Maoiniú agus Bainistiú Fiach

Lean Éire lena rannpháirtíocht sna margaí fiachais idirnáisiúnta 2013 agus choinnigh sí clár gníomhach caidrimh le hinfheisteoirí ar bun sula ndeachaigh sí amach go rathúil as Clár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais ag deireadh na bliana. Tar éis di dul isteach arís sna margaí fiachais in 2012, chuir GBCN dhá shindeacáitiú bannaí i gcrích in 2013. Ba é an toradh a bhí ar na sindeacáitithe sin gur fhill roinnt infheisteoirí ar mhargadh bhannaí Rialtas na hÉireann agus gur ardaíodh suim iomlán €7.5 billiún. Tar éis iad a chur ar siúl arís i mí Iúil 2012, leanadh ar aghaidh le ceantanna rialta Billí Státchiste gearrthéarmacha a reáchtáil le linn 2013. Reáchtáladh ocht gceant le linn na bliana. I mí Eanáir 2014, chruinnigh GBCN €3.75 billiún ó dhíolachán sindeacáite banna tagarmhairc nua 10 mbliana – an chéad idirbheart a bhí aici sa mhargadh caipitil ó dheireadh chlár AE/CAI – agus d’fhill sí go hiomlán ar na margaí nuair a cuireadh ceantanna rialta bannaí ar siúl arís i mí an Mhárta 2014.

Athbhreithniú ar an Margadh

Tá Bannaí Rialtas na hÉireann ag feabhsú go leanúnach ó mhí Iúil 2011 i leith nuair a bhain torthaí an bhanna 10 mbliana buaicphointe de níos mó ná 14 faoin gcéad amach agus nuair a bhain torthaí an bhanna 2 bhliain buaicphointe de níos mó ná 22 faoin gcéad amach. Lean torthaí de bheith ag titim le linn 2013 agus ag tús na bliana 2014, agus iad ag titim go dtí na leibhéil ab ísle riamh.

San áireamh sna tosca taobh thiar den bhorradh faoi bhannaí na hÉireann, tá na nithe seo a leanas:

  • Cumas leanúnach na hÉireann chun ceangaltais chlár AE/CAI a sheachadadh agus chun cloí le spriocanna fioscacha cainníochtúla;
  • An laghdú ginearálta ar thorthaí i limistéar an euro ó d’fhógair an BCE an clár um Idirbhearta Airgeadaíochta Glan Amach (IAGA) sa tríú ráithe de 2012;
  • Comhshocrú an nóta gealltanais, inar eisíodh bannaí Rialtas na hÉireann chuig Banc Ceannais na hÉireann, agus inar cuireadh na nótaí gealltanais a bhí ag an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc Teoranta (IBRC) roimhe sin ar ceal. Bíonn impleachtaí dearfacha ag an méid sin ar cheangaltais mhaoinithe an Stáit agus ar an gComhardú Rialtais Ghinearálta agus an Fiachas Rialtais Ghinearálta sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
  • An feabhas ar phróifíl fiachais na hÉireann, í neartaithe go háirithe mar gheall ar aibíocht iasachtaí na punainne Eorpaí faoi chlár AE/CAI a shíneadh faoi mheántréimhse seacht mbliana, a comhaontaíodh in 2013;
  • An filleadh ar eisiúint i margaí fiachais idirnáisiúnta agus cur i gcrích rathúil dhá shindeacáitiú bannaí ar rátaí inbhuanaithe le linn 2013;
  • An méid réamh-mhaoinithe a fuair GBCN;
  • An dul amach rathúil as clár AE/CAI i mí na Nollag 2013, gan gá a bheith le líne chreidmheasa réamhchúraim;
  • Sraith uasghráduithe rátáil chreidmheasa le linn 2013 agus 2014. I measc na n-uasghráduithe sin, rinne Moody’s, an ghníomhaireacht rátálacha, muid a uasghrádú go stádas grád infheistíochta (Baa3, ionchas dearfach) i mí Eanáir 2014 sular uasghrádaíodh muid faoi dhá eang eile go Baa1 i mí na Bealtaine 2014; agus
  • Sindeacáitiú banna nua 10 mbliana i mí Eanáir 2014 agus an filleadh ar sceideal rialta ceantanna bannaí go luath sa bhliain 2014, den chéad uair ó mhí Mheán Fómhair 2010, sula ndeachaigh Éire isteach i gclár AE/CAI.
Torthaí Bhannaí Rialtas na hÉireann

Aibíocht

Toradh ag Deireadh 2011 (%)

Toradh ag Deireadh 2012 (%)

Toradh ag Deireadh 2013 (%)

Toradh ag Deireadh Bhealtaine 2014 (%)

2013

7.21

0.77

aibithe

aibithe

2014

7.53

1.52

0.39

aibithe

2015

neamhbhainteach

1.58

0.11

0.30

2016

7.35

2.50

0.88

0.44

2017

neamhbhainteach

3.31

1.71

0.67

2018

8.13

3.63

2.06

0.93

2019

8.26

4.21

2.60

1.20

2020

8.26

4.43

2.94

1.68

2023

neamhbhainteach

neamhbhainteach

3.45

2.34

2024

neamhbhainteach

neamhbhainteach

neamhbhainteach

2.60

2025

8.01

5.13

3.84

2.80

Foinse: GBCN

Lean torthaí bhannaí na hÉireann de bheith ag dul i neart go luath sa bhliain 2013 tar éis an ratha a bhí orthu in 2012 agus tugadh meath suntasach faoi deara tar éis banna tagarmhairc nua 10 mbliana a eisiúint i mí an Mhárta. I mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2013, áfach, mhéadaigh luaineacht i margaí bannaí idirnáisiúnta, iad go príomha faoi réir ábhair imní faoi bheartais um éascú cainníochtúil sna Stáit Aontaithe agus sa tSeapáin amach anseo. Ba thábhachtach go raibh torthaí bhannaí na hÉireann níos cobhsaí sa timpeallacht sin ná mar a bhí cuid mhór dá macasamhlacha Eorpacha. Ag deireadh na bliana, b’ionann torthaí an bhanna 10 mbliana agus thart ar 3.5 faoin gcéad. Lean an treocht anuas ar aghaidh go luath sa bhliain 2014, go háirithe tar éis banna nua 10 mbliana a eisiúint i mí Eanáir agus tar éis do Moody’s cinneadh a dhéanamh bannaí Rialtas na hÉireann a uasghrádú go grád infheistíochta.


