NewERA

Cúlra agus Feidhmeanna

I mí Mheán Fómhair 2011, d’fhógair an Rialtas bunú NewERA, ar bhonn neamhreachtúil ar dtús, laistigh de GBCN. Baineann ról lárnach NewERA le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais, ar straitéis chorparáideach agus ar phleananna caipitil agus infheistíochta de chuid na n-aonán tráchtála Stáit seo a leanas:

  • Bord Soláthair an Leictreachais (BSL);
  • Ervia (Bord Gáis Éireann [BGÉ] roimhe seo);
  • EirGrid;
  • Bord na Móna; and
  • Coillte.

Baineann ról NewERA freisin, nuair a iarrtar air, le comhairle a chur ar fáil maidir le sócmhainní Stáit a dhiúscairt nó a athstruchtúrú. Ina theannta sin, oibríonn NewERA le páirtithe leasmhara ábhartha chun tograí a fhorbairt le haghaidh infheistíochta san fhuinneamh, sa teileachumarsáid, in uisce agus san fhoraoiseacht chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht.

Foráiltear leis an mBille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014 do na feidhmeanna atá ag GBCN i ndáil le NewERA a chur ar bhonn reachtúil.

Maoiniú Airgeadais agus Comhairle Rialachais

Le linn na bliana 2013, lean NewERA ar aghaidh lena chlár struchtúrtha maidir le teagmháil a dhéanamh ar bhonn ráithiúil leis na haonáin tráchtála stáit atá faoina shainchúram. Díríonn an teagmháil sin ar fheidhmíocht airgeadais na n-aonán sin a ghineann ioncam de thart ar €6 billiún in aghaidh na bliana agus a úsáideann caipiteal de thart ar €14 billiún.

An Creat um Ionchais Scairshealbhóirí
I gcomhar le Ranna Rialtais ábhartha, d’fhorbair NewERA Creat um Ionchais Scairshealbhóirí, arb é is aidhm dó soiléire agus treoir a thabhairt do gach ceann de na haonáin tráchtála Stáit maidir le tosaíochtaí straitéiseacha, le cuspóirí beartais agus le ceanglais feidhmíochta agus tuairiscithe airgeadais an Rialtais.

Eisíodh litir Ionchais Scairshealbhóirí atá bunaithe ar an gCreat sin do Bhord BSL le linn 2013 agus tá sé beartaithe go n-eiseofar litreacha Creata do na haonáin eile atá faoi shainchúram NewERA in 2014. Samhlaítear go dtabharfar na litreacha sin cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.

Beartas Díbhinne
Rinne NewERA athbhreithniú ar bheartas díbhinne BSL agus chuir sé comhairle ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le beartas athbhreithnithe díbhinne, rud a d’fhógair BSL i mí Dheireadh Fómhair 2013. Samhlaítear sa bheartas athbhreithnithe go mbeidh méadú ar chóimheas íocaíochtaí amach díbhinne de chuid BSL ón mbliain 2015 ar aghaidh, agus tá sé mar aidhm 40 faoin gcéad de bhrabús normalaithe tar éis cánach a íoc amach mar dhíbhinn faoin mbliain 2017, ag féachaint don rátáil chreidmheasa grád infheistíochta a bheidh ag BSL. Déanfaidh NewERA athbhreithniú ar an mbeartas díbhinne reatha atá ag gach ceann de na cuideachtaí eile tar éis do na hAirí ábhartha na litreacha Creata a eisiúint dóibh.

Anailís Airgeadais
Thug NewERA anailís mhionsonraithe airgeadais agus moltaí d’Airí ábhartha maidir le hiarratais ar chomhairle a bhaineann le haonáin tráchtála stáit. Tagann na hiarratais sin go príomha ó na dualgais reachtacha atá ar aonáin tráchtála Stáit cead a lorg ón Aire (e.g. chun gur féidir le haonán iasacht a fháil) nó ón gCód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit. Le linn na bliana 2013, thug NewERA anailís mhionsonraithe airgeadais agus moltaí (nuair ba chuí) d’Airí ábhartha maidir le 36 iarratas san iomlán a fuair sé ar chomhairle, lenar áiríodh iarratais maidir le maoiniú arbh fhiú €2.9 billiún é agus iarratais maidir le tionscadail chaiteachais chaipitil arbh fhiú €0.6 billiún é.

