Expand All

Collapse All

GBCN – Cuntas Riaracháin

Don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013

Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid Thithe an Oireachtais

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta – Cuntas Riaracháin

Tá iniúchadh déanta agam ar chuntas riaracháin Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Beidh sa chuntas riaracháin, arna ullmhú faoi na beartais chuntasaíochta leagtha amach ansin, na beartais chuntasaíochta, an cuntas ioncaim agus caiteachais, an clár comhardaithe, an ráiteas ar ghnóthachain agus caillteanais iomlána aitheanta agus na nótaí gaolmhara. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais san fhoirm a fhorordaítear faoi alt 12 den Acht, agus de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn.

Freagrachtaí na Gníomhaireachta

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as an gcuntas riaracháin a ullmhú, as a chinntiú go dtugtar léargas fírinneach cóir maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta agus maidir lena n-ioncam agus lena gcaiteachas, agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.

Freagrachtaí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Is é an fhreagracht atá orm an cuntas riaracháin a iniúchadh agus tuairisciú air de réir an dlí is infheidhme.

Déantar m’iniúchadh trí thagairt do na léirbhreithnithe speisialta a bhaineann le comhlachtaí Stáit maidir lena mbainistíocht agus lena bhfeidhmiú.

Tá m’iniúchadh déanta de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta maidir le hIniúchóireacht (An Ríocht Aontaithe agus Éire) agus de réir Chaighdeáin Eiticiúla an Bhoird um Chleachtais Iniúchóireachta d’Iniúchóirí.

Raon feidhme an iniúchta ar an gcuntas riaracháin

Baineann iniúchadh le fianaise a fháil ar na méideanna agus na nochtaí sa chuntas riaracháin, iad a bheith dóthanach chun dearbhú réasúnach a thabhairt go bhfuil an cuntas riaracháin saor ó mhíráiteas ábhartha, cibé acu de bharr calaoise nó earráide. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar

  • cibé acu an cuí nó nach cuí iad na beartais chuntasaíochta ó thaobh chúinsí na Gníomhaireachta de, agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil siad nochta go cuí.
  • réasúntacht na meastachán suntasach cuntasaíochta a rinneadh in ullmhú an chuntais, agus
  • cur i láthair foriomlán an chuntais.

Déanaim iarracht freisin fianaise a fháil ar rialtacht na n-idirbheart airgeadais le linn an iniúchta.

Ina theannta sin, léim Tuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta chun neamhréireachtaí ábhartha leis an gcuntas riaracháin iniúchta a shainaithint. Má thagaim ar an eolas faoi mhíráiteas nó neamhréireacht ábhartha fhollasach ar bith, breathnaím ar na himpleachtaí a bheidh i gceist do mo thuarascáil.

Tuairim ar an gcuntas riaracháin

I mo thuairim, tugtar léargas fírinneach cóir sa chuntas riaracháin, a ullmhaíodh mar ba cheart de réir an chleachtais chuntasaíochta a bhfuil glacadh leis in Éirinn, maidir le staid chúrsaí na Gníomhaireachta amhail an 31 Nollaig 2013 agus maidir lena hioncam agus lena caiteachas don bhliain 2013.

I mo thuairim, tá leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an nGníomhaireacht. Tá an cuntas riaracháin ar aon dul leis na leabhair chuntais.

Ábhair ar a dtuairiscím trí eisceacht

Tuairiscím trí eisceacht sa chás

  • nach bhfuair mé an t-eolas agus na mínithe ar fad a theastaigh uaim le haghaidh m’iniúchta, nó
  • gur tugadh faoi deara i m’iniúchadh aon ásc ábhartha nár caitheadh airgead poiblí do na críocha a bhí beartaithe nó nuair nach raibh na hidirbhearta de réir na n-údarás atá á rialú, nó
  • nach bhfuil an t-eolas a thugtar i dTuarascáil Bhliantúil na Gníomhaireachta comhsheasmhach leis an gcuntas riaracháin lena mbaineann, nó
  • nach léiríonn an ráiteas ar rialú inmheánach airgeadais gur chomhlíon an Ghníomhaireacht an Cód Cleachtas ar Rialachas Comhlachtaí, nó
  • go bhfaighim amach go bhfuil cúrsaí ábhartha eile ann a bhaineann leis an gcaoi ar cuireadh gnó poiblí i gcrích.

Níl aon rud le tuairisciú agam maidir leis na hábhair siúd ar a dtuairiscítear trí eisceacht.

