

1,402,527

(429,794)

3,151,883

An Post – Cairteacha Coigiltis (Ús Caipitlithe)

47,725,342

5,348,264

(4,437,900)

48,635,706

An Post – Cairteacha Coigiltis

15,319,521

3,220,933

(1,933,554)

16,606,900

73,784

RBS NV (ABN AMRO roimhe sin)

34,992

34,992

The Royal Bank of Scotland plc

36,646

690

37,336

Scotiabank (Ireland) Limited

1,003,127

(910,174)

92,953

182,544

Ulster Bank (First Active roimhe sin)

8,118,536

(75,896)

8,042,640

97

Ulster Bank Ireland Limited

15,674,730

355,730

(222,134)

15,808,326

535

IOMLÁN

327,541,856

35,827,907

(17,294,441)

346,075,322

425,930

 

 

Cuideachtaí Árachais – Polasaithe Árachais nár Éilíodh

 

Iarmhéid
Tosaigh
1/1/13

Aistrithe

Athéilithe

Iarmhéid
Deiridh
31/12/13

Ús
Íoctha

Institiúid

Téarma Sonrach

Acorn Life Ltd

251

(251)

Ark Life Assurance Co. Ltd

44,531

653,496

(159,523)

538,504

Aviva Life & Pensions Ire Ltd (Hibernian roimhe sin)

2,654,596

751,382

(180,170)

3,225,808

Caledonian Life

104,748

104,748

Canada Life Ireland

1,404,214

574,617

(243,037)

1,735,794

Equitable Life

7,131

7,131

Friends First Life Assurance Co. Ltd

1,936,444

440,860

(307,518)

2,069,786

Irish Life Assurance Co.plc

4,196,421

37,212

(67,066)

4,166,567

New Ireland Assurance Co. plc

212,151

27,555

(25)

239,681

Phoenix Life Ltd (Alba Life roimhe sin)

188,218

188,218

Phoenix Life Ltd (Royal & SunAlliance roimhe sin)

908,164

11,986

920,150

Phoenix Life Ltd (Scottish Provident Ireland roimhe sin)

1,248,394

1,272,823

(47,928)

2,473,289

Royal London Mutual Insurance Society Ltd

5,828,686

1,022,031

(33,072)

6,817,645

St. James Place International plc

10,649

10,649

Scottish Legal Life

584,999

13,320

598,319

Standard Life International Ltd

790,943

255,777

1,046,720

Sun Life

167,491

52,242

(26,134)

193,599

Zurich Life Assurance plc (Eagle Star roimhe sin)

804,552

362,101

(124,596)

1,042,057

Gan Téarma Sonrach

Acorn Life Ltd

8,640

14,108

(7,902)

14,846

Ark Life Assurance Co. Ltd

33,901

222,209

(31,227)

224,883

Aviva Life & Pensions Ire Ltd (Hibernian roimhe sin)

1,877,322

80,560

(18,279)

1,939,603

Caledonian Life

31,113

31,113

Canada Life Ireland

3,658,251

73,210

(368,500)

3,362,961

Friends First Life Assurance Co. Ltd

965,246

201,403

(26,669)

1,139,980

Irish Life Assurance Co. plc

5,040,243

407,276

(66,928)

5,380,591

New Ireland Assurance Co. plc

10,498,690

276,880

10,775,570

Phoenix Life Ltd (Alba Life roimhe sin)

15,033

15,033

Phoenix Life Ltd (Royal & SunAlliance roimhe sin)

21,910

12,743

34,653

Phoenix Life Ltd (Scottish Provident Ireland roimhe sin)

275,195

275,195

Royal London Mutual Insurance Society Ltd

8,794,777

1,057,294

(246,954)

9,605,117

Scottish Legal Life

480,719

22,105

502,824

Standard Life International Ltd

1,289,626

343,056

(170,780)

1,461,902

Sun Life

47,473

47,473

Zurich Life Assurance plc (Eagle Star roimhe sin)

1,908,777

375,738

(66,322)

2,218,193

IOMLÁN

56,039,499

8,561,984

(2,192,881)

62,408,602

The Escheated Estate Fund

4,400,000

4,400,000

Athéilimh Fhabhraithe

(171,120)

171,120

(58,975)

(58,975)

(4,374)

MÓR-IOMLÁN

387,810,235

44,561,011

(19,546,297)

412,824,949

421,556

 

 

 

 

 

 

Tá suimeanna in airgeadra eile seachas an euro i gceist leis na suimeanna a aistríodh chuig an gCiste. Dá ndéanfaí athluacháil ar na cuntais sin de réir rátaí malairte ag deireadh na bliana, laghdófaí an tsuim iomlán a aistríodh chuig an gCiste agus nár athéilíodh fós faoi €469,191 ó €412,824,949 go €412,355,758.

2. Aistrithe chuig an gCuntas Cúlchiste

Faoi alt 17 (4) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, íocann an Ghníomhaireacht suim shocraíonn an Ghníomhaireacht leis an gCuntas Cúlchiste, ó am go ham, le ceadú an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus le toil an Aire Airgeadais, chun aisíocaíochtaí a dhéanamh ón gCiste agus chun táillí agus speansais éagsúla a ghlanadh.  Déanann an Ghníomhaireacht aistriú go tréimhsiúil chun iarmhéid sa Chuntas Chúlchiste a choinneáil ag 15 faoin gcéad, mar atá ceadaithe faoi láthair, de na cistí iomlána díomhaoine a fuair Ciste na gCuntas Díomhaoin agus nár athéilíodh go fóill. Féadfaidh an t-iarmhéid sa Chuntas Cúlchiste imeacht ó 15 faoin gcéad san idirthréimhse idir na dátaí athchothromaithe tréimhsiúla.

