Expand All

Collapse All

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Fiachas Náisiúnta na hÉireann

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Fhiachas Náisiúnta na hÉireann don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Cuimsítear sna ráitis airgeadais, arna n-ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an ráiteas ar fhónamh fiachais, an ráiteas ar fhiachas náisiúnta, an ráiteas ar shreabhadh airgid an fhiachais náisiúnta, an ráiteas ar ghluaiseacht san fhiachas náisiúnta agus na nótaí gaolmhara. Réitíodh na ráitis airgeadais san fhoirm arna fhorordú faoi alt 12 den Acht agus ar an mbonn atá leagtha amach i mír (b) de na beartais chuntasaíochta.

Freagrachtaí Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

Tá Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (an Ghníomhaireacht) freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú, as a chinntiú go gcuirtear an t-iarmhéid gan íoc ar an bhFiachas Náisiúnta ag deireadh na bliana agus costas seirbhíse fiachais don bhliain i láthair mar is ceart iontu, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agus tuairisciú orthu de réir dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon Feidhme an Iniúchta ar na Ráitis Airgeadais

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar

  • cibé acu an cuí í iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh na gcúinsí de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus
  • cur i láthair iomlán na ráiteas airgeadais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Léim an t-eolas atá i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta chun neamhréireachtaí ábhartha leis na ráitis iniúchta airgeadais a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar na Ráitis Airgeadais

I mo thuairim, cuirtear i láthair mar is ceart sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh mar ba cheart san fhoirm arna fhorordú faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, agus ar an mbonn atá leagtha amach i mír (b) de na Beartais Chuntasaíochta, an t-iarmhéid gan íoc ar an bhFiachas Náisiúnta ag an 31 Nollaig 2013 agus an costas seirbhíse fiachais don bhliain 2013.

I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá na ráitis airgeadais ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás

  • nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
  • gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta i dtaca leis an bhfiachas náisiúnta comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais, nó
  • go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

 

SeamusMcCarthy_sig

Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

30 Meitheamh 2014

Beartais Chuntasaíochta

(a) Cúlra

Faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990, comhlíonann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) feidhmeanna iasachta agus bainistíochta Fiachais Náisiúnta thar ceann an Aire Airgeadais.

Leagtar amach ráitis airgeadais Fhiachas Náisiúnta na hÉireann ar leathanaigh 49 go 65. Tá foirm na ráiteas ceadaithe ag an Aire Airgeadais faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

Áirítear le ráitis airgeadas an Fhiachais Náisiúnta nótaí nochta i ndáil le Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta, Cuntas na nIasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh), Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh), Cuntas Infheistíochta Airgead Taisce agus Cuntas ar Stoc ar Glacadh Leis mar Íocaíocht ar Cháin Oidhreachta agus ar Dhleachtanna Báis. Cuireadh na cuntais sin i láthair ar leithligh roimh na ráitis airgeadais do 2012. Ós rud é gur cuntais oibríochtúla iad a socraíodh chun críocha sonracha, ní áirítear a n-iarmhéideanna airgid le hiarmhéid Chuntas an Státchiste arna tuairisciú faoi Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile sa Ráiteas ar Fhiachas Náisiúnta.

(b) Bonn na Cuntasaíochta

Is é an costas stairiúil a úsáidtear mar bhonn tomhais seachas má luaitear a mhalairt. Aithnítear idirbhearta agus úsáid á baint as bonn airgid na cuntasaíochta.

Is ionann an Ráiteas ar Fhiachas Náisiúnta agus ráiteas ar an tsuim iomlán de bhunairgead a fuair Éire ar iasacht nach raibh aisíoctha ag deireadh na bliana, lúide airgead agus sócmhainní airgeadais eile atá ar fáil ar fáil d’fhuascailt na ndliteanas sin ag an dáta céanna. Déanann an tAire Airgeadais faoi reachtanna éagsúla iasachtaí an Stáit agus gníomhaireachtaí eile a ráthú freisin. Ní áirítear na ráthaíochtaí sin sna ráitis airgeadais seo.

(c) Tréimhse Tuairiscithe

Is í an bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 an tréimhse tuairiscithe.

(d) Airgeadra Tuairiscithe

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

(e) Fáltais agus Íocaíochtaí

Is ag an am a fhaightear an t-airgead nó a dhéantar an íocaíocht a thaifeadtar fáltais agus íocaíochtaí a bhaineann leis an bhFiachas Náisiúnta tríd an gCuntas Státchiste, trí Chuntais Imréitigh Airgeadra Eachtraigh agus tríd an gCuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla (“CFSC”).

(f) Luacháil Dliteanais

Déantar iarmhéideanna fiachais a thaifeadadh ag parluach infhuascailte.

(g) Díorthaigh

Déantar comhaontuithe babhtála agus ionstraim eile airgeadais chun críocha fálaithe mar chuid de phróiseas bainistithe an Fhiachais Náisiúnta. Aithnítear torthaí na ngníomhaíochtaí fálaithe seo atá nasctha le hidirbhearta sonracha iasachta de réir na mbun-idirbheart. Áirítear an glansreabhadh ciste a éiríonn as gníomhaíochtaí fálaithe nach bhfuil nasctha le hidirbhearta sonracha iasachta i gcostais as fónamh d’fhiachas nuair a fhaightear na cistí nó nuair a dhéantar íocaíocht. Sa chás go gcríochnaítear babhtálacha nó go n-aistrítear go hionstraim eile babhtála iad, bíonn tionchar ag an nglansreabhadh ciste ar fhónamh d’fhiachas de réir théarmaí na hionstraime leasaithe.

(h) Airgeadraí Eachtracha

Aistrítear fáltais agus íocaíochtaí in airgeadra eachtrach go euro de réir an ráta malairte atá i bhfeidhm ar dháta an idirbhearta. Aistrítear dliteanais agus sócmhainní in airgeadra eachtrach go euro ag an ráta malairte atá i bhfeidhm ag deireadh na bliana.

i) Próifíl Aibíochta

Is ionann Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach agus fiachas a bhfuil bunaibíocht a mhairfidh níos mó ná bliain amháin aige, agus is ionann Fiachas Gearrthéarmach agus fiachas a bhfuil bunaibíocht a mhairfidh níos lú ná bliain amháin aige.

