An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát

Ainmnítear GBCN mar Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) agus na feidhmeanna atá aici ó thaobh bainistíocht éileamh agus bainistíocht riosca á gcomhlíonadh aici, éilimh a tharmligtear chuici faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000.

Seo a leanas na príomhchuspóirí atá ag GÉS:

  • A chinntiú go ndéantar dliteanais an Stáit i ndáil le héilimh dhíobhála pearsanta agus dhamáiste réadmhaoine, agus speansais GÉS i ndáil lena mbainistiú, a choinneáil ag an leibhéal is ísle agus is féidir; agus
  • Cláir oibre riosca dírithe ar dhíobháil phearsanta agus dhamáiste réadmhaoine a chur i bhfeidhm chun riosca dlíthíochta a mhaolú, in údaráis Stáit agus fiontair cúram sláinte, d’fhonn costais dlíthíochta in aghaidh an Stáit amach anseo a laghdú.

Clúdaítear faoi shainchúram GÉS éilimh a bhaineann le rioscaí díobhála pearsanta agus damáiste réadmhaoine tríú páirtí agus éilimh a bhaineann le húdaráis Stáit áirithe, lena n-áirítear an Stát féin, airí Rialtais, an tArd-Aighne, fiontair chúram sláinte, Coimisinéir an Gharda Síochána, rialtóirí príosúin, scoileanna pobail agus cuimsitheacha agus eagraíochtaí éagsúla eile.

I mí Dheireadh Fómhair 2013, chuir an Rialtas freagracht ar GÉS as bainistiú a dhéanamh ar éilimh dhíobhála pearsanta a bhaineann le dhá tháirge íocshláinte, Celvepan agus Pandemrix, a ionghabháil. I mí Aibreáin 2014, rinneadh sainchúram GÉS a leathnú arís eile nuair a thug an Rialtas freagrach do GÉS as éilimh dhíobhála pearsanta agus dhamáiste réadmhaoine tríú páirtí a bhainistiú i ndáil le 61 comhlacht poiblí breise, rud a mhéadaigh líon na gcomhlachtaí poiblí atá faoi shainchúram GÉS ó 56 ceann go 117 ceann.

Bainistíocht Éileamh

Ó thaobh bainistíocht éileamh de, is é an cuspóir atá ag GÉS ná éilimh a bhainistiú chun a chinntiú go gcoinneofar dliteanas an Stáit chomh híseal agus is féidir. Is iad seo a leanas na himpleachtaí praiticiúla a bhaineann leis an méid sin:

  • I gcásanna ina meastar go bhfuil an Stát faoi dhliteanas nó i gcásanna lena mbaineann cionroinnt dliteanais, is é an cur chuige lena nglacann GÉS ná éilimh den sórt sin a shocrú go dlúsúil, a mhéid is féidir, ar théarmaí córa réasúnta; agus
  • I gcásanna ina ndéanann an Stát agóid go hiomlán i gcoinne an dliteanais, baintear leas as gach acmhainn is gá chun cosaint ar na héilimh sin.

Déanann an GÉS bainistíocht ar éileamh ón gcéad fhógra ina leith go dtí go réiteofar iad ar deireadh. Déantar éilimh a imscrúdú go críochnúil agus go tráthúil d’fhonn cinneadh a dhéanamh go luath maidir le dliteanas agus straitéis a éascú.

Sa bhliain 2013, réitigh GÉS 1,861 éileamh ar chostas €80.6 milliún agus fuair sí 2,242 éileamh nua. Ag deireadh na bliana 2013, bhí GÉS ag láimhseáil 6,188 éileamh, méadú 7.5 faoin gcéad ar an mbliain roimhe. B’ionann an dliteanas measta i leith gach éilimh ghníomhaigh agus €1.2 billiún, iad miondealaithe mar seo a leanas:

Éilimh Ghníomhacha ag Deireadh 2013

Éilimh

Dliteanas Measta Gan Íoc
€m

Díobháil phearsanta (cliniciúil)

 3,061 1,037

Díobháil phearsanta (neamhchliniciúil) agus
damáiste réadmhaoine tríú páirtí

3,127 186.7

Iomlán

 6,188 1,223.7

Foinse: GBCN

Éilimh Dhíobhála Pearsanta (Chliniciúla)
Déantar bainistíocht ar éilimh chliniciúla faoi roinnt scéimeanna ar leith atá á mbainistiú ag GÉS: Faoin scéim is mó – an Scéim Slánaíochta Cliniciúla – ghlac an Stát leis an bhfreagracht as éilimh faillí cliniciúla a shlánú agus a bhainistiú sa mhéid go mbaineann na héilimh sin le diagnóis, le cóireáil agus le cúram othar i bhfiontair chúraim shláinte poiblí.

