Expand All

Collapse All

Cuntas an Chúlchiste Mionchoigiltis

For the year ended 31 December 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Tá iniúchadh déanta agam ar chuntas an Chúlchiste Mionchoigiltis don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Tá an fhaisnéis agus na míniúcháin ar fad a theastaigh uaim faighte agam.

Is é mo thuairim go dtugtar léargas cruinn sa chuntas, atá i gcomhréir leis na taifid chuntasaíochta atá á gcoimeád ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta i leith na gníomhaíochta sin, ar na hidirbhearta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 agus ar an iarmhéid um an dáta sin.

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

27 Meitheamh 2014

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013
€000

2012
€000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

NIALAS

NIALAS

Faighte/(Íoctha) ó/(chuig) an Státchiste

NIALAS

NIALAS

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

NIALAS

NIALAS

Meastachán ar Ús Fabhraithe amhail an 31 Nollaig

603,622

547,928

 

Cuireadh an Cúlchiste Mionchoigiltis (“an Ciste”) ar bun faoi alt 160 den Acht Airgeadais, 1994. Áirítear le Mionchoigiltis Cairteacha Coigiltis, Tráthchoigiltí Náisiúnta agus Bannaí Coigiltis. Caitheadh an tsuim thosaigh a íocadh leis an gCiste. Níor íocadh aon airgead leis an gCiste in 2013 agus níor coinníodh aon airgead ann ag deireadh na bliana. Mar is iondúil má sháraíonn íocaíochtaí úis ar shóinseálacha mionchoigiltis 11 faoin gcéad den ús iomlán fabhraithe don bhliain roimhe, is féidir acmhainní an chiste a chur i dtreo na gcostas úis siúd a sháraíonn 11 faoin gcéad den ioncam fabhraithe sin. B’ionann íocaíochtaí úis ar shóinseálacha mionchoigiltis in 2013 agus €298 milliún, a bhí cothrom le 54 faoin gcéad den ús fabhraithe €548 milliún amhail an 31 Nollaig 2012.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

24 Meitheamh 2014