Ráiteas ar Fhónamh Fiachais

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

 

 2013

2012

 

Nóta

€000

€000

Ús íoctha

Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

2

7,075,211

5,481,813

Fiachas Gearrthéarmach

3

25,245

38,881

Scéimeanna Coigilteas Stáit

4, 10

349,952

283,502

Gluaiseachtaí Eile

5

(993)

3,288

Íocaíochtaí Ciste Fiachmhúchta

6

624,552

645,681

Táillí agus Speansais

7(a)

96,463

104,002

Speansais na Gníomhaireachta

7(b)

37,938

40,077

Ús a fuarthas ar Thaiscí, ar Bhillí Státchiste agus ar Shócmhainní Airgeadais Eile

(125,204)

(128,818)

Costas Iomlán Fónaimh d’Fhiachas

1

8,083,164

6,468,426

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 25.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Ráiteas ar Fhiachas Náisiúnta

31 Nollaig

 

 

2013

 

2012

 

Nóta

 

€ milliún

 

€ milliún

Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

8(a)

Bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann

8(b)

111,007

87,853

Láithrithe Príobháideacha

602

602

Nótaí Meántéarmacha

65

65

Iasachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

100

100

Maoiniú Chlár AE/CAI

8(c)

66,942

55,898

Iasachtaí Meántéarmacha/Fadtéarmacha Eile

5

5

178,721

144,523

Fiachas Gearrthéarmach

 

 

 

 

 

Páipéar Gearrthéarmach

9

2,645

2,690

Iasachtaí ó Chistí faoi smacht an Aire Airgeadais

17

676

786

 

3,321

3,476

Scéimeanna Coigiltis Stáit

 

 

 

 

 

Cairteacha Coigiltis

6,002

4,791

Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta

1,752

1,001

Bannaí Coigiltis

5,342

5,568

Tráthchoigiltí

476

472

Stampaí Coigiltis

2

2

Duaisbhannaí

1,932

1,649

10

15,506

13,483

197,548

161,482

Lúide: Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile

11

(23,601)

(23,850)

Fiachas Náisiúnta

14

 

173,947

 

137,632

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 25.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Ráiteas ar Shreabhadh Airgid an Fhiachais Náisiúnta

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

 

2013

2012

 

 

Nóta

€000

€000

Gluaiseacht in Iarmhéideanna Státchiste:

 

 

 

 

Iarmhéid Tosaigh sa Chuntas Státchiste

11

15,279,782

13,098,521

Taiscí, Billí Státchiste agus Sócmhainní Airgeadais Eile

18

(10,597,868)

(3,977,042)

Gníomhaíocht Iasachta (féach thíos)

36,287,560

24,110,031

40,969,474

33,231,510

Easnamh Státchiste

(11,503,359)

(14,891,728)

Dliteanas Nótaí Gealltanais IBRC a scaoileadh trí
Bhannaí Rialtas na hÉireann a Eisiúint

24

(25,034,000)

(3,060,000)

Iarmhéid Deiridh sa Chuntas Státchiste

11

4,432,115

15,279,782

 

 

Fáltais1

Íocaíochtaí 1

2013 Glan

2012 Glan

 

€000

€000

€000

€000

Gníomhaíocht Iasachta2

Bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann

39,193,800

(15,820,893)

23,372,907

1,978,842

Iasachtaí BEI

100,000

Maoiniú Chlár AE/CAI

22,844,050

(11,797,165)

11,046,885

21,235,237

Iasachtaí Eile Meántéarmacha/Fadtéarmacha

(126)

(126)

(126)

Páipéar Tráchtála

31,941,267

(31,986,292)

(45,025)

(229,565)

Cairteacha Coigiltis

1,890,460

(679,613)

1,210,847

558,065

Bannaí Coigiltis

1,925,299

(2,150,806)

(225,507)

785,354

Banna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta

794,785

(43,786)

750,999

393,754

Tráthchoigiltí

108,374

(104,115)

4,259

(1,485)

Duaisbhannaí

476,385

(193,955)

282,430

200,610

Iasachtaí ó Chistí Aire

58,257,322

(58,367,431)

(110,109)

(910,655)

Gníomhaíocht Iasachta Iomlán

157,431,742

(121,144,182)

36,287,560

24,110,031

Léiríonn fáltais agus íocaíochtaí oll-luach na gníomhaíochta iasachta, lena n-áirítear tar-rolladh fiachais agus idirbhearta gaolmhara fálaithe.
Áirítear le gníomhaíocht iasachta bannaí Rialtais ráta chomhlúthaigh ar fiú €25.03 billiún san iomlán iad agus a eisíodh do Bhanc Ceannais na hÉireann tar éis leachtú IBRC mar mhalairt ar na Nótaí Gealltanais a bhí i seilbh IBRC roimhe sin.

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 25.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Ráiteas ar Ghluaiseacht san Fhiachas Náisiúnta

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

 

 

2013

2012

 

Nóta

€000

€000

Fiachas Náisiúnta Tosaigh

137,632,014

119,082,027

Méadú ar Fhiachas Náisiúnta (ainmniúil)

36,314,637

18,549,987

Fiachas Náisiúnta Deiridh

 

173,946,651

137,632,014

Méadú ar Fhiachas Náisiúnta (ainmniúil) ionadaithe ag:

 

 

 

Easnamh Státchiste

11,503,359

14,891,728

Nótaí Gealltanais IBRC a Ghlanadh a Urscaoileadh trí Bhannaí Rialtas na hÉireann a eisiúint

24

25,034,000

3,060,000

Lascaine ar Bhannaí Rialtas na hÉireann a eisíodh chun Tráthchuid a Ghlanadh ar Nótaí Gealltanais IBRC

411,550

Glanphréimh/(Glanlascaine) ar Eisiúintí agus ar Chealuithe Bannaí

(219,150)

152,987

Iasachtaí Meántéarmacha/Fadtéarmacha: Glanlaghdú Fáltas thar Dhliteanas Ainmniúil

37,700

Tionchar Gluaiseachtaí sa Ráta Malairte Eachtraí

(3,433)

(4,023)

Gluaiseacht in Iarmhéid Reatha CFSC

11

(139)

45

36,314,637

18,549,987

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 25.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014

Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

1. Costas Fónaimh d’Fhiachas Iomlán

 

 

 

 

