An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

Cuireadh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) ar bun go foirmiúil i mí na Nollag 2009 mar cheann de na tionscnaimh ar ghlac an Rialtas leo chun dul i ngleic leis an ngéarchéim thromchúiseach i mbaincéireacht na hÉireann, géarchéim a tháinig chun cinn mar thoradh ar iasachtaíocht iomarcach leis an earnáil réadmhaoine, go háirithe idir na blianta 2003 agus 2007. Ghnóthaigh sí sócmhainní áirithe iasachta (talamh agus forbairt agus iasachtaí lena mbaineann) mar mhalairt ar urrúis faoi ráthaíocht an Rialtais a d’eisigh siad go díreach chuig cúig fhoras rannpháirteacha, ba iad sin, Bainc-Aontas Éireann, an Banc Angla-Éireannach, Banc na hÉireann, Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann agus Cumann Foirgníochta an EBS9.

Is é cuspóir tráchtála GNBS, faoi Alt 10 d’Acht GNBS, an toradh airgeadais is fearr a bhaint amach, chomh fada agus is féidir, don Stát, ag féachaint don chostas don Státchiste a bhaineann le sócmhainní bainc a fháil agus le déileáil le sócmhainní bainc, do chostas caipitil GNBS agus do chostais eile.

Fónann GNBS mar aonán neamhspleách tráchtála agus tá a bord féin aici atá ceaptha ag an Aire Airgeadais agus lena n-áirítear, ex officio, Príomhfheidhmeannach GBCN agus Príomhfheidhmeannach GNBS. Tá gach ball foirne de chuid GNBS fostaithe ag GBCN agus tá siad sannta ag GBCN do GNBS.

Ceanglaítear ar GNBS tuarascáil bhliantúil agus cuntais a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais. Foilsítear iad sin ar leithligh. Chomh maith leis sin, cuireann GNBS tuarascálacha ráithiúla airgeadais faoi bhráid an Aire agus leagtar faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais iad. Freastalaíonn an Cathaoirleach agus an Príomhfheidhmeannach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, ar an gComhchoiste um Airgeadas, Chaiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus ar choistí ábhartha eile san Oireachtas, agus tugann siad fianaise dóibh nuair a iarrtar orthu.


 9 Rinneadh Banc Angla-Éireannach agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann a chumasc i mí Iúil 2011 agus tugadh Corparáid Éireannach um Réiteach Banc Teoranta (IBRC) mar ainm ar an mbanc nua i mí Dheireadh Fómhair 2011. Ceapadh Leachtaitheoirí Speisialta do IBRC i mí Feabhra 2013. Cheannaigh Bainc-Aontas Éireann Cumann Foirgníochta an EBS i mí Iúil 2011.

Dul chun cinn go dtí seo

Ba é a bhí i gceist leis an gcéad chéim d’obair GNBS ná talamh agus forbairt agus iasachtaí gaolmhara ar a raibh luach ainmniúil €74.2 billiún a luacháil agus a aistriú.  Agus na hiasachtaí sin á gceannach aici, d’eisigh GNBS fiachas sinsearach agus fofhiachas arbh fhiú €31.8 billiún iad, figiúr a léirigh mórinstealladh leachtachta ag am a bhí ríthábhachtach maidir le córas baincéireachta na hÉireann a athstruchtúrú.

Tá an-dul chun cinn déanta ag GNBS maidir leis an sainordú príomhúil tráchtála a tugadh di le reacht, is é sin, an toradh airgeadais is fearr agus is féidir a bhaint amach don Stát ó na hiasachtaí atá gnóthaithe aici agus ó na sócmhainní a urraíonn iad. Tá an dul chun cinn sin le feiceáil sa bhrabús agus sna sreafaí airgid atá á nginiúint ag GNBS.  Den tríú bliain as a chéile, agus beag beann ar an mbeartas stuama bearnaithe atá i réim, thuairiscigh GNBS brabús, tar éis cánach agus bearnú, de níos mó ná €200 milliún in 2013.  Thuairiscigh sí sreafaí airgid láidre leanúnacha freisin.  Ó bunadh na Gníomhaireachta go deireadh na bliana 2013, bhí €15.1 billiún i bhfoirm fáltas féichiúnaithe (fáltais ó dhiúscairtí sócmhainní agus fáltais eile) ginte ag GNBS.