Sa bhliain 2013, réitigh GÉS 419 éileamh díobhála pearsanta (cliniciúil) ar chostas €63 milliún.

Bhain GÉS coigilteas suntasach amach maidir le héilimh dhíobhála pearsanta (chliniciúla) a bhainistiú in 2013. Measadh i measúnú achtúireach neamhspleách go mbeadh €154 milliún ag teastáil in 2013 chun freastal ar an gcostas a bhainfeadh le héilimh a réiteach agus ar an gcostas a bhainfeadh le héilimh bheo leanúnacha a bhainistiú araon. Agus suimeanna a d’éirigh léi a aisghabháil ó thríú páirtithe á gcur san áireamh, b’ionann an glanchostas agus €119.7 milliún – coigilteas €34.3 milliún, nó 22 faoin gcéad.

Fuair GÉS 783 éileamh nua in 2013. Bhí éilimh a bhain le máinliacht agus le cnáimhseachas freagrach as thart ar leathchuid de na héilimh nua uile agus as trí cheathrú de dhliteanas réamh-mheasta na n-éileamh nua uile mar thoradh ar na hardluachanna a bhíonn ar éilimh a bhaineann le cnáimhseachas.

Ag deireadh na bliana 2013, bhí GÉS ag láimhseáil 3,061 éileamh cliniciúil a raibh dliteanas measta €1 billiún ag baint leo, i gcomparáid le 2,652 éileamh gníomhach ag deireadh na bliana 2012.

Léiríonn an méadú sin líon mór éileamh a bhain le Scéim Íocaíochta Ospidéal Lourdes agus le simfiseatóimí in 2013.


Éilimh chliniciúla a fuarthas in 2013 – de réir speisialtachta

Fig-9---Clinical-claims-recieved-in-2013_Irish

Foinse: GBCN


Scéim Íocaíochta Ospidéal Lourdes
I mí Iúil 2013, cheadaigh an Rialtas bunú Scéime nua a dearadh chun cúiteamh a íoc le hiarothair de chuid an Dr Neary (Cnáimhseoir Comhairleach) a fuair úfaireachtóime dhéthaobhach neamhriachtanach in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha. D’fhonn cáiliú le haghaidh sásaimh, ní mór go bhfuair na hiarratasóirí úfaireachtóime dhéthaobhach, nó gur baineadh an t-aon ubhagán feidhmiúil a bhí fágtha acu, agus iad 40 bliain d’aois nó níos sine. Ní mór gur fágadh an t-iarratasóir meanapásach díreach i ndiaidh na hobráide agus ní mór nach raibh aon údar leighis leis an obráid. D’iarr an tAire Sláinte ar an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát an Scéim a dhréachtú agus a riar.

Fuair GÉS céad iarratas i leith na Scéime agus tá 40 íocaíocht déanta aici go dtí seo.  Diúltaíodh do 32 iarratas toisc nár chomhlíon na hiarratasóirí na critéir cháilitheachta. Tarraingíodh cúig iarratas siar. Tá 23 iarratas eile fós amuigh, ar feitheamh doiciméid tacaíochta a chur isteach. Rinneadh íocaíochtaí sásaimh idir €60,000 agus €100,000 le hiarratasóirí rathúla. Íocadh costais dlí agus/nó costais iarratas le roinnt iarratasóirí rathúla. Íocadh €3,500 in aghaidh an iarratasóra ar an meán ina leith sin. Roghnaigh roinnt iarratasóirí gan cúnamh dlí a lorg. Thug aturnae de chuid GÉS cúnamh do na hiarratasóirí sin. Táthar ag súil go gcuirfear an Scéim i gcrích faoi dheireadh shamhradh na bliana 2014.