Gearrtha ar Chuntais Imréitigh
Airgeadra Eachtraigh

Gearrtha ar an bPríomh-Chiste

Gearrtha ar CSRA

Iomlán
Costas
Costas 2013

Nóta 

€000 €000  €000  €000 

Ús íoctha

Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

2

207,027

4,859,426

2,008,758

7,075,211

Fiachas Gearrthéarmach

3

1,181

24,064

25,245

Scéimeanna Coigiltis Stáit

4,10

343,057

6,895

349,952

Gluaiseachtaí Eile

5

(979,982)

910,478

68,511

(993)

Íocaíochtaí Ciste Fiachmhúchta

6

624,552

624,552

Táillí agus Speansais

7(a)

4,608

103,554

(11,699)

96,463

Speansais na Gníomhaireachta

7(b)

1,200

36,738

37,938

Ús a fuarthas ar Thaiscí,

Billí Státchiste agus Nótaí Gearrthéarmacha

(12,026)

(113,178)

(125,204)

Gluaiseacht Idirchuntais

2,583,978

(2,583,978)

Costas Fónaimh d’Fhiachas Iomlán

 

(765,966)

8,849,269

(139)

8,083,164

 

2. Ús ar Fhiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

2013

2012

€000

€000

Bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann

5,128,943

4,074,819

Maoiniú Chlár AE/CAI

1,904,968

1,368,581

Iasachtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta

3,665

Láithrithe Príobháideacha

34,693

34,693

Nótaí Meántéarmacha

2,953

3,760

Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach Eile

(11)

(40)

7,075,211

5,481,813

 

3. Ús ar Fhiachas Gearrthéarmach

2013

2012

€000

€000

Páipéar Gearrthéarmach

25,245

38,881

 

4. Ús ar Scéimeanna Coigiltis Stáit

2013

2012

 

€000

€000

Cairteacha Coigiltis

103,824

72,627

Bannaí Coigiltis

187,790

138,383

Tráthchoigiltí

13,460

18,351

Duaiseanna i leith Duaisbhannaí

35,160

47,613

Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta

9,718

6,528

349,952

283,502

Áirítear sna híocaíochtaí ar ús ar Scéimeanna Coigiltis Stáit in 2013 aistrithe chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin i leith ús carntha caipitlithe ar chuntais faoi leith ar shainigh an Post iad mar chuntais dhíomhaoine faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001. Is iad seo a leanas na glansuimeanna úis a aistríodh:

 

2013

2012

 

€000

€000

Cairteacha Coigiltis

906

872

Bannaí Coigiltis

515

47

Tráthchoigiltí

224

273

1,645

1,192

 

5. Gluaiseachtaí Eile

Mar chuid dá dualgas, glacann an Ghníomhaireacht páirt i raon idirbhearta bainistithe fiach, lena n-áirítear díorthaigh (feic nóta 13). Áirítear leis an bhfigiúr seo éifeacht glansreafa airgid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo.

Áirítear an glansreabhadh ciste a éiríonn as gníomhaíochtaí fálaithe nach bhfuil nasctha le hidirbhearta sonracha iasachta i gcostais as fónamh d’fhiachas nuair a fhaightear na cistí nó nuair a dhéantar íocaíocht.

6. Íocaíochtaí Ciste Fiachmhúchta

Foráiltear le hAlt 22 den Acht Airgeadais, 1950 (arna leasú), do shuimeanna sonracha don fhuascailt fiachais. Bhí na suimeanna a foráladh agus a cuireadh i bhfeidhm mar seo a leanas:

 

 

2013

2012

 

Nóta

€000

€000

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla

15

624,552

645,681

 

7 (a). Táillí agus Speansais

2013

2012

€000

€000

Maoiniú Chlár AE/CAI

60,793

84,761

Bannaí Rialtais agus Speansais Eile

13,677

1,928

Cairteacha Coigiltis

9,207

7,610

Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta

3,032

4,418

Duaisbhannaí

12,038

10,879

Bannaí Coigiltis

10,714

8,755

Tráthchoigiltí

743

1,121

Fáltais Táillí

(13,741)

(15,470)

96,463

104,002

 

7 (b). Speansais na Gníomhaireachta

Déantar na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna a ghearradh ar an bPríomh-Chiste, agus a íoc amach as, nó gearrtar iad ar a thoradh fáis.

8 (a). Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

Is mar seo a leanas a bhí próifíl iarmharach aibíochta an Fhiachais Mheántéarmaigh/Fhadtéarmaigh ag deireadh na bliana, agus idirbhearta bainistithe cisteáin a ndeachaigh an Ghníomhaireacht isteach iontu á gcur san áireamh:

2013

2012

€ milliún

€ milliún

Fiachas le haisíoc laistigh de bhliain amháin

3,002

5,143

Fiachas le haisíoc idir 2 bhliain agus 5 bliana

48,909

41,704

Fiachas le haisíoc i ndiaidh 5 bliana

126,810

97,676

178,721

144,523

 

8 (b). Bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann

2013

2012

€ milliún

€ milliún

Bannaí Ráta Sheasta

84,586

86,832

Bannaí Ráta Chomhlúthaigh (nóta 24)

25,034

Bannaí Amúchta

1,387

1,021

111,007

87,853

 

8 (c). Maoiniú Chlár AE/CAI

Déanann Clár AE-CAI d’Éirinn soláthar do thacaíocht sheachtrach €67.5 billiún1 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (“CAI”), ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSM”) agus ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (“EFSF”) agus d’iasachtaí déthaobhacha eile. Ba i mí an Mhárta 2014 a rinneadh an eisíocaíocht dheiridh €0.80 billiún ó EFSM faoin gclár.