 

SeamusMcCarthy_sig
Seamus McCarthy
An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

28 Meitheamh 2014

Beartais Chuntasaíochta

(a) Cúlra

Feidhmíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) le sainchúram tráchtála chun seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas a chur ar fáil don Rialtas. D’fhás siad ó bheith ina ngníomhaireacht aon fheidhme a bhainistíonn an Fiachas Náisiúnta agus iad anois ina mbainisteoir ar phunann chasta sócmhainní agus dliteanas poiblí. I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag an nGníomhaireacht, tá iasachtaíocht i gcomhair an Státchiste agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, an tÚdarás um Gheilleagar nua agus um Théarnamh, an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean agus an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta. Sannann siad baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (“GNBS”) agus soláthraíonn siad seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta dóibh. Ina theannta sin, faoin treoir a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011. Ina dhiaidh sin, cuireadh Aonad Baincéireachta na Gníomhaireachta ar iasacht leis an Roinn Airgeadais.

Faoi alt 11 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 déanfar na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a cuid feidhmeanna a mhuirearú agus a íoc amach as an bPríomh-Chiste (Státchiste) nó ar a thoradh fáis. Faoi ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS. I gcás costas den sórt sin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht, aisíocann GNBS iad leis an nGníomhaireacht.

(b) Airgeadra Tuairiscithe

Is é an euro an t-airgeadra tuairiscithe, a chuirtear in iúl leis an tsiombail €.

(c) Bonn na Cuntasaíochta

Réitíodh na ráitis airgeadais ar bhonn fabhraithe faoi choinbhinsiún an chostais stairiúil. Tá foirm na ráiteas airgeadais ceadaithe ag an Aire Airgeadais faoi alt 12 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990.

(d) Sócmhainní Seasta agus Dímheas

Taispeántar na sócmhainní seasta ag costas lúide dímheas carntha. Dímheastar sócmhainní seasta i dtráthchodanna bliantúla thar a saolré fónta measta.

(e) Léasú

Gearrtar cíosanna faoi léasanna oibriúcháin ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais ar bhonn carntha.

(f) Pinsin

Reáchtálann an Ghníomhaireacht scéim phinsin le sochar sainithe d’fhostaithe faoi leith agus déanann sí ranníocaíochtaí le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (“CCSP”) d’fhostaithe eile. Maoinítear na ranníocaíochtaí as buiséad riaracháin na Gníomhaireachta.

Tugtar cuntas ar chostais na scéime pinsin le sochar sainithe faoi FRS 17. Tomhaistear sócmhainní na scéime pinsean de réir luach cóir. Déantar dliteanais na scéime pinsin a thomhas ar bhonn achtúireach agus leas á bhaint as an modh réamh-mheasta aonaid. Léirítear barrachas dliteanais scéime thar shócmhainní scéime ar an gClár Comhardaithe mar dhliteanas. Is éard atá i gceist le maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach a ghnóthófar amach anseo ón bPríomh-Chiste.

Is ionann an muirear pinsin le sochar sainithe sa Chuntas Ioncaim agus Caiteachais agus an costas seirbhíse reatha agus an costas seirbhíse a rinneadh móide an difríocht idir an toradh iarbhír ar shócmhainní scéime agus an costas úis ar dhliteanais scéime. Sonraítear suim arb ionann í agus an táille ar phinsean mar ioncam atá inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste sa todhchaí.

Léirítear na gnóthachain agus na caillteanais achtúireacha a eascraíonn as dliteanais toimhdí achtúireacha agus ó ghnóthachain agus ó chaillteanais ó thaithí sa Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána don bhliain ina dtarlaíonn siad, agus tá aird ar athrú comhfhreagrach sa tsuim inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste.

Aithnítear costas ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta sna Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta mar íocaíocht sa Chuntas Riaracháin sa bhliain airgeadais lena mbaineann seirbhís an fhostaí.

(g) Bogearraí

Gearrtar costais bhogearraí ríomhaireachta ar an gcuntas ioncaim agus caiteachais sa tréimhse ina dtabhaítear iad.

(h) Cuntas Caipitil

Léiríonn an cuntas caipitil fáltais ón bPríomh-Chiste, a leithdháileadh chun sócmhainní seasta a cheannach. Déantar na fáltais a amúchadh ar aon dul le dímheas ar na sócmhainní seasta lena mbaineann.