Cásanna Simfiseatóime
Rinne thart ar 200 bean éilimh in aghaidh ospidéal/aonaid mháithreachais chun damáistí a lorg i ndáil le hobráidí simfiseatóime a rinneadh idir 1945 agus 1982. Is obráid mháinliachta í simfiseatóime. Is gnách go ndéanann cnáimhseoirí í chun méid pheilbheas na máthar a mhéadú d’fhonn freastal ar bhreith clainne i gcás mionbhacainne. Maítear in éilimh na mban go ndearnadh na simfiseatóimí go héagórach agus/nó go ndearnadh iad gan toiliú cuí agus gur fhulaing siad fo-iarmhairtí fadtéarmacha dá mbarr. San am i láthair, tá GÉS ag láimhseáil thart ar 111 éileamh simfiseatóime.

Costas na nÉileamh a Réitíodh
I gcomparáid le €56,000 in 2009, ba é €154,000 meánchostas na n-éileamh díobhála pearsanta (cliniciúil) a réitíodh in 2013 (lenar áiríodh dámhachtainí/socraíochtaí agus costais ghaolmhara dlí agus costais ghaolmhara eile). Tháinig an méadú sin chun cinn go príomha mar gheall go ndearna an tAire Sláinte éilimh a bhain le 2,500 comhairleach, ar ghnách le heagraíochtaí cosanta leighis iad a láimhseáil roimhe, a ligean isteach i Scéim Slánaíochta Cliniciúla GÉS ó mhí Feabhra 2004 ar aghaidh. Mar thoradh air sin, bhí sé dosheachanta go mbeadh méadú suntasach ar líon agus ar dhéine na n-éileamh. I gcásanna cnáimhseacha, go háirithe iad siúd a bhaineann le gortú inchinne do naíonáin, is gnách nach réitítear an t-éileamh go dtí idir cúig bliana agus seacht mbliana tar éis an imeachta dhíobhálaigh ba chúis leis an éileamh.

Toisc eile a bhí taobh thiar den chostas in aghaidh an éilimh a bheith ní b’airde ná an meán ba ea an cinneadh a rinne an Ard-Chúirt, de bhun cás fásaigh in 2009, an leibhéal damáistí ginearálta a bhronntar i leith cásanna a bhaineann le díobhálacha tubaisteacha a mhéadú faoi 38.5 faoin gcéad, ba é sin, ó €325,000 go €450,000. Mhéadaigh costais táillí dlí i gcomhar leis an méadú ar chostais dámhachtainí/socraíochtaí. Léirítear sa tábla ar an gcéad leathanach eile costais a bhaineann leis an Scéim Slánaíochta Cliniciúla (CIS) amháin.

Costas na n-éilimh faoin Scéim Slánaíochta Cliniciúla a réitíodh 2009–2013

Gné Chostais

2009

€000

2010

€000

2011

€000

2012

€000

2013

€000

Costas na n-éileamh uile a réitíodh

Íocaíochtaí/socraíochtaí

13,150

30,161

36,630

35,630

36,430

Táillí dlí – GÉS

4,570

7,710

8,610

9,270

9,060

Táillí dlí – gearánaí

4,600

11,070

14,250

13,530

15,480

Eile

380

880

1,030

1,010

1,170

Iomlán

22,700

49,821

60,520

59,440

62,140

 

Meánchostas in aghaidh an éilimh a réitíodh

Íocaíochtaí/socraíochtaí

33

68

87

87

90

Táillí dlí – GÉS

11

17

20

23

22

Táillí dlí – gearánaí

11

25

34

33

38

Eile

1

2

2

2

3

Iomlán

56

113

143

145

154

De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN

Conas a Réitítear Éilimh
I gcásanna ina dtagann imscrúdú GÉS ar an gconclúid go dtiteann cuid den dliteanas nó an dliteanas ar fad ar an údarás ábhartha Stáit, féachann sí le héilimh a réiteach go gasta ar théarmaí córa réasúnacha. Má mheasann sí nach dtiteann aon dliteanas ar an Stát, is é beartas GÉS leas a bhaint as gach acmhainn is gá chun cosaint ar na héilimh sin.

Réitíonn GÉS formhór na gcásanna trí shocraíocht a idirbheartú, go díreach le foireann dlí an ghearánaí nó trí phróiseas eadrána: ní thagann éisteacht dhíospóidte sa chúirt chun cinn ach i níos lú ná 3 faoin gcéad de chásanna faillí cliniciúla a láimhseálann GÉS.