1 Ba é €67.5 billiún an ghlansuim in euro a fuair an Státchiste, tar éis an figiúr sin a choigeartú chun eisiúint faoin bpar, asbhaint corrlaigh réamhíoctha agus tionchar na n-idirbheart malairte eachtraí a chur san áireamh

Is iad seo a leanas na dliteanais gan íoc faoi chlár AE/CAI ag deireadh 2013 atá san áireamh i nóta 8(a) thuas agus a áiríonn tionchar na n-idirbheart fálú airgeadra:

 

2013

Ualaithe
Meántéarma

2012

Ualaithe 
Meántéarma

 

€ milliún

Blianta

€ milliún

Blianta

Iasachtóir

 

 

 

 

An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

22,528

7.3 Bliain

19,030

7.3 Bliain

An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais

17,881

20.7 Bliain

12,214

11.7 Bliain

An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais

21,700

12.4 Bliain

21,700

12.4 Bliain

Státchiste na Ríochta Aontaithe

3,833

7.5 Bliain

2,454

7.5 Bliain

Ríocht na Danmhairge

400

7.5 Bliain

200

7.5 Bliain

Ríocht na Sualainne

600

7.5 Bliain

300

7.5 Bliain

Iomlán

66,942

 

55,898

 

 

Léirítear thuas na síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSF a comhaontaíodh i mí an Mheithimh 2013. Cé gur comhaontaíodh síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSM in 2013 freisin, ní shocrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta ach amháin nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Dá réir sin, ní léirítear thuas na síntí aibíochta ar iasachtaí ó EFSM. Ní mheastar go mbeidh ar Éirinn ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027.

Tá an ghlaniasacht €17,881 milliún thuas ó EFSF glan ar chorrlaigh áirithe réamhíoctha a baineadh ón tarraingt anuas bhunaidh in 2011. Is é €18,411 milliún an fiachas ainmniúil iomlán atá dlite do EFSF. Déanfar €485 milliún den chorrlach réamhíoctha €530 milliún a aisíoc le hÉirinn, mar aon le toradh gaolmhar infheistíochta EFSF; tá an corrlach réamhíoctha €45 milliún atá fágtha dlite do na Ballstáit is Ráthóirí agus léireofar é mar chostas fónaimh d’fhiachais i dtréimhsí amach anseo.

9. Páipéar Gearrthéarmach

Eisíonn an Ghníomhaireacht páipéar gearrthéarmach aibíochtaí a mhaireann suas le bliain amháin chun cistí gearrthéarmacha a chruinniú. Úsáidtear na fáltais chun easnamh an Státchiste a mhaoiniú agus mar mhaoiniú idirlinne in ionadú fiachais níos fadtéarmaí, agus chun críocha bainistiú leachtachta eile. Féadfaidh iasachtaí bheith i raon airgeadraí éagsúla, ach caithfear gach iasacht nach euro í a bhabhtáil láithreach go euro agus conarthaí malairte eachtraí á n-úsáid.

10. Scéimeanna Coigiltis Stáit

Tá na suimeanna a thaispeántar i leith Cairteacha Coigiltis, Tráthchoigiltí, Bannaí Coigiltis agus Duaisbhannaí glan ar iarmhéideanna airgid €9.6 milliún (2012: €22.0 milliún) atá ag an bPost, ag Permanent TSB Bank agus ag an gCuideachta Duaisbhannaí. Gníomhaíonn an Post agus an Chuideachta Duaisbhannaí mar chláraitheoirí do na scéimeanna faoi seach.

Mar go réitítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn airgid, ní áirítear sna dliteanais suim €604 milliún (2012: €548 milliún), arb ionann é agus meastachán ar shuim an úis fhabhraithe amhail an 31 Nollaig 2013 i leith Bannaí Coigiltis, Cairteacha Coigiltis agus Tráthchoigiltí.

Cuireadh an Cúlchiste Mionchoigiltis (“an Ciste”) ar bun faoi alt 160 den Acht Airgeadais, 1994. Má tharlaíonn sé in aon bhliain féilire go sáraíonn íocaíochtaí úis ar shóinseálacha mionchoigiltis 11 faoin gcéad den ús iomlán fabhraithe ar an gcoigilteas sin don bhliain roimhe, is féidir acmhainní an Chiste a úsáid chun freastal ar na híocaíochtaí úis sin a sháraíonn 11 faoin gcéad den ús fabhraithe sin. Caitheadh an tsuim thosaigh a íocadh leis an gCiste. Níor íocadh aon airgead leis an gCiste in 2013 agus níor coinníodh aon airgead ann ag deireadh na bliana.

11. Airgead agus Sócmhainní Airgeadais Eile

 

Iarmhéid Tosaigh
amhail an 1 Eanáir 2013

Gluaiseachtaí
le linn
2013

Iarmhéid Deiridh
amhail an 31 Nollaig
2013

 

€000

€000

€000

Cuntas Státchiste

15,279,782

(10,847,667)

4,432,115

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitil (nóta 15)

360

139

499

Nótaí Ráthaithe na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe

3,982,178

(278,422)

3,703,756

Taiscí, Taiscí Comhthaobhaithe agus Billí Státchiste

4,065,338

10,043,387

14,108,725

Maoiniú Comhthaobhachta ITC (nóta 13)

522,743

832,897

1,355,640

23,850,401

(249,666)

23,600,735

Tá Taiscí, Taiscí Comhthaobhaithe agus Billí Státchiste comhdhéanta díobh seo a leanas: Taiscí ar fiú €3.679 billiún iad (2012: €2.680 billiún) le bainc thráchtála, Taiscí Comhthaobhaithe ar fiú €7.389 billiún iad (2012: €0.339 billiún) agus Billí Státchiste ar fiú €3.041 billiún iad (2012: €1.046 billiún).

Is féidir nach mbeidh Nótaí Ráthaithe na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe so-inréadaithe, ag brath ar choinníollacha an mhargaidh.

Tagann Maoiniú Comhthaobhachta ITC ón gceanglas maidir le comhthaobhacht airgid a bhreacadh faoi Iarscríbhinní Tacaíochta Creidmheasa a bhaineann le hidirbhearta díorthacha áirithe. Athraíonn na hiarmhéideanna seo, agus rochtain ar an gcomhthaobhacht airgid lena mbaineann, ar bhonn laethúil agus braitheann siad ar luach margaidh na ndíorthach seo.

12. Bainistíocht Riosca

De bharr fhreagracht na Gníomhaireachta as fiachas nua a eisiúint agus as fiachais i mbun aibiú a aisíoc araon, i dteannta le bainistíocht ráta úis agus próifíl airgeadra na punainne iomláine fiachais, is cuid lárnach fhíorthábhachtach de ghnó na Gníomhaireachta í bainistíocht riosca. Is iad na príomhchatagóirí riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ná riosca leachtachta, riosca margaidh, riosca creidmheasa an chontrapháirtí agus riosca oibríochta. I ngach ceann de na réimsí seo, tá beartais agus nósanna imeachta ag an nGníomhaireacht chun an riosca lena mbaineann a thomhas agus a rialú.

