Ráiteas ar Fhreagrachtaí GBCN

Ceanglaítear leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, 1990 ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) ráitis airgeadais a ullmhú i leith a hoibríochtaí do gach bliain airgeadais.

Agus na ráitis sin á n-ullmhú, ní mór don Ghníomhaireacht:

  • beartais chuí chuntasaíochta a roghnú agus iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach;
  • breithiúnais agus meastacháin atá réasúnta agus críonna a dhéanamh;
  • na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn an ghnóthais leantaigh, ach amháin má tá sé neamhchuí sin a dhéanamh;
  • aon imeacht ábhartha ó chaighdeáin bhainteacha chuntasaíochta a nochtadh agus a mhíniú.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach as coimeád, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na gcuntas go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh siad, agus, as cothú taifid chuntasaíochta a nochtann, go réasúnta cruinn ag aon am, mar a sheasann cúrsaí airgeadas na Gníomhaireachta, a cistí agus an Fiachas Náisiúnta.

Tá an Ghníomhaireacht freagrach freisin as sócmhainní faoina rialúchán a choimeád agus, dá bhrí sin, as céimeanna réasúnta a ghlacadh chun calaois agus mírialtachtaí eile a bhrath agus a chosc.

 

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014