3. Eisíocaíochtaí

Rinneadh na heisíocaíochtaí seo a leanas ón gCiste le linn na bliana.

2013

€000

2012

€000

Ar threoir an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

800

1,599

An Roinn Oideachais agus Scileanna

8

379

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

5

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (arna riar ag Pobal)

591

1,932

An Roinn Coimirce Sóisialaí

192

Seirbhís Príosún na hÉireann

58

Seirbhís Phríosúin na hÉireann (arna riar ag Pobal)

83

1,487

4,160

 

 

4. a) Speansais Eile

2013

€000

2012

€000

Táillí an Bhoird

32

Speansais Bhoird

1

1

Táillí Soláthraí Seirbhíse (Pobal*)

645

750

Táillí Comhairliúcháin agus Comhairleachta

1

10

Speansais Eile

10

647

803

 

 

* Faigheann Pobal táille bhliantúil seirbhíse as na thionscadail atá ag fáil deontas ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a riar. Is í an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a íocann an táille agus aisíoctar í ó Chiste na gCuntas Díomhaoin.

b) Speansais Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Faoi alt 45 (1)(c) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht faisnéis shonraithe ar leith a thuairisciú, lena n-áirítear cuntas aonair ar na speansais agus táillí riaracháin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus an Ciste á fheidhmiú aici. Sonraítear iad sin thíos:

2013

€000

2012

€000

Riarachán Ginearálta

150

150

 

Is meastachán é sin, a chuirtear san áireamh sna Nótaí leis na cuntais amháin, mar nár ghearr an Ghníomhaireacht na táillí ná na speansais sin ar Bhord na gCuntas Díomhaoin.

5. Sócmhainn Airgeadais

2013

€000

2012

€000

Banna Státchiste na hÉireann 5.0% 2013

50,115

Banna Státchiste na hÉireann 4.0% 2014

49,052

49,052

50,115

 

 

6. Airgead agus Taiscí Bainc

Léiríonn an figiúr seo an t-iarmhéid airgid atá i mBanc Ceannais na hÉireann agus na Taiscí Téarma Tráchtála a shealbhaítear le Permanent TSB agus AIB.

 

7. Féichiúnaithe

 

2013

€000

2012

€000

Ús is Infhaighte ar Bhannaí

1,885

1,753

Ús is Infhaighte ar Thaiscí sa Bhanc Ceannais

11

13

Ús is Infhaighte ar Thaiscí Tráchtála

241

69

2,137

1,835

 

 

8. (a) Dliteanas Teagmhasach an Státchiste

Mar thoradh ar eisíocaíochtaí carntha a rinneadh go dtí seo, tá glansócmhainní an chiste níos lú ná glansócmhainní na gcistí díomhaoine a aistríodh agus nár athéilíodh go fóill. Léiríonn an difríocht sin dliteanas teagmhasach an Státchiste a mbeadh ar an Státchiste é a íoc sa chás go ndéanfaí an t-airgead ar fad a aistríodh chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin a athéileamh. Faoi alt 17(7) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, aon uair nach leor an t-airgead sa Chuntas Infheistíochta agus Eisíocaíochta chun an t-easnamh sa Chuntas Cúlchiste a íoc, is féidir suim nach sáraíonn an t-easnamh a íoc amach ón bPríomh-Chiste leis an gCuntas Cúlchiste. Aisíoctar an t-airgead leis an bPríomh-Chiste, a luaithe is féidir go praiticiúil, ó airgead barrachais atá sa Chiste i ndiaidh foráil a dhéanamh d’aon dliteanais nó d’aon dliteanais theagmhasacha a bhaineann leis an gCiste.

(b) Anailís ar Dhliteanas Teagmhasach an Státchiste:

1 Eanáir
2013

Gluaiseacht
le linn na bliana

31 Nollaig
2013

€000

€000 €000

Glansócmhainní an Chiste

161,330

24,178

185,508

Cistí Díomhaoine a Aistríodh agus nár Athéilíodh

(387,810)

(25,015)

(412,825)

Dliteanas Teagmhasach

(226,480)

(837)

(227,317)

 

 

(c) Léirítear an ghluaiseacht i nDliteanas Teagmhasach an Státchiste iontu seo a leanas:

Nóta

€000

Ús a Tuilleadh

10

1,719

Ús ar Aisíocaíochtaí Airgid a Aistríodh chuig an gCiste

1

(422)

Eisíocaíochtaí

3

(1,487)

Speansais eile

4

(647)

Gluaiseacht don bhliain

(837)

 

 

9.  Toradh Infheistíochta

Faoi alt 45 (1)(b) den Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, arna leasú, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht toradh infheistíochta an Chiste a thuairisciú don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Ba é an toradh bliantúlaithe ar an gCiste don bhliain ná 1.64 faoin gcéad (2012: 1.29 faoin gcéad).

10.  Ús a Tuilleadh

 

Cuntas Infheistíochta
agus
Eisíocaíochtaí

Cuntas
Cúlchiste

Iomlán
2013

Iomlán
2012

 

€000

€000  €000   €000

Gabháltas Bannaí

892

892

1,315

Taiscí Tráchtála

595

181

776

402

Taiscí sa Bhanc Ceannais

22

29

51

287

1,509

210

1,719

2,004