Is príomhchuspóir de chuid na Gníomhaireachta é a chinntiú go bhfuil dóthain airgid ag an Státchiste chun gach dualgas a chomhlíonadh agus iad dlite. Is é an cúram is tábhachtaí atá ar an nGníomhaireacht ná a chinntiú go bhfuil leachtacht leordhóthanach ag an Státchiste. Is féidir le rioscaí i leith leachtacht an Fhiachais Náisiúnta eascairt as imeachtaí intíre nó, de bharr an ardleibhéil nascachta atá ann idir margaí, as imeachtaí lasmuigh d’Éirinn. Déanann an Ghníomhaireacht an riosca seo a bhainistiú go príomha trí líon na ndliteanas atá i mbun aibiú ag aon am faoi leith a rialú agus trí thráthúlacht agus méid an mhaoinithe a mheaitseáil. Atreisítear é sin trí na gníomhaíochtaí a dtugann an Ghníomhaireacht fúthu chun leanúint le bonn infheisteoirí idirnáisiúnta atá eolach agus éagsúlaithe a fheabhsú, tríd an mbaint atá aici le gach ceann de na mórmhargaí caipitil a choinneáil agus tríd an raon ionstraimí fiachais is féidir a eisiúint a mhéadú.

Chomhaontaigh an Rialtas clár tacaíochta airgeadais trí bliana d’Éirinn, ar fiú €85 billiún é, le baill AE agus CAI an 28 Samhain 2010. B’ionann an ranníocaíocht sheachtrach leis an gclár agus €67.5 billiún. Áirítear le téarmaí an chláir iasachtaí d’aibíochtaí éagsúla. Tá aibíochtaí céimnithe tábhachtach ó thaobh bainistíocht riosca de toisc go seachnaíonn siad cásanna ina mbeadh “balla maoinithe” roimh Éirinn in aon bhliain ar leith. Rinne an Ghníomhaireacht iarracht a chinntiú go mbeadh eisíocaíochtaí faoi chlár AE/CAI sceidealta ar bhealach a sholáthródh leachtacht leordhóthanach agus a bharrfheabhsódh na costais don Stát ag an am céanna. Tháinig an Clár i gcrích go hoifigiúil i mí na Nollag 2013 agus rinneadh an eisíocaíocht maoinithe deiridh i mí an Mhárta 2014.

Is ionann riosca margaidh agus an riosca a bhaineann leis an drochthionchar atá ag gluaiseachtaí in ús an mhargaidh nó rátaí malairte nó praghsanna eile ar chostais seirbhíse fiachais nó luach iomlán margaidh an fhiachais. Ní mór aird bheith ag an nGníomhaireacht ar impleachtaí gearrthéarmacha agus meántéarmacha araon dá gcuid idirbheart de bharr a gcúraim i rialú ní hamháin costais as fónamh d’fhiachas fioscach garthéarmach ach luach reatha na n-íocaíochtaí uile sa todhchaí ar bhunairgead agus ar ús freisin. Rialaítear an neamhchosaint ar riosca ráta úis agus airgeadra trí ráta úis agus comhchruinniú airgeadra na punainne a bhainistiú de réir threoirlínte an Aire. Tá srianta sonracha cainníochtúla i bhfeidhm chun riosca margaidh a rialú; tuairiscítear neamhchosaint ar na srianta seo go rialta leis na bainisteoirí punainne agus leis an ardbhainistíocht araon. Nuair a athraíonn coinníollacha na margaí airgeadais, déantar athbhreithniú ar ráta cuí úis agus ar phróifíl airgeadra na punainne. Tá an Ghníomhaireacht ag iarraidh an trádchothromú is fearr a ghnóthú idir costas agus riosca thar thréimhse agus tá clár fálaithe i bhfeidhm chun riosca ráta úis agus ráta malairte a bhainistiú agus chun an Státchiste a chosaint ó luaineacht féideartha sa todhchaí. Leagtar amach tuilleadh faisnéise ar úsáid díorthach in Díorthaigh (nóta 13).

Eascraíonn riosca creidmheasa an chontrapháirtí ó dhíorthaigh, ó thaiscí agus ó idirbhearta malairte eachtraí. Laghdaítear leibhéal an riosca creidmheasa trí phlé le contrapháirtí a bhfuil ardchaighdeán creidmheasa acu amháin. Forálann nósanna imeachta d’údarú srianta riosca don uile chomhpháirtí agus tuairiscítear neamhchosaint leis an mbainistíocht go laethúil. Tugtar faoi athbhreithniú ar na srianta ar fad go rialta chun athruithe i stádas creidmheasa na gcontrapháirtithe nó athruithe in imeachtaí geilleagracha nó polaitíochta a chur san áireamh. Chun neamhchosaint an Státchiste roimh chontrapháirtithe margaidh a mhaolú agus lena chinntiú go bhfuil rochtain éifeachtach margaidh ag Éirinn le haghaidh a cuid gníomhaíochtaí fálaithe, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht dul isteach i socruithe tacaíochta creidmheasa le rannpháirtithe an mhargaidh a bhfuil sí ag iarraidh trádáil a dhéanamh leo – baineann sé seo le fáil agus le breacadh comhthaobhachta chun luach margaidh na neamhchosaintí a sheach-chur. Leagtar amach tuilleadh faisnéise ar úsáid socruithe tacaíochta creidmheasa in Díorthaigh (nóta 13).

Bunaíodh rialúcháin chuimsitheacha d’fhonn a chinntiú go ndéantar bainistiú ar rioscaí oibríochtúla ar bhealach stuama. I measc na rialúchán sin, tá deighilt dualgas idir trádáil, próiseáil, íocaíochtaí agus tuairisciú.

13. Díorthaigh

Mar chuid dá straitéis bainistithe riosca, úsáideann an Ghníomhaireacht meascán de dhíorthaigh lena n-áirítear babhtálacha ráta úis, babhtálacha airgeadra agus conarthaí malairte eachtraí. Léirítear sa tábla seo a leanas luach ainmniúil, agus luach reatha, na n-ionstraimí a bhaineann le Fiachas Náisiúnta amuigh ag deireadh na bliana. Deimhnítear luach reatha gach ionstraime trí ráta cuí úis a úsáid chun a sreabhadh iomlán airgid sa todhchaí a lascainiú chuig a luach reatha.

