Cúrsaí Dlí

Gan Bharánta ná Dliteanas

Cé go ndéantar gach iarracht lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar ar an suíomh gréasáin seo beacht, cuirtear an suíomh gréasáin ar fáil “mar atá” agus ní dhéanann GBCN aon uiríoll ná baránta i ndáil leis an bhfaisnéis atá air a bheith beacht nó iomlán. Cé go gcuirtear an t-ábhar ar an suíomh seo ar fáil de mheon macánta, ní thugaimid baránta go gcoimeádfar an fhaisnéis cothrom le dáta, go mbeidh sí fíor agus nach mbeidh sí míthreorach, go mbeidh sí beacht, ná go mbeidh an suíomh seo ar fáil lena úsáid i gcónaí (nó ar chor ar bith).

Ní thugaimid baránta go mbeidh na freastalaithe a chuireann an suíomh gréasáin seo ar fáil saor ó earráidí, víris agus fabhtanna agus glacann tú leis gur ortsa atá an fhreagracht soláthar leordhóthanach a dhéanamh le go mbeidh tú cosanta ar bhagairtí den sórt sin. Molaimid duit comhaid a scanadh sula n-íoslódálann tú iad.

Níor chóir glacadh le haon rud ar an suíomh gréasáin seo mar chomhairle ghairmiúil nó mar mholadh foirmiúil agus eisiaimid gach uiríoll agus baránta maidir lena bhfuil ar an suíomh seo agus maidir lena úsáid.

Ní bheidh GBCN faoi dhliteanas i gcás ar bith i leith aon damáistí teagmhasacha, indíreacha, iarmhartacha nó speisialta de chineál ar bith, ná as damáiste ar bith, lena n-áirítear, gan a bheith teoranta, iad siúd a tharlaíonn de bharr brabús, conarthaí, dea-thoil, sonraí, faisnéis, ioncam, coigilteas ionchais nó caidreamh gnó a chailleadh, cuma cé acu a dúradh nó nach ndúradh go bhféadfadh damáiste den sórt sin tarlú, ag eascairt as nó i dtaca le húsáid an tsuímh gréasáin seo nó aon suíomhanna gréasáin nasctha.

Eisceachtaí

Ní eisiann ná ní theorannaíonn aon rud san fhógra séanta seo aon bharánta atá intuigthe sa dlí le haghaidh báis, calaoise, díobháil phearsanta de bharr faillí, nó aon rud eile nach mbeadh sé dleathach ag GBCN é a eisiamh.

Ceadúnas chun an Suíomh Gréasáin Seo a Úsáid

Ach úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, glacann tú leis na heisiaimh agus leis na teorainneacha dliteanais a luaitear thuas agus glacann tú leis go bhfuil siad réasúnach. Ná bain úsáid as an suíomh gréasáin seo mura nglacann tú leis go bhfuil siad réasúnach.

Má fhaightear amach nach féidir aon cheann de na pointí san fhógra séanta seo a fhorfheidhmiú de réir an dlí is infheidhme, ní bheidh aon tionchar aige sin ar in-fhorfheidhmitheacht an chuid eile den fhógra séanta.

Tá an t-ábhar ar an suíomh gréasáin seo, téacs agus íomhánna san áireamh, cosanta ag dlí an chóipchirt agus tá cóipcheart ag GBCN air mura luaitear a mhalairt. Níl cead é a chóipeáil, a atáirgeadh, a athfhoilsiú, a íoslódáil, a phostáil, a chraoladh ná a tharchur ar aon slí ach amháin le haghaidh úsáid phearsanta neamhthráchtála.

Ní mór cead a fháil i scríbhinn roimh ré ón sealbhóir cóipchirt chun é a úsáid ar aon slí eile.

Níl cead aon chuid den suíomh seo a dháileadh ná a chóipeáil chun aon chríche tráchtála ná chun airgead a dhéanamh.

Forchoimeádann GBCN gach ceart maoine intleachtúla i ndáil leis an suíomh gréasáin seo agus is faoina úinéireacht atá siad.

Dlí agus Dlínse

Is é dlí na hÉireann a léirmhíneoidh agus a rialóidh an fógra séanta seo, agus tá aon díospóidí i ndáil leis faoi réir dhlínse na gcúirteanna in Éirinn.

Athruithe

Coimeádamaid an ceart againn féin an fógra séanta seo a athbhreithniú agus a leasú ó am go chéile agus measfar aon leagan athbhreithnithe a bheith infheidhme ó chéad dáta a fhoilsithe ar an suíomh gréasáin seo.