Torthaí Bhanna 10 mBliana an Rialtais 1 Eanáir 2012 go 31 Bealtaine 2014

Fig-1---10-Year-Government-Bond-Yields_Irish

Foinse: Bloomberg


Gníomhaíocht Maoinithe

Straitéis Maoinithe
Ó chuaigh Éire isteach i gclár AE/CAI i mí na Samhna 2010, ba é plean oibre GBCN ná filleadh ar na margaí de réir a chéile, trí eisiúint ghearrthéarmach, trí théarmaí malartaithe a thairiscint do shealbhóirí bannaí ar mhaithe lena spreagadh le haibíochtaí a shíneadh agus trí thairbhe a bhaint as na deiseanna atá ann fiachas fadtéarmach a eisiúint. Le linn na bliana 2013, stiúradh roinnt oibríochtaí rathúla sa mhargadh fiachais, chomh maith le sceideal rialta de cheantanna Billí Státchiste gearrthéarmacha.

Le linn na bliana 2013, leanadh ar aghaidh le clár GBCN um dhianchaidreamh le hinfheisteoirí, arbh é ab aidhm dó spéis athnuaite a ghiniúint i measc infheisteoirí institiúideacha i mbannaí Rialtas na hÉireann agus an mhuinín atá ag infheisteoirí reatha as na bannaí sin a atreisiú. Reáchtáil GBCN sraith cur i láthair agus cruinnithe le hinfheisteoirí sna Stáit Aontaithe, san Áise, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus i dtíortha Eorpacha eile le linn na bliana 2013. Reáchtáladh cuir chuige agus cruinnithe ad-hoc breise le linn na tréimhse sin freisin.

Rinneadh maoiniú margadhbhunaithe de chuid GBCN féin in 2013, in éineacht le €11 billiún a tarraingíodh anuas faoi chlár AE/CAI, a chur i bhfeidhm chun easnamh Státchiste €11.5 billiún a mhaoiniú, chun bannaí Rialtais a bhí ag aibiú agus arbh fhiú €5.1 billiún iad a fhuascailt agus chun Banna Státchiste 2014, arbh fhiú €4.9 billiún é, a cheannach ar ais agus a chealú.

Bhí airgead agus infheistíochtaí gearrthéarmacha eile €18.5 billiún de chuid an Státchiste i seilbh GBCN ag deireadh na bliana 2013, a bhí ar aon dul leis an aidhm luaite atá ag GBCN. Is é sin, acmhainní leordhóthanacha a bheith ar láimh aici ag deireadh chlár AE/CAI chun gur féidir léi riachtanais mhaoinithe an Státchiste a chlúdach ar feadh 12-15 mhí.

Maoiniú Meántéarmach agus Fadtéarmach
Eisiúint 2013
Sa bhliain 2013, d’ardaigh GBCN €7.5 billiún ó dhá shindeacáitiú bannaí – €2.5 billiún ó bhanna tagarmhairc 5 bliana a bhí ann cheana agus €5 billiún ó bhanna tagarmhairc nua 10 mbliana, an chéad eisiúint a rinne sí ó mhí Eanáir 2010 sula ndeachaigh Éire isteach i gclár AE/CAI. Is éard atá i gceist le hagú sindeacáite ná méideanna breise banna reatha a dhíol ar phraghas réamhchinnte trí shindeacáit príomhdhéileálaithe. Chuir an eisiúint sin go mór leis an réamh-mhaoiniú a bhí ag Éirinn do 2014, rud ar ghlac an margadh go maith leis agus a rinne rannchuidiú leis an meath ar thorthaí na hÉireann i gcomparáid le tíortha eile.

I mí Eanáir 2013, d’ardaigh GBCN €2.5 billiún agus banna 5.5% Dheireadh Fómhair 2017 á díol aici trí agú sindeacáite. Ardaíodh an maoiniú sin de réir toradh 3.32 faoin gcéad.

Bhí suim leathan san eisiúint, agus tairiscintí á gcur isteach ag breis agus 200 infheisteoir, lenar áiríodh bainisteoirí cistí, bainc, cistí pinsin agus cuideachtaí árachais. B’ionann na tairiscintí iomlána a fuarthas agus €7 billiún.

Ghlac infheisteoirí intíre le 13 faoin gcéad den eisiúint agus ghlac infheisteoirí eachtracha le 87 faoin gcéad. Ba as na réigiúin seo a leanas a tháinig formhór na n-infheisteoirí eachtracha: an Ríocht Aontaithe (33 faoin gcéad), tíortha Nordacha (19 faoin gcéad), an Fhrainc (11 faoin gcéad), agus an Ghearmáin (7 faoin gcéad). Taobh amuigh den Eoraip, bhí Meiriceá Thuaidh freagrach as 9 faoin gcéad agus bhí an Áise freagrach as beagán níos mó ná 1 faoin gcéad.

I mí an Mhárta 2013, sheol GBCN an dara hidirbheart sindeacáite sa bhliain. D’ardaigh sé sin €5 billiún trí bhanna tagarmhairc nua a dhíol, rud a thiocfaidh in aibíocht i mí an Mhárta 2023. Ardaíodh an maoiniú sin de réir toradh 4.15 faoin gcéad. Bhí an-éileamh ar an eisiúint, le breis agus 400 infheisteoirí ag cur isteach tairiscintí, lena n-áirítear bainisteoirí cistí, bainc, cistí pinsean agus cuideachtaí árachais. B’ionann na tairiscintí iomlána a fuarthas agus thart ar €13 billiún.

Ghlac infheisteoirí intíre le 18 faoin gcéad den eisiúint agus ghlac infheisteoirí eachtracha le 82 faoin gcéad. Ba as na réigiúin seo a leanas a tháinig formhór na n-infheisteoirí eachtracha: an Ríocht Aontaithe (25 faoin gcéad), an Ghearmáin (12 faoin gcéad), tíortha Nordacha (12 faoin gcéad), an Fhrainc (11 faoin gcéad), agus infheisteoirí Eorpacha eile (6 faoin gcéad). Taobh amuigh den Eoraip, bhí Meiriceá Thuaidh freagrach as 9 faoin gcéad agus bhí an Áise freagrach as beagán os cionn 1 faoin gcéad.


Agú Bhanna 2017 de réir Limistéar Geografach

Fig-2---2017-Bond-Tap-by-Geographic-Area_Irish

Foinse: GBCN

Agú Bhanna 2017 de réir Cineál Infheisteora

Fig-3---2017-Bond-Tap-by-Investor-Type_Irish

Foinse: GBCN

Eisiúint Bhanna 2023 de réir Limistéar Geografach

Fig-4---2023-Bond-Issuance-by-Geographic-Area_Irish

Foinse: GBCN

Eisiúint Bhanna 2023 de réir Cineál Infheisteora

Fig-5---2023-Bond-Issuance-by-Investor-Type_Irish

Foinse: GBCN


Forbairtí 2014

Tar éis di dul amach as clár AE/CAI gan líne chreidmheasa réamhchúram a bheith aici, dheimhnigh Éire gur fhill sí ar ais go hiomlán ar mhaoiniú normálta margaidh in 2014 agus banna tagarmhairc nua 10 mbliana á shindeacáitiú aici i mí Eanáir sular chuir sí sraith ceantanna bannaí rialta ar siúl i mí an Mhárta, i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine.