Molann GÉS eadráin mar mhalairt ar chóras sáraíochta na gcúirteanna maidir le cásanna faillí cliniciúla a réiteach. Sa bhliain 2013, réitigh GÉS 19 gcás faillí cliniciúla trí eadráin, figiúr arbh ionann é agus méadú faoi thrí ar fhigiúr na bliana roimhe.

De réir mar a aibíonn punann na n-éileamh cliniciúil bliain i ndiaidh bliana, táthar ag súil go leanfaidh líon na réiteach comhaontaithe de bheith ag méadú mar chéatadán den iomlán, faoi mar a tharla idir 2009 agus 2013.


Conas a réitíodh éilimh faoin Scéim Slánaíochta Cliniciúla idir 2009 agus 2013

Fig-10---How-CIS-claims-were-resolved-2009-to-2013_Irish

De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN


Éilimh (Neamhchliniciúla) Dhíobhála Pearsanta agus Éilimh Dhamáiste Réadmhaoine Tríú Páirtí
Le linn na bliana 2013, réitigh GÉS 1,442 éileamh díobhála pearsanta (neamhchliniciúil) agus éileamh damáiste réadmhaoine tríú páirtí ar chostas €18 milliún.

Fuair GÉS 1,459 éileamh nua in 2013. Ba iad seo a leanas na príomhchúiseanna leis na héilimh sin: timpistí tráchta ar bhóithre; sciorrthaí, tuislí agus titimí; agus díobhálacha a raibh duine ina gcúis leo. Bhí na catagóirí sin le chéile freagrach as thart ar 60 faoin gcéad de na héilimh nua a fuarthas agus bhí siad freagrach as céatadán den sórt céanna de dhliteanas réamh-mheasta na n-éileamh nua uile.

Tá éilimh ó dhaoine den phobal ar an gcatagóir is mó ó thaobh dliteanas poiblí de. Tá éilimh ó bhaill foirne HSE ar an gcatagóir is mó ó thaobh dliteanas fostóra de.

Ag deireadh na bliana 2013, bhí GÉS ag láimhseáil 3,127 éileamh a raibh dliteanas measta €186.7 milliún ag baint leo. Tá líon na n-éileamh atá á láimhseáil cobhsaí nach mór ó 2011 i leith.


Éilimh dhíobhála pearsanta (neamhchliniciúla) agus éilimh dhamáiste réadmhaoine tríú páirtí a fuarthas in 2013 – de réir príomhchúise

Fig-11---Personal-injury-(non-clinical)---by-category-of-primary-cause_Irish

Foinse: GBCN

Éilimh dhíobhála pearsanta (neamhchliniciúla) agus éilimh dhamáiste réadmhaoine tríú páirtí a fuarthas in 2013 – de réir chatagóir an duine dhíobhálaithe

Fig-11---Personal-injury-(non-clinical)---by-category-of-injured-person_Irish

 

Foinse: GBCN


Costas na nÉileamh a Réitíodh
I gcomparáid le blianta roimhe, bhí méadú ar an meánchostas in aghaidh an éilimh in 2013. Tháinig an méadú sin as aibíocht éileamh HSE. Tarmligeadh na héilimh sin chuig GÉS in 2010 (feic an tábla ar an gcéad leathanach eile). Rinneadh roinnt éilimh ardluacha HSE a réiteach sa bhliain 2013.

Costas na n-éileamh díobhála pearsanta (neamhchliniciúil) agus damáiste tríú páirtí a réitíodh 2009–2013

Gné Chostais

2009

€000

2010

€000

2011

€000

2012

€000

2013

€000

Costas na n-éileamh uile a réitíodh

Íocaíochtaí/socraíochtaí

8,136

7,225

5,972

6,634

10,526

Táillí dlí – GÉS

1,632

1,838

1,537

1,597

2,510

Táillí dlí – gearánaí

2,713

2,960

2,456

2,304

3,883

Eile

483

522

476

473

778

Iomlán

12,964

12,545

10,441

11,008

17,697

 