Is é seo a leanas forbhreathnú ar na hiarratais sin, iad miondealaithe de réir cuideachta agus catagóire:


Iarratais de réir Cuideachta6

Fig-13---Request-by-Company_Irish

Foinse: GBCN

Iarratais de réir Cineáil7

Fig-14---Request-by-Type_Irish

Foinse: GBCN

Is fochuideachta de chuid Bhord Gáis é Uisce Éireann
Cuimsíonn “eile” comhairle ar ábhair amhail pinsin agus bunú fochuideachtaí


Forbhreathnú Airgeadais ar Phunanna
Le linn ráithe 4 de 2013, d’ullmhaigh NewERA Forbhreathnú Airgeadais ar Phunanna ar mhaithe le léargas a thabhairt ar fheidhmíocht airgeadais gach ceann de na haonáin tráchtála Stáit atá faoina shainchúram ag an dáta ar foilsíodh ráitis airgeadais bhliantúla ba dhéanaí na n-aonán sin8. Rinne sé forbhreathnú ar fheidhmíocht airgeadais na n-aonán sin ar bhonn comhcheangailte den chéad uair freisin. Tugadh an tuarascáil sin chun críche go luath sa bhliain 2014 agus eisíodh í do pháirtithe leasmhara ábhartha ina dhiaidh sin. Déantar achoimre thíos ar na príomhthomhais feidhmíochta airgeadais agus oibriúcháin a chuimsítear sa tuarascáil:

  • Mhéadaigh láimhdeachas ó €5.6 billiún go €6.1 billiún sa bhliain airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí agus tuairiscíodh méadú ioncaim i gcás gach ceann de na haonáin;
  • Bhí corrlaigh oibriúcháin choigeartaithe don tréimhse airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí ag an leibhéal ab airde ó 2008/09;
  • Sa bhliain airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí, chaith na haonáin comhiomlán €1.25 billiún ar infheistíocht chaipitil, rud a fhágann go bhfuil €6.4 billiún san iomlán caite acu ina leith sin le cúig bliana anuas.
  • Mhéadaigh glanfhiachas comhcheangailte ó €6.7 billiún go €6.8 billiún sa bhliain airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí, rud a thugann iolra tuillimh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchta de 3.7 uair agus glanchlúdach úis de 4.6 uair. Agus an méadú €0.1 billiún ar ghlanfhiachas á chur i gcodarsnacht le hinfheistíocht chaipitil €1.25 billiún, feictear gur gineadh níos mó ná €1 billiún ó oibríochtaí na n-aonán comhcheangailte.
  • Bhí glanghiaráil (gan dliteanais phinsean agus fostaithe) mar an gcéanna leis an bhfigiúr don bhliain airgeadais thuairiscithe roimhe;
  • I gcomparáid leis an mbliain roimhe, bhí méadú 6.6 faoin gcéad ar an Toradh ar Chaipiteal in Úsáid sa bhliain airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí, rud a bhí beagán níos airde ná an meánfhigiúr stairiúil 5 bliana;
  • B’ionann díbhinní €102 milliún a íocadh sa bhliain airgeadais thuairiscithe ba dhéanaí agus thart ar 1.5 faoin gcéad de ghlansócmhainní comhcheangailte, rud a bhí cothrom le ráta íocaíochta amach de 26 faoin gcéad de bhrabús tar éis cánach; agus
  • Ba é 34 faoin gcéad an fás tuillimh choigeartaithe sa bhliain airgeadais ba dhéanaí. I gcodarsnacht leis sin, ba é an meánfhás tuillimh sna 5 bliana seo a chuaigh thart ná –1 faoin gcéad.

Is iad seo a leanas dátaí na ráiteas airgeadais is déanaí: EirGrid – 30 Meán Fómhair 2012; Coillte, BGÉ agus BSL – 31 Nollaig 2012; Bord na Móna – 27 Márta 2013.

Gníomhaíochtaí Eile
Ar iarratas an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, rinne NewERA athbhreithnithe airgeadais ar an bPost agus ar RTÉ freisin. Díríodh san athbhreithniú ar an bPost ar a fheidhmíocht stairiúil agus ar na pleananna atá aige don todhchaí. Rinneadh anailís phiarchuideachta mar chuid den athbhreithniú freisin. San athbhreithniú ar RTÉ, anailísíodh an chuideachta ar bhonn grúpa agus rannach agus rinneadh cleachtadh tagarmharcála ar fheidhmíocht airgeadais RTÉ i gcoibhneas le piareagraíochtaí craolacháin.

Athstruchtúrú agus Diúscairtí Sócmhainní Stáit

Fógraíodh cinneadh an Rialtais maidir le diúscairt sócmhainní Stáit i mí Feabhra 2012. Chinn an Rialtas go n-áireofaí sna roghanna diúscartha sócmhainní a bheadh le saothrú gnó fuinnimh Bhord Gáis Éireann agus cuid de chumas giniúna cumhachta neamh-straitéisí BSL a dhíol. Chinn sé go ndéanfaí breithniú ar roinnt de na sócmhainní atá ag Coillte a dhíol freisin, gan díolachán talún san áireamh, agus ar an scairsheilbh atá fágtha ag an Stát in Aer Lingus Cpt a dhíol ar phraghas inghlactha nuair a bheidh tosca margaidh fabhrach ina leith sin.