Go luath i mí Eanáir 2014, d’ardaigh GBCN €3.75 billiún trí Bhanna Státchiste nua 10 mbliana a thiocfaidh in aibíocht i mí an Mhárta 2024 a dhíol trí agú sindeacáite. Ardaíodh an maoiniú sin de réir toradh 3.54 faoin gcéad.

Den mhéid a eisíodh, ghlac infheisteoirí intíre le 17 faoin gcéad agus ghlac infheisteoirí eachtracha le 83 faoin gcéad. B’as na réigiúin seo a leanas a tháinig formhór na n-infheisteoirí idirnáisiúnta: an Ríocht Aontaithe (26 faoin gcéad), an réigiún Nordach (15 faoin gcéad), an Ghearmáin, an Ostair agus an Eilvéis (14 faoin gcéad), agus Meiriceá Thuaidh (14 faoin gcéad).

Bhí spéis níos leithne i measc infheisteoirí ná mar a bhí sa díolachán bannaí tagarmhairc roimhe i mí an Mhárta 2013. I measc na ndaoine a chláraigh spéis sna bannaí sa leabhar orduithe, bhí tuairim is 400 bainisteoir cistí, ciste pinsean, cuideachta árachais, banc agus infheisteoir eile, lenar áiríodh roinnt infheisteoirí ón Meánoirthear agus ón Áise. Cé gurbh ionann an leabhar orduithe agus thart ar €14 billiún san iomlán, chinn GBCN méid an bhanna nua a theorannú go €3.75 billiún d’fhonn acmhainn a chur ar leataobh le haghaidh sraith ceantanna a reáchtálfaí mar chuid dá clár maoinithe don bhliain.

I mí an Mhárta 2014, chuir GBCN a clár ceantanna bannaí ar siúl arís. Ghnóthaigh ceantanna i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin €1 billiún an ceann agus gnóthaíodh €750 milliún i gceant eile i mí na Bealtaine. Tairgeadh Banna Státchiste 2024 nua i ngach ceant. Agus na ceantanna bannaí rialta sin ar siúl arís, léiríodh gur bhain rochtain mhargaidh na hÉireann lán-normalú amach.


Sindeacáitiú Bhanna 2024 de réir Limistéar Geografach

Fig-6---2024-Bond-Syndication-by-Geographic-Area_Irish

Foinse: GBCN

Sindeacáitiú Bhanna 2024 de réir Cineál Infheisteora

Fig-7---2024-Bond-Syndication-by-Investor-Type_Irish

Foinse: GBCN

Ceantanna Bannaí GBCN 2014

Dáta an Cheant

Banna

Méid an Cheant €m

Toradh
%

Cóimheas idir Tairiscint agus Clúdach

08 Bealtaine 2014

Banna Státchiste 3.4% 2024

750

2.73

2.8

10 Aibreán 2014

Banna Státchiste 3.4% 2024

1000

2.92

2.8

18 Márta 2014

Banna Státchiste 3.4% 2024

1000

2.97

2.9

Foinse: GBCN

Idirbheart Nóta Gealltanais

Tar éis leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (IBRC) an 7 Feabhra 2013, agus de bhun an chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Banc Ceannais na hÉireann maidir le bannaí fadtéarmacha Rialtais a chur in ionad na nótaí gealltanais arna soláthar don IBRC a bhí faoi úinéireacht stáit, cuireadh na nótaí gealltanais ar ceal agus cuireadh ocht mbanna nua Státchiste ráta chomhlúthaigh ina n-ionad. Eisíodh suim iomlán €25 billiún don Bhanc Ceannais, agus bunaibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí. Íocann na bannaí ús gach sé mhí (Meitheamh agus Nollaig) bunaithe ar ráta úis 6 mhí de chuid Euribor móide corrlach seasta lena ngabhann 2.63 pointe céatadáin ar an meán thar na hocht n-eisiúint.

Ar leachtú IBRC, ghnóthaigh Banc Ceannais na hÉireann Banna Státchiste 5.4% 2025 de chuid an Rialtais ar chostas €3.5 billiún tar éis fhoirceannadh chomhaontú athcheannaigh IBRC. Chomh maith leis sin, díolfaidh an Banc Ceannais gabháltais bhannaí ar fiú €28.5 billiún iad ar a laghad de réir an sceidil seo a leanas: roimh dheireadh na bliana 2014 (€0.5 billiún), 2015–2018 (€0.5 billiún in aghaidh na bliana), 2019-2023 (€1 billiún in aghaidh na bliana), agus 2024 agus ina dhiaidh (€2 billiún in aghaidh na bliana go dtí go ndíolfar na bannaí uile). Mar chuid den díolachán íosta sin, dhíol an Banc Bannaí Státchiste 5.4% 2025 de chuid Rialtas na hÉireann ar chostas €350 milliún roimh dheireadh mhí na Nollag 20131.

1 Tuarascáil Bhliantúil Bhanc Ceannais na hÉireann 2013

Maoiniú Gearrthéarmach
Tar éis é a chur ar siúl arís i mí Iúil 2012, leanadh ar aghaidh le clár Billí Státchiste GBCN le linn 2013 agus i rith 2014, agus ceantanna rialta á gcur ar siúl le linn na tréimhse sin.

Choimeád GBCN clár Pháipéar Tráchtála Ilairgeadra Euro na hÉireann (PTE) ar bun sa bhliain 2013 freisin.  Tá an clár liostaithe ar Stocmhalartán na hÉireann. Díoltar páipéar ar bhonn fiosrúchán aisiompaithe agus luaitear praghsanna ar Bloomberg. Bhí €0.5 billiún gan íoc ag deireadh na bliana 2013 i gcomparáid le €1.3 billiún a bhí gan íoc ag deireadh na bliana 2012.

Eisíonn GBCN fiachas gearrthéarmach freisin i bhfoirm Nótaí Státchiste agus Nótaí Lárnacha Cisteáin, go príomha d’infheisteoirí institiúideacha intíre.

Ceantanna Billí Státchiste GBCN 2013

Dáta an Cheant

Aibíocht

Suim €m

Toradh %

(bliantúlaithe)

Cóimheas idir Tairiscint agus Clúdach

17 Eanáir 2013

3 mhí

500

0.200

3.8

21 Feabhra 2013

3 mhí

500

0.240

3.3

21 Márta 2013

3 mhí

500

0.240

3.4

18 Aibreán 2013

3 mhí

500

0.195

4.8

16 Bealtaine 2013

3 mhí

500

0.129

3.6

20 Meitheamh 2013

3 mhí

500

0.200

2.9

18 Iúil 2013

3 mhí

500

0.200

3.6

19 Meán Fómhair 2013

Foinse: GBCN

Ceantanna Billí Státchiste GBCN 2014

Dáta an Cheant

Aibíocht

Suim €m

Toradh %

(bliantúlaithe)

Cóimheas idir Tairiscint agus Clúdach

20 Márta 2014

3 mhí

500

0.200

3.8

15 Bealtaine 2014

3 mhí

500

0.220

3.5

19 Meitheamh 2014

3 mhí

500

0.105

4.2

Foinse: GBCN

Táirge Coigiltis Stáit
Is é State Savings®(Táirge Coigiltis Stáit) an t-ainm branda a úsáideann GBCN maidir le raon táirgí coigiltis Rialtas na hÉireann a thairgtear do choigilteoirí pearsanta.