31 Nollaig 2013

31 Nollaig 2012

Ainmniúil
€ milliún

Luach Reatha
€ milliún

Ainmniúil
€ milliún

Luach Reatha
€ milliún

Babhtálacha ráta úis

28,909

(923)

12,844

(1,328)

Babhtálacha Airgeadra & Conarthaí Malairte Eachtraí

18,225

(750)

14,990

329

47,134

(1,673)

27,834

(999)

Soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí státchiste don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) faoi alt 52 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009.  Dá réir sin, d’fhéadfadh sé idirbhearta díorthacha a dhéanamh le GNBS. Déantar a leithéid sin d’idirbhearta a fhritháireamh trí idirbhearta a mheaitseáil le contrapháirtithe margaidh. Mar thoradh air sin níl aon ghlanéifeacht ar chuntais an Fhiachais Náisiúnta. Ba é €23.5 billiún (2012: €19.4 billiún) luach ainmniúil na mbabhtálacha ráta úis a rinneadh le GNBS ag deireadh 2013; ba é €5.6 billiún (2012: €6.2 billiún) luach ainmniúil na mbabhtálacha airgeadra agus na gconarthaí ráta malairte a rinneadh le GNBS ag deireadh 2013.

Chun na rioscaí a eascraíonn ó idirbhearta díorthacha a mhaolú, déanann an Ghníomhaireacht socruithe tacaíochta creidmheasa lena chontrapháirtithe margaidh. Dréachtaítear conarthaí díorthacha i gcomhréir le Máistir-Chomhaontuithe an Chumainn um Babhtálacha agus Dhíorthaigh Idirnáisiúnta (“CBDI”). Is doiciméad dlíthiúil í Iarscríbhinn Tacaíochta Creidmheasa (“ITC”) a d’fhéadfadh bheith ceangailte le Máistir-Chomhaontú CBDI chun tacaíocht chreidmheasa a rialú (sa chás seo, comhthaobhacht airgid) le haghaidh idirbhearta díorthacha. Sainmhínítear inti na cásanna faoinar gá do chontrapháirtithe comhthaobhacht a bhreacadh. Faoi na hIarscríbhinní Tacaíochta Creidmheasa, is ionann breacadh airgid agus aistriú iomlán úinéireachta.  Ach, tá an t-aistriú faoi réir dualgais comhthaobhacht choibhéiseach a thabhairt ar ais de réir athruithe i luachanna margaidh nó faoi chúinsí ar leith mar atá Imeacht Críochnaithe nó Imeacht Loicthe.  Tá an soláthróir comhthaobhachta i dteideal ús a chur i dtaisce ar iarmhéideanna airgid postáilte.

Chuir an Ghníomhaireacht Cuntas Tacaíochta Creidmheasa ar bun i mBanc Ceannais na hÉireann in 2010 chun na hidirbhearta seo a éascú. Déantar luacháil ar chonarthaí díorthacha ar bhonn laethúil. Nuair a bhíonn gá le comhthaobhacht ó chontrapháirtí, íoctar í isteach sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa. Nuair a bhíonn gá ag an nGníomhaireacht comhthaobhacht a phostáil le contrapháirtí, úsáideann sí an t-airgead sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa chun an íocaíocht chomhthaobhachta a mhaoiniú. Má bhíonn easpa airgid sa Chuntas Tacaíochta Creidmheasa, maoinítear an Cuntas ón Státchiste.

Cuntas Tacaíochta Creidmheasa

2013

€ milliún

2012

€ milliún

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

Aistrithe corrlaigh a fuarthas ó chontrapháirtithe

5,702

4,353

Aistrithe corrlaigh a íocadh le contrapháirtithe

(6,535)

(4,161)

Glanmhaoiniú Státchiste le linn na bliana

833

(192)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig

   NIALAS

   NIALAS

 

2013

€ milliún

 

2012

€ milliún

Tabhair faoi deara:

Maoiniú Státchiste amhail an 31 Nollaig

1,356

523

Glan-Chomhthaobhacht breactha chuig contrapháirtithe amhail an 31 Nollaig

(1,356)

(523)

 

Rinne GBCN dhá Chomhaontú Postála Comhthaobhachta le GNBS, faoina gceanglaítear ar GNBS comhthaobhacht a bhreacadh chuig an nGníomhaireacht nuair a éilíonn an Ghníomhaireacht a leithéid uirthi. Ag deireadh na bliana 2013, bhí comhthaobhacht €0.802 billiún (2012: €1.15 billiún) breactha ag GNBS mar chuid de na comhaontuithe sin.

14. Fiachas Náisiúnta – Comhdhéanamh Airgeadra

Fálaíonn an Ghníomhaireacht riosca airgeadra eachtraigh an Fhiachais Náisiúnta trí úsáid a bhaint as réamhchonarthaí malairte eachtraí agus as babhtálacha airgeadra. Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh airgeadra an Fhiachais Náisiúnta agus na bhfálta airgeadra gaolmhara:

 

Amhail an 31 Nollaig

Airgeadra

2013

€ milliún

2012

€ milliún

 

Ionstraimí Fiachais

Euro

155,722

122,940

Dollar SAM

9,323

8,345

Punt Steirling

6,462

4,717

Yen na Seapáine

1,697

1,843

Franc na hEilvéise

24

81

173,228

137,926

Airgeadra Eachtrach & Conarthaí Babhtála

Euro

18,225

14,693

Dollar SAM

(9,323)

(8,335)

Punt Steirling

(6,462)

(4,721)

Yen na Seapáine

(1,697)

(1,850)

Franc na hEilvéise

(24)

(81)

719

(294)

 

 

Fiachas Náisiúnta1

173,947

137,632

1 Tá an figiúr seo glan ar shócmhainní airgid agus ar shócmhainní airgeadais eile arbh fhiú €23,601 milliún iad amhail an 31 Nollaig 2013 (31 Nollaig 2012: €23,850 milliún).

