Cuireann GBCN €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach ar ceal 2047

28 Márta 2018 – Fógraíonn Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) cealú €500 milliún de Bhannaí Státchiste na hÉireann ar Ráta Luaineach a bhí le teacht in aibíocht ar an 18 Mí Meitheamh 2047.

Ceannaíodh na bannaí, a eisíodh i ndáil leis an Acht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, inniu ó Bhanc Ceannais na hÉireann. Tar éis an chealaithe sin, laghdófar go €1.5 billiún an méid ainmniúil iomlán den bhanna seo atá gan íoc.

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Ar an 8 Mí Feabhra 2013 d’eisigh GBCN luach ainmniúil €25.034 billiún de Bhannaí Ráta Chomhlúthaigh a raibh tréimhse aibíochta bunaidh idir 25 agus 40 bliain acu. Malartaíodh iad sin ar Nótaí Gealltanais i seilbh Bhanc Ceannais na hÉireann, nuair a leachtaíodh an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc.
  • I ndiaidh idirbheart an lae inniu, cheannaigh GBCN luach ainmni úil €10.5 billiún de na Bannaí Ráta Chomhlúthaigh ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus cuireadh ar ceal iad ina dhiaidh sin.

Tábla 1 – Bannaí Ráta Chomhlúthaigh a cuireadh ar ceal

Bliain Méid
€ billiún
2014 0.5
2015 2.0
2016 3.0
2017 4.0
2018 1.0
Iomlán  10.5

Tábla 2 – Bannaí Ráta Chomhlúthaigh atá fós gan íoc

Banna Eisithe Feabhra 2013 Gan Íoc Márta 2018
€ billiún  € billiún
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2038 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2041 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2043 2.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2045 3.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2047 3.000 1.500
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2049 3.000 3.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2051 5.000 5.000
Banna Státchiste Ráta Chomhlúthaigh 2053 5.034 5.034
Iomlán 25.034 14.534