Meánchostas in aghaidh an éilimh a réitíodh

Íocaíochtaí/socraíochtaí

7

5

5

4

7

Táillí dlí – GÉS

1

1

1

1

2

Táillí dlí – gearánaí

2

2

2

2

3

Eile

0

0

0

0

1

10

10

9

7

12

De bharr slánú, is féidir nach seasfaidh na figiúirí don fhigiúr iomlán.
Foinse: GBCN

Aistriú na nOspidéal Deonach chuig Clúdach Slánaíochta Stáit
Amhail mí Aibreáin 2014, ní cheannaíonn Grúpa na nOspidéal Deonach (GOD) árachas tráchtála a thuilleadh chun a dhliteanas fostóra, a dhliteanas poiblí agus a nochtadh i leith damáiste réadmhaoine a chlúdach. Ina ionad sin, is ar bhonn “íoc mar a théitear” a bhainistíonn GÉS na héilimh sin, ar aon dul le beartas an Rialtais coigilteas Státchiste a bhaint amach trí na héilimh sin a fhéinmhaoiniú in ionad préimheanna árachais a íoc.

Táthar ag súil go mbeidh costas íseal ag baint le héilimh GOD sa ghearrthéarma, faoi mar a tharla tar éis do HSE aistriú chuig clúdach slánaíochta Stáit sa bhliain 2010/2011. Idir na blianta 2010 agus 2013, d’íocfadh HSE préimheanna arbh fhiú thart ar €84 milliún iad, cé nach raibh ach costas €10.8 milliún ar na héilimh iarbhír sa tréimhse chéanna. B’ionann é sin agus coigilteas sreafa airgid de thart ar €73 milliún. Bunaithe ar phróifíl reatha Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar a dliteanas éileamh thar an chéad deich mbliana eile, táthar ag súil go mbainfear coigilteas €30 milliún ar a laghad amach don Stát trí na héilimh sin a bheith á mbainistiú ag GÉS.

Tá sé réamh-mheasta go soláthróidh aistriú GOD chuig slánaíocht Stáit coigilteas láithreach sreafa airgid €4 mhilliún don Stát agus, de réir mar a aibíonn an phunann éileamh, tá sé réamh-mheasta go soláthrófar coigilteas €2 mhilliún in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin.

Tionscnaimh i ndáil le Coigilteas Costais

Déantar scrúdú cúramach ar leibhéal na gcostas dlí a íoctar le hionadaithe dlí na ngearánaithe agus, nuair is féidir é, déanann GÉS iarracht an laghdú is mó agus is féidir a bhaint amach ar chostais dlí trí idirbheartaíocht. Mura n-éiríonn le GÉS leibhéal na gcostas dlí a íocfar le hionadaithe dlí na ngearánaithe a aontú, is é an Máistir Fómhais a dhéanfaidh an cinneadh sin.

Coigilteas Costais Dlí a Idirbheartaíodh

2011

2012

2013

€6.9m

€7.9m

€8.3m

Foinse: GBCN

Téann GÉS go bríomhar sa tóir ar gach deis chun airgead a ghnóthú de réir an dea-chleachtais éilimh agus an oiread atá ceadaithe de réir dlí. Sampla den sórt sin ná airgead a ghnóthú trí ranníocaíochtaí ó thríú páirtí/ó chomhchosantóir. Cibé acu trí bhreithiúnas na cúirte nó trí chomhaontú leis an tríú páirtí/leis an gcomhchosantóir, féadfaidh an tríú páirtí/comhchosantóir céatadán sonraithe rannaíochta i ndáil le héilimh áirithe a íoc le GÉS. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, féadfar cúiteamh a fháil ina iomláine ó thríú páirtí/ó chomhchosantóir.

Aisghabhálacha

2011

2012

2013

€15.2m

€3.9m

€1.7m

Foinse: GBCN

Agus í ag féachaint le táillí abhcóidí a laghdú, thug an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát cuireadh d’abhcóidí tairiscintí iomaíocha a chur isteach dá gcuid seirbhísí in 2012. Tagann an comórtas tairisceana sin sna sála ar an rath a bhí ar thionscnamh den chineál céanna de chuid GÉS in 2011, rud a laghdaigh costais na dtáillí a íoctar le haturnaetha faoi 25 faoin gcéad.

