5. Costais oibriúcháin
Is mar seo a leanas atá an tsuim a theastaíonn chun freastal ar chostais bhainistíochta infheistíochta agus riaracháin an Chiste:
5.1 Punann Lánroghnach - táillí agus speansais
| 2017 €m |
2016 €m |
|
|---|---|---|
| Táillí Bainisteoirí Infheistíochta | 14 | 10 |
| Athmhuirear GBCN | 12 | 10 |
| Táillí dlí | 3 | 2 |
| Táillí Caomhnóirí Domhanda | 1 | 1 |
| Córais agus seirbhísí | 1 | 1 |
| Táillí cánach | 1 | 1 |
| Táillí eile | 0 | 1 |
| 32 | 26 |
Faoi alt 48 d’Acht GBCN 2014, is gá na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht agus a cuid feidhmeanna i leith an Chiste á gcomhlíonadh aici a ghlanadh ón gCiste. B’ionann iad sin agus €12.5m i 2017 (2016: €10.4m).
5.2 Punann Dírithe – táillí agus speansais
| 2017 €m |
2016 €m |
|
|---|---|---|
| Úschostais | 0 | 0 |
Léiríonn an úschostais thuas ús dhiúltach gearrtha ar chuntas an Banc Ceannais.
5.3 Táillí comhairle
I gcomhréir le ceanglais an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 (“an Cód”), déantar táillí comhairle arna dtabhú ag an gCiste le linn na bliana a nochtadh thíos. Ós rud é go bhfuil an Cód á ghlacadh den chéad uair, cuirtear figiúirí na bliana reatha i láthair mar seo a leanas:
| 2017 €m |
|
|---|---|
| Dlí | 3 |
| Comhairle airgeadais agus cánach | 1 |
| Pinsin agus acmhainní daonna | 0 |
| Eile | 0 |
| 4 |
Cuirtear na costais sin san áireamh i Nóta 5.1 Táillí agus costais agus cuimsítear aon táillí comhairle arna n-athghearradh trí GNBS leo.
