An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

Bunaíodh an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN) an 1 Eanáir 2003 le comhairle airgeadais a sholáthar d’údaráis Stáit a bhíonn ag tabhairt faoi thionscadail mhóra infheistíochta poiblí ar a mbíonn luach caipitil os cionn €20 milliún. Rinneadh a sainordú a leathnú ina dhiaidh sin chun freagracht iomlán a thabhairt di as na tionscadail Chomhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) uile a sholáthar agus a sheachadadh in earnálacha seachas earnáil an iompair agus earnáil na n-údarás áitiúil. Comhlíonann sí a cuid feidhmeanna trí GBCN. Tá Príomhfheidhmeannach GBCN ina Chathaoirleach ex officio ar GAFN. Is stiúrthóir le GBCN é an Phríomhfheidhmeannach ar GAFN.

Ceanglaítear ar GAFN tuarascáil bhliantúil agus cuntais ar a cuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais, rud a fhoilsítear ar leithligh.

An Clár Spreagthaí Bonneagair

I mí Iúil 2012 d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD, thar ceann an Rialtais Clár Spreagthaí Bonneagair arbh fhiú €2.25 billiún é, lena n-áireofaí tionscadail arbh fhiú €1.4 billiún iad a sholáthrófaí i bhfoirm comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPP).

Tá an infheistíocht CPP atá beartaithe á díriú ar thionscadail a thugann aghaidh ar eochair-riachtanais bhonneagair agus atá ar aon dul leis na tosaíochtaí a aithnítear i gCreat Infheistíochta an Rialtais, lena gcuimsítear oideachas, sláinte, dlí agus ceart agus iompar. Beidh GAFN freagrach as trí thionscadal CPP a sholáthar don oideachas, as tionscadal CPP amháin a sholáthar don tsláinte agus as tionscadal CPP amháin a sholáthar don dlí agus ceart, tionscadail ar a mbeidh luach caipitil iomlán de thart ar €650 milliún. Tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta freagrach as na tionscadail éagsúla CPP do na bóithre a cheannach, ar luach de thart ar €750 milliún. Is í GAFN an comhairleoir airgeadais ar fud an chláir iomláin CPP.

Táthar ag súil go dtiocfaidh an maoiniú do na tionscadail CPP sin ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), ón gCúlchiste Náisiúnta Pinsean/ó Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, ó bhainc intíre agus idirnáisiúnta agus ó infheisteoirí institiúideacha. Ní cuid den chlár infheistíochta reatha atá á mhaoiniú ag an Státchiste é an caiteachas caipitil atá beartaithe faoin bpacáiste spreagthaí.

D’éirigh leis an gcéad chlár a seoladh faoin gclár spreagthaí – an tionscadal CPP do na bóithre N17/N18 (stráice mótarbhealaigh atá 57 ciliméadar ar fad agus a nascann an Gort agus an Tuaim i nGaillimh) – céim na dtarraingtí anuas a bhaint amach i mí Aibreáin 2014. Sholáthair BEI €144 milliún den lánriachtanas maoinithe €290 milliún a bhí ag an tionscadal. Ba iad infheisteoirí tráchtála agus institiúideacha a sholáthair an chuid eile den mhaoiniú, lenar áiríodh Natixis agus Société Genérale, ar bainc Fhrancacha iad, Argaes, ar árachóir Beilgeach é, agus Banc na hÉireann. Tá an tionscadal sin ar an gceann is mó sa chlár spreagthaí go dtí seo. Chomh maith leis sin, is é an chéad chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí é a fuair maoiniú fiachais ó infheisteoirí institiúideacha ó thús na géarchéime airgeadais. Táthar ag súil go gcruthófar níos mó ná 450 post tógála le linn chéim na tógála.  Tá comórtais ar siúl anois do na tionscadail eile ar fad sa chlár spreagthaí. Taobh amuigh den chlár spreagthaí, tá 15 thionscadal scoileanna nach tionscadail CPP iad á soláthar ag GAFN thar ceann na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá luach comhcheangailte de thart ar €80 milliún ar na tionscadail sin. Bronnadh trí chonradh “Dearaidh agus Tógála” ag tús na bliana 2014 agus tá tógáil ar siúl anois ag gach ceann de na láithreáin.