Fuarthas tuairim is 1,000 tairiscint aonair ar fud sé phainéal agus dhá Chuaird dhéag ar fud na tíre mar fhreagairt don chomórtas tairisceana. Cuireadh na painéil nua abhcóidí i bhfeidhm i mí Eanáir 2013 agus táthar ag súil go mbainfidh siad coigilteas costas dlí de níos mó ná 25 faoin gcéad amach gach bliain.

An tAonad um Chostais Dlí

Sa bhliain 2012, chinn an Rialtas Aonad um Chostais Dlí (ACD) a bhunú laistigh den Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát chun déileáil le costais tríú páirtí a eascraíonn as Binsí Fiosrúcháin áirithe. Ar feitheamh achtú an Bhille um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2014, bunaíodh ACD ar bhonn riaracháin chun breithniú a dhéanamh ar íocaíocht billí costas ó thríú páirtithe ar dheonaigh Binse Mahon agus Binse Moriarty costais dóibh.

Rinneadh thart ar 220 ordú costas i ndáil le Binse Mahon. Fuair ACD 104 éileamh costas roimh dheireadh mhí na Bealtaine 2014. Ba é €8.53 milliún an luach iomlán a bhí ar na héilimh sin. Rinneadh 73 éileamh astu sin, a raibh luach €3.53 milliún orthu, a idirbheartú agus a chomhaontú ar chostas €1.96 milliún gan cáin a áireamh, rud a sholáthair coigilteas de thart ar 44 faoin gcéad.

Rinneadh 125 ordú costas eile i ndáil le Binse Moriarty. Fuair ACD 27 éileamh costas roimh dheireadh mhí na Bealtaine 2014. Ba é €8.55 milliún an luach iomlán a bhí ar na héilimh sin. Rinneadh 24 éileamh astu sin, a raibh luach €2.86 milliún orthu, a idirbheartú agus a chomhaontú ar chostas €1.41 milliún gan cáin a áireamh, rud a sholáthair coigilteas de thart ar 50 faoin gcéad.

Leanann an tAonad um Chostais Dlí ar aghaidh ag glacadh le cur chuige láidir i leith billí costas a bhainistiú agus a réiteach trí idirbheartaíocht agus, nuair is cuí, trí cháin a ghearradh ar an gcóras costas ar mhaithe le coigilteas suntasach a sholáthar don Státchiste.

Bainistíocht Riosca

Is mór an “chruinne riosca” a ndéanann an Stát í a shlánú agus a ndéanann GÉS í a bhainistiú. Mar shampla, cuimsíonn sí breis agus 200,000 fostaí Stáit agus úsáideoirí uile na seirbhíse cúraim shláinte poiblí (bíonn tuairim is 7 milliún teagmháil ag an tseirbhís cúraim shláinte poiblí le daoine den phobal gach bliain). Cuimsíonn sé freisin seirbhísí poiblí lena ngabhann gníomhaíochtaí riosca níos airde de bharr a gcineáil, amhail cúram cliniciúil a sholáthar in ospidéil, pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ar oibríochtaí thar lear, baill den Gharda Síochána atá ar dhualgas oibríochtúil, cigireachtaí custaim, seirbhísí práinnfhreagartha agus coimeád príosúnach.

Ó thaobh bainistíocht riosca de, is é an cuspóir atá ag GÉS, agus an dualgas reachtúil atá uirthi ina leith sin, ná cúnamh agus comhairle a thabhairt d’údaráis Stáit agus d’fhiontair chúram sláinte maidir le bearta a dhéanfar chun cosc a chur ar ghníomhartha nó ar neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le himeachtaí díobhálacha a bhaineann le díobháil phearsanta, le damáiste réadmhaoine nó le faillí leighis as a bhféadfadh éilimh teacht chun cinn, nó chun minicíocht na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha sin a laghdú. Díríonn clár GÉS um bainistíocht riosca chliniciúil ar chomhoibriú le bainisteoirí riosca agus le pearsanra eile i bhfiontair chúram sláinte chun tacú le sábháilteacht othar. Díríonn an clár um bainistíocht riosca i ndáil le díobháil phearsanta agus damáiste réadmhaoine ar chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis de chuid an Stáit agus fiontair cúram sláinte taobh istigh dá théarmaí tagartha maidir le struchtúir bainistíocht riosca, foirgnimh a chothabháil, sábháilteacht dóiteáin, bainistíocht sláinte agus sábháilteachta agus comhshaoil.

