Acht na dTeangacha Oifigiúla

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i mí na Nollag 2021 chun athruithe a chur ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é cuspóir na reachtaíochta seo ná cur leis na hoibleagáidí atá ar chomhlachtaí poiblí chun úsáid na Gaeilge chun críocha oifigiúla a chur chun cinn. Is comhlacht poiblí í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta chun críche na nAchtanna seo.

D’iarr an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) an dara dréacht-Scéim Teanga a athbhreithniú agus a ullmhú faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é aidhm an dara Scéim seo úsáid na Gaeilge a fhorbairt a thuilleadh ar fud GBCN, ag díriú ar réimsí cumarsáide leis an bpobal. Cuirfidh GBCN fostaithe ar an eolas faoina bhfuil sa Scéim agus faoina cuspóir agus déanfaidh sé monatóireacht ar an éileamh ar sheirbhísí Gaeilge i rith na Scéime. Cuireadh tús leis an scéim seo an 1 Meitheamh 2021 agus beidh sí i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana.

Cliceáil ar an nasc thíos, le do thoil, chun an scéim a léamh.