Cuntas Ioncaim agus Caiteachais

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

Ioncam

Suim Infhaighte ón bPríomh-Chiste

1(a)

41,915

34,621

Ioncam Eile

2

41,847

37,715

Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha

4(a)

1,049

948

Aistriú ón/(chuig an) gCuntas Caipitil

9

47

(274)

84,858

73,010

Caiteachas

Costais na Gníomhaireachta

3(a)

(84,858)

(73,010)

Glanioncam/(Glanchaiteachas)

 

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

27 Meitheamh 2014

Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána

An bhliain dar chríoch an 31 Nollaig

2013

2012

Nóta

€000

€000

(Caillteanas)\Gnóthachan Achtúireach atá aitheanta ar Dhliteanais Phinsin

5(f)

(1,630)

3,415

Gluaiseacht i Maoiniú Pinsin Iarchurtha

4(b)

1,630

(3,415)

(Caillteanas)\Gnóthachan Aitheanta Iomlán

 

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

27 Meitheamh 2014

Clár Comhardaithe

31 Nollaig

2013

2012

 

Nóta

€000

€000

Sócmhainní Seasta

 

 

 

Sócmhainní Seasta

6

3,202

3,249

Sócmhainní Reatha

Féichiúnaithe

7

9,130

13,757

Airgead sa Bhanc agus ar Láimh

3,180

1,393

Sócmhainní Reatha Iomlána

12,310

15,150

Dliteanais Reatha

Creidiúnaithe

8

(12,310)

(15,150)

Sócmhainní Reatha lúide Dliteanais Reatha

Sócmhainní Iomlána lúide Dliteanais Reatha roimh Phinsin

3,202

3,249

Maoiniú Iarchurtha Pinsin

5(d)

3,549

870

Dliteanas Pinsin

5(d)

(3,549)

(870)

Sócmhainní Iomlána Lúide Dliteanais Reatha

3,202

3,249

Ag Ionadú:

Cuntas Caipitil

9

3,202

3,249

 

Is cuid de na ráitis airgeadais seo iad na nótaí 1 go 11.

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

27 Meitheamh 2014

Nótaí leis na Ráitis Airgeadais

1. Ioncam an Phríomh-Chiste

(a) Feidhmíonn an Príomh-Chiste ar bhonn fáltas agus íocaíochtaí, ach bunaíodh na cuntais seo ar bhonn fabhraithe. Leagtar na nithe réitigh amach sa tábla seo a leanas:

 

 

2012

2012

 

Nóta

€000

€000

Suim thosaigh dlite don Phríomh-Chiste

9,419

3,963

Suimeanna a fuarthas ón bPríomh-Chiste

37,938

40,077

Suim dlite don Phríomh-Chiste ag deireadh na bliana

8

(5,442)

(9,419)

Suim infhaighte ón bPríomh-Chiste don bhliain

41,915

34,621

 

(b) Is í an tsuim iomlán atá aitheanta a bheith (iníoctha leis an) / inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste:

2013

2012

Nóta

€000

€000

Creidiúnaithe

8

(5,442)

(9,419)

Maoiniú Iarchurtha Pinsin

5(d)

3,549

870

(1,893)

(8,549)

 

2. Ioncam eile

2013

2012

€000

€000

Gnóthú Speansas ó GNBS

40,768

36,890

Ioncam Urrús faoi Chumhdach Sócmhainní

811

465

Ioncam Eile

237

290

Gnóthú Speansas ó Fhorais Chlúdaithe Chreidmheasa

31

70

41,847

37,715

 

Faoi ailt 41 agus 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009, soláthraíonn an Ghníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS mar aon le foireann a shannadh d’fheidhmeanna GNBS, de réir mar a aontaítear.  Ba é costas na seirbhísí sin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 ná €40.8m (2012: €36.9m).

Eisítear Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne faoin Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne, 2001, arna leasú ag an Acht um Urrúis faoi Chumhdach Sócmhainne (Leasú) 2007.  Sa chás go mainníonn banc atá cláraithe mar fhoras creidmheasa morgáiste sainithe nó mar fhoras creidmheasa poiblí sainithe faoin Acht, foráiltear leis an Acht nach mór don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas, (i) iarracht a dhéanamh soláthraí seirbhísí eile a fháil chun na cistí cuí sócmhainní a bhainistiú, (ii) comhlacht corpraithe eile a fhostú chun a bheith ina mháthairaonán i leith na gcistí cuí, nó, (iii) na cistí a bhainistiú léi féin. Faigheann an Ghníomhaireacht ioncam urrús faoi chumhdach sócmhainne i gcomaoin, atá bunaithe ar shuim ainmniúil gach banna in eisiúint faoi chumhdach sócmhainne.

Ghnóthaigh an Ghníomhaireacht táillí gairmiúla €0.03m (2012: €0.07m) a bhain le feidhmeanna an chórais bhaincéireachta.