Go sonrach, soláthraíonn GÉS raon seirbhísí praiticiúla comhairle agus bainistíochta riosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • An Córas Náisiúnta um Bainistíocht Imeachtaí Díobhálacha (NAEMS) a óstáil, ar bunachar sonraí ar líne é a éascaíonn tuairisciú díreach imeachtaí díobhálacha údaráis Stáit agus fiontair chúram sláinte;
  • Anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le héileamh agus imeachtaí díobhálacha agus an anailís seo a sholáthar d’údaráis Stáit agus fiontair cúram sláinte d’fhonn braislí riosca a aithint;
  • Treoir maidir le bainistíocht riosca a fhoilsiú agus uirlisí praiticiúla i ndáil le bainistíocht riosca a sholáthar;
  • Faisnéis agus oiliúint a sholáthar trí sheimineáir agus trí fhoilseacháin, lena n-áirítear suíomh Gréasáin agus nuachtlitreacha GÉS;
  • Réitigh maidir le bainistíocht riosca a sholáthar go díreach d’údaráis Stáit agus d’fhiontair chúram sláinte i ndáil le saincheisteanna riosca sonracha;
  • Athbhreithnithe ar bhainistíocht riosca a chur i gcrích agus cabhrú le forbairt agus cur i bhfeidhm bhearta agus nósanna imeachta na n-údarás Stáit maidir le bainistíocht riosca;
  • Tacú le cur chun feidhme mholtaí GÉS a eisítear d’údaráis Stáit; agus
  • Comhairle maidir le hárachas, le cúiteamh agus le dliteanas a chur ar údaráis stáit agus ar fhiontair chúram sláinte.

Gach bliain, cuireann GÉS cláir oibre maidir le bainistíocht riosca dlíthíochta i gcrích in éineacht le cliaint ar údaráis Stáit agus fiontair chúram sláinte iad. Déantar achoimre thíos ar roinnt mórthionscadail bhainistíochta riosca a cuireadh i gcrích le linn 2013.

Nochtadh Oscailte
I gcomhar le HSE, rinne GÉS tionscadal suntasach um Nochtadh Oscailte a phíolótú in dhá mhórospidéal géarmhíochaine. Tionscadal atá dírithe ar an othar is ea sin, a fhéachann le cur chuige comhsheasmhach oscailte a bhunú i leith cumarsáid a dhéanamh le hothair agus lena dteaghlach nuair a théann rudaí amú i gcúram sláinte. Áirítear leis sin aiféala a chur in iúl faoin rud a tharla agus an t-othar a choinneáil ar an eolas. Chomh maith leis sin, soláthraíonn sé aiseolas ar imscrúduithe agus ar na bearta a dhéantar chun a chinntiú nach dtarlóidh an t-imeacht díobhálach arís.

Tar éis comhairliúchán forleathan, d’fhoilsigh an tAire Sláinte an Beartas agus na Treoirlínte Náisiúnta um Nochtadh Oscailte ag seoladh náisiúnta i dTeach Farmleigh an 12 Samhain 2013.

Tá Nochtadh Oscailte i bhfeidhm i 47 fiontar cúram sláinte ar fud na tíre anois. Tá oiliúint ríomhfhoghlama á forbairt faoi láthair lena foilsiú ar chóras inlín HSE. Táthar tar éis meastóireacht fhoirmiúil sheachtrach a thosú ar an tionscadal píolótach.

An Grúpa um Shábháilteacht Cuairteoirí faoin Tuath
Tá GÉS agus roinnt comhlachtaí Stáit atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar shéadchomharthaí náisiúnta, ar pháirceanna, ar thithe stairiúla, ar shuíomhanna áineasa agus ar uiscebhealaí inseolta intíre ar fud oileán na hÉireann, agus as beartas a fhorbairt ina leith sin, tar éis teacht le chéile i dtionscnamh nua chun feabhas a chur ar a shábháilte a bhíonn cuairteoirí ar a gcuid suíomhanna. Tá na comhlachtaí ina mbaill den Ghrúpa um Shábháilteacht Cuairteoirí faoin Tuath anois, ar eagraíocht trasteorann agus sa Ríocht Aontaithe anois é, agus a fhéachann le feabhas a chur ar rochtain shábháilte ar an tuath agus le feabhas a chur ar na céadta suíomh ar fud na tíre ar bhealach nach millfidh an tírdhreach ná an oidhreacht agus nach laghdóidh an fonn eachtraíochta agus taiscéalaíochta a bhíonn ar chuairteoirí.