I gcaitheamh na bliana 2013, bhí insreabhadh glan €1.9 billiún sna táirgí Coigiltis Stáit, agus ag deireadh na bliana 2013, ba é €18.2 billiún an tsuim iomlán a bhí gan íoc.

Feidhmíonn an Post mar ghníomhaire de chuid GBCN maidir le díolachán agus le riarachán tháirgí Coigiltis Stáit (seachas Duaisbhannaí). Is í an Chuideachta Duais-Bhannaí (comhfhiontar idir an Post agus Fexco, cuideachta seirbhísí airgeadais Éireannach) a oibríonn Scéim na nDuaisbhannaí thar ceann GBCN.

I mí an Mheithimh 2013, laghdaigh GBCN na rátaí úis a bhí á n-íoc ar tháirgí Coigiltis Stáit chun athruithe sa mhórmhargadh coigiltis a léiriú. Cuireadh laghduithe eile i bhfeidhm i mí na Nollag 2013.

Ba iad seo a leanas na rátaí a bhí i bhfeidhm an 8 Nollaig 2013 tar éis na laghduithe sin:

  • Banna Coigiltis 3 bliana: toradh iomlán ráta sheasta 4 faoin gcéad (RCB2 1.32 faoin gcéad);
  • Banna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 4 bliana: toradh iomlán ráta sheasta 6 faoin gcéad (RCB 1.47 faoin gcéad);
  • Cairt Choigiltis 5 bliana go leith: toradh iomlán ráta sheasta 10 faoin gcéad (RCB 1.75 faoin gcéad);
  • Tráthchoigiltí 6 bliana: toradh iomlán ráta sheasta 10 faoin gcéad (RCB 1.75 faoin gcéad); agus
  • Banna Náisiúnta Dlúthpháirtíochta 10 mbliana: toradh iomlán ráta sheasta 30 faoin gcéad (RCB 2.66 faoin gcéad);

Rinneadh athruithe freisin ar an ráta athraitheach úis a bhí á úsáid chun luach dhuaischiste míosúil na nDuaisbhannaí a shocrú. Le héifeacht ón 8 Nollaig 2013, is é 1.60 faoin gcéad ráta dhuaischiste na nDuaisbhannaí. Ní dhearnadh aon athruithe ar an ráta inathraitheach ar an nGnáthchuntas Taisce, a leanann le ráta 0.25 faoin gcéad a íoc. Ní dhearnadh aon athruithe ach oiread ar an ráta inathraitheach ar an gCuntas Taisce Plus fógra 30 lá, a leanann le ráta 0.50 faoin gcéad a íoc.


2 Ráta Coibhéiseach Bliantúil

Táirgí Coigiltis Stáit GBCN

An Méid Iomlán a bhí Gan Íoc
ag Deireadh 2013
€m

Insreabhadh/
(Eis-Sreabhadh) Glan in 2013

Bannaí Coigiltis

5,342

(226)

Bannaí Náisiúnta Dlúthpháirtíochta

1,752

751

Cairteacha Coigiltis

6,002

1,211

Tráthchoigiltí

478

4

Duaisbhannaí

1,932

283

Cuntais Taisce

2,650

(153)

Iomlán

18,156

1,870

De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN

Próifíl Fiachais

Is é is Fiachas Rialtais Ghinearálta (FRG) ann ná tomhas ar ollfhiachas comhdhlúite iomlán an Stáit. Is é an tomhas a úsáidtear chun críocha comparáide ar fud an Aontais Eorpaigh é.

Is ionann an Fiachas Náisiúnta agus an glanfhiachas atá tabhaithe ag an Státchiste tar éis iarmhéideanna airgid agus sócmhainní gaolmhara eile a chur san áireamh. Is é Fiachas Náisiúnta an phríomh-chomhchuid de FRG ach áirítear le FRG freisin dliteanais de chuid comhlachtaí rialtais láir agus rialtais áitiúil.

Murab ionann agus an Fiachas Náisiúnta, tuairiscítear FRG ar bhonn comhlán agus ní fhritháirítear ann iarmhéideanna airgid gan íoc ná sócmhainní airgeadais eile. Cé gur le FRG a bhaineann na figiúirí sa rannán seo go príomha, is leis an bhFiachas Náisiúnta amháin a bhaineann freagrachtaí GBCN.

B’ionann FRG ag deireadh na bliana 2013 agus €202.9 billiún nó 123.7 faoin gcéad den Olltáirgeacht Intíre (OTI). Tá sé réamh-mheasta go laghdóidh an cóimheas FRG/OTI go 121.4 faoin gcéad ag deireadh na bliana 2014, é á bhrú ag laghdú ar iarmhéideanna airgid a carnadh roimhe seo, agus go dtitfidh FRG go 107.2 faoin gcéad de OTI faoi dheireadh na bliana 2018.

Agus í á baint amach tríd an gcóimheas fiachais a chobhsú agus a laghdú, baineann ríthábhacht le hinbhuanaitheacht fiachais maidir leis an muinín atá ag infheisteoirí as Éirinn agus, ar deireadh, maidir le rochtain mhargaidh a choimeád ar bun. Is é an phríomhuirlis bheartais atá ar fáil don Rialtas maidir le hinbhuanaitheacht fiachais a áirithiú ná comhardú buiséid phríomhúil (comhardú buiséid nach gcuimsítear íocaíochtaí úis ann) a reáchtáil, comhardú atá mór go leor chun freastal ar aon bhearna atá ann idir an meánráta úis ar an stoc fiachais agus fás ainmniúil OTI. Tá an titim réamh-mheasta sa chóimheas FRG/OTI thar an tréimhse go 2018 bunaithe ar chomharduithe réamh-mheasta buiséid phríomhúil an Rialtais thar an tréimhse sin, faoi mar atá leagtha amach sa Nuashonrú maidir leis an gClár Cobhsaíochta, Aibreán 2014.

