11. Sócmhainní doláimhsithe
| Costais bhogearraí €000 |
|||
|---|---|---|---|
| Costas: | |||
| Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2017 | 1,242 | ||
| Suimiúcháin ar chostas | 664 | ||
| Diúscairtí | (746) | ||
| Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2017 | 1,160 | ||
Amúchadh Carntha: |
|||
| Iarmhéid amhail an 1 Eanáir 2017 | (64) | ||
| Amúchadh don bhliain | (227) | ||
| Táille bearnúcháin | (746) | ||
| Diúscairtí | 746 | ||
| Iarmhéid amhail an 31 Nollaig 2017 | (291) | ||
| Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2017 | 869 | ||
| Glanluach Leabhar amhail an 31 Nollaig 2016 | 1,178 | ||
In 2016 chuir an Ghníomhaireacht tús le tionscadal nua a chur chun feidhme i dtaca le córas nua bainistithe státchiste agus rinneadh costais €746k a chaipitliú mar shócmhainn inláimhsithe bhogearra. I gcomhréir leis an gcreat rialachais tionscadal, rinneadh athbhreithniú le linn 2017 as ar tháinig cinneadh ón lucht bainistíochta deireadh a chur le cur chun feidhme an tionscadail sin. Mar thoradh air sin, tá muirear bearnúcháin de €764k aitheanta ag an nGníomhaireacht. Tá na socrúcháin chun an tionscadal a dhúnadh ar siúl go leanúnach.
Déantar sócmhainní tríú páirtí a mheas ag costas lúide amúchadh carntha agus aon chaillteanais bhearnaithe charntha (nóta 4.6).
Déantar amúchadh a áireamh bunaithe ar shaolré ionchais na sócmhainní doláimhsithe mar a leanas:
Bogearraí ríomhaire 5 bliana
