Athbhreithniú an Phríomhfheidhmeannaigh

Bhí bliain an-ghnóthach ag GBCN in 2017 tráth ar eisíomar €17bn i bhfiachas fadtéarmach ag torthaí ísle agus ar chuireamar €700m i leataobh i maoiniú CISÉ d’infheistíochtaí sa gheilleagar intíre. Leanadh den fhás freisin ar líon agus ar chastacht na sannachán comhairleacha airgeadais chorparáidigh a iarradh ar RÉnua.

Conor O'Kelly profile

D’eisigh GBCN luach €16.2bn de bhannaí tagarmhairc i rith 2017, ag meántoradh ualaithe de 0.89% agus meánaibíocht ualaithe de 12.4 bliain. D’fhág roinnt socrúchán príobháideach, lena n-áirítear an chéad bhanna flaithiúnais in Éirinn a bhí nasctha le boilsciú, go raibh an eisiúint iomlán fhadtéarmach ag €17bn. Cé gurbh é ár mbun-raon maoinithe luaite don bhliain ná idir €9bn agus €13bn, rinneadh eisiúint bhreise chun aisíocaíocht luath iasachtaí ón CAE, an tSualainn agus an Danmhairg a mhaoiniú. Mar thoradh ar na rátaí úis ísle atá i réim le cúpla bliain anuas i ngeall ar chlár um éascú cainníochtúil an Bhainc Ceannais is iomaí buntáiste atá tugtha d’eisitheoirí bannaí agus ar ndóigh bhain Éire leas as sin. Thar an tréimhse 2015-2017, d’eisigh GBCN gar do €40bn i maoiniú nua bannaí tagarmhairc ag meántoradh ualaithe de bhreis is 1% agus meánaibíocht ualaithe de bheagnach 14 bliana.

Cé go dtugann ár gcur chuige straitéiseach maidir le haibíocht ár bhfi achais agus costais iasachtaithe ísle a chur faoi ghlas cosaint mhór dúinn i gcoinne na féidearthachta go n-éireoidh rátaí úis a bheidh ag dul i méid, tá ár leibhéal fi achais fós ard i ndearbhthéarmaí ag breis is €200bn mar oidhreacht den ghéarchéim airgeadais. Cé go bhfuil cuma dhearfach ar ár nOllfhiachas Rialtais le cóimheas OTI tar éis dó titim ó 120% go dtí buaic 68% ag deireadh 2017, cuireann infheisteoirí níos mó béime anois ar ár ndearbhfhiachas agus ar bhearta eile. Mar shampla, cuimsíodh sna costais úis ar an Ollfhiachas Rialtais 7.6% d’ioncam Rialtais in 2017 i gcomparáid le meán AE de 4.4%.

Léiríonn na gnóthachain infheistíochta a ghin CISÉ – luach €674m óna bhunú i mí na Nollag 2014 – feidhmíocht an-sásúil sa timpeallacht ráta úis íseal i láthair na huaire. Gheall CISÉ €667m do 23 infheistíocht ar leithligh in 2017 lena n-áirítear gealltanais shuntasacha sna réimsí seo a leanas: tithíocht, nascacht, fuinneamh in-athnuaite, FBManna, bia agus talmhaíochta, teicneolaíocht, agus eolaíochtaí na beatha. D’éirigh go han-mhaith le CISÉ mar rud a chuir borradh arís faoi infheistíocht na hearnála príobháidí in Éirinn. Anuas ar an €3.3bn a gheall CISÉ d’infheistíochtaí Éireannacha óna bhunú go dtí deireadh 2017 bhí comhinfheistíocht ag gabháil leis ón earnáil phríobháideacht rud a thug an t-iomlán a cuireadh i leataobh d’Éirinn mar thoradh ar ghníomhaíocht CISÉ go €9.1bn.

Rinneadh dul chun cinn suntasach in 2017 ar Ionaid Chúraim Phríomhúil GAFN agus CPPanna na gCúirteanna agus thosaigh roinnt áiseanna i mbun oibre agus an chuid eile sceidealaithe le cur i gcrích in 2018. Tá tús curtha anois leis an tógáil ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath CPP Ghráinseach Ghormáin. Tá GAFN ag obair chomh maith ar bheart trí CPP tithíochta sóisialta agus é mar chuspóir bealach maoinithe breise i gcomhair tithíocht shóisialta a chur ar bun.

Tá obair ar siúl freisin chun seachadadh Bheart 5 CPP Scoileanna a chur i gcrích, a thabharfaidh 4,870 áit ar fáil do mhic léinn thar ceithre shuíomh. Bhí tionchar ag leachtacht Carillion plc i mí Eanáir 2018 ar an tionscadal sin agus tá an Chuideachta CPP agus maoinithe an tionscadail ag obair trí phlean athbhreithnithe i láthair na huaire chun an tionscadal a chur i gcrích a luaithe agus is féidir.