Is é atá in ioncam eile go príomha ná táille bhliantúil seirbhíse a ghearrtar ar an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe i gcomhair iasachtaí a fháil thar a ceann faoi Chlár Páipéar Tráchtála.

3. Costais na Gníomhaireachta

(a) Costais na Gníomhaireachta

2013

2012

Nóta

€000

€000

Costais Fhostaíochta

57,831

51,009

Costais Oibriúcháin

13,371

11,884

Costas Bliantúil Pinsin le Sochair Sainithe

5(e)

6,617

5,599

Táillí Gairmiúla

5,803

3,242

Dímheas

6

1,088

1,121

Costais Phinsin CCSP

3(d)

148

155

Speansais Iomlána

84,858

73,010

 

Áirítear le speansais oibriúcháin costais teicneolaíochta, costais áitíochta, costais seirbhísí gnó agus speansais taistil na foirne.

Tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chomhlíonadh cánach, chomhaontaigh an Ghníomhaireacht socraíocht dheonach leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le cúrsaí stairiúla cánach arbh fhiú €0.37m iad, a íocadh in 2013.

Faoin treoir a eisíodh don Ghníomhaireacht faoi Ionstraim Reachtúil (I.R.) Uimh. 115 de 2010, tharmlig an tAire Airgeadais roinnt feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig an nGníomhaireacht. Cúlghaireadh an tarmligean sin le héifeacht ón 5 Lúnasa 2011 faoi I.R. Uimh. 395 de 2011. Ina dhiaidh sin, cuireadh Aonad Baincéireachta na Gníomhaireachta ar iasacht leis an Roinn Airgeadais.  Ar ordú an Aire, leanann an Ghníomhaireacht de bheith ag freastal ar chostais an Aonaid Baincéireachta, a chuimsíonn costais foirne agus costais comhairleora ghairmiúil.  Tabhaíodh costais comhairleora ghairmiúil €2.1m (2012: €1.1m) ina leith sin.  Áirítear na costais seo i gCostais na Gníomhaireachta mar a leagtar amach iad thuas.

(b) Speansais na Gníomhaireachta d’Fheidhmeanna Sonraithe

2013

€m

2012

€m

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

40.8

36.9

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

11.5

10.3

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

7.1

6.1

An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean

3.9

3.9

 

(c) Luach Saothair agus Speansais Táillí agus Speansais an Choiste Chomhairligh

Is í an Ghníomhaireacht a leagann amach luach saothair do chomhaltaí an Choiste Chomhairligh le cead ón Aire Airgeadais. Tá an luach saothair i ndáil le 2012 agus le 2013 leagtha amach thíos:

2013

2012

Willie Walsh (Cathaoirleach – ceaptha an 11 Samhain 2013)

David Byrne (Cathaoirleach – deireadh téarma: an 31 Nollaig 2012)

45,000

Kevin Cardiff (deireadh téarma: an 3 Feabhra 2012)

Hugh Cooney (deireadh téarma: an 31 Nollaig 2012)

22,500

Brendan McDonagh

22,500

22,500

John Moran (ceaptha an 6 Márta 2012)

Tytti Noras

22,500

22,500

Donald Roth

22,500

22,500

Táillí an Bhoird

67,500

135,000

Tharscaoil Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh (Willie Walsh) an luach saothair a bhí dlite dó do 2013.

D’oibrigh Kevin Cardiff agus John Moran ar an gCoiste ina gcáil mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais. Ní bhfuair siad aon luach saothair i leith a gcomhaltais.

Áirítear i luach saothair chomhaltaí an Choiste Chomhairligh atá leagtha amach thuas laghdú 10 faoin gcéad ar tháillí faoi mar a chomhaontaigh an Coiste le héifeacht ó 1 Eanáir 2012.

Tá speansais a tabhaíodh i leith chomhaltaí an Choiste leagtha amach thíos:

 Comhalta Coiste1

Taisteal

Cóiríocht
agus Cothú

Cáin

Iomlán
2013

Iomlán
2012

Brendan McDonagh

17,122

2,037

13,507

32,666

20,200

Tytti Noras

6,283

1,738

2,369

10,390

8,330

Donald Roth

19,735

1,663

13,390

34,788

28,032

43,140

5,438

29,266

77,844

56,562

Déantar speansais cheadaithe a aisíoc le comhaltaí an Choiste Chomhairligh ar bhonn deimhnithe.  Shoiléirigh na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cáin iníoctha ar na speansais dheimhnithe sin.  Is aitheanta ar leithligh thuas atá na cánacha ábhartha is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim do 2013.  Tá na speansais do 2012 léirithe agus cáin san áireamh iontu.