15. An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla

Úsáidtear an cuntas sin chun taifead a dhéanamh orthu seo a leanas:

  1. íocaíochtaí úis agus bunairgid as blianacht bhliantúil atá cumtha chun iasachtaí le haghaidh caipiteal vótáilte a amúchadh faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 (arna leasú).
  2. fáltais agus íocaíochtaí áirithe a eascraíonn as fónamh fiachais agus as idirbhearta bainistíochta fiachais atá údaraithe faoi alt 67(8) den Acht Airgeadais, 1988, agus faoi alt 54(7) den Acht Airgeadais, 1970 (arna leasú).

16. Cuntais Imréitigh Airgeadra Eachtraigh

   

2013

Nóta

€000

€000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2013

NIALAS

Suimeanna a Fuarthas faoin Acht Airgeadais, 1988 [alt 67 (8)]

26,797,890

Suimeanna a Íocadh faoin Acht Airgeadais, 1970 [alt 54 (7)]

(25,817,908)

979,982

Fáltais Iasachtaí Airgeadra Eachtraigh

7,922,195

Íocaíochtaí Iasachtaí Airgeadra Eachtraigh

(8,688,161)

(765,966)

Ús a Íocadh ar Iasachtaí Airgeadra Eachtraigh

1

Fiachas Meántéarmach/Fadtéarmach

(207,027)

Fiachas Gearrthéarmach

(1,181)

(208,208)

Speansais ar Iasachtaí Airgeadra Eachtraigh

(4,608)

Speansais na Gníomhaireachta

(1,200)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2013

NIALAS

 

17. Iasachtaí ó Chistí faoi smacht an Aire Airgeadais

Iasachtaí gearrthéarmacha iad na cistí seo ón Státchiste a tharraingítear anuas mar mhodh “bealaí agus modhanna” chun riachtanais an Státchiste a mhaoiniú ó líon cistí atá faoi smacht an Aire Airgeadais.

2013

2012

€ milliún

€ milliún

Ciste Bhanc Taisce an Phoist

471

624

Cuntas Infheistíochta Airgead Taisce (nóta 22)

205

162

676

786

 

18. Taiscí, Billí Státchiste agus Sócmhainní Airgeadais Eile

Cuireann an Ghníomhaireacht taiscí gearrthéarmacha i mBillí Státchiste, i dTaiscí Comhthaobhaithe agus i mBillí Státchiste le haghaidh aibíochtaí suas le bliain amháin chun críocha bainistiú leachtachta.

19.   Cuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta

Eisíonn nó cealaíonn an Ghníomhaireacht Bannaí reatha Rialtas na hÉireann ó am go ham. Déantar é sin trí dhíolachán nó trí cheannach ag Ciste Bhanc Taisce an Phoist (“CBTP”), a shocraíonn leis an Státchiste é ansin. Áirítear sa tsuim shocraíochta do gach idirbheart banna an t-ús atá fabhraithe ag an am sin i dtréimhse an chúpóin.

Tá díbhinn iomlán iníoctha leis an úinéir cláraithe i gcásanna ina gcoinnítear an banna go dtí an dáta ex-díbhinne. Is sa Chuntas Réamh-Ús Iasachtaí Náisiúnta a stóráiltear an t-ús fabhraithe atá íoctha go dtí go mbeidh an lándíbhinn dlite ar dháta an chúpóin. Is é cuspóir an chuntais sin ná gur féidir le Ciste Bhanc Taisce an Phoist an Státchiste a chúiteamh leis an ngné neamhshaothraithe den díbhinn a íocadh ar dháta an chúpóin agus a d’eascair as bannaí tráinse cum díbhinn nó as bannaí cealaithe ex-díbhinne. Ar dháta an chúpóin, úsáidtear na suimeanna sin ansin chun costais ghaolmhara fónaimh an Státchiste a fhritháireamh.

2013

2012

 

€000

€000

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

 

 

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

12,179

11,924

Ús fabhraithe a fuarthas ar Iasachtaí Náisiúnta

– Tráinsí agus Ceantanna

42,038

65,242

Ús fabhraithe a íocadh ar Iasachtaí Náisiúnta

(48,873)

(64,987)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig – Airgead le Banc Ceannais na hÉireann

5,344

12,179

 

20. Cuntas Iasachtaí Náisiúnta (Foirceannadh)

Nuair atá Iasacht Náisiúnta le fuascailt, tá an tsuim iomlán gan íoc iníoctha leis na sealbhóirí iasachta. Aon suim nach n-éilíonn an sealbhóir iasachta ar dháta na fuascailte, aistrítear í chuig an gcuntas seo trí íocaíocht ón Státchiste. Dá bhrí sin, is ón gcuntas sin a fhreastalófar ar aon éilimh amach anseo a dhéanfar i dtaca leis na hiasachtaí sin. Áirítear sa chuntas seo freisin iarmhéideanna a bhí i seilbh an Bhainc Ceannais agus na Roinne Airgeadais mar Ghníomhairí Íocaíochta i leith íocaíochtaí fuascailte nár glacadh leo agus a aistríodh chuig an nGníomhaireacht.

2013

2012

€000

€000

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

3,455

3,363

Fáltais ón Státchiste

198

1,193

Fáltais ó Chuntas Fionraí an Bhainc Ceannais

102

69

Íocaíochtaí le Cuntas Fionraí an Bhainc Ceannais

(70)

(138)

Íocaíochtaí le Fuascailt ar Iasachtaí Náisiúnta

(596)

(1,032)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig – Airgead le Banc Ceannais na hÉireann

3,089

3,455

 

2013

2012

 

€000

€000

Iasachtaí Náisiúnta a Fuasclaíodh le linn na Bliana Dar Chríoch

 

 

Bannaí Náisiúnta 1966-77

1

Iasacht Forbartha Náisiúnta 5.25% 1979-84

1

Stoc Comhshó 9% 1980-2

1

Stoc Státchiste 6% 1980-85

1

Iasacht Náisiúnta 7.5% 1981-86

4

Iasacht Náisiúnta 5.75% 1982-87

1

Stoc Státchiste 5.75% 1984-89

9

1

Iasacht Náisiúnta 9.75% 1984-89

3

Iasacht Státchiste 6% 1985-90

7

Iasacht Státchiste 14% 1985-90

2

Iasacht Náisiúnta 6.75% 1986-91

2

Iasacht Náisiúnta 7% 1987-92

11

Stoc Comhshó 15% 1988

1

Stoc Státchiste 11.5% 1990

3

Iasacht Náisiúnta 11% 1993-98

1

Stoc Státchiste 13% 1994

1

Stoc Caipitil 7.75% 1997

5

Stoc Státchiste 6.5% 2000-05

42

Stoc Caipitil 8.25% 2008

5

Stoc Státchiste 6% 2008

39

Stoc Caipitil 8.5% 2010

38

68

Stoc Caipitil 8.75% 2012

271

912

Banna Státchiste 5% 2013

198

596

1,032

 

