Cuireann GBCN €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2049

27 Márta 2019 - Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) cealú €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach a bhí le teacht in aibíocht ar an 18 Meitheamh 2049.

Ceannaíodh na bannaí, a eisíodh i ndáil leis an Acht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, inniu ó Bhanc Ceannais na hÉireann. 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Ar an 8 Feabhra 2013 d'eisigh GBCN luach ainmniúil €25.034 billiún de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh a raibh tréimhse aibíochta bunaidh idir 25 agus 40 bliain acu. Malartaíodh iad sin ar Nótaí Gealltanais i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann, nuair a leachtaíodh an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc. 
  • I ndiaidh idirbheart an lae inniu, cheannaigh GBCN luach ainmniúil €14.5 billiún de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus cuireadh ar ceal iad ina dhiaidh sin.

Tábla 1 - Bannaí Ráta Chomhlúthaigh a cuireadh ar ceal

BliainMéid

€ billiún
20140.5
20152.0
20163.0
20174.0
20184.0
20191.0
Iomlán 14.5

Tábla 2 - Bannaí Ráta Chomhlúthaigh atá fós gan íoc

BannaEisithe  Feabhra 2013Gan Íoc Márta 2019

billiúnbilliún
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20382.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20412.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20432.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20453.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20473.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20493.0000.500
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20515.0005.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 20535.0345.034
Iomlán25.03410.534