1 Tá cónaí ar Brendan McDonagh i mBeirmiúda, tá cónaí ar Tytti Noras san Fhionlainn agus tá cónaí ar Donald Roth i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Baineann speansais le costais taistil agus chóiríochta chun freastal ar chruinnithe an Choiste Chomhairligh in oifigí na Gníomhaireachta i mBaile Átha Cliath.

(c) Luach Saothair agus Speansais (ar lean)
Luach Saothair an Phríomhfheidhmeannaigh

2013

2012

Tuarastal

€416,500

€416,500

Sochair incháinithe

€29,129

€29,600

Tá teidlíochtaí pinsin an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ag teacht leis na teidlíochtaí caighdeánacha sa scéim phinsin le sochar sainithe de réir mhúnla na hearnála poiblí.

Is é an tAire Airgeadais, tar éis comhairliúcháin leis an gCoiste Comhairleach, a chinneann luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh. Sa bhliain 2012, ghlac an Príomhfheidhmeannach le laghdú 15 faoin gcéad ar a thuarastal tar éis don Aire Airgeadais é sin a iarraidh agus léirítear an coigeartú sin thuas. Beidh feidhm ag na laghduithe pá dá bhforáiltear san Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2013, a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2013, maidir le foireann GBCN. D’ainneoin na laghduithe a forchuireadh leis an Acht sin, lean an Príomhfheidhmeannach ar aghaidh le suim chomh mór sin a tharscaoileadh go bhfuil a bhuntuarastal bliantúil díreach mar a bhí faoin socrú bunaidh.

Tá luach saothair an Phríomhfheidhmeannaigh comhdhéanta de thuarastal bunúsach, de shochair incháinithe (carr agus árachas sláinte) agus d’íocaíocht a bhaineann le feidhmíocht ar fiú suas le 80 faoin gcéad den tuarastal bliantúil í. Tharscaoil an Príomhfheidhmeannach aon chomaoin maidir le pá a bhain le feidhmíocht do 2012 agus do 2013.

(d) Aoisliúntas
Bronntar teidlíocht aoisliúntais na foirne faoi scéim sochair shainithe aoisliúntais a bunaíodh faoi alt 8 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990. Aistrítear ranníocaíochtaí, ranníocaíochtaí na mball foirne a roghnaigh socruithe sochair shainithe san áireamh, chuig ciste a bhainistítear go seachtrach. Cinntear ranníocaíocht na Gníomhaireachta bunaithe ar chomhairle achtúire neamhspleách Socraíodh ranníocaíocht na Gníomhaireachta do 2013 ar leibhéal 25 faoin gcéad den tuarastal i ndáil le daoine a raibh ballraíocht acu sa Scéim roimh an 1 Eanáir 2010 agus a fhaigheann sochair bunaithe ar a dtuarastal deiridh. Rinneadh ranníocaíocht 10 faoin gcéad den tuarastal i dtaca le baill nua den Scéim ón 1 Eanáir 2010. Is sochair a bheidh bunaithe ar mheántuilleamh gairme a gheobhaidh na hiontrálaithe nua sin, lena n-áireofar baill foirne a bhain leas as socruithe Cuntas Coigiltis Scoir Phearsanta (CCSP) roimhe seo. B’ionann ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta leis an scéim sochair shainithe don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013 agus €5.568m (2012: €4.651m). Tar éis athbhreithniú achtúireach a rinneadh ag deireadh na bliana 2013, tá an ráta ranníocaíochta do gach ball socraithe ag 14.2 faoin gcéad do 2014.

Foráiltear do dhliteanais a eascraíonn faoin scéim sochair shainithe faoi na socruithe thuas, seachas do theidlíochtaí a eascraíonn i leith sheirbhís bhaill faoi leith na Gníomhaireachta a earcaíodh ó réimsí eile laistigh den earnáil phoiblí. Shainigh an tAire Airgeadais an Ghníomhaireacht mar an t-eagras ceadaithe chun críocha Scéim na hEarnála Poiblí (Aistriú Seirbhíse) an 7 Aibreán 1997. Forálann an t-ainmniúchán seo do ranníocaíochtaí a dhéanamh lasmuigh den Státchiste, i measc nithe eile, mar agus nuair atá sochair dlite i gcomhair íocaíochta mar is iondúil, i leith réamhsheirbhís iar-státseirbhíseach a d’fhostaigh an Ghníomhaireacht. Ní dhearnadh aon fhoráil d’íocaíocht na dteidlíochtaí sin a mhaoiniú.

Rinne an Ghníomhaireacht ranníocaíocht €147,791 (2012: €154,705) freisin le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta d’fhostaithe nár bhaill den scéim sochair shainithe iad in 2013.

4. Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha

(a) Glanmhaoiniú Cúlchiste Pinsin Iarchurtha i leith na bliana

2013

2012

Nóta

€000

€000

Maoiniú inghnóthaithe i leith chostais phinsin na bliana reatha

5(e)

6,617

5,599

Ioncam a Caitheadh chun Ranníocaíochtaí a Dhéanamh leis an gCiste Pinsin

3(d)

(5,568)

(4,651)

Glanmhaoiniú Pinsin Iarchurtha

1,049

948

 

(b) Gluaiseacht i Maoiniú Pinsin Iarchurtha

2013

2012

Nóta

€000

€000

Gluaiseacht i suim inghnóthaithe maidir le caillteanas/(gnóthachan) achtúireach na bliana reatha

5(f)

1,630

(3,415)

 

5. Sochair Phinsin

(a) Scéim Phinsin le Sochar Sainithe

Bunaíodh luacháil na scéime sochair shainithe a úsáideadh chun críocha nochtadh FRS17 ar shonraí a chur Riarthóir na Scéime ar fáil.  Cinneadh an luacháil a rinne achtúire neamhspleách le riachtanais FRS17 a chur san áireamh chun na dliteanais a mheas um dháta an chláir chomhordaithe.  Luaitear sócmhainní scéime ag a luach margaidh um dháta an chláir chomhordaithe.

(b) Athrú i Luach Reatha na nOibleagáidí Sochair Shainithe

2013

€000

2012

€000

Oibleagáidí Sochair ag Tús na Bliana

63,254

52,560

Costas Seirbhíse

7,616

6,130

Costas Úis

3,034

2,974

(Gnóthachan)/Caillteanas Achtúireach

6,060

2,211

Sochair a Íocadh

(344)

(490)

Préimheanna Íoctha

(130)

(131)

Oibleagáidí Sochair ag Deireadh na Bliana

79,490

63,254

(c) Athrú i luach cóir na sócmhainní scéime

2013

€000

2012

€000

Luach Cóir na Sócmhainní Scéime ag Tús na Bliana

62,384

49,223

Toradh Ionchais ar Shócmhainní Scéime

2,921

2,504

Gnóthachan Achtúireach

4,430

5,626

Ranníocaíochtaí Fostóirí

5,568

4,651

Ranníocaíochtaí na mBall

1,112

1,001

Sochair a Íocadh ón Scéim

(344)

(490)

Préimheanna Íoctha

(130)

(131)

Luach Cóir na Sócmhainní Scéime ag Deireadh na Bliana

75,941

62,384

Sócmhainní Scéime

%

%

Ba iad na Leithdháiltí Sócmhainne ag deireadh na bliana:

Gnáthscaireanna

51.20

49.38

Bannaí

34.31

33.82

Réadmhaoin

4.19

4.83

Malairtí

9.93

8.19

Airgead

0.37

3.78

100.00

100.00

Chun an toimhde a fhorbairt do ráta an toraidh fhadtéarmaigh ionchasaigh ar shócmhainní, rinneadh breithniú ar leibhéal reatha na dtorthaí ionchasacha ar infheistíochtaí saor ó riosca (bannaí rialtais go príomha), ar leibhéal stairiúil na préimhe riosca a bhaineann le haicmí eile sócmhainní ina bhfuil an phunann infheistithe agus ar na hionchais atá ann do thorthaí amach anseo ar gach aicme sócmhainní. Rinneadh toradh ionchais gach aicme sócmhainní a ualú ina dhiaidh sin, bunaithe ar leithdháileadh na sócmhainní iarbhír, d’fhonn forbairt a dhéanamh ar an toimhde do ráta an toraidh fhadtéarmaigh ionchasaigh ar shócmhainní don phunann.

2013

€000

2012

€000

Toradh Iarbhír ar Shócmhainní Scéime

7,351

8,130

 

(d) Barrachas/(Easnamh) Scéime

2013

€000

2012

€000

Luach Cóir na Sócmhainní Scéime

75,941

62,384

Luach Reatha na nOibleagáidí Maoinithe

(79,490)

(63,254)

Easnamh ag deireadh na bliana

(3,549)

(870)

Suimeanna sa Chlár Comhardaithe

Maoiniú Iarchurtha Pinsin

3,549

870

Dliteanas Pinsin

(3,549)

(870)

(e) Comhpháirteanna an Speansais Phinsin
Is í an tsuim a aithnítear sa chuntas ioncaim agus caiteachais:

2013

2012

Nóta

€000

€000

Costas seirbhíse iomlán

7,616

6,130

Lúide ranníocaíochtaí fostaithe

(1,112)

(1,001)

Costas seirbhíse reatha fostóra

6,504

5,129

Costas Úis

3,034

2,974

Toradh Ionchais ar Shócmhainní Scéime

(2,921)

(2,504)

Muirear Ioncaim agus Caiteachais

3(a)

6,617

5,599

 

(f) Gnóthachan/(caillteanas) achtúireach
Is é seo a leanas an gnóthachan/(caillteanas) achtúireach a aithnítear sa ráiteas ar ghnóthachain agus caillteanais aitheanta iomlána:

2013

€000

2012

€000

Caillteanas achtúireach ar oibleagáidí scéime

(6,060)

(2,211)

Gnóthachan achtúireach ar shócmhainní scéime

4,430

5,626

Ráiteas ar Ghnóthachain agus Caillteanais Aitheanta Iomlána

(1,630)

3,415

 

(g) Príomhthoimhdí Achtúireacha
Ba iad seo a leanas na príomhthoimhdí achtúireacha a úsáideadh:

2013

%

2012

%

Meántoimhdí ualaithe a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh:

Ráta lascaine

4.00

4.30

Ráta méadaithe tuarastail

3.00

3.00

Ráta boilscithe praghsanna

2.00

2.00

Ráta méadaithe pinsin

2.00/3.00

2.00/3.00

Meántoimhdí ualaithe a úsáideadh chun speansas pinsin a chinneadh:

Ráta lascaine

4.30

5.10

Aisíoc ionchais fhadtéarmaigh ar shócmhainní scéime

4.46

4.84

Ráta méadaithe tuarastail

3.00

4.00

Ráta boilscithe praghsanna

2.00

2.00

Ráta méadaithe pinsin

2.00/3.00

2.00/4.00

Blianta

Blianta

Meánionchas saoil ualaithe ag 60 bliain d’aois do tháblaí básmhaireachta a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh:

Pinsinéirí Amach Anseo

– Fear (45 bliain d’aois faoi láthair)

30.5

30.4

– Bean (45 bliain d’aois faoi láthair)

31.6

31.5

Pinsinéirí Reatha

– Fear (60 bliain d’aois faoi láthair)

28.6

28.4

– Bean (60 bliain d’aois faoi láthair)

30.0

29.9

Meánionchas saoil ualaithe ag 65 bliain d’aois do tháblaí básmhaireachta a úsáideadh chun oibleagáidí sochair a chinneadh:

Blianta

Blianta

Pinsinéirí Amach Anseo

– Fear (45 bliain d’aois faoi láthair)

26.0

25.9

– Bean (45 bliain d’aois faoi láthair)

27.0

26.9

Pinsinéirí Reatha

– Fear (65 bliain d’aois faoi láthair)

23.5

23.3

– Bean (65 bliain d’aois faoi láthair)

24.9

24.8

Toradh ionchais ar shócmhainní de réir leithdháileadh sócmhainní:

%

%

Urrúis chothromais

6.50

6.50

Urrúis fiachais

3.00

3.00

Réadmhaoin

5.50

5.50

Airgead

1.00

1.00

Malairtí

6.50

6.50

Meántoradh ualaithe bunaithe ar leithdháileadh sócmhainní

4.49

4.46

 

Ba é €8.871m an speansas measta pinsin don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2014.

(h) Stair na nOibleagáidí Sochair Shainithe, Sócmhainní agus Gnóthachain agus Caillteanais ó Thaithí

2013

€000

2012

€000

2011

€000

2010

€000

2009

€000

Oibleagáid Sochair Shainithe

79,490

63,254

52,560

42,829

37,993

Luach Cóir na Sócmhainní Scéime

75,941

62,384

49,223

44,492

38,619

Easnamh/(barrachas)

3,549

870

3,337

(1,663)

(626)

Difríocht idir Aisíoc Ionchais agus Aisíoc Iarbhír ar Shócmhainní Scéime:

Suim

(4,430)

(5,626)

3,528

224

(5,373)

Léirithe mar % de Shócmhainní Scéime

(5.8%)

(9.0%)

7.2%

0.5%

(13.9%)

(Gnóthachain)/caillteanais ó thaithí ar dhliteanais scéime:

Suim

532

(1,128)

(821)

(1,814)

(1,348)

Léirithe mar % de Dhliteanais Scéime

0.7%

(1.8%)

(1.6%)

(4.2%)

(3.5%)

 

6. Sócmhainní Seasta

 

Costais Feistithe
Réadmhaoine

Troscán, Trealamh agus Mótarfheithiclí

Iomlán

 