Teagmháil le hInfheisteoirí, Maoinitheoirí, Conraitheoirí agus Soláthraithe Seirbhíse Ionchasacha

Chuaigh GAFN i dteagmháil go gníomhach le hurraitheoirí, le soláthraithe cothromais, le conraitheoirí, le soláthraithe seirbhísí gairmiúla agus le maoinitheoirí tionscadal féideartha idirnáisiúnta agus intíre chun feasacht a fhorbairt ar an gClár Spreagthaí Bonneagair agus chun tacaíocht a chothú dó. Comhartha láidir go bhfuil spéis athnuaite idirnáisiúnta i margadh CPP na hÉireann is ea an rannpháirtíocht a bhí ann i measc infheisteoirí institiúideacha i dtionscadal bhóithre an N17/N18 (an Gort-Tuaim).

I gcomhar leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, d’fhreastail GAFN ar bhabhtaí plé idir BEI agus roinnt Ranna Rialtais i ndáil le hiasachtaí díreacha a sholáthar don Státchiste. Tá iasachtaí díreacha ar fiú €450 milliún san iomlán iad ceadaithe ag BEI don Státchiste ó mhí Iúil 2012, figiúr ina gcuimsítear: €100 milliún i mí Iúil 2012 agus €100 milliún i mí an Mheithimh 2013 i gcomhair tionscadail thraidisiúnta tógála scoileanna (nach tionscadail CPP iad), €100 milliún i mí na Samhna i gcomhair tionscadail uisce/fuíolluisce, agus €150 milliún i mí Eanáir 2014 chun Luas, an córas iarnróid éadroim i mBaile Átha Cliath, a shíneadh.

I mí Eanáir 2014, síníodh saoráid iasachta €41 milliún idir Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa agus Éire, a mhaoineodh suas le 50 faoin gcéad de thionscadal Phríosún Chorcaí agus den tSaoráid Náisiúnta um Choinneáil Leanaí.

Soláthar agus Cur i gCrích Tionscadal – Príomhfhorbairtí

Oideachas
Rinne GAFN an conradh CPP do Bheart Scoileanna 3 a dheonú do BAM PPP PGGM Infrastructure Cooperatie an 9 Samhain 2012, ar comhthionscnamh é idir BAM PPP agus PGGM, riarthóir cistí pinsean atá lonnaithe san Ísiltír. Chuir BEI agus Banc na hÉireann maoiniú ar fáil, agus saoráid chreidmheasa teannta á cur ar fáil ag an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean. Ba de réir sceidil in 2013 agus in 2014 a cuireadh gach ceann de na hocht scoil faoin mbeart seo i gcrích. Agus 5,700 áit scoile á gcur ar fáil acu, tá na scoileanna sin lonnaithe sna contaetha seo a leanas: Gaillimh, Dún na nGall, Liatroim, Luimneach, an Iarmhí agus Loch Garman.

Rinneadh an ceathrú agus an cúigiú beart de thionscadail CPP tógála scoileanna a sheoladh ag an am céanna in 2013. Fógraíodh an tairgeoir roghnaithe do Bheart Scoileanna 4 – a bhfuil ceithre scoil ann – i mí an Mheithimh 2014 agus meastar go gcuirfear tús leis na scoileanna sin a thógáil roimh dheireadh na bliana. Meastar go bhfógrófar an tairgeoir roghnaithe do Bheart Scoileanna 5 – a bhfuil sé scoil ann – i ráithe 1 de 2015 agus go gcuirfear tús leis an tógáil i ráithe 3 de 2015. Táthar ag súil go gcruthófar suas le 1,000 post tógála le linn chéim thógála an dá thionscadal.

