9. Infheistíochtaí/dliteanais scéime

Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais

Bhunaigh an tAire Sláinte an Scéim Speisialta Slánaíochta Cnáimhseachais (“SSSC”) in 2008. Faoin SSSC, d’aontaigh an tAire Ospidéal Bon Secours agus Ospidéal Shliabh Chairmeil a shlánú i leith éilimh chnáimhseachais shonracha. Ba faoi I.R. Uimh. 628/2007, an tOrdú um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Feidhmeanna a Tharmligean) (Leasú) 2007, a tharmlig an Rialtas chuig GBCN an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh faoi SSSC. Rinne na hospidéil ainmnithe rannpháirteacha ranníocaíochtaí le ciste atá faoi bhainistíocht GBCN thar ceann an Aire Sláinte faoi alt 29(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.

Thug an tAire Sláinte údarás do GÉS suimeanna a tharraingt anuas ón gciste chun aon suimeanna atá íoctha ag GÉS thar ceann na n-ospidéal rannpháirteach a aisíoc le GÉS faoi alt 16(2) den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.

Déantar an ciste SSSC a infheistiú i Nótaí Státchiste thar ceann na Roinne Sláinte. Íoctar ioncam a shaothraítear ar infheistíochtaí na Scéime leis an gciste, agus ní aithnítear é mar ioncam de chuid GÉS.

Nóta 2017
€000
2016
€000
Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 5,119 5,469
Socraíochtaí agus speansais éileamh 4 (470) (350)
Iarmhéid amhail an 31 Nollaig a bhí ar fáil le haghaidh socrú éileamh 4,649 5,119

< NÓTA 8

NÓTA 10 >