An Coiste Feidhmiúcháin agus an Coiste Comhairleach

An Fhoireann Ardbhainistíochta

(amhail an 30 Meitheamh 2014)

John-CorriganJohn Corrigan
Príomhfheidh-
meannach

Ian_Black_newIan Black
Stiúrthóir, Airgeadas, Teicneolaíocht agus Riosca

Ciaran-BreenCiarán Breen
Stiúrthóir, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Sinéad Brennan
Ceann Acmhainní Daonna

Des Carville
Ceann Baincéireachta
(ar iasacht ag an Roinn Airgeadais)

Eileen-FitzpatrickEileen Fitzpatrick
Stiúrthóir, NewERA

Brendan McDonagh
Stiúrthóir, GBCN agus Príomhfheidh-meannach, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

Brian-MurphyBrian Murphy
Stiúrthóir, GBCN agus Príomhfheidh-
meannach, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Eugene-O'CallaghanEugene O’Callaghan
Stiúrthóir, an Cúlchiste Náisiúnta Pinsean

Andrew-O'FlanaganAndrew O’Flanagan
Príomhoifigeach Dlí

Oliver-WhelanOliver Whelan
Stiúrthóir, Maoiniú agus Bainistiú Fiach


An Coiste Comhairleach

(amhail an 30 Meitheamh 2014)

Willie Walsh – Cathaoirleach
Tá Willie Walsh ina Phríomhfheidhmeannach ar International Airlines Group (IAG), máthairchuideachta British Airways, Iberia agus Vueling. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach ar British Airways agus ar Aer Lingus roimhe sin. Is é Uachtarán Chomhlachas Tráchtála agus Tionscail Londan é.

Brendan-McDonagh_Committee

Brendan McDonagh
Is é Brendan McDonagh Cathaoirleach agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bank of N.T. Butterfield & Son Limited, Hamilton, Beirmiúda. Is iar-phríomhfheidhmeannach le HSBC North America Holdings Inc é agus bhí freagracht air as oibríochtaí baincéireachta agus airgeadais tomhaltóirí an Ghrúpa i SAM agus i gCeanada. Bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa do HSBC North America Holdings Inc agus ina bhall de Bhord Bainistíochta Grúpa an HSBC.

John-Moran

John Moran
Is é John Moran Ard-Rúnaí na Roinne Airgeadais. Bhí sé ar an Dara hArd-Rúnaí leis an Roinn Airgeadais roimhe sin, áit a raibh sé ina Cheannasaí Baincéireachta agus freagrach as gach ábhar a bhain le beartais bhaincéireachta, as scairsheilbh an Stáit sna bainc a bhainistiú agus as earnáil bhaincéireachta na hÉireann a athchóiriú agus a atheagrú. Roimhe sin, bhí sé ina Cheannasaí ar Mhaoirseacht Banc Mórdhíola i mBanc Ceannais na hÉireann agus d’oibrigh sé le Zurich Capital Markets, le McCann FitzGerald, le GE Capital Aviation Services, le GPA Group agus le Sullivan & Cromwell.

Tytti-Noras

Tytti Noras
Tá Tytti Noras ina comhchathaoirleach ar an nGrúpa Oibre Rialachais de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Roimhe seo, bhí sí ina Comhairleoir Dlí, an Roinn um Margaí Airgeadais, an Aireacht Airgeadais, an Fhionlainn, ina comhalta de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus ina comhalta de Bhord Stiúrthóirí an Chiste Eorpaigh Infheistíochta.

Don-Roth

Donald C Roth
Tá Donald C Roth ina iar-Chomhpháirtí Bainistíochta ar EMP Global LLC agus ina iar-Leasuachtarán agus Iarchisteoir leis an mBanc Domhanda.


Ár Misean agus Luachanna

Chuir GBCN ráiteas misin le chéile chun príomhchuspóir na heagraíochta ar fud a réimsí gnó a chuimsiú agus leag sí croíluachanna síos a threoróidh iompar agus cinnteoireacht foirne.

Ráiteas Misin

Sócmhainní poiblí agus dliteanais phoiblí a bhainistiú go stuama agus go tráchtálach.

Croí-Luachanna

Gníomhaímid go tráchtálach agus ár ndualgais seirbhíse poiblí á gcomhlíonadh againn.
Gníomhaímid le macántacht agus le hionracas.
Táimid dírithe ar thorthaí agus tá gach duine freagrach as an obair a dhéanaimid.
Táimid inoiriúnaithe agus réamhghníomhach.
Is mór againn ár mbaill foirne agus déileálaimid le chéile le dínit agus le meas.