Tá dhá fhoirgneamh ollscoile a fhorbairt mar chuid de champas nua lár na cathrach d’Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin ar cheann de na mórthionscadail CPP sa chlár spreagthaí. Tá trí iarrthóir gearrliostaithe ag GAFN agus tá súil go bhfógrófar an tairgeoir roghnaithe i ráithe 3 de 2015. Tá tógáil fhoirgnimh na Cearnóige Láir agus na Cearnóige Thoir le bheith críochnaithe go luath sa bhliain 2018. Táthar ag súil go gcruthófar suas le 1,500 post le linn chéim na tógála.

Bóithre
I mí Aibreáin 2013, rinneadh an conradh do Thionscadal CPP an N11/N7 (stráice atá 50 km ar fad ar ghréasán bhóthar an N11 agus acomhal saorshreafa Chrosaire an Fhearainn Nua ar an N7) a bhronnadh ar an gcuibhreannas comhfhiontair idir BAM PPP agus PGGM Infrastructure Cooperatie, soláthraí pinsean atá lonnaithe san Ísiltír. Chuir BEI agus Banc na hÉireann maoiniú ar fáil, agus saoráid chreidmheasa teannta á cur ar fáil ag an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean. Ba í GAFN an comhairleoir airgeadais don tionscadal sin. Tá obair thógála ar siúl faoi láthair agus tá sí le bheith críochnaithe in 2015.

Sláinte
Tá GAFN ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun suas le 14 Ionad Cúraim Phríomhúil réigiúnacha a sholáthar. Ba i mí na Nollag 2013 a cuireadh tús leis an bpróiseas soláthair do thionscadal CPP na nIonad Cúraim Phríomhúil agus gearrliostaíodh trí chuibhreannas ina leith i mí an Mheithimh 2014. Tá sé beartaithe faoi láthair go mbainfear céim na dtarraingtí anuas amach i ráithe 3 2015.

Dlí agus Ceart
Is é atá i mBeart CPP na gCúirteanna ná seacht dteach cúirte réigiúnacha, a chuimsíonn meascán d’fhoirgnimh nua theach cúirte i nDroichead Átha, i Leitir Ceanainn, i Luimneach agus i Loch Garman agus d’oibreacha athchóirithe/sínidh ar thithe cúirte atá ann cheana i gCorcaigh, ar an Muileann gCearr agus i bPort Láirge. Cuireadh tús leis an bpróiseas soláthair i mí Aibreáin 2014 agus tá measúnú á dhéanamh faoi láthair ar na léirithe spéise a fuarthas i mí an Mheithimh.

An Tionscnamh “Buail leis an gCeannaitheoir”
Mar chuid de thionscnamh a bhfuiltear ag obair air le Fiontraíocht Éireann faoin gclár iomlán, cuireadh sraith imeachtaí “Buail leis an gCeannaitheoir” ar siúl ar fud na tíre, agus deis á tabhairt acu do chuideachtaí beaga agus meánmhéide in earnáil na tógála bualadh go díreach le hionadaithe ó na cuibhreannais a bhí ag cur tairiscintí isteach i gcomhair na dtionscadal. Tá freastal déanta ag 300 cuideachta ar na hócáidí sin go dtí seo. Tá sé beartaithe tuilleadh ócáidí den sórt sin a reáchtáil sa dara leath de 2014 agus in 2015.

Ilghnéitheach
Cuireann GAFN seirbhísí riaracháin chonartha ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna ar thionscadail CPP atá i bhfeidhm cheana. Ina theannta sin, cuireann GAFN seirbhísí comhairleacha airgeadais ad hoc ar fáil do Ranna agus do Ghníomhaireachtaí Rialtais éagsúla maidir le tionscadail CPP atá críochnaithe (e.g. athbhreithniú ar an innéacsú ar íocaíochtaí an mhuirir aonadaigh, athbhreithniú ar athmhaoiniú iasachtaí agus ar athstruchtúrú fiachais), agus maidir le tionscadail eile lena mbaineann ceangaltas fadtéarmach cistí poiblí.