Mar gheall ar an bhfeidhmíocht láidir airgid a bhí aici, bhí GNBS in ann an chéad gharsprioc d’aisíocaíocht fiachais a bhí aici a chomhlíonadh – ba é sin, €7.5 billiún nó 25 faoin gcéad dá fiachas sinsearach a aisíoc faoi dheireadh na bliana 2013.  Bhí comhlíonadh na sprice sin ina ghné thábhachtach den dul chun cinn atá á dhéanamh ag Éirinn maidir le dliteanais theagmhasacha an Stáit a laghdú. Chabhraigh sé freisin le cur ar chumas na hÉireann dul amach as clár AE/CAI ag deireadh na bliana 2013.

Is é an phríomhdhóigh ar éirigh le GNBS airgead a ghiniúint ná réadmhaoin agus sócmhainní eile a bhí i seilbh a féichiúnaithe agus a glacadóirí a dhiúscairt agus a hiasachtaí a dhiúscairt.  Ó bunadh na Gníomhaireachta go deireadh na bliana 2013, bhí €10.9 billiún ginte ag GNBS i bhfoirm fáltas diúscartha. Bhain thart ar 68 faoin gcéad de na fáltais sin le sócmhainní a dhíol sa Bhreatain, go háirithe i Londain, a léirigh láidreacht leanúnach an mhargaidh sin ó 2009 i leith. Mar gheall ar an téarnamh suntasach sa mhargadh réadmhaoine in Éirinn ó lár na bliana 2013 i leith, cuireadh ar chumas GNBS an sreabhadh acmhainní a bhí ar fáil lena ndíol a mhéadú, lenar áiríodh roinnt punanna ollmhóra iasachtaí agus réadmhaoine a tharraing aird mórcheannaitheoirí institiúideacha.

Soláthraíonn GNBS maoiniú freisin chun luach na sócmhainní faoi rialú a féichiúnaithe agus a glacadóirí a fheabhsú.

Faoi dheireadh na bliana 2013, bhí maoiniú forbartha arbh fhiú níos mó ná €1 billiún é faofa aici do thionscadail in Éirinn. Tá níos mó ná €600 milliún den airgead sin tarraingthe anuas cheana féin. Tá tiomantas tugtha ag GNBS maoiniú forbartha iomlán €2.5 billiún a thabhairt ar aghaidh do thionscadail Éireannacha roimh dheireadh na bliana 2016.

Féachann GNBS freisin le rannchuidiú mór a dhéanamh le geilleagar na hÉireann. Áirítear leis sin an 15,000 post a dtacaíonn sí leo go díreach in Éirinn i ngnóthais trádála atá nasctha lena hiasachtaí; an obair a dhéanann sí le GFT Éireann maidir le réadmhaoine oiriúnacha tráchtála a aithint chun freastal ar riachtanais infheistíochta dírí eachtraí; agus an tacaíocht a thugann sí do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide in earnáil an mhiondíola tríd an tionscnamh um laghdú cíosa. Tá GNBS i dteagmháil go réamhghníomhach le Ranna Rialtais agus le comhlachtaí eile poiblí maidir leis an riachtanas talún agus réadmhaoine a d’fhéadfadh bheith acu. I dtaca leis sin, d’aithin GNBS níos mó ná 4,600 réadmhaoin chónaithe atá ar fáil agus a d’fhéadfadh bheith oiriúnach do sholáthar tithíochta sóisialta.

Na Seirbhísí a Sholáthraíonn GBCN do GNBS

Faoi Alt 41 d’Acht GNBS, soláthraíonn GBCN seirbhísí gnó agus tacaíochta do GNBS, lena n-áirítear Acmhainní Daonna, TF, riosca margaidh, próiseáil idirbheart agus seirbhísí cistíochta. Déanann GNBS aisíocaíocht do GBCN as costas na seirbhísí seo ab ionann agus €41m in 2013 (costais bhall foirne san áireamh). Faoi dheireadh na bliana 2013 shann GBCN 331 ball foirne do GNBS, baill foirne a raibh taithí fhairsing agus saineolas fairsing acu ar réimsí an iasachtaithe, na maoine, na cuntasaíochta, an dlí, na baincéireachta agus an chreidmheasa.