21. Cuntas Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Díbhinní nár Éilíodh)

Nuair atá íocaíocht díbhinne dlite ar bhanna, íocann an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán leis an nGníomhaire Íocaíochta, a eisíonn í do na sealbhóirí cláraithe ansin. Léiríonn an t-iarmhéid i gcuntas na ndíbhinní nár éilíodh díbhinní ar iasachtaí aibí, nár éiligh na sealbhóirí cláraithe orthu agus a d’aischuir an Gníomhaire Íocaíochta leis an nGníomhaireacht. Tá an t-iarmhéid ar fáil chun aon éileamh ar na díbhinní seo sa todhchaí a íoc. Cothaíonn an Gníomhaire Íocaíochta cúlchnap airgid, thar ceann na Gníomhaireachta, a úsáidtear chun éilimh a íoc le linn na bliana.

 

2013

2012

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

€000

€000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

2,556

2,610

Íocaíocht maidir le Díbhinní nár Éilíodh

(28)

(54)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig – Airgead le Banc Ceannais na hÉireann

2,528

2,556

 

 

 

 

 

2013

2012

Díbhinní a Éilíodh agus a Íocadh sa Bhliain

€000

€000

Bannaí Rialtas na hÉireann Cláraithe le Banc Ceannais na hÉireann

28

47

Bannaí Eachtracha faoi Riarachán an Ghníomhaire Íocaíochta

7

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig – Airgead le Banc Ceannais na hÉireann

28

54

 

22. Cuntas Infheistíochta Airgead Taisce

Déanann an cuntas seo taifeadadh ar iasachtaí agus ar aisíocaíochtaí cistí barrachais atá i gCuntas Soláthair an Phámháistir Ghinearálta.

 

2013

2012

Cuntas Fáltas agus Íocaíochtaí

€000

€000

Iarmhéid amhail an 1 Eanáir

162,082

256,383

Airleacain Bealaí agus Modhanna a Íocadh leis an Státchiste

6,763,310

6,527,704

Airleacain Bealaí agus Modhanna a D’aisíoc an Státchiste

(6,720,417)

(6,622,005)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig – Airleacain Bealaí agus Modhanna leis an Státchiste

204,975

162,082

 

23. Cuntas ar Stoc ar Glacadh leis mar Íocaíocht ar Cháin Oidhreachta agus ar Dhleachtanna Báis

Níor glacadh le haon stoc mar íocaíocht ar cháin oidhreachta ná ar dhleachtanna báis le linn 2013.

24. Nótaí Gealltanais IBRC a Ghlanadh

2013
De bhun na reachtaíochta lenar cuireadh an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc (“IBRC”) faoi leachtú speisialta an 7 Feabhra 2013, agus de bhun an chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Banc Ceannais na hÉireann (“BCÉ”) maidir le Bannaí fadtéarmacha Rialtais a chur in ionad na nótaí gealltanais arna soláthar do IBRC a bhí faoi úinéireacht stáit, cuireadh na nótaí gealltanais ar ceal agus cuireadh ocht mBanna Státchiste ráta chomhlúthaigh ina n-ionad. Eisíodh suim iomlán €25.03 billiún do BCÉ an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí. Íocfaidh na bannaí ús gach sé mhí (Meitheamh agus Nollaig) bunaithe ar ráta úis 6-mhí de chuid Euribor móide corrlach seasta le meán 2.63 phointe céatadáin thar na hocht n-eisiúint. Chuaigh an Ghníomhaireacht isteach i dtrádálacha díorthach ráta úis ghearrthéarmaigh chun cuid den nochtadh i leith gluaiseachtaí ráta úis a fhálú. Tá tuilleadh faisnéise san áireamh i Nóta 13 – Díorthaigh.

2012
In 2010, d’eisigh an tAire Airgeadais nótaí gealltanais don Bhanc Angla-Éireannach Teoranta (ar a dtabharfaí an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc Teoranta ina dhiaidh sin [“IBRC”]). Bhí tráthchuid €3.06 billiún le híoc ag an Aire le IBRC an 31 Márta 2012. D’aontaigh IBRC glacadh leis na Bannaí Rialtais a d’eisigh an Ghníomhaireacht thar ceann an Aire, bannaí arb ionann an luach a bhí orthu agus an t-airgead a bhí dlite chun an tráthchuid a ghlanadh agus rinne IBRC comhaontú suibscríbhinne bannaí leis an nGníomhaireacht dá bharr. Faoi Ghníomhas Fritháirimh dar dáta an 30 Márta 2012, chomhaontaigh an tAire, IBRC agus an Ghníomhaireacht go ndéanfaí fáltais ón díolachán bannaí le IBRC a ghlanadh in aghaidh na tráthchoda a bhí dlite do IBRC faoi na nótaí gealltanais. Níor tharla aon idirbhearta airgid sa Chuntas Státchiste dá bharr. Toisc gur tháinig méadú ar an bhFiachas Náisiúnta dá bharr, chuaigh an Ghníomhaireacht i ngleic le díolachán na mbannaí trí ghnátheisiúint bannaí.

25. Imeachtaí ó Dháta an Chláir Chomhardaithe

I mí na Bealtaine 2014, d’eisigh an Rialtas an Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú). Nuair a achtófar é, déanfar leis an mBille struchtúir rialachais na Gníomhaireachta a chuíchóiriú agus a shimpliú ionas go mbeidh sí in ann glacadh le cur chuige níos comhtháite i leith chomhlíonadh a feidhmeanna. Athbhunófar an Ghníomhaireacht mar chomhlacht a mbeidh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile aici, daoine a mbeidh freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag an nGníomhaireacht (seachas GNBS a leanfaidh lena bord ar leith féin a bheith aici). Déanfar Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, Coiste Comhairleach na Ghníomhaireachta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh.

Ní bheidh aon tionchar ar ghlanluachanna an Fhiachais Náisiúnta.