4. Beartais shuntasacha chuntasaíochta

4.1. Gnóthas leantach

Tá staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhaidh airgid na Gníomhaireachta agus a shreafaí airgid thirim mionsonraithe sna ráitis airgeadais. Féadann comhaltaí na Gníomhaireachta, ar bhonn réasúnach, bheith ag dúil go mbeadh acmhainní leorga ag an eintiteas chun leanúint de bheith ag feidhmiú agus chun a shainordú a chomhlíonadh go ceann i bhfad. Mar sin, tá an Ghníomhaireacht ag leanúint de ghlacadh le bonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh agus ráitis airgeadais á n-ullmhú.

4.2. Ioncam oibriúcháin

Tá sé de cheanglas ar an nGníomhaireacht seirbhísí agus córais ghnó agus tacaíochta a sholáthar mar aon le foireann a shannadh chuig roinnt gnólachtaí faoi reachtaíocht fhorordaithe. Glacann an Ghníomhaireacht le bonn gnóthaithe costais ó na gnólachtaí seo le haghaidh soláthar foirne agus seirbhísí. Déantar ioncam oibriúcháin a thaifeadadh ar bhonn fabhraithe sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

4.3. Ioncam an Phríomh-Chiste

Léiríonn Ioncam Príomh-Chiste atá san áireamh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile an méid is gá chun na costais oibriúcháin agus riaracháin a thabhaíonn an Ghníomhaireacht a chlúdach. Sainaithnítear an méid i gcomhréir le Deontais Rialtais Alt 25 de FRS 102.

4.4. Caiteachas

Sainaithnítear na costais agus na speansais a thabhaíonn an Ghníomhaireacht sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

4.5. Réadmhaoin, trealamh agus feithiclí

Tá sócmhainní réadmhaoine, trealaimh agus feithiclí luaite sa Ráiteas ar an Staid Airgeadais ag costas lúide dímheas carntha. Gearrtar dímheas ar an Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Ioncam Cuimsitheach Eile ar bhonn méid chothroim, agus ríomhtar an muirear thar shaolré ionchais na sócmhainne.

Ag gach dáta tuairiscithe, déanann an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar shuim ghlanluacha a réadmhaoine, a trealaimh agus a feithiclí i dtaca le cibé acu atá aon chomhartha bearnaithe ann nó nach bhfuil. Aithnítear caillteanais bhearnaithe má tá aon chomharthaí ann go bhfuil suim ghlanluacha míre níos mó ná an luach uasta úsáide agus a luach cothrom lúide costais le haghaidh díolacháin. D’fhéadfaí caillteanas bearnaithe a aithníodh roimhe a aisiompú go páirteach nó go hiomlán nuair atá comhartha ann go bhféadfadh sé nach bhfuil an caillteanas bearnaithe ann níos mó nó má tháinig athrú ar na meastacháin a úsáideadh le suim in-aisghabhála na sócmhainne a chinneadh. Ní mhéadófar suim ghlanluacha na sócmhainne ach amháin suas go dtí an méid a bheadh sé dá mba rud é nár aithníodh an bearnú bunaidh.

Cuimsítear comparáid idir suim ghlanluacha na sócmhainne agus a suim in-aisghabhála san athbhreithniú bearnaithe. Is ionann an tsuim in-aisghabhála agus luach uasta cothrom lúide costais diúscartha na sócmhainne agus a luach úsáide. Déantar luach úsáide a ríomh trí lascainiú sreafaí airgid ionchais na todhchaí atá infhaighte mar thoradh ar úsáid leanúnach na sócmhainne, lena n-áirítear iad sin a eascraíonn as a diúscairt deiridh, ag ráta lascaine bunaithe ar an margadh. Ba chóir go mbeadh an ráta lascaine ag teacht le measúnú reatha margaidh luach airgid i leith ama agus na rioscaí a bhaineann leis an tsócmhainn, nach bhfuil sreafaí airgid na todhchaí coigeartaithe ina leith.

4.6. Sócmhainní doláimhsithe

Ní dhéantar caiteachas ar bhogearraí a chaipitliú ach amháin nuair a méadaíonn sé buntáistí eacnamaíocha na todhchaí atá leabaithe sa tsócmhainn shonrach lena mbaineann sé. Tá gach caiteachas eile curtha síos mar a tabhaíodh é. Tá bogearraí amúchta sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais agus Ioncam Cuimsitheach Eile ar bhonn méid chothroim thar a saolré ionchais, ón dáta ar a bhfuil siad ar fáil lena n-úsáid.

