Rialachas

Struchtúr Tuairiscithe agus Rialachais

Is comhlacht reachtúil í GBCN a bunaíodh faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta ,1990.

Níl bord ag GBCN agus tá freagracht reachtúil ar an bPríomhfheidhmeannach as leanúint ar aghaidh de bheith ag bainistiú agus ag rialú riarachán agus ghnó na Gníomhaireachta i gcoitinne. Is é an tAire Airgeadais a cheapann an Príomhfheidhmeannach. Tuairiscíonn an Príomhfheidhmeannach go díreach don Aire Airgeadais maidir leis na feidhmeanna atá ag GBCN i ndáil le maoiniú agus bainistiú fiach, leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus le NewERA. Foráiltear sa reachtaíocht lena rialaítear GBCN do Choiste Comhairleach agus do Choiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát.

Tá a mbord féin ag an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean (CNP), ag an nGníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), agus ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS). Bunaíodh iad go léir faoina gcuid reachtaíocht rialaithe féin. Feidhmíonn GBCN mar choiste feidhmiúcháin i leith CNP agus GAFN. Sannann sí baill foirne do GNBS agus soláthraíonn sí seirbhísí gnó agus tacaíochta agus córais ghnó agus tacaíochta do GNBS. Cuimsítear faisnéis atá sonrach do Bhord GNBS, do Bhord GAFN agus do Choimisiún CNP i dtuarascálacha bliantúla gach ceann de na comhlachtaí sin. Is comhalta ex officio de Choimisiún CNP agus de bhord GNBS é Príomhfheidhmeannach GBCN chomh maith le bheith ina Chathaoirleach ex officio ar GAFN.

An Bille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014
Nuair a achtófar é, déanfar leis an mBille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), a foilsíodh i mí na Bealtaine 2014, struchtúir rialachais GBCN a chuíchóiriú agus a shimpliú ionas go mbeidh sí in ann glacadh le cur chuige níos comhtháite i leith chomhlíonadh a feidhmeanna. Athbhunófar an Ghníomhaireacht mar chomhlacht a mbeidh Cathaoirleach agus ochtar comhaltaí eile aici, daoine a mbeidh freagracht uileghabhálach orthu as gach ceann de na feidhmeanna atá ag GBCN (seachas GNBS a leanfaidh lena bord ar leith féin a bheith aici). Déanfar an Coiste Comhairleach, Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean, Bord na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta agus Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát a dhíscaoileadh. Foráiltear leis an mBille freisin don méid seo a leanas:

  • na feidhmeanna atá ag GBCN i ndáil le NewERA a chur ar bhonn reachtúil;
  • Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann a dhéanamh de CNP, a mbeidh sainordú aige infheistiú ar bhonn tráchtála ar bhealach a cheapfar chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus le fostaíocht in Éirinn;
  • an fheidhm atá ag an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i ndáil le costais dlí a chur ar bhonn reachtúil; agus
  • na feidhmeanna atá ag GAFN a aistriú chuig GBCN.

An Coiste Comhairleach

Tugann an Coiste Comhairleach cúnamh agus comhairle do GBCN maidir leis na ceisteanna sin a chuireann GBCN faoina mbráid chun na críche sin. Cuireann siad comhairle ar an Aire Airgeadais freisin maidir le téarmaí agus le coinníollacha an Phríomhfheidhmeannaigh (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair).

D’fhonn feabhas a chur ar rialachas corparáideach GBCN, chomhaontaigh an Coiste Comhairleach go dtabharfadh siad comhairle fhoirmiúil don Phríomhfheidhmeannach ar liosta sonraithe saincheisteanna ar bhonn leanúnach. Tá an liosta sin bunaithe ar ábhair a bhforchoimeádfaí lena gcinneadh ag an mBord de ghnáth agus tá sé mar seo a leanas:

  1. Beartas um Maoiniú agus Bainistiú Fiach;
  2. Spriocanna agus Cuspóirí na Feidhme Gnó;
  3. Leibhéil Údaráis Tharmligthe;
  4. Luach Saothair;
  5. Measúnú Feidhmíochta Ardbhainistíochta agus Pleanáil um Chomharbas;
  6. Leasuithe Suntasacha ar Shochair Phinsin na Foirne;
  7. Beartais agus Pleananna Corparáideacha;
  8. Beartas um Bainistíocht Riosca;
  9. An Córas Rialaithe Inmheánaigh Airgeadais;
  10. Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Bhliantúla GBCN;
  11. Ceapachán Gnólachta d’Iniúchadh Inmheánach;
  12. Maoirsiú ar Choiste Iniúchta (lena n-áirítear athbhreithniú bliantúil ar théarmaí tagartha an Choiste);
  13. Buiséad Oibre; agus
  14. Comhlíonadh Ceanglas Reachtúil agus Rialála ag GBCN.