Tháinig tuilleadh fáis in 2017 ar líon agus ar chastacht sannachán comhairleach airgid chorparáidigh a iarradh ar RÉnua maidir le cuideachtaí Stáit lasmuigh dá phríomhsaindualgas agus tionscadail eile le gné shuntasach de mhaoiniú corparáideach. Tar éis comhaontú a chur i gcrích i rith 2017 leis an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, tá RÉnua ag tabhairt comhairle airgeadais agus tráchtála go leanúnach maidir le príomhchuideachtaí Stáit san earnáil iompair. I rith 2017, thug RÉnua comhairle freisin in earnálacha eile lena n-áirítear athbhreithniú agus anailís airgeadais ar phlean straitéiseach agus maoinithe An Post agus plean straitéiseach agus airgeadais Vhi. I mí Aibreáin 2018, cuireadh An Post leis an liosta de chomhlachtaí Stáit a ainmníodh laistigh de phríomhsaindualgas RÉnua.

Tháinig fás €500m ó €2.2bn go dtí €2.7bn ar luach an dliteanais mheasta gan íoc maidir le héilimh a bhí á mbainistiú ag an GÉS idir deireadh 2016 agus deireadh 2017. Tá luach an dliteanais mheasta gan íoc á thiomáint ag éilimh chliniciúla, go príomha an costas ard a bhaineann le cásanna de mhórdhíobháil inchinne i naíonáin a shocrú. Díríonn an GÉS ar éilimh chliniciúla thar aon ní eile i gcónaí. Ba cheart roinnt athruithe reachtúla, a bhfuiltear ag súil tús a chur leo in 2018, a lua anseo. Ba cheart le tabhairt isteach na Rialachán i gcomhair Prótacal Réamhghníomhaíochta go laghdófaí go mór an tréimhse ama idir cásanna faillí leighis a fháil agus a shocrú agus baint na ngnéithe is géire den chóras torta a mbíonn feidhm leo i gcásanna den sórt sin. Le tabhairt isteach Orduithe Íocaíochta Tréimhsiúla mar rogha eile ar dhámhachtainí cnapshuime beifear in ann freastal ar riachtanais íospartach ar bhain gortú mór dóibh ar bhealach níos cinnte.

Is ceist thosaíochta do GÉS é réiteach na gcásanna a eascraíonn as na Seirbhísí Náisiúnta Scagthástála Ailse agus a bhaineann le mná atá diagnóisithe le hailse cheirbheacs, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach ag an Rialtas. Tá GÉS ag féachaint le réiteach na gcásanna a bhrostú ar bhealach tuisceanach, trí chomhar leis na saotharlanna is comhchosantóirí agus ag baint úsáide as idirghabháil nuair is féidir é, agus ag cur an bhéim is mó ar mheas agus tuiscint a léiriú agus iad ag déileáil leis an daoine a rinne na héilimh, agus lena dteaghlaigh.

D’oibrigh GBCN i ndlúthchomhar leis an Roinn Airgeadais agus le Apple ar an gciste eascró i dtaca le próiseas aisghnóthaithe cúnaimh Stáit Apple mar atá líomhnaithe. I rith 2017, tharmligean an tAire seoladh an phróisis soláthair don GBCN chun gníomhaire eascró agus bainisteoirí taisceánaigh agus infheistíochta a cheapadh don chiste eascró. Bhí sé mar chúram ar GBCN freisin an beartas infheistíochta don chiste a idirbheartú le Apple, faoi réir cheadú an Aire. Tosaíodh ag bailiú an chúnaimh Stáit líomhnaithe ó Apple i mí na Bealtaine 2018 leis an gcéad cheann de shraith íocaíochtaí céimithe leis an gciste eascró.

Mar a luaigh mé roimhe seo, bíonn baint amach ár spriocanna corparáideacha agus gnó, ag brath go hiomlán ar cháilíocht agus ar thiomantas ár ndaoine agus tá sé riachtanach gur féidir linn fostaithe d’ardchaighdeán a mhealladh, a fhorbairt agus a choimeád. Tá athrú ó bhonn tagtha ar áiteanna oibre na hÉireann le blianta beaga anuas agus mar fhostóirí ní mór dúinn na hathruithe sin a aithint. Tá sé tábhachtach go bhforbróimis timpeallacht oibre éagsúil agus cuimsitheach ina dtugtar ómós do dhifríochtaí agus ina bhfuil meas ar raon eispéireas agus peirspictíochta chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn le sárú againn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe as a gcion don eagraíocht le bliain anuas. Cuidíonn do shaineolas, do thiomantas agus do dhíograis chun luach suntasach fadtéarmach a chruthú don Stát. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, le comhaltaí Boird agus lenár gcomhaltaí coiste as an tacaíocht, an dúshlán agus an chomhairle a thug siad dúinn le dhá mhí dhéag anuas.

Conor O'Kelly signature

Conor O’Kelly
Príomhfheidhmeannach

29 Bealtaine 2018