Díolann Éire luach €1000 milliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht ar 2028 ag ceant

13 Meán Fómhair 2018Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) bailchríoch inniu ar cheant €1000 milliún de bhanna thagarmharc Rialtas na hÉireann, 0.9% Banna Státchiste 2028.

Banna Aibíocht Méid (milliún) Toradh Tairiscintí a fuarthas  (milliún) Clúdach
0.9% Banna Státchiste 2028 15 Bealtaine 2028 1,000 0.888% 2,395 2.4

I ndiaidh cheant an lae inniu, tá €13.5 billiún de bhannaí tagarmhairc eisithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in 2018.