An Córas Náisiúnta um Bainistíocht Imeachtaí Díobhálacha

Tá ceanglas dlíthiúil ar gach údarás Stáit agus ar gach fiontar cúram sláinte atá faoi shainchúram GÉS gach imeacht díobhálach a thuairisciú do GÉS. Chun an méid sin a éascú, is féidir gach imeacht díobhálach a bhaineann le díobháil phearsanta, le cúrsaí cliniciúla agus le damáiste réadmhaoine tríú páirtí a thuairisciú tríd an gCóras Náisiúnta um Bainistíocht Imeachtaí Díobhálacha atá bunaithe ar an nGréasán. Tá an córas á óstáil ag GÉS chun tairbhe na n-údarás Stáit agus na bhfiontar cúram sláinte atá faoina sainchúram. Tá NAEMS ar an bpríomhchóras taifeadta agus bainistíochta maidir le gach imeacht díobhálach a tharlaíonn sa chóras cúram sláinte poiblí.

Soláthraíonn bunachar sonraí NAEMS eochairfhaisnéis ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil chun cabhrú le rioscaí díobhála pearsanta, cliniciúla agus damáiste réadmhaoine tríú páirtí a aithint agus a bhainistiú. Cabhraíonn sé le GÉS drochthreochtaí agus drochphatrúin atá ag teacht chun cinn a aithint agus anailís a dhéanamh orthu agus cabhraíonn sé le himscrúdú agus le bainistíocht a dhéanamh ar éilimh. Baineann achtúirí GÉS úsáid as an gcóras freisin chun ríomh a dhéanamh ar dhliteanais airgeadaíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo faoi na scéimeanna éagsúla éileamh. Úsáideann údaráis Stáit agus fiontair chúram sláinte a bhfuil rochtain acu ar thairseach Gréasáin NAEMS an córas chun sraitheanna imeachtaí díobhálacha a aithint agus chun anailís a dhéanamh ar na bunchúiseanna ar leibhéal áitiúil.

Chuir NAEMS taca faoi bhunú GÉS agus faoina scéimeanna éagsúla cúitimh. Chomh maith leis sin, tá sé ina chóras náisiúnta um thuairisciú agus bainistíocht imeachtaí díobhálacha, rud nach raibh le fáil san Eoraip roimhe sin.

I gcomhar leis an Roinn Sláinte, le HSE, le fiontair dheonacha shláinte, le Seirbhís Phríosúin na hÉireann, le hÓglaigh na hÉireann, leis an nGarda Síochána agus le príomhpháirtithe leasmhara eile, chuir GÉS tús le tionscadal in 2013 chun NAEMS a uasghrádú go suntasach.

Agus an córas uasghrádaithe i bhfeidhm, beidh córas níos fearr um bainistíocht éileamh ar fáil do GÉS agus beidh córas úrscothach ceann le ceann um bainistíocht imeachtaí díobhálacha ar fáil do chliantúdaráis GÉS agus d’fhiontair shláinte araon. Tá uirlisí cumhachtacha tuairiscithe agus anailíse sonraí ag an gcóras, a fhágann go mbeifear in ann tuairisciú teagmhas tosaigh a dhéanamh, moltaí agus sannadh imscrúduithe a ghabháil agus na himscrúduithe sin a rianú go dtí go ndúnfar iad. Beidh sé ina réiteach náisiúnta, caighdeánaithe agus cost-éifeachtúil ar fud na gcomhlachtaí Stáit agus cuirfidh sé ar a gcumas imeachtaí díobhálacha a thuairisciú agus a bhainistiú.

Ba i mí an Mheithimh 2014 a tháinig an tionscadal i bhfeidhm i 117 ceann den 119 údarás Stáit atá faoi shainchúram GÉS. Tosaíodh ag cur an tionscadail i bhfeidhm i láithreacha cúram sláinte agus i Seirbhís Phríosúin na hÉireann i mí an Mheithimh 2014 agus táthar ag súil go mbeidh an próiseas sin thart i ráithe 2 de 2015.