NTMA

Teagmháil

Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta,
Duga an Státchiste,
Cé an Phoirt Thuaidh,
Baile Átha Cliath 1,
D01 A9T8

Aimsigh Muid

Guthán +353 1 238 4000

Legal Entity Identifier (LEI): 549300KXBEJAOJ9OVF93

Úsáid an fhoirm thíos chun do cheist a sheoladh chugainn.



  • Ceisteanna ó na Meáin
    • Is é Gordon MRM a reáchtálann preasoifig GBCN.

      Más iriseoir thú agus má tá ceist agat faoi GBCN (lena n-áirítear an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn, an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus NewERA), seol ríomhphost chuig foireann na preasoifige ar ntma@gordonmrm.ie.

  • Gearáin
    • Má bhíonn tú míshásta faoin gcaoi ar chaith GBCN leat, is féidir leat gearán a dhéanamh le GBCN ach an fhoirm ghearán a líonadh isteach agus a chur ar ais chugainn sa phost nó tríd an ríomhphost:

      Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta,
      An tAonad um Chomhlíonadh,
      Duga an Státchiste,
      Cé an Phoirt Thuaidh,
      Baile Átha Cliath 1,
      D01 A9T8

      Complaints@ntma.ie

      Féachfaimid le do ghearán a réiteach go cóir agus go tapa.

  • Ciste na gCuntas Díomhaoin
    • Cén chaoi a mbeidh fáil agam ar airgead ó chuntas bainc díomhaoin?

      Is é GBCN a riarann Ciste na gCuntas Díomhaoin. Aistríonn institiúidí airgeadais cuntais bhainc agus polasaithe árachais díomhaoine isteach sa chiste sin.
      Ach ní fhaigheann GBCN eolas ar chustaiméirí aonair, ar a sonraí cuntais ná ar na méideanna aonair atá á n-aistriú. Ceanglaítear ar institiúidí airgeadais taifid a choinneáil fós ar chuntais custaiméirí aonair agus tá siad freagrach as aisíocaíochtaí a éileamh ó GBCN thar ceann an tsealbhóra cuntais.
      Ina Treoir i leith Cuntais Dhíomhaoine, míníonn Cónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann cén chaoi le cistí i gcuntas díomhaoin a éileamh agus soláthraítear foirm éilimh um chuntas díomhaoin.

      Chun aiséileamh a dhéanamh, líon isteach an fhoirm aiséilimh chaighdeánach agus seol ar ais í chuig an mbanc nó institiúid árachais ina raibh an cuntas. Ina dhiaidh sin beidh próisis aonair ag gach institiúid chun cuntais a fhíorú agus a athghníomhachtú agus chun airgead díomhaoin a aisíoc.

  • Gairmeacha Beatha
    • Ba mhaith liom cur isteach ar phost le GBCN. Cá seolfaidh mé mo CV?

      Tabhair do d’aire, le do thoil, gur i mBéarla a fhógraíonn GBCN deiseanna gairme faoi láthair. Ach más mian leat cur isteach ar ról i nGaeilge, seol do cheist, le do thoil, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: eolas@ntma.ie agus tabharfaimid freagra ort chomh luath agus is féidir.

  • Ceisteanna coitianta
    • Má tá ceist agat faoi tháirgí Coigiltis Stáit, is féidir leat úsáid a bhaint as ceann ar bith de na sonraí teagmhála seo:
      • Guthán | 1850 30 50 60
      • Ríomhphost | Service@StateSavings.ie
      • Téacs | 0852 30 50 60
      • Tríd an bpost | Coigilteas Stáit, Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath 1
      • Gréasán | www.StateSavings.ie
      • Cuairt | Oifig an Phoist
  • Rochtain
    • An tAcht um Míchumas 2005

      De réir fhorálacha Alt 26(2) den Acht um Míchumas 2005 (“Acht 2005”), tá Oifigeach Rochtana ainmnithe ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta chun cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas maidir le rochtain a fháil ar a sheirbhísí nó chun soláthar nó comhordú a dhéanamh air sin.

      Más mian leat cúnamh a fháil ina leith seo déan teagmháil linn ag access@ntma.ie nó ar an nguthán ag 01 238 4000.

      An tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann 2017

      De réir fhorálacha Alt 6 d’Acht Teanga Chomharthaíochta na hÉireann 2017 (“Acht 2017”), déanfaidh Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta gach a bhfuil réasúnach lena chinntiú go soláthraítear léirmhíniú i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann do dhuine atá inniúil sa teanga sin agus nach féidir leis nó léi Béarla nó Gaeilge a chloisteáil nó a thuiscint nuair a bhíonn an duine sin ag iarraidh leas a bhaint as teidlíochtaí nó seirbhísí reachtúla arna soláthar ag an gcomhlacht poiblí sin nó faoi reacht gan aon chostas ar an duine lena mbaineann.

      Más mian leat leas a bhaint as na seirbhísí seo, déan teagmháil linn ag access@ntma.ie agus déanfaidh ball foirne teagmháil tosaigh leat maidir le d’iarratas.

      Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh fógra seachtaine ar a laghad ag teastáil ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta chun seirbhísí a shocrú trí aistritheoir creidiúnaithe.