GBCN chun ceant banna a reáchtáil ar an 13 Meán Fómhair 2018

10 Meán Fómhair 2018 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) go reáchtálfaidh sí ceant banna Déardaoin, an 13 Meán Fómhair 2018. Beidh banna amháin á thairiscint sa cheant.

Is iad seo a leanas sonraí an cheant:

  • Bannaí a bheidh á gceantáil: 0.9% Banna Státchiste 2028
  • Méid an cheant: €1,000 milliún
  • Osclófar an ceant: 8:00 a.m.
  • Dúnfar an ceant: 10:00 a.m.
  • Dáta Íocaíochta: 17 Meán Fomhair 2018

Úsáidfear Córas Ceantála Bloomberg sa Cheant agus beidh sé teoranta do Phríomhdhéileálaithe aitheanta.

Reáchtálfar ceant neamhiomaíoch le haghaidh 15 faoin gcéad den mhéid a díoladh sa cheant iomaíoch go díreach ina dhiaidh sin agus dúnfar é ag 10:00 a.m. Dé Luain, 17 Meán Fomhair 2018.