Is éard atá sa Choiste Comhairleach suas go seachtar comhaltaí a cheap an tAire Airgeadais. Is iad seo a leanas na comhaltaí sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2013 agus an 30 Meitheamh 2014:

Willie Walsh – Cathaoirleach (Ceaptha ón 11 Samhain 2013)

Brendan McDonagh (Ceaptha ón 1 Meán Fómhair 2010)

John Moran (Ceaptha ón 6 Márta 2012)

Tytti Noras (Athcheaptha ón 1 Lúnasa 2010)

Donald C Roth (Athcheaptha ón 1 Eanáir 2014)

Tháinig an Coiste Comhairleach le chéile cúig huaire in 2013. Thug comhaltaí an Choiste comhairle do GBCN ar bhonn leanúnach le linn na bliana freisin.

Coiste Comhairleach GBCN – Freastal ar Chruinnithe 2013

Comhalta Coiste

Cruinnithe ar Freastalaíodh Orthu

Willie Walsh

1/1(p)

Brendan McDonagh

5/5

John Moran

5/5

Tytti Noras

5/5

Donald C Roth

5/5

tagraítear le (p) don líon cruinnithe a rabhthas in ann freastal orthu i gcoibhneas leis na dátaí ceapacháin.
Foinse: GBCN

Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát

Tugann Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát comhairle do GBCN maidir le beartas agus le nósanna imeachta a bhaineann le feidhmíocht na bhfeidhmeanna atá aici i ndáil leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Is éard atá sa Choiste seachtar comhaltaí ar cheap an tAire Airgeadais iad. Is iad seo a leanas na comhaltaí sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2013 agus an 30 Meitheamh 2014:

Noel Whelan – Cathaoirleach (athcheaptha an 1 Iúil 2012)
Leas-Uachtarán agus Déan Emeritus, Ollscoil Luimnigh

Tony Delany (Ceaptha ón 22 Feabhra 2010)
Iar-Stiúrthóir um Éilimh le Norwich Union/Hibernian Insurance

Charlie Hardy (Ceaptha ón 1 Iúil 2012 go dtí an 15 Samhain 2013)
Príomhoifigeach, an Roinn Sláinte

Mary Jackson (Ceaptha ón 1 Nollaig 2013)
Príomhoifigeach, an Roinn Sláinte

Christopher Moore (Ceaptha ón 22 Feabhra 2010)
Briogáidire-Ghinearál (Ar Scor)

Niamh Moran (Ceaptha ón 10 Márta 2010)
Aturnae, Carmody Moran, Aturnaetha

Fachtna Murphy (Ceaptha ón 1 Iúil 2012)
Iar-Choimisinéir an Gharda Síochána

Wendy Thompson (Ceaptha ón 1 Iúil 2012)
Bainisteoir Árachais agus Dlíthíochta, an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród

Tháinig an Coiste le chéile ceithre huaire in 2013.

Coiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát –
Freastal ar Chruinnithe 2013

Comhalta Coiste

Cruinnithe ar Freastalaíodh Orthu

Noel Whelan

4/4

Tony Delany

4/4

Charlie Hardy

1/3(p)

Mary Jackson

1/1(p)

Christopher Moore

4/4

Niamh Moran

4/4

Fachtna Murphy

4/4

Wendy Thompson

4/4

tagraíonn (p) don líon cruinnithe a rabhthas in ann freastal orthu i gcoibhneas leis na dátaí ceapacháin/scoir.
Foinse: GBCN

Coistí Eile

Bhunaigh an Coiste Comhairleach dhá choiste, agus tá téarmaí foirmiúla tagartha acu araon.

An Coiste Iniúchta
Déanann an Coiste Iniúchta maoirseacht ar na córais iniúchta inmheánaigh agus rialaithe, ar an gcreat bainistíochta riosca, ar an bpróiseas tuairiscithe airgeadais agus ar na ráitis bhliantúla airgeadais de chuid GBCN. Tá rochtain iomlán neamhshrianta ar an gCoiste ag na hiniúchóirí inmheánacha agus seachtracha, ag an gCeann Rialaithe agus ag an gCeann Comhlíonta. Is ionann an Coiste agus Coiste Iniúchta GAFN freisin. Tá coistí iniúchta ar leith ag Coimisiún CNP agus ag GNBS.

