Ráiteas ar Rialú Inmheánach Airgeadais

Freagracht as an gCóras Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais

Tugaim aird ar an bhfreagracht as a chinntiú go gcothaítear agus go bhfeidhmítear córas éifeachtach um rialú inmheánach airgeadais.

Ní féidir leis an gcóras ach dearbhú réasúnta, agus ní iomlán, a chur ar fáil go gcosnaítear sócmhainní, go dtugtar údarás do gach idirbheart agus go dtaifeadtar iad i gceart, agus go ndéantar earráidí nó neamhrialtachtaí ábhartha a chosc nó a bhrath go tráthúil.

Príomhnósanna Imeachta Rialúcháin

Rinne mé roinnt beart chun a chinntiú gurb ann do thimpeallacht chuí rialaithe trí thabhairt faoi na nithe seo a leanas:

  • freagrachtaí na bainistíochta a shainmhíniú go soiléir;
  • nósanna imeachta foirmiúla a bhunú chun laigí suntasacha rialúcháin a thuairisciú agus gníomh ceartúcháin cuí a chinntiú;
  • Coiste Iniúchta a bhunú chun comhairle a chur orm maidir le feidhmiú mo fhreagrachtaí don chóras rialaithe inmheánaigh airgeadais.

Tá nósanna imeachta curtha ar bun ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (“an Ghníomhaireacht”) chun rioscaí gnó a shainaithint agus a mheasúnú mar seo a leanas:

  • cineál, méid agus impleacht airgeadais na rioscaí atá roimh an bhforas a shainaithint
  • an chosúlacht go dtarlóidh rioscaí sainaitheanta a mheas;
  • cumas GBCN a mheas i ndáil le rioscaí a bhíonn i gceist a bhainistiú agus a mhaolú;
  • na costais a bhaineann le rialuithe áirithe a fheidhmiú a mheas i gcomparáid leis an tairbhe a bhaineann leo.

Tá an córas um rialú inmheánach airgeadais bunaithe ar chreatlach d’fhaisnéis rialta bhainistíochta, nósanna imeachta riaracháin, lena n-áirítear leithlisiú dualgas agus córas tarmligin agus cuntasachta. Áirítear leis sin go háirithe:

  • córas cuimsitheach buiséadaithe le buiséad bliantúil a dhéanann an Príomhfheidhmeannach a athbhreithniú agus a chomhaontú leis an Aire Airgeadais;
  • athbhreithnithe rialta ar thuarascálacha airgeadais tréimhsiúla agus bliantúla a thaispeánann comhlíonadh airgeadais i gcoinne réamhaisnéise;
  • socrú spriocanna chun comhlíonadh airgeadais agus comhlíonadh eile a thomhas;
  • treoirlínte rialaithe soiléire faoi infheistíocht chaipitiúil;
  • disciplíní foirmiúla bainistíochta tionscadail.

Tá feidhm iniúchta inmheánaigh ag an nGníomhaireacht, a fheidhmíonn de réir an Chóid Chleachtais do Rialachas na gComhlachtaí Stáit. Cuirtear obair an iniúchta inmheánaigh ar an eolas trí anailís ar an riosca a bhfuil an Ghníomhaireacht nochta dó, agus tá pleananna bliantúla maidir le hiniúchadh inmheánach bunaithe ar an anailís sin. Tugann an Príomhfheidhmeannach agus na Stiúrthóirí tacaíocht d’anailís ar riosca agus do na pleananna maidir le hiniúchadh inmheánach agus déanann Coiste Iniúchta na Gníomhaireachta an anailís seo a fhaomhadh. Uair sa bhliain ar a laghad, soláthraíonn an tIniúchóir Inmheánach (PricewaterhouseCoopers faoi láthair) tuarascáil maidir le gníomhaíocht iniúchta inmheánaigh do lucht bainistíochta agus do Choiste Iniúchta na Gníomhaireachta. Áirítear leis an tuarascáil tuairim an Iniúchóra Inmheánaigh faoi leorgacht agus éifeachtúlacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais.

Cuirtear an mhonatóireacht agus an t-athbhreithniú a dhéanann an Ghníomhaireacht ar éifeachtúlacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais ar an eolas trí obair an iniúchóra inmheánaigh, ag na bainisteoirí feidhmiúcháin laistigh den Ghníomhaireacht atá freagrach as forbairt agus as cothabháil na creatlaí rialaithe airgeadais, agus trí thuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina litir bhainistíochta nó i dtuarascálacha eile.

Athbhreithniú Bliantúil ar Rialuithe

Deimhním go ndearna mé, mar Phríomhfheidhmeannach, agus comhairle glactha agam ó Choiste Iniúchta na Gníomhaireachta, athbhreithniú ar éifeachtúlacht an chórais um rialú inmheánach airgeadais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2013.

 

 

john-corrigan-signature

John C. Corrigan, Príomhfheidhmeannach
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta

30 Meitheamh 2014