Ceant Bhillí Státchiste na hÉireann

11 Márta 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go mbeidh ceant Billí Státchiste ('Billí') ar an Déardaoin, 14 Márta 2019. Tairgfidh GBCN €500 milliún Billí Státchiste a bhfuil tréimhse aibíochta dhá mhí dhéag acu.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant ar 14 Márta 2019:

  • Méid an Cheant: €500 milliún
  • Tréimhse Aibíochta: 16 Márta 2020
  • Cód ISIN: IE00BH3SQ903
  • Osclófar an ceant ag: 09:00 a.m.
  • Dúnfar an ceant ag: 10 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 18 Márta 2019

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta agus do Chontrapháirtithe Incháilithe.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch go díreach i ndiaidh an cheant iomaíoch agus dúnfar é ar an Déardaoin an 14 Márta 2019 ag 4 p.m.

Nuacht
21 Márta 2024

Díolann Éire luach €1 bhilliún de bhannaí a thiocfaidh in aibíocht in 2034 agus 2043 ag ceant

níos mó
15 Márta 2024

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Márta 2024

níos mó
19 Meán Fómhair 2023

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meán Fómhair 2023

níos mó
2 Lúnasa 2023

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Lúnasa 2023

níos mó
27 Meitheamh 2023

Cuireann GBCN €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2053

níos mó
15 Meitheamh 2023

Cur i láthair GBCN d’Infheisteoirí Institiúideacha, Meitheamh 2023

níos mó