Mar a luadh cheana féin, is ionann FRG agus beart comhlán a fhágann nach féidir iarmhéideanna airgid ná sócmhainní airgeadais eile a fhritháireamh. Mar sin féin, cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tomhas ar an nGlanfhiachas Rialtais Ghinearálta (GFRG)3 ar fáil, a ríomhtar trí luach na sócmhainní airgeadais a chomhfhreagraíonn do chatagóirí dliteanas airgeadais ar cuid den Ollfhiachas Rialtais Ghinearálta iad a bhaint as an nGlanfhiachas Rialtais Ghinearálta. Measann CSO gurbh ionann an Glanfhiachas Rialtais Ghinearálta ag deireadh na bliana 2013 agus €161.2 billiún nó 98.3 faoin gcéad de OTI.

Measadh gurbh ionann meánaibíocht ualaithe fhiachas fadtéarmach indíolta agus oifigiúil na hÉireann agus 12.5 bliain ag deireadh na bliana 20134: ba é 7.3 bliain an figiúr inchomparáide ag deireadh na bliana 2012. Den chuid is mó, léiríonn an méadú ó dheireadh na bliana 2012 ar aghaidh eisiúint na mbannaí fadtéarmacha ráta chomhlúthaigh i mí Feabhra 2013 chun áit nóta gealltanais IBRC a ghlacadh. Léiríonn sé freisin na meánsíntí seacht mbliana a rinneadh ar aibíocht iasachtaí na hÉireann ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM), rud a comhaontaíodh in 2013.


3 CSO, Staitisticí Airgeadais Rialtais, Aibreán 2014
4 Ós rud é nach socrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta a bhíonn ag iasachtaí aonair EFSM ach nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta, is réamh-mheastachán é an meánfhigiúr ualaithe aibíochta 12.5 bliain ag deireadh na bliana 2013.

Comhshuíomh Fiachais ag Deireadh 2013

Fiachas Náisiúnta
€bn

Fiachas Rialtais Ghinearálta
€bn

Bannaí Rialtais

111.0

Maoiniú Chlár AE/CAI

66.9

Fiachas Eile Meántéarmach agus Fadtéarmach

0.8

Scéimeanna Coigiltis Stáit*

15.5

Fiachas Gearrthéarmach

3.3

Ollfhiachas Náisiúnta amhail 31/12/13

197.5

197.5

Lúide Airgead agus Sócmhainní Airgeadais eile**        

(23.6)

Fiachas Náisiúnta amhail 31/12/13

173.9

 

Coigeartuithe Fiachas Rialtais Ghinearálta

5.4

202.9

*Áirítear freisin i Scéimeanna Coigiltis Stáit airgead a infheistíonn taisceoirí i mBanc Taisce an Phoist (BTP), nach cuid den Fhiachas Náisiúnta é. Tugtar na cistí sin ar iasacht don Státchiste go príomha mar airleacain ghearrthéarmacha agus trí Bhannaí Rialtas na hÉireann a cheannach. Agus Taiscí BTP á gcur san áireamh, b’ionann an Coigilteas Stáit iomlán a bhí gan íoc ag deireadh na bliana 2013 agus €18.2 billiún.
**Dá raibh iarmhéideanna airgid agus infheistíochtaí gearrthéarmacha eile de chuid an Státchiste freagrach as €18.5 billiún ag deireadh na bliana 2013.
Foinse: GBCN agus an Phríomh-Oifig Staidrimh

Fiachas Réamh-mheasta Rialtais Ghinearálta 2014-2018

Bliain

% de OTI

2014

121.4

2015

120.0

2016

115.9

2017

112.0

2018

107.2

Foinse: An Roinn Airgeadais (Nuashonrú maidir leis an gClár Cobhsaíochta, Aibreán 2014)


Próifíl Aibíochta Fhiachas Fadtéarmach Indíolta agus Oifigiúil na hÉireann ag Deireadh 2015

Fig-8---Maturity-Profile-of-Ireland's-Long-Term-MArketable-and-Official-Debt_Irish

*Chuir an Ríocht Aontaithe, an tSualainn agus an Danmhairg iasachtaí déthaobhacha ar fáil.
**Léirítear in iasachtaí EFSF na síntí aibíochta a comhaontaíodh in 2013.
***Tá iasachtaí EFSM faoi réir síneadh seacht mbliana freisin. Ní mheastar go mbeidh ar Éirinn ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027. Mar sin féin, ní shocrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta a bhíonn ag iasachtaí aonair EFSM ach nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Léirítear bunaibíochtaí iasachtaí EFSM thuas.
Foinse: GBCN


Toradh Fónaimh d’Fhiachas

Is iad bunchuspóirí GBCN i leith bainistiú fiach ná leachtacht leordhóthanach a chinntiú don Státchiste agus costais fónaimh d’fhiachas a bharrfheabhsú thar an meántéarma faoi réir leibhéal inghlactha riosca.

Ba é €7,324 milliún costas úis airgid an Fhiachais Náisiúnta a gearradh ar an Státchiste in 2013. Ba iad na míreanna eile a gearradh ar chostais as fónamh d’fhiachas an Státchiste ná cistí fiachmhúchta ar a raibh luach €625 milliún – go bunúsach, is ionann é sin agus athrú teicniúil ar an mbuiséad reatha a léirítear freisin mar fháltas sa bhuiséad caipitil – agus táillí agus speansais riaracháin €134 milliún.

Faoin mórthomhas Rialtais Ghinearálta, meastar gurbh ionann caiteachas úis sa bhliain 2013 agus €7,681 milliún5, thart ar €559 milliún faoi bhun an mheastacháin chomhfhreagraigh a rinneadh sa Nuashonrú maidir leis an gClár Cobhsaíochta i mí Aibreáin 2013.


5 CSO, Fiachas agus Easnamh Bliantúil an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach, Aibreán 2014

Margadh Bhannaí Rialtais na hÉireann

Bannaí Tagarmhairc
Tá 11 bhanna tagarmhairc ag Éirinn agus tá aibíochtaí le sonrú sa chuar toraidh aníos go dtí 2025.

Bannaí Tagarmhairc Rialtas na hÉireann

Banna

An Dáta Aibíochta

Gan Íoc
Deireadh 2013
€m

Gan Íoc
Deireadh Bhealtaine 2014
€m

Banna Státchiste 4.0% 2014

15 Eanáir 2014

2,746

0

Banna Státchiste 4.5% 2015

18 Feabhra 2015

3,630

2,230

Banna Státchiste 4.6% 2016

18 Aibreán 2016

10,169

10,169

Banna Státchiste 5.5% 2017

18 Deireadh Fómhair 2017

6,389

6,389

Banna Státchiste 4.5% 2018

18 Deireadh Fómhair 2018

9,256

9,256

Banna Státchiste 4.4% 2019

18 Meitheamh 2019

7,700

7,700

Banna Státchiste 5.9% 2019

18 Deireadh Fómhair 2019

6,767

6,767

Banna Státchiste 4.5% 2020

18 Aibreán 2020

11,809

11,809

Banna Státchiste 5.0% 2020

18 Deireadh Fómhair 2020

9,052

9,052

Banna Státchiste 3.9% 2023

20 Márta 2023

5,000

5,000

Banna Státchiste 3.4% 2024

18 Márta 2024

0

6,637

13 Márta 2025

11,745

11,745

Foinse: GBCN

Léiríonn an t-athrú próifíle idir deireadh mhí na Nollag 2013 agus deireadh mhí na Bealtaine 2014 fuascailt bhanna Eanáir 2014 agus eisiúint nua bhanna 2024 i mí Eanáir 2014.

