3. Polasaithe cuntasaíochta suntasacha

3.1. Caiteachas

Aithnítear caiteachas ar dhámhachtainí, ar shocraíochtaí éileamh agus ar chostais ghaolmhara nuair a fhaightear ceadú bailíochtaithe nó socraíocht bhailíochtaithe an chaiteachais sin.

3.2. Ioncam

Déanann GÉS suimeanna aon dámhachtainí, aon socraíochtaí éileamh agus aon chostas gaolmhar a ghnóthú ó Údaráis Stáit Tharmligthe a bhíonn faoi dhliteanas i leith éileamh. Caitear le suimeanna mar shuimeanna faighte agus infhaighte ó Údaráis Stáit Tharmligthe i ndáil le haitheantas an chaiteachais bhaintigh. Déantar suimeanna a áireamh ar bhonn fabhruithe.

< NÓTA 2

NÓTA 4 >