€000

€000

€000

Costas:

Iarmhéid Tosaigh amhail an 1 Eanáir 2013

2,494

7,346

9,840

Suimiúcháin ar Chostas

324

738

1,062

Diúscairtí

(118)

(118)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2013

2,818

7,966

10,784

Dímheas Carntha:

Iarmhéid Tosaigh amhail an 1 Eanáir 2013

1,383

5,208

6,591

Dímheas don Tréimhse

81

1,007

1,088

Diúscairtí

(97)

(97)

Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2013

1,464

6,118

7,582

Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2013

1,354

1,848

3,202

Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2012

1,111

2,138

3,249

 

Déantar dímheas a áireamh bunaithe ar shaolré fónta measta na sócmhainní seasta mar a leanas:

Feistiú Réadmhaoine 20 bliain
Trealamh agus Mótarfheithiclí go 5 bliana
Troscán 10 mbliana

Baineann na costais réadmhaoine chaipitlithe le costais feistithe an spáis oifige atá áitithe ag an nGníomhaireacht. Glactar an réadmhaoin ar léas faoi léasanna fadtéarmacha, mar atá luaite i Nóta 10.

 

7. Féichiúnaithe

2013

€000

2012

€000

Suimeanna infhaighte ó GNBS

5,351

8,778

Féichiúnaithe Eile

2,315

2,893

Réamhíocaíochtaí

1,464

2,086

9,130

13,757

 

8. Creidiúnaithe

2013

€000

2012

€000

An Príomh-Chiste

5,442

9,419

Creidiúnaithe

3,524

1,809

Ioncam Iarchurtha

1,563

2,032

Fabhruithe

1,781

1,890

12,310

15,150

 

Baineann Ioncam Iarchurtha le préimh aisiompaithe a chuirfear chun sochair don Chuntas Ioncaim agus Caiteachais ar bhonn bliantúil sa tréimhse go mí Aibreáin 2017 (Nóta 10).

9. Cuntas Caipitil

 

 

 

2013

€000

2012

€000

Iarmhéid Tosaigh

3,249

2,975

Aistriú ón/(chuig an) gCuntas Ioncaim agus Caiteachais

Maoiniú sócmhainne

– Sócmhainní Seasta

1,062

Amúchadh an Mhaoinithe Caipitil

– Amúchadh de réir Dímheasa

(1,088)

– Glansuim a Scaoileadh ar Dhiúscairt Sócmhainní

(21)

(1,109)

(47)

274

Iarmhéid Deiridh

3,202

3,249

10. Ceangaltais

Léasanna Oibriúcháin
Sna blianta 1991, 2004 agus 2007, rinne an Ghníomhaireacht comhaontuithe léasa ar feadh tréimhsí éagsúla go 2026 agus go 2027 i ndáil le cóiríocht oifige ag Foirgneamh an Státchiste, Sráid na Canála Móire, Baile Átha Cliath 2. Chomh maith leis sin, rinne an Ghníomhaireacht comhaontú léasa in 2012 go 2017, i ndáil le cóiríocht oifige ar an gceathrú hurlár i bhFoirgneamh an Státchiste, Sráid na Canála Móire, Baile Átha Cliath 2.

Is ionann an t-ollchostas bliantúil cíosa faoi na léasanna oibriúcháin sin agus €2.8m, gan préimh aisiompaithe ar fiú €0.5m in aghaidh na bliana í san áireamh agus a bhaineann leis an ioncam iarchurtha a áirítear i Nóta 8.

Tá na híosíocaíochtaí ainmniúla léasa amach anseo leagtha amach sa tábla seo a leanas:

 

Níos lú ná
1 bhliain

1-5 bliana

Níos mó ná
5 bliana

Iomlán 

31 Nollaig 2013

€000

€000

€000

€000

Léasanna Oibriúcháin

2,828

9,527

13,861

26,216

 

11. Imeachtaí ó Dháta an Chláir Chomhardaithe

I mí na Bealtaine 2014, d’eisigh an Rialtas an Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú). Nuair a achtófar é, déanfar leis an mBille struchtúir rialachais GBCN a chuíchóiriú agus a shimpliú ionas go mbeidh sí in ann glacadh le cur chuige níos comhtháite i leith chomhlíonadh a feidhmeanna. Athbhunófar GBCN mar chomhlacht a mbeidh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile aici, daoine a mbeidh freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (seachas GNBS a leanfaidh lena bord ar leith féin a bheith aici). Déanfar Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, Coiste Comhairleach Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean agus Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh.

Ní bheidh aon tionchar ar ghlanluachanna an Chláir Chomhardaithe.