Bannaí Amúchta
D’eisigh GBCN bannaí amúchta, a dhéanann íocaíochtaí bliantúla comhionanna thar a saolré, chun freastal ar riachtanais thionscal pinsean na hÉireann. Murab ionann agus bannaí caighdeánacha, nuair a dhéantar íocaíocht na príomhshuime ar aibíocht tar éis íocaíochtaí úis bhliantúil, íocann na bannaí amúchta nua suim chomhionann gach bliain thar shaolré an bhanna, a léiríonn gur fearr le scéimeanna pinsean agus le soláthraithe blianachtaí sruth leanúnach ioncaim a fháil.

Tá 10 mbanna amúchta ann, lena ngabhann tréimhsí aibíochta a mhairfidh go dtí an tréimhse idir 2027 agus 2047. Léiríonn na bannaí sin na riachtanais atá ag cistí pinsean bannaí ar théarmaí níos faide a bheith acu.

Mar aon leis na bunbhannaí amúchta arbh fhiú €1 billiún iad a díoladh in 2012, díoladh tuilleadh bannaí le linn 2013 ar bhonn teoranta fiosrú droim ar ais. Amhail deireadh mhí na Nollag 2013, bhí Bannaí Amúchta na hÉireann arbh fhiú €1.39 billiún iad fós gan íoc.

Bannaí Ráta Chomhlúthaigh
Rinne GBCN Bannaí ainmniúla Ráta Chomhlúthaigh arbh fhiú €25 billiún iad a eisiúint an 8 Feabhra 2013. Malartaíodh na bannaí sin ar na Nótaí Gealltanais a bhí i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann. Tugtar sonraí faoi gach cineál banna sa tábla thíos.

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh

Suim a bhí Gan Íoc 2013
€m

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2038

2,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2041

2,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2043

2,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2045

3,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2047

3,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2049

3,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2051

5,000

Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2053

5,034

Iomlán

Foinse: GBCN

Láimhdeachas Bannaí Rialtais

Tháinig méadú suntasach ar láimhdeachas i mbannaí Rialtas na hÉireann le linn 2013 toisc gur fhill Éire ar eisiúint normálta mhargaidh. I gcomparáid le €64.7 billiún in 2012, ba é an láimhdeachas ainmniúil iomlán, mar a thuairiscigh Stocmhalartán na hÉireann é, ná €92.2 billiún in 2013. Ba i mí Eanáir a bhí an láimhdeachas míosúil ab airde in 2013 tar éis shindeacáitiú bhannaí 2017 ar chostas €2.5 billiún.

Ba é €75.7 billiún an láimhdeachas a tuairiscíodh don tréimhse idir mí Eanáir agus deireadh mhí Aibreáin 2014, méadú de níos mó ná €42 billiún ar an bhfigiúr don tréimhse chéanna in 2013. Léiríonn an ghníomhaíocht mhéadaithe i mbannaí Rialtas na hÉireann dúil níos láidre i measc infheisteoirí, raonta difríochta normalaithe tairisceana is ofrála agus eisiúint rialta.

Láimhdeachas Bannaí Rialtais

Láimhdeachas de réir Míosa

2014
€m

2013
€m

2012
€m

Eanáir

36,039

14,827

13,152

Feabhra

12,037

5,422

4,904

Márta

15,388

7,815

3,736

Aibreán

12,248

5,593

2,269

Bealtaine

19,969

5,420

3,832

Meitheamh

6,792

2,312

Iúil

3,854

9,091

Lúnasa

5,477

3,676

Meán Fómhair

8,851

7,349

Deireadh Fómhair

7,822

6,354

Samhain

7,449

5,213

Nollaig

12,897

2,859

Iomlán

95,681

92,218

64,748

Foinse: Stocmhalartán na hÉireann

Córas Príomhdhéileálaithe
Tá grúpa láidir Príomhdhéileálaithe ag margadh bhannaí Rialtas na hÉireann – bainc idirnáisiúnta infheistíochta a bhfuil réim acu ar fud an domhain den chuid is mó. Déanann gach ceann de na 18 bPríomhdhéileálaí atá aitheanta ag GBCN praghsanna leanúnacha dhá bhealach ar bhannaí tagarmhairc sainithe a dhéanamh in íosmhéideanna sonraithe agus laistigh d’uasraonta difríochta tairisceana is ofrála. Déanann roinnt stocbhróicéirí orduithe cliaint a mheaitseáil freisin.

Seo a leanas na Príomhdhéileálaithe:

  • Barclays, Londain
  • BNP Paribas, Londain
  • Cantor Fitzgerald Ireland Limited, Baile Átha Cliath
  • Crédit Agricole CIB, Londain
  • Citigroup, Londain
  • Davy, Baile Átha Cliath
  • Danske Bank, Cóbanhávan
  • Deutsche Bank, Frankfurt
  • Goldman Sachs, Londain
  • HSBC CCF, Páras
  • ING Bank NV, Amstardam
  • JP Morgan, Londain
  • Merrill Lynch International, Londain
  • Morgan Stanley & Co International plc
  • Nomura International plc, Londain
  • Royal Bank of Scotland, Londain
  • Société Générale, Páras
  • UBS Limited, Londain

Aithníodh Cantor Fitzgerald Ireland Ltd mar Phríomhdhéileálaí i mí Iúil 2013.

Tá na Príomhdhéileálaithe ina mbaill de Stocmhalartán na hÉireann, áit a bhfuil bannaí Rialtas na hÉireann liostaithe. Tá rochtain eisiach acu ar cheantanna bannaí GBCN agus is féidir leo leas a bhaint as saoráidí comhaontú athcheannaigh (iasachtaíocht chomhthaobhaithe ghearrthéarmach) a sholáthraíonn GBCN i bhfoirm bhannaí Rialtas na hÉireann.

Rátáil Chreidmheasa
San am i láthair, tá stádas grád infheistíochta ag Éirinn le gach ceann de na príomhghníomhaireachtaí rátála. Thug Fitch rátáil BBB+ d’Éirinn; atá ar an tríú heang is airde sa ghrád infheistíochta. Chuir Moody’s Éire ar ais sa ghrád infheistíochta, agus rátáil Baa3 á tabhairt aige agus ionchas dearfach á chur aige ina leith i mí Eanáir 2014. Ba é sin an chéad uair a rinne Moody’s Éire a uasghrádú ó mhí Iúil 2011 agus ba ghníomh suntasach é a raibh tionchar dearfach aige ar phraghsanna bhannaí na hÉireann. I mí na Bealtaine, rinne Moody’s an rátáil a bhogadh suas dhá eang eile go Baa1, rud is comhionann leis an rátáil a thugann Fitch d’Éirinn faoi láthair. Rinne Standard & Poor’s rátáil chreidmheasa cheannasaigh na hÉireann a uasghrádú go A- (ó BBB+) agus chuir sé ionchas dearfach i leith na tíre i mí an Mheithimh 2014.

Rátálacha Creidmheasa Cheannasaigh na hÉireann*

Gníomhaireacht Rátála

Rátáil fhadtéarmach

Rátáil ghearrthéarmach

Ionchas

Standard & Poor’s

A-

a-2

Dearfach

Moody’s

Baa1

P-2

Cobhsaí

Fitch Ratings

BBB+

F2

Cobhsaí

DBRS

A (íseal)

R-1 (íseal)

Cobhsaí

R&I

BBB+

a-2

Cobhsaí

*Amhail an 30 Meitheamh 2014
Foinse: GBCN

Clár AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn

Ba ar an 15 Nollaig 2013 a tháinig deireadh oifigiúil le Clár trí bliana AE/CAI um Thacaíocht Airgeadais d’Éirinn, rud a ndeachthas isteach ann i mí na Samhna 2010. Fuarthas an íocaíocht amach dheiridh faoin gclár, íocaíocht arbh fhiú €800 milliún í, ó EFSM i mí an Mhárta 2014.

B’ionann dliteanais faoi chlár AE/CAI ag deireadh mhí an Mhárta 2014 agus €68.2 billiún i dtéarmaí ainmniúla. B’ionann iasachtaí ó fhoinsí AE, iasachtóirí déthaobhacha ina measc, agus €45.7 billiún agus b’fhiú €22.5 billiún iad iasachtaí CAI. Ó thaobh comhluacha in euro de, b’ionann an costas éifeachtach measta iomlán ar iasachtaí a fuarthas faoi chlár AE/CAI agus 3.40 faoin gcéad ag deireadh mhí an Mhárta 2014.

Dliteanais faoi Chlár AE/CAI a bhí Gan Íoc ag Deireadh Mhárta 2014

Iasachtóir

Suim na hIasachta
Ainmniúla €bn*

An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM)

22.50

An tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF)

18.41

An Ríocht Aontaithe

3.83

An Danmhairg

0.40

An tSualainn

0.60

CAI**

22.45

Iomlán

68.20

* Aistrítear comhluachanna in euro de réir na rátaí malairte a bhí i bhfeidhm an dáta tuairiscithe, agus tionchar na n-idirbheart fálaithe airgeadra san áireamh. Ba é €67.5 billiún an ghlansuim in euro a fuair an Státchiste, tar éis an figiúr sin a choigeartú chun eisiúint faoin bpar, asbhaint corrlaigh réamhíoctha agus tionchar na n-idirbheart malairte eachtraí a chur san áireamh.
**Ainmnítear iasachtaí CAI i gCearta Tarraingthe Speisialta (CTSanna), cúlsócmhainn idirnáisiúnta a chruthaigh CAI. Tá a luach bunaithe ar chiseán ceithre phríomhairgeadra idirnáisiúnta – is iad sin, an euro, yen na Seapáine, punt steirling agus dollar na Stát Aontaithe.
Foinse: GBCN

Ag cruinnithe de chuid Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) / an Ghrúpa Euro i mí Aibreáin 2013, chomhaontaigh na hAirí i bprionsabal, faoi réir nósanna imeachta náisiúnta, síneadh 7 mbliana a chur le meánaibíocht ualaithe iasachtaí na hÉireann ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) agus ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) d’fhonn tacú le hiarrachtaí na hÉireann rochtain iomlán a athghnóthú ar an margadh agus dul amach go rathúil as clár AE/CAI.

Comhaontaíodh sonraí shíntí iasachta EFSF i mí an Mheithimh 2013. Tar éis an chomhaontaithe sin, tá an chéad cheann d’iasachtaí EFSF le haibiú in 2029. Feidhmíonn EFSF córas comhthiomsaithe maoinithe, a fhágann nach bhfuil baint dhíreach ag iasachtaí le heisiúint.

Tá iasachtaí EFSM faoi réir síneadh 7 mbliana freisin. Toisc go ndéantar iasachtaí EFSM go comhuaineach le heisiúintí bannaí, ní shocrófar na dátaí athbhreithnithe aibíochta beachta a bhíonn ag iasachtaí aonair EFSM ach amháin nuair a bheidh siad ag druidim ar a mbundátaí aibíochta. Is ag an am sin a chuirfidh EFSM oibríocht maoinithe i gcrích. Ní mheastar go mbeidh ar Éirinn ceann ar bith de na hiasachtaí a fuair sí ó EFSM a athmhaoiniú roimh an mbliain 2027. D’fhéadfadh go mbeadh gá le hiasachtaí aonair EFSM a shíneadh níos mó ná uair amháin chun go bhféadfaí an mheánaibíocht ualaithe a mhéadú.

Feidhmeanna Eile

Chomh maith leis na croífheidhmeanna atá aige i ndáil le hairgead a fháil ar iasacht don Státchiste agus fiach a bhainistiú, comhlíonann an Lucht Stiúrthóireachta um Maoiniú agus Bainistiú Fiach de chuid GBCN roinnt feidhmeanna eile.

An Scéim um Fhorais Chreidmheasa (Ráthaíocht Dliteanas Incháilithe) 2009
I mí na Nollag 2009, thug an Rialtas scéim nua ráthaíochta isteach a leanfadh an Scéim um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 ar mhaithe le foráil a dhéanamh do dhliteanais bhainc a ráthú tar éis an 29 Meán Fómhair 2010 – ba é sin, an Scéim um Fhorais Chreidmheasa (Ráthaíocht Dliteanas Incháilithe) 2009 (an Scéim RDI). Cheap an tAire Airgeadais GBCN mar Oibreoir ar an Scéim RDI.

Foráiltear leis an Scéim RDI go bhféadfar ráthaíocht dho-chúlghairithe neamhchoinníollach Stáit de suas le haibíocht cúig bliana arna heisiúint ag forais rannpháirteacha a thabhairt do dhliteanais incháilithe áirithe (lena n-áirítear taiscí) a fhad is nach bhfuil na dliteanais sin clúdaithe faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí atá á hoibriú ag Banc Ceannais na hÉireann.

Ní mór na dliteanais sin a bheith tabhaithe ag forais rannpháirteacha idir an dáta a ndeachaigh siad leis an Scéim agus an dáta ar scoireadh den Scéim. Cuireadh deireadh leis an Scéim RDI ag meán oíche an 28 Márta 2013.

Aon dliteanais a ráthaíodh faoin Scéim roimh an 28 Márta 2013, beidh siad fós ráthaithe go dtí go dtiocfaidh siad in aibíocht. Amhail dáta scoir den Scéim RDI, ba í €75 billiún an tsuim iomlán a bhí clúdaithe faoin Scéim. Toisc gur lean fiachas agus taiscí le haibiú tar éis dheireadh na Scéime, b’fhiú €20 billiún na suimeanna a bhí ráthaithe ag deireadh mhí na Nollag 2013.

Dliteanais a bhí clúdaithe faoin Scéim RDI ag Deireadh 2013 €m €m

Fiachas Sinsearach Neamhurraithe Neamhthaiscí

10,816

Taiscí

9,275

Iomlán

Foinse: GBCN

Spreag leachtú na Corparáide Éireannaí um Réiteach Banc (IBRC) an 7 Feabhra 2013 éilimh faoin Scéim RDI. Córas faoi réir éileamh is ea an Scéim RDI (murab ionann agus Scéim Ráthaíochta Taiscí an Bhainc Ceannais). Agus í ina hOibreoir ar an Scéim RDI, bainistíonn GBCN éilimh arna gcur isteach i ndáil le dliteanais IBRC a bhí ráthaithe faoin Scéim. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar láithreán gréasáin GBCN.

Cuimsíodh i ndliteanais ráthaithe IBRC bannaí agus taiscí incháilithe araon, a fhágann nach bhfuil siad clúdaithe faoin Scéim Ráthaíochta Taiscí. Rinneadh dhá bhanna a bhí clúdaithe faoin Scéim RDI a aisíoc i mí an Mhárta 2013 agus b’fhiú €934 milliún san iomlán iad. Amhail mí na Bealtaine 2014, bhí thart ar €110 milliún íoctha amach i ndáil le cuntais taisce. Leanann GBCN le comhordú a dhéanamh le Leachtaitheoirí Speisialta IBRC chun éilimh gan íoc a réiteach.

Ráthaíocht Díorthach IBRC
Chuir an tAire Airgeadais Gníomhas Ráthaíochta i bhfeidhm an 29 Samhain 2010 chun gníomhaíocht díorthach áirithe a rinne Corparáid an Bhainc Angla-Éireannaigh Teoranta, IBRC (faoi Leachtú Speisialta) anois, a chlúdach agus í ag iarraidh riosca bunráta úis agus airgeadra eachtraigh a bhainistiú ar a clár comhardaithe. Mar thoradh ar Leachtaitheoirí Speisialta a cheapadh chuig IBRC an 7 Feabhra 2013, rinne contrapháirtithe díorthacha a n-idirbhearta díorthacha gan íoc le IBRC a fhoirceannadh. I gcásanna nach raibh luachálacha díorthacha diúltacha clúdaithe cheana le comhthaobhacht ag an dáta foirceannta, bhí contrapháirtithe i dteideal éileamh a chur isteach i leith aon easnaimh faoin nGníomhas Ráthaíochta.

I mí an Mhárta 2013 rinne an Rialtas na feidhmeanna seo a leanas a tharmligean chuig GBCN:

  1. éilimh ar íocaíocht a dheimhniú i ndáil leis an nGníomhas Ráthaíochta a rinne an tAire Airgeadais an 29 Samhain 2010; agus
  2. suimeanna a íoc amach atá dlite agus iníoctha faoin nGníomhas Ráthaíochta.

Tá an próiseas sin thart anois, agus íocadh €37.5 milliún san iomlán le 10 gcontrapháirtí.

An tSeirbhís Lárnach Cisteáin
Tógann Seirbhís Lárnach Cisteáin (SLC) GBCN taiscí ó chomhlachtaí neamhthráchtála Stáit, ó údaráis rialtais áitiúil, ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ó bhoird oiliúna agus oiliúna agus tugann sí airleacain dóibh freisin. Is é an cuspóir atá ann ná malairt iomaíoch ar earnáil na baincéireachta a thabhairt do na comhlachtaí sin agus iad i mbun gnó cisteáin agus, dá bhrí sin, coigilteas a bhaint amach don Státchiste ag an am céanna. Ag deireadh na bliana 2013, b’ionann iasachtaí SLC do 18 gcomhlacht ainmnithe agus €37.4 milliún san iomlán. Cuireadh 166 taisce in SLC in 2013 agus ba é €29.3 milliún an meán-iarmhéid gan íoc ina leith.

Ciste na gCuntas Díomhaoin
Faoin Acht um Chuntais Dhíomhaoine, 2001, agus faoin Acht um Polasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003, déantar iarmhéideanna ar chuntais dhíomhaoine le bainc, le cumainn foirgníochta agus leis An Post agus glanluach ina airgead ar pholasaithe áirithe árachais saoil a tharchur chuig an Stát ar bhonn bliantúil lena n-íoc amach chun críocha carthanachta nó ar mhaithe le leas an phobail. Is gnách gurb í an tréimhse faoi choinne díomhaointeas a shocrú ná 15 bliana ón idirbheart ba dheireanaí a thionscain an custaiméir. I gcás polasaithe árachais saoil lena ngabhann téarma sonraithe, is í an tréimhse ná cúig bliana tar éis dheireadh an téarma sin. Ráthaítear leis an reachtaíocht an ceart atá ag sealbhóirí cuntais agus polasaí a gcuid airgid a athéileamh ag aon am ar bith ó na forais airgeadais.

Ar feitheamh íoc amach, déanann GBCN bainistíocht ar an airgead i gCiste na gCuntas Díomhaoin. Bhí €185.5 milliún á bhainistiú ag GBCN ag deireadh na bliana 2013. Aistríodh €44.6 milliún chuig an gCiste in 2013, agus athéilíodh €19.5 milliún ó chuntais a bhí díomhaoin roimhe sin. B’ionann na híocaíochtaí amach ón gCiste agus €1.5 milliún in 2013.

Gníomhaíochtaí Eile
Comhlíonann an Lucht Stiúrthóireachta um Maoiniú agus Bainistiú Fiach na feidhmeanna seo a leanas freisin:

  • Seirbhísí cistíochta a chur ar fáil do CNP agus do GNBS araon;
  • Seirbhísí cistíochta a chur ar fáil do Leachtaitheoirí Speisialta IBRC chun an clár comhardaithe a bhainistiú;
  • Airgead a fháil ar iasacht thar ceann na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe faoina Clár Páipéar Tráchtála Ilairgeadra dar luach €6 billiún;
  • Dul i mbun oibríochtaí laethúla um bainistiú gearrthéarmach airgid le leibhéal iarmhéideanna airgid an Rialtais i mBanc Ceannais na hÉireann a rialú. Tugtar faoin obair sin mar chuid den bhainistíocht iomlán ar leachtacht i limistéar an euro ag an mBanc Ceannais Eorpach; agus
  • An Ciste Reachtúil d’Institiúidí Cónaithe a infheistiú.