Déantar athbhreithniú ar mhodhanna amúchta, saolré ionchais agus luachanna iarmharacha ar gach dáta tuairiscithe agus déantar iad a choigeartú más cuí.

Ar gach dáta tuairiscithe, déanann an Ghníomhaireacht suim ghlanluacha a bogearraí a athbhreithniú lena chinneadh cibé acu an bhfuil aon chomhartha bearnaithe ann. Mura bhfuil a leithéid de chomhartha ann, tá na sócmhainní sin faoi réir athbhreithniú bearnaithe.

Cuimsítear comparáid idir suim ghlanluacha na sócmhainne agus a suim in-aisghabhála san athbhreithniú bearnaithe. Is ionann an tsuim in-aisghabhála agus luach uasta cothrom lúide costais diúscartha na sócmhainne agus a luach úsáide. Déantar luach úsáide a ríomh trí lascainiú sreafaí airgid ionchais na todhchaí atá infhaighte mar thoradh ar úsáid leanúnach na sócmhainne, lena n-áirítear iad sin a eascraíonn as a diúscairt deiridh, ag ráta lascaine bunaithe ar an margadh. Ba chóir go mbeadh an ráta lascaine ag teacht le measúnú reatha margaidh luach airgid i leith ama agus na rioscaí a bhaineann leis an tsócmhainn, nach bhfuil sreafaí airgid na todhchaí coigeartaithe ina leith.

Tá suim ghlanluacha na mbogearraí scríofa anuas le méid aon bhearnaithe agus aithnítear an caillteanas sin sa Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais sa tréimhse airgid ina dtarlaíonn sé. D’fhéadfaí caillteanas bearnaithe a aithníodh roimhe a aisiompú go páirteach nó go hiomlán nuair atá comhartha ann go bhféadfadh sé nach bhfuil an caillteanas bearnaithe ann níos mó agus gur tháinig athrú ar na meastacháin a úsáideadh le suim in-aisghabhála na sócmhainne a chinneadh. Ní mhéadófar suim ghlanluacha na sócmhainne ach amháin suas go dtí an méid a bheadh sé dá mba rud é nár aithníodh an bearnú bunaidh.

4.7. Airgead sa bhanc

Áirítear leis an airgead sa bhanc airgead atá sa bhanc agus ar láimh. Taispeántar rótharraingtí bainc, nuair is infheidhme, laistigh d’iasachtaí i ndliteanais reatha.

4.8. Léasú

Muirearaítear cíosanna faoi léasanna oibriúcháin ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

4.9. Sochar Scoir

Reáchtálann an Ghníomhaireacht scéim phinsean le sochar sainithe, agus d’fhostaithe nach bhfuil mar pháirt don scéim, déanann sí ranníocaíochtaí le Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (“CCSP”). Maoinítear na ranníocaíochtaí as buiséad riaracháin na Gníomhaireachta.

Tugtar cuntas ar chostais na scéime pinsin le sochar sainithe faoi alt 28 de FRS 102. Tomhaistear sócmhainní na scéime pinsin de réir luacha chóir. Déantar dliteanais na scéime pinsin a thomhas ar bhonn achtúireach agus leas á bhaint as an modh réamhmheasta aonaid. Léirítear barrachas dliteanais scéime thar shócmhainní scéime sa Ráiteas maidir leis an Staid Airgeadais mar dhliteanas. Is éard atá i gceist le maoiniú pinsin iarchurtha an tsócmhainn chomhfhreagrach a ghnóthófar amach anseo ón bPríomh-Chiste.

Cuimsíonn an t-athrú sa phinsean le sochar sainithe sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile an costas seirbhíse reatha agus an costas seirbhíse roimhe seo móide glanchostas an úis (nóta 9.5) ar shócmhainní agus dliteanais na scéime.

Sainaithnítear gnóthachain agus caillteanais achtúireacha a eascraíonn as athruithe sna boinn tuisceana achtúireacha agus as taithí san Ioncam Cuimsitheach Eile don bhliain ina dtarlaíonn siad, agus sainaithnítear athrú comhfhreagrach sa tsuim inghnóthaithe ón bPríomh-Chiste.

Aithnítear costas ranníocaíochtaí na Gníomhaireachta sna Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta mar mhuirear ar an Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile sa bhliain airgeadais lena mbaineann seirbhís an fhostaí.

4.10. Cuntas caipitil

Léiríonn an cuntas caipitil fáltais ón bPríomh-Chiste, a leithdháileadh chun Réadmhaoin, trealamh, feithiclí agus sócmhainní dholáimhsithe a cheannach. Déantar na fáltais a amúchadh ar aon dul le dímheas agus amúchadh ar na sócmhainní lena mbaineann.

4.11. Soláthairtí

Aithnítear soláthairtí sa chás go bhfuil oibleagáid reatha (dlíthiúil nó inchiallaithe) ar an nGníomhaireacht mar thoradh ar theagmhas a tharla roimhe, is dócha go mbeidh ar an nGníomhaireacht an oibleagáid a shocrú, agus go mbeifear in ann meastachán iontaofa a dhéanamh ar mhéid na hoibleagáide.

Is ionann na méideanna a n-aithnítear ina soláthairtí iad agus an meastachán is fearr ar an gcomaoin atá de dhíth leis an oibleagáid reatha a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

4.12. Cánachas

Faoi fhorálacha sainiúla san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tá an Ghníomhaireacht díolmhaithe ón gcáin chorparáideach. Ar a bharr sin, níl an Ghníomhaireacht faoi réir cáin ghnóthachan caipitiúil nó cáin chorparáideach ar bith in Éirinn ar aon ghnóthachan inmhuirir a fhabhraíonn chuici.

4.13. Eochair-mheastacháinagus bonn tuisceana

Le léiriúchán na ráiteas airgeadais a chur i gcrích, bíonn ar an mbainistíocht breithiúnais, meastacháin agus toimhdiú a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar na méideanna a thuairiscítear maidir leis na sócmhainní agus dliteanais amhail ar dháta an chláir chomhardaithe agus ar na méideanna a thuairiscítear maidir le hioncam agus speansais le linn na bliana. Fágann nádúr an mheastacháin, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh difear idir na torthaí iarbhír agus na meastacháin sin. Is iad na meastacháinseo a leanas is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na méideanna atá sainaitheanta sna ráitis airgeadais.

Scéim pinsin le sochar sainithe (nóta 9)

Tá oibleagáidí ar an nGníomhaireacht sochair phinsin a íoc le fostaithe nach bhfuil sa scéim pinsin le sochar sainithe. Braitheann costas na sochar seo agus luach reatha na hoibleagáide ar roinnt tosca, lena n-áirítear; ionchas saoil, méaduithe tuarastail, luacháil sócmhainní agus rátaí lascaine. Déanann an bhainistíocht meastachán ar na tosca seo chun an ghlanoibleagáid pinsin sa chlár comhardaithe a chinneadh. Léiríonn na toimhdí taithí stairiúil agus treochtaí reatha.

Soláthairtí (nóta 16)

Déanann an Ghníomhaireacht soláthairtí in aghaidh oibleagáidí dlíthiúla agus inchiallaithe, arb eol iad a bheith gan íoc ar dháta an tuairiscithe. Éilíonn na soláthairtí na meastacháin is fearr de chuid na bainistíochta ar an gcaiteachas a mheastar a bheidh ag teastáil chun an oibleagáid a shocrú.

Saolré ionchais sócmhainní

Déantar an muirear maidir le dímheas tréimhsiúil réadmhaoine, trealaimh agus feithiclí (nóta 10) agus amúchadh tréimhsiúil sócmhainní dholáimhsithe (nóta 11) a dhíorthú i ndiaidh meastachán a dhéanamh ar shaolré ionchais sócmhainne agus ar an luach iarmharach ionchais ag deireadh a saoil. Is é an toradh a bheadh ar athrú ar shaolré ionchais sócmhainne nó ar a luach iarmharach ná athrú sa mhuirear dímheasa nó amúchadh sa Ráiteas ar Ioncam agus Caiteachas agus Ioncam Cuimsitheach Eile.

Cinneann an bhainistíocht ar shaolré ionchais shócmhainní na Gníomhaireachta agus déantar athbhreithniú uirthi seo ar bhonn bliantúil, ar a laghad, chun críche oiriúnachta. Tá an tsaolré bunaithe ar thaithí stairiúil le sócmhainní comhchosúla mar aon le súil chun cinn ar theagmhais sa todhchaí, a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an tsaolré.

< NÓTA 3

NÓTA 5 >