Is iad seo a leanas na comhaltaí sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2013 agus an 30 Meitheamh 2014:

Brendan McDonagh – Cathaoirleach

Gerry Murray
Comhalta de Bhord GAFN

Michael O’Grady
Comhalta Seachtrach


Coiste Luach Saothair
Déanann an Coiste Luach Saothair moltaí don Choiste Comhairleach maidir le luach saothair Phríomhfheidhmeannach agus ardbhainistíocht GBCN agus maidir le polasaí ginearálta an luacha saothair in GBCN. Is iad seo a leanas na comhaltaí sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2013 agus an 30 Meitheamh 2014:

Don Roth – Cathaoirleach
(Comhalta thar an tréimhse iomlán agus Cathaoirleach ón 25 Márta 2014)

Paul Carty
Cathaoirleach Choimisiún CNP

Frank Daly
Cathaoirleach Bhord GNBS

Brendan McDonagh

Willie Walsh (ón 11 Samhain 2013)

Cóid Rialachais Chorparáidigh

Tá Cód Cleachtais maidir le Rialachas Comhlachtaí Stáit bunaithe ar ghnáthstruchtúr corparáideach ina bhfuil bord stiúrthóirí, ar a bhfuil freagracht dhlíthiúil as an gcomhlacht, agus foireann agus baill foirne bainistíochta feidhmiúcháin a chuireann na feidhmeanna a dtarmligeann an Bord chucu i gcrích. Tá an Cód á chur chun feidhme ag GBCN, agus é curtha in oiriúint dá struchtúir rialachais ar leith. I measc na nithe a bhíonn i gceist leis sin, iarrann an Príomhfheidhmeannach comhairle go foirmiúil ón gCoiste Comhairleach ar bhonn leanúnach maidir le hábhair a bhíonn teoranta dá gcinneadh ag an mBord de ghnáth.

Tá cóid chleachtais ghnó i bhfeidhm do chomhaltaí an Choiste Chomhairligh agus Choiste Beartais na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát agus d’fhostaithe GBCN. Táthar ag súil go n-áiritheoidh baill agus fostaithe an Choiste go bhfuil gach ceann dá ngníomhaíochtaí á rialú ag na caighdeáin eiticiúla atá léirithe sa chód ábhartha. Ullmhaíodh cód ar leith i gcomhair fostaithe a shanntar do GNBS, a léiríonn ceanglais shonracha Acht GNBS.

Is comhlacht forordaithe poiblí GBCN chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001. Ina theannta sin tá riachtanais ar leith um nochtadh leasa faoi Acht CNP, faoi Acht GAFN agus faoi Acht GNBS.

Iniúchóirí

De réir ceanglais reachtúla, déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar GBCN. Tá feidhm iniúchta inmheánaigh i bhfeidhm ag GBCN. Cuireann gnólacht seachtrach iniúchóirí leis an obair sin. Is iad PricewaterhouseCoopers a thugann faoin obair iniúchta inmheánaigh sin faoi láthair.

Soláthar Foirne agus Luach Saothair

Tháinig méadú suntasach ar líon na mball foirne in GBCN ó dheireadh na bliana 2009 mar gheall ar na nithe seo a leanas: gníomhaíochtaí breise a d’iarr an Rialtas ar GBCN a chur i gcrích thar an tréimhse; GNBS, feidhmeanna córais bhaincéireachta an Aire Airgeadais agus NewERA. D’ardaigh an líon foirne ó 169 duine ag deireadh na bliana 2009 go 657 duine ag deireadh na bliana 2013.

Tá GNBS freagrach as an gcuid is mó den mhéadú i líon na mball foirne sa tréimhse seo. Is fostaithe GBCN iad gach ball foirne de GNBS agus sanntar iad do GNBS faoi alt 42 den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009.

Seachas líon beag ball foirne atá athshannta ó fheidhmeanna eile laistigh de GBCN, tá baill foirne atá sannta do GNBS fostaithe ar chonarthaí sainchuspóra – mairfidh a bhfostaíocht chomh fada agus a bheidh gá ag GNBS lena bhfeidhm ar leith. Déanann GNBS aon chostais a thabhaíonn GBCN mar gheall ar bhaill foirne a shannadh agus ar sheirbhísí a chur ar fáil do GNBS a aisíoc le GBCN.

Tar éis tarmligean feidhmeanna córais bhaincéireachta chuig GBCN a aisghairm ón 5 Lúnasa 2011, cuireadh foireann bhaincéireachta GBCN ar iasacht ag an Roinn Airgeadais.

Foireann GBCN ag Deireadh 2013

Maoiniú agus Bainistiú Fiach

15

An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

77

NewERA

13

An Cúlchiste Náisiúnta Pinsean

15

An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta

52

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

331

An tAonad Baincéireachta (ar iasacht ag an Roinn Airgeadais)

14

Airgeadas, Teicneolaíocht agus Riosca

98

Acmhainní Daonna agus Seirbhísí Corparáideacha

10

Dlí, Rialú agus Comhlíonadh

18

Eile

14

657

Foinse: GBCN

Is é is aidhm do mhúnla gnó GBCN ná tacaíocht a thabhairt don Ghníomhaireacht agus í ag gníomhú go tráchtálach chun a cuspóirí gnó a bhaint amach. Faoi mhúnla gnó GBCN, níl aon ghráid ghinearálta phá ann agus tá baill foirne fostaithe ar bhonn conarthaí a idirbheartaítear ina n-aonair faoi rún. A bhuí leis an múnla gnó sin, tá GBCN in ann dul san iomaíocht leis an earnáil phríobháideach chun baill foirne ag a bhfuil sainscileanna agus scileanna a bhfuil an-tóir orthu a mhealladh agus a choinneáil – go háirithe agus iad i lár a ngairmeacha. Bhí sé sin ríthábhachtach maidir le cur ar chumas GBCN ceapadh a dhéanamh ar bhaill foirne, ag a bhfuil an saineolas gairmiúil atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na feidhmeanna nua ar shann Rialtais éagsúla di.

Cuirtear foráil maidir le pá a bhaineann le feidhmíocht san áireamh i dtéamaí conartha na bhfostaithe den chuid is mó, chun struchtúir luach saothair sna hearnálacha sin óna n-earcaíonn GBCN a léiriú. Mar sin féin, ní dhearna GBCN íocaíochtaí i gcoibhneas le feidhmíocht ach le 11 bhall foirne don bhliain 2013. B’ionann na híocaíochtaí agus €76,500 san iomlán. Níor íocadh aon íocaíochtaí a bhaineann le feidhmíocht le haon fhostaí a thuill tuarastal thar €200,000.

Tá sonraí ar luach saothair Phríomhfheidhmeannach GBCN leagtha amach sna Ráitis Airgeadais (feic leathanach 77). Tá sonraí ar luach saothair Phríomhfheidhmeannach GNBS agus Phríomhfheidhmeannach GAFN leagtha amach i Ráitis Airgeadais na gcomhlachtaí sin.

Tuarastail GBCN de réir Banda Tuarastail ag Deireadh 2013

GBCN (GNBS roimhe seo)

GNBS

Iomlán

Suas go €50,000

100

39

139

€50,001 go €75,000

112

99

211

€75,001 go €100,000

50

83

133

€100,001 go €125,000

26

54

80

€125,001 go €150,000

13

36

49

€150,001 go €175,000

11

11

22

€175,001 go €200,000

5

5

10

€200,001 go €225,000

1

0

1

€225,001 go €250,000

2

1

3

€250,001 go €275,000

4

1

5

€275,001 go €300,000

0

0

0

€300,001 go €325,000

1

0

1

€325,001 go €350,000

0

0

0

€350,001 go €375,000

0

1

1

€375,001 go €400,000

0

1

1

€400,001 go €425,000

1

0

1

Iomlán

326

331

657

Nótaí:

  1. Cuirtear asbhaint phinsin na seirbhíse poiblí i bhfeidhm i gcás fhostaithe GBCN.
  2. Beidh feidhm ag na laghduithe pá dá bhforáiltear san Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail 2013 a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2013, maidir le foireann GBCN. Léirítear na laghduithe sin sa tábla thuas.

Foinse: GBCN

Úsáid Fuinnimh

Oibríonn GBCN i bhFoirgneamh an Státchiste ar Shráid na Canálach Móire, Baile Átha Cliath 2, áit a léasaíonn sé spás ar cheithre urlár. In 2013, d’úsáid GBCN 1,578,651 kWh de leictreachas, arb ionann é agus meánúsáid 2,631 kWh in aghaidh an fhostaí. Cuirtear é sin i gcomparáid le meánúsáid 2,921 kWh in aghaidh an fhostaí in 2012 – is é sin, laghdú 10 faoin gcéad in aghaidh an fhostaí.

Is é an tiarna talún a chuireann an t-aerchóiriú ar fáil san fhoirgneamh agus tá sé á thiomáint ag gás nádúrtha.

Gníomhaíochtaí ar Tugadh Fúthu in 2013
In 2013, thug GBCN faoi raon tionscnaimh éagsúla chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht fuinnimh:

  • An clár maidir le feistis solais reatha a bhaint ó áiteanna a bhí áitithe cheana féin a chur i gcrích agus feistis solais nua a choiglíonn fuinneamh a shuiteáil;
  • An clár maidir le braiteoirí a shuiteáil ar gach soláthar uisce a chur i gcrích; agus
  • An t-aonad fuaraithe reatha a bhaint as an gcóras aerchóirithe agus aonad atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, agus lena laghdaítear an méid fuinnimh a úsáidtear faoi 27 faoin gcéad, a chur ina áit.

Gníomhaíochtaí atá Beartaithe do 2014
Tá sé ar intinn ag GBCN feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú arís eile in 2014 trí na haonaid láimhseála aeir a uasghrádú ar gach urlár atá á áitiú ag GBCN i bhFoirgneamh an Státchiste agus trí shuirbhé fuinnimh a dhéanamh ar na seomraí cumarsáide TF d’fhonn bearta éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt isteach nuair is féidir.