Ervia (BGÉ roimhe seo): Diúscairt an Ghnó Fuinnimh
Chuir NewERA comhairle airgeadais ar Ghrúpa Stiúrtha an Rialtais a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar dhíolachán ghnó fuinnimh BGÉ. Tar éis don Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha a fhógairt an 27 Samhain 2013 gur do-ghlactha a bhí na tairiscintí a fuarthas roimh an dáta sin, chuathas i dteagmháil arís eile le tairgeoirí. Cuireadh tairiscintí nua isteach ina dhiaidh sin lenar bhain luach i bhfad níos fearr ar airgead. Rinneadh cuibhreannas a bhí comhdhéanta de Centrica plc, de Brookfield Renewable Power Inc agus de iCON Infrastructure a fhógairt an 12 Nollaig 2013 mar thairgeoir roghnaithe bunaithe ar an tairiscint athbhreithnithe a chuir sé isteach, rud a raibh luach fiontair de suas le €1.1 billiún air.

Tá roghanna á scrúdú ag NewERA faoi láthair maidir le struchtúr corparáideach Ervia san fhadtéarma, cuideachta atá freagrach as gréasáin gháis agus as bonneagar uisce/fuíolluisce. Tabharfaidh sé tuairisc don Rialtas ina leith sin sa dara leath de 2014.

BSL: Cumas Giniúna Cumhachta Neamhstraitéisí a Dhiúscairt
D’iarr an Rialtas ar BSL tograí a fhorbairt maidir le cuid dá chumas giniúna neamhstraitéisí a dhíol, agus ba é an cuspóir sonrach leis sin ná díbhinní speisialta ar fiú suas le €400 milliún iad a sholáthar don Rialtas faoi dheireadh na bliana 2014. Tá NewERA ag obair go dlúth le BSL agus le Grúpa Stiúrtha an Rialtais a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar na diúscairtí sin. Ag gníomhú dó sa cháil sin, déanann NewERA anailís ar thairiscintí a fhaightear agus tugann sé moltaí do na hAirí ábhartha maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart do na hAirí toiliú le díolachán ar leith ó thaobh airgeadais de.

I mí Feabhra 2013, rinneadh an scairsheilbh a bhí ag BSL in dhá ionad giniúna cumhachta, Marchwood Power Limited sa Ríocht Aontaithe agus Bizkaia Energia SL sa Spáinn, a aithint lena ndíol. Ba i mí na Samhna 2013 a rinneadh an scairsheilbh 50 faoin gcéad a bhí ag BSL in Marchwood Power Limited a dhíol le Munich Re, ar mórchuideachta árachais Eorpach é atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus fuarthas praghas iomaíoch ina leith. Íocadh díbhinní arbh fhiú thart ar €153 milliún leis an Stát sa chéad ráithe de 2014 ó fháltais an díolacháin. Ba i mí na Bealtaine 2014 a rinneadh an scairsheilbh in Bizkaia a dhíol le cleamhnaí de chuid ArcLight Capital Partners LLC, ar gnólacht infheistíochta fuinnimh é atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

I mí Dheireadh Fómhair 2013, d’fhógair BSL go raibh sé ar intinn aige an dá stáisiún móna atá aige a dhíol, is iad sin, Cumhacht Uíbh Fhailí Thiar agus Cumhacht Loch Rí. Táthar ag súil go gcuirfear an próiseas díolacháin don dá ionad sin i gcrích ag deireadh na bliana 2014.

Bord na Móna/Coillte: Cumasc Tairbhiúil
I mí an Mheithimh 2013, d’fhógair an Rialtas nach rachadh sé ar aghaidh le cearta buainteoireachta i gCoillte a dhíol agus go n-athstruchtúrófaí an chuideachta ina ionad sin. Déanfaidh NewERA agus na Ranna ábhartha is páirtithe leasmhara maoirseacht ar an athstruchtúrú sin agus áireofar an méid seo a leanas ann: cuíchóiriú oibríochtaí, díghiaráil airgeadais agus grinnscrúdú ar na roghanna diúscartha atá ann i gcás gníomhaíochtaí nach croíghníomhaíochtaí iad, mar shampla, teileachumarsáid agus gaoth. D’fhógair an Rialtas freisin go ndéanfaí anailís airgeadais chun a mheas conas éifeacht a thabhairt do chumasc tairbhiúil idir Coillte agus Bord na Móna. Is é an aidhm atá leis an gcumasc ná cuideachta thráchtála stáit a bheidh cuíchóirithe agus athdhírithe a chruthú, a oibreoidh in earnáil an bhithfhuinnimh agus in earnáil na foraoiseachta.

I gcomhar leis an dá chuideachta, chuir NewERA tuarascáil le chéile ar na costais agus ar na tairbhí airgeadais a bhaineann le cumasc idir Coillte agus Bord na Móna.

I mí an Mheithimh 2014, d’fhógair an Rialtas comhfhiontar idir Bord na Móna agus Coillte a dhíreodh ar na comhghníomhaíochtaí gnó atá ar bun acu sna réimsí seo a leanas: bithmhais, fuinneamh gaoithe, seirbhísí comhroinnte, agus áineas agus turasóireacht. Déanfaidh NewERA maoirseacht ar an bpróiseas cur chun feidhme ar mhaithe le héifeacht a thabhairt do chinneadh an Rialtais.

Gníomhaíochtaí chun Infheistíocht sa Bhonneagar Eacnamaíochta a Éascú

Leanann NewERA de bheith ag obair leis na Ranna Rialtais ábhartha agus le páirtithe leasmhara eile ar thionscnaimh infheistíochta sna réimsí uisce, fuinnimh agus teileachumarsáide.

Uisce Éireann
Le linn 2013, thug NewERA comhairle don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le gnéithe áirithe airgeadais a bhain le hUisce Éireann a bhunú. Áiríodh leis an gcomhairle sin:

  • Múnla airgeadais ardleibhéil a fhorbairt, a bhí bunaithe ar ionchur ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus ó Uisce Éireann, chun cabhrú leis an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanais mhaoinithe bhliantúla is dóigh a bheidh ag Uisce Éireann; agus
  • Comhairle a thabhairt maidir le struchtúir chaipitil fhéideartha a chomhlíonann srianta éagsúla cuntasaíochta agus rátála creidmheasa.

Iarfheistiú Fuinnimh
Is é atá i gceist le hiarfheistiú fuinnimh ná infheistiú a dhéanamh i bhfoirgnimh bhaile, phoiblí agus thráchtála d’fhonn cabhrú le hÉirinn an gealltanas a thug sí go laghdódh sí éileamh fuinnimh faoi 20 faoin gcéad faoin mbliain 2020 trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a chomhlíonadh. D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh (an Ciste) i gCáinaisnéis 2013, arb é an aidhm atá leis tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú san earnáil ghnó. Cuirfear an maoiniú ar fáil ar bhonn tráchtála.

Faoi mar a bhí fógartha ag an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, chuir an Rialtas in iúl go bhfuil sé beartaithe aige €35 milliún a sholáthar mar chaipiteal síl d’fhonn ciste €70 milliún a bhunú i gcomhar le hinfheistíocht ón earnáil phríobháideach. Chuir NewERA comhairle agus anailís fhairsing ar an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha maidir le bunú an Chiste.

Tar éis próiseas iomaíoch, is é Sustainable Development Capital LLP (SDCL), ar sainghnólacht chomhairleach airgeadais agus infheistíochta é a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe i Londain agus a bhfuil oifigí aige i mBaile Átha Cliath, i Nua-Eabhrac agus in Hong Cong, a roghnaíodh mar chomhairleoir infheistíochta agus mar bhainisteoir ar an gCiste. Bainistíonn SDCL ciste éifeachtúlachta fuinnimh den chineál céanna sa Ríocht Aontaithe freisin.

Bhain an Ciste a chéad chéim tarraingtí anuas amach le déanaí, agus €35 milliún á ghnóthú aige. Fuarthas ceangaltas caipitil €17.2 milliún ón Rialtas, mar aon le caipiteal earnála príobháidí ó London & Regional Properties (€12.8m) agus ó Glen Dimplex Group (€5m). Bunaithe ar mhéid ciste €70 milliún, táthar ag súil go soláthróidh an Ciste maoiniú giaráilte de suas le €300 milliún thar na trí bliana atá romhainn.

Teileachumarsáid
Le linn na bliana 2013, bhí NewERA ina bhall den Ghrúpa Stiúrtha ardleibhéil a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. I mí Aibreáin 2014, d’fhógair an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha gur thug an Rialtas ceangaltas do mhórshíneadh starrach an ghréasáin teileachumarsáide i dtreo thuath na hÉireann, agus snáithín ina bhunchloch dá infheistíocht. Is é an aidhm atá leis an tionscadal ná freastal ar na codanna uile sin d’Éirinn nach féidir leo seirbhísí leathanbhanda ardluais a fháil faoi láthair. Táthar ag leanúint le hobair mhionsonraithe phleanála a dhéanamh chun an tionscadal a sholáthar. Tá sé i gceist straitéis chuimsitheach cur chun feidhme a